Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1275

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1275 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

    ST/11130/2022/INIT

    IO L 194, 21.7.2022, p. 8–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1275/oj

    21.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 194/8


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1275 ÓN gCOMHAIRLE

    an 21 Iúil 2022

    lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 442/2011 (1), agus go háirithe Airteagal 32 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 18 Eanáir 2012, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

    (2)

    Is cúis mhór imní don Chomhairle fós an staid sa tSiria. Tá corradh le 10 mbliana imithe tharainn ach is fada uainn fós deireadh na coinbhleachta sa tSiria, agus tá a bheartas cos ar bolg á shaothrú fós ag an réimeas sa tír sin. Ina theannta sin, tá tacaíocht á soláthar ag réimeas na Siria, lena n-áirítear tacaíocht mhíleata, don fhogha míleata gan chúis gan údar atá á thabhairt ag Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin.

    (3)

    I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart ceathrar agus eintiteas amháin a chur ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012.

    (4)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Iúil 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. BEK


    (1)  IO L 16, 19.1.2012, lch. 1.


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 mar a leanas:

    (1)

    Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn A (Daoine):

     

    Ainm

    Faisnéis chéannachta

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “323.

    Saleh AL-ABDULLAH

    (صالح عبدالله )

    Dáta breithe: 1967

    Áit bhreithe: Safita, Tartous, Syria

    Post: Briogáidire-Ghinearál

    Inscne: fireann

    Is é Saleh AL-ABDULLAH ceannasaí an 16th Brigade atá cleamhnaithe le ceannas fhórsaí na Rúise sa tSiria ó 2020. Ba é ionadaí an Bhriogáidire-Ghinearáil Suhail al-Hassan é roimhe sin, in 25th Division den Syrian Army. Tá sé bainteach le hearcú ball don 16th Brigade chun troid san Úcráin in éineacht leis an Rúis.

    Sa cháil sin, is ball Saleh AL-ABDULLAH de na Syrian Armed Forces agus an rang ‘coirnéal’ aige agus rang atá coibhéiseach leis sin nó níos airde agus é sa phost sin tar éis mhí na Bealtaine 2011.

    21.7.2022

    324.

    Ahmed KHALIL KHALIL

    (dá ngairtear freisin Ahmed KHALIL)

    (احمد خليل خليل)

    Inscne: fireann

    Is é Ahmed KHALIL KHALIL comhúinéir Sanad Protection and Security Services, cuideachta slándála príobháidí Siriach a bunaíodh in 2017 agus atá faoi mhaoirseacht an Wagner Group sa tSiria, atá gníomhach i gcosaint leasanna na Rúise (fosfáití, gás agus láithreáin ola a dhaingniú) sa tSiria. Le saothrú acmhainní nádúrtha, soláthraítear ioncam do réimeas na Siria. Ina theannta sin, tá an chuideachta gníomhach in earcú amhas de chuid na Siria le cur chuig an Libia agus chuig an Úcráin.

    Sa chás sin, tacaíonn Ahmed KHALIL KHALIL le réimeas na Siria agus baineann sé tairbhe as.

    21.7.2022

    325.

    Nasser Deeb DEEB

    (dá ngairtear freisin Nasser Dhib, Nasser Dib, Nasser Deeb)

    (ناصر ديب )

    Inscne: fireann

    Is é Nasser Deeb DEEB comhúinéir Sanad Protection and Security Services, cuideachta slándála príobháidí Siriach a bunaíodh in 2017 agus atá faoi mhaoirseacht an Wagner Group, atá gníomhach i gcosaint leasanna na Rúise (fosfáití, gás agus láithreáin ola a dhaingniú) sa tSiria. Le saothrú acmhainní nádúrtha, soláthraítear ioncam do réimeas na Siria. Ina theannta sin, is é comhúinéir na cuideachta Ella Services é in éineacht le Khodr Ali Taher.

    Sa cháil sin, tacaíonn Nasser Deeb DEEB le réimeas na tSiria agus baineann sé tairbhe as.

    21.7.2022

    326.

    Issam SHAMMOUT

    (dá ngairtear freisin Mohammed Issam Shammout, Mohamed Essam Shammout, Muhammad Issam Shammout, Muhammad Essam Shammout)

    (محمد عصام شموط)

    Dáta breithe: 1971

    Áit bhreithe: Damascus, Syria

    Inscne: fireann

    Is é Issam SHAMMOUT úinéir agus cathaoirleach bhord stiúrthóirí na haerlíne ‘Cham Wings’ agus ceannaire an Shammout Group, atá gníomhach sna hearnálacha gluaisteán, cruach, eitlíochta, seolta lasta, tógála, agus eastáit réadaigh.

    Sa cháil sin, is fear mór gnó é Issam SHAMMOUT atá ag feidhmiú sa tSiria.

    21.7.2022”

    (2)

    Cuirtear an iontráil seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i Roinn B (eintitis):

     

    Ainm

    Faisnéis chéannachta

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “82.

    Sanad Protection and Security Services

    (شركة سند للحرسات والخدمات الأمنية)

    An cineál eintitis: Cuideachta Dliteanais Theoranta

    Dáta a chruthaithe: 22 Deireadh Fómhair 2017

    Ceanncheathrú: Damascus

    Is cuideachta slándála príobháideach Siriach é Sanad Protection and Security Services, a bunaíodh in 2017 agus atá faoi mhaoirseacht an Wagner Group sa tSiria, atá gníomhach i gcosaint leasanna na Rúise (fosfáití, gás agus láithreáin ola a dhaingniú) sa tSiria. Le saothrú acmhainní nádúrtha, soláthraítear ioncam do réimeas na Siria. Ina theannta sin, tá an chuideachta gníomhach in earcú amhas de chuid na Siria le cur chuig an Libia agus chuig an Úcráin. Sa chás sin, tacaíonn an chuideachta le réimeas na Siria agus baineann sí tairbhe as.

    21.7.2022”


    Top