Dieses Dokument ist ein Auszug aus dem EUR-Lex-Portal.
Dokument 32022R1220
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/1220 of 14 July 2022 laying down implementing technical standards for the application of Directive 2014/65/EU of the European Parliament and of the Council with regard to the format in which branches of third-country firms and competent authorities have to report the information referred to in Article 41(3) and (4) of that Directive (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1220 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2022 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an bhformáid nach mór do bhrainsí de ghnólachtaí tríú tír agus d’údaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 41(3) agus (4) den Treoir sin a thuairisciú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1220 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2022 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an bhformáid nach mór do bhrainsí de ghnólachtaí tríú tír agus d’údaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 41(3) agus (4) den Treoir sin a thuairisciú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/4881
IO L 188, 15.7.2022, S. 98–113
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In Kraft
15.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 188/98 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1220 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Iúil 2022
lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an bhformáid nach mór do bhrainsí de ghnólachtaí tríú tír agus d’údaráis inniúla an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 41(3) agus (4) den Treoir sin a thuairisciú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (1), agus go háirithe Airteagal 41(6) di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is gá a áirithiú go bhfaighidh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) agus na húdaráis inniúla lena mbaineann gach faisnéis is gá chun maoirseacht a dhéanamh ar bhrainsí gnólachtaí tríú tír, agus is gá a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis sin a phróiseáil ar bhealach éifeachtúil agus tapa. Ba cheart, dá bhrí sin, an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 41(3) agus (4) de Threoir 2014/65/AE a chur isteach i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta. |
(2) |
Ceanglaítear le hAirteagal 39(2) de Threoir 2014/65/AE go bhfaighidh brainsí de ghnólachtaí tríú tír ar mian leo seirbhísí infheistíochta a sholáthar nó gníomhaíochtaí infheistíochta a dhéanamh i gcríoch Bhallstáit údarú roimh ré ó údarás inniúil an Bhallstáit sin. Ní cheadaítear do bhrainsí den sórt sin seirbhísí infheistíochta a sholáthar ná gníomhaíochtaí infheistíochta a dhéanamh i mBallstáit eile seachas an Ballstát ina bhfuair na brainsí sin a n-údarú. Is féidir leis an gCoimisiún Eorpach, áfach, cinneadh coibhéise a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 47(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) ina luaitear go bhfuil socruithe dlíthiúla agus maoirseachta an tríú tír sin maidir le gnólachtaí infheistíochta coibhéiseach leis na socruithe sin atá i bhfeidhm san Aontas. I gcás den sórt sin, leanfadh brainsí údaraithe na ngnólachtaí infheistíochta a thagann faoi raon feidhme an chinnidh coibhéise sin de bheith faoi mhaoirseacht údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na brainsí sin bunaithe, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil seirbhísí trasteorann á soláthar acu nó cé acu atá nó nach bhfuil gníomhaíochtaí trasteorann á ndéanamh acu. Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go bhfuil an fhormáid le haghaidh thuairisciú na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 41(3) de Threoir 2014/65/AE oiriúnach freisin chun tuairisciú a dhéanamh ar sheirbhísí trasteorann agus ar ghníomhaíochtaí trasteorann den sórt sin de chuid na mbrainsí sin. |
(3) |
De réir Airteagal 41(3) de Threoir 2014/65/AE, tá brainsí de ghnólachtaí tríú tír atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 41(1) den Treoir sin leis an bhfaisnéis a leagtar síos san Airteagal 41(3) sin a thuairisciú, ar bhonn bliantúil, d’údarás inniúil an Bhallstáit inar deonaíodh an t-údarú sin. Chun comhchuibhiú a dhéanamh ní hamháin ar an bhformáid, ach ar uainiú an tuairiscithe freisin, is gá tráthchlár a áireamh cathain a bheidh an fhaisnéis sin le soláthar d’údaráis inniúla. |
(4) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chuir ESMA faoi bhráid an Choimisiúin. |
(5) |
Reáchtáil ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara féideartha, agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formáid na faisnéise atá le tuairisciú go bliantúil ag brainsí de ghnólachtaí tríú tír d’údaráis inniúla
1. Úsáidfidh an brainse de ghnólacht tríú tír atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 41(1) de Threoir 2014/65/AE an fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn I chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 41(3) den Treoir sin a thuairisciú. Mar sin féin, i gcás ina mbeidh an gnólacht tríú tír faoi réir cinneadh coibhéise dá dtagraítear in Airteagal 47(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, úsáidfidh brainse an ghnólachta tríú tír sin an fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn II le haghaidh na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí sin a chumhdaítear leis an gcinneadh coibhéise sin.
2. Cuirfear isteach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.
3. Cuirfear isteach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 faoin 30 Aibreán gach bliain agus cumhdófar léi an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig den bhliain féilire roimhe sin. Beidh an fhaisnéis a sholáthrófar cruinn ón 31 Nollaig den bhliain roimhe sin.
Airteagal 2
Formáid na faisnéise atá le tuairisciú ag údaráis inniúla don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) arna iarraidh sin
Chun críoch Airteagal 41(4) de Threoir 2014/65/AE, tuairisceoidh na húdaráis inniúla na réimsí seo a leanas ó Iarscríbhinní I agus II do ESMA:
1. |
Tréimhse Tuairiscithe: 1a agus 1b agus, i gcás inarb infheidhme, 19a agus 19b; |
2. |
Ainm an ghnólachta tríú tír agus an bhrainse: 2a agus 2d agus, i gcás inarb infheidhme, 20a agus 20d; |
3. |
Seirbhísí infheistíochta, gníomhaíochtaí infheistíochta agus seirbhísí coimhdeacha arna soláthar ag an mbrainse: 3a, 3b, 3c, 3d, 3e, 3f, 3g agus 3h agus, i gcás inarb infheidhme, 21a, 21b, 21c, 21d, 21e, 21f, 21g agus 21h; |
4. |
An líon cliant agus contrapháirtithe agus líon foirne an bhrainse: 4a, 4b, 4c, 4d agus, i gcás inarb infheidhme, 22a, 22b agus 22c; |
5. |
Láimhdeachas agus luach comhiomlánaithe shócmhainní an bhrainse: 5a, 5b, 5c agus, i gcás inarb infheidhme, 23a, 23b agus 23c. |
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 173, 12.6.2014, lch. 349.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
IARSCRÍBHINN I
An fhormáid chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 41(3) agus 41(4) de Threoir 2014/65/AE (1) a chur isteach
# |
Réimse |
Foréimsí |
||||||||
1a |
Tréimhse tuairiscithe |
Dáta tosaigh tuairiscithe na bliana féilire (BBBB-MM-LL) |
||||||||
1b |
Dáta deiridh tuairiscithe na bliana féilire (BBBB-MM-LL) |
|||||||||
2a |
Ainm agus sonraí teagmhála an ghnólachta tríú tír, lena n-áirítear sonraí an bhrainse, sonraí an duine atá i gceannas ar an bhfaisnéis a chur isteach, agus sonraí údaráis an tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an ngnólacht tríú tír |
Ainm corparáideach iomlán an bhrainse agus an cód Aitheantóra Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) |
||||||||
2b |
Seoladh an bhrainse (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
|||||||||
2c |
Sonraí teagmhála an bhrainse, lena n-áirítear seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin agus sonraí suímh gréasáin |
|||||||||
2d |
Ainm dlíthiúil iomlán an ghnólachta tríú tír agus, i gcás ina mbeidh fáil air, an tAitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
|||||||||
2e |
Seoladh cláraithe le haghaidh cheannoifig an ghnólachta tríú tír (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
|||||||||
2f |
Sonraí teagmhála an ghnólachta tríú tír, lena n-áirítear seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin agus sonraí suímh gréasáin |
|||||||||
2g |
An tír ina bhfuil ceannoifig an ghnólachta tríú tír (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
|||||||||
2h |
Ainm, seoladh agus tír an údaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an ngnólacht tríú tír sa tríú tír. I gcás ina bhfuil níos mó ná údarás amháin freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an ngnólacht tríú tír, soláthrófar sonraí agus réimsí inniúlachta gach údaráis faoi seach (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
|||||||||
2i |
Ainm iomlán an teagmhálaí |
|||||||||
2j |
Seoladh an teagmhálaí |
|||||||||
2k |
Uimhir ghutháin an teagmhálaí |
|||||||||
2l |
R-phost an teagmhálaí |
|||||||||
2m |
Feidhm/teideal an teagmhálaí |
|||||||||
3a |
Seirbhísí infheistíochta, gníomhaíochtaí infheistíochta agus seirbhísí coimhdeacha a sholáthraíonn an brainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe, le linn na tréimhse tuairiscithe |
Liosta na seirbhísí infheistíochta, na ngníomhaíochtaí infheistíochta agus na seirbhísí coimhdeacha (mar a shonraítear i Ranna A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE) arna soláthar ag an mbrainse sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe |
||||||||
3b |
Liosta na gcatagóirí ionstraimí airgeadais (mar a shonraítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE) a ndearnadh na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí sin ina leith |
|||||||||
3c |
I gcás ina soláthraíonn an brainse bainistiú punainne, luach iomlán na sócmhainní faoi bhainistíocht do chliaint sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe ag deireadh na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||
3d |
I gcás ina soláthraíonn an brainse bainistiú punainne, meánluach na sócmhainní faoi bhainistíocht do chliaint sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe i gcaitheamh na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||
3e |
I gcás ina soláthraíonn an brainse comhairle infheistíochta, luach iomlán na sócmhainní ar cuireadh comhairle infheistíochta ar chliaint ina leith sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe ag deireadh na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||
3f |
I gcás ina soláthraíonn an brainse comhairle infheistíochta, meánluach na sócmhainní ar cuireadh comhairle infheistíochta ar chliaint ina leith sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe le linn na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||
3g |
I gcás ina soláthraíonn an brainse an tseirbhís choimhdeach cumhdaigh agus riaracháin i leith ionstraimí airgeadais do chuntas cliant nó i gcás ina bhfuil cistí cliant ina seilbh aige, luach iomlán na sócmhainní (lena n-áirítear airgead tirim) atá i seilbh an bhrainse do chliaint sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe ag deireadh na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||
3h |
I gcás ina soláthraíonn an brainse an tseirbhís choimhdeach cumhdaigh agus riaracháin i leith ionstraimí airgeadais do chuntas cliant nó i gcás ina bhfuil cistí cliant ina seilbh aige, meánluach na sócmhainní (lena n-áirítear airgead tirim) atá i seilbh an bhrainse do chliaint sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe le linn na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||
4a |
Líon cliant agus contrapháirtithe an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus líon foirne an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe, le linn na tréimhse tuairiscithe |
Líon iomlán cliant agus contrapháirtithe an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe |
||||||||
4b |
An miondealú ar líon iomlán cliant agus contrapháirtithe an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe in aghaidh na seirbhíse infheistíochta, na gníomhaíochta infheistíochta nó na seirbhíse coimhdí a sholáthraítear sa Bhallstát sin |
|||||||||
4c |
An líon cliant miondíola, an líon cliant gairmiúil agus an líon contrapháirtithe incháilithe (mar a leagtar amach i dTreoir 2014/65/AE) a bhfuil an brainse ag soláthar seirbhísí infheistíochta, gníomhaíochtaí infheistíochta nó seirbhísí coimhdeacha dóibh sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe. |
|||||||||
4d |
An miondealú ar líon foirne an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe in aghaidh na seirbhíse infheistíochta, na gníomhaíochta infheistíochta nó na seirbhíse coimhdí a sholáthraítear sa Bhallstát. |
|||||||||
5a |
Láimhdeachas agus luach comhiomlán shócmhainní an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe, le linn na tréimhse tuairiscithe |
An láimhdeachas arna ghiniúint ag an mbrainse agus luach comhiomlán na sócmhainní a chomhfhreagraíonn do na seirbhísí infheistíochta, do na gníomhaíochtaí infheistíochta agus do na seirbhísí coimhdeacha a sholáthraítear sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
||||||||
5b |
An miondealú ar láimhdeachas an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe in aghaidh na seirbhíse infheistíochta, na gníomhaíochta infheistíochta agus na seirbhíse coimhdí a sholáthraítear sa Bhallstát sin |
|||||||||
5c |
An miondealú ar láimhdeachas an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe de réir chatagóir an chliaint mar a leagtar amach i dTreoir 2014/65/AE |
|||||||||
6 |
I gcás ina ndéileálann an brainse ar a chuntas féin, faisnéis faoi neamhchosaint an ghnólachta tríú tír le linn na tréimhse tuairiscithe ar chontrapháirtithe sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
An neamhchosaint mhíosúil íosta, mheánach agus uasta ar chontrapháirtithe sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
||||||||
7 |
I gcás ina bhfrithgheallann an brainse ionstraimí airgeadais agus/nó ina gcuireann sé ionstraimí airgeadais ar bhonn gealltanas daingean, faisnéis faoi luach na n-ionstraimí airgeadais de thionscnamh contrapháirtithe sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus a dhéantar a fhrithghealladh nó a chur ar bhonn ceangaltas daingean, le linn na tréimhse tuairiscithe |
Luach iomlán agus líon iomlán na n-ionstraimí airgeadais de thionscnamh contrapháirtithe sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus atá frithgheallta nó curtha ar bhonn ceangaltas daingean ag an mbrainse\ |
||||||||
8a |
Comhdhéanamh chomhlacht bainistíochta an ghnólachta tríú tír |
Liosta comhaltaí chomhlacht bainistíochta an ghnólachta tríú tír |
||||||||
8b |
I gcás gach comhalta den chomhlacht bainistíochta, ainm iomlán, tír shainchónaithe agus sonraí teagmhála an chomhalta |
|||||||||
8c |
An post ina gceaptar gach comhalta den chomhlacht bainistíochta |
|||||||||
9a |
Sealbhóirí príomhfheidhme i gcás ghníomhaíochtaí an bhrainse |
An liosta sealbhóirí príomhfheidhme i gcás ghníomhaíochtaí an bhrainse |
||||||||
9b |
I gcás gach sealbhóra príomhfheidhme, ainm iomlán an duine, tír shainchónaithe agus sonraí teagmhála |
|||||||||
9c |
An post ina gceaptar gach sealbhóir príomhfheidhme |
|||||||||
9d |
Na línte tuairiscithe idir na sealbhóirí príomhfheidhme agus comhlacht bainistíochta an ghnólachta tríú tír |
|||||||||
10 |
Faisnéis faoi ghearáin a fuair an brainse nó an gnólacht tríú tír i ndáil le gníomhaíochtaí an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus le linn na tréimhse tuairiscithe |
An líon gearán a fuair an brainse nó an gnólacht tríú tír i ndáil le gníomhaíochtaí an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe, maille leis na nithe seo a leanas:
|
||||||||
11a |
Tuairisc ar ghníomhaíochtaí margaíochta an bhrainse nó an ghnólachta tríú tír i ndáil le gníomhaíochtaí an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus le linn na tréimhse tuairiscithe |
Tuairisc ar straitéis mhargaíochta an bhrainse nó an ghnólachta tríú tír a úsáidtear sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe i ndáil le gníomhaíochtaí an bhrainse, lena n-áirítear mionsonraí faoina raon feidhme geografach agus faoi na modhanna margaíochta a d’úsáid an gnólacht tríú tír (amhail gníomhairí, seónna bóthair, glaonna gutháin, suíomhanna gréasáin) |
||||||||
11b |
An liosta ainmneacha trádála a úsáideann brainse an ghnólachta tríú tír sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe, maille leis na nithe seo a leanas i gcás gach ainm trádála:
|
|||||||||
11c |
I gcás aon ghníomhaire nó eintiteas comhchosúil a úsáideann brainse an ghnólachta tríú tír sa Bhallstát sin, ainm an duine aonair nó an eintitis maille leis an seoladh agus sonraí teagmhála |
|||||||||
11d |
An liosta suíomhanna gréasáin a úsáideann an brainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe, maille leis an URL, i gcás gach suímh gréasáin |
|||||||||
12a |
Tuairisc ar shocruithe cosanta infheisteoirí an ghnólachta tríú tír atá ar fáil do chliaint an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe, lena n-áirítear cearta na gcliant sin mar thoradh ar an scéim cúitimh d’infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 39(2), pointe (f), de Threoir 2014/65/AE (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
Faisnéis agus tuairisciú do chliaint |
||||||||
Tuairisc ar na socruithe a chuir an gnólacht tríú tír ar bun a mhéid a bhaineann lena oibleagáidí faisnéise agus tuairiscithe do chliaint agus a bhearta cur chun feidhme le haghaidh oibríochtaí an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe |
||||||||||
12b |
An teanga/na teangacha a úsáidfidh an brainse lena chliaint sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
|||||||||
12c |
Oiriúnacht agus iomchuibheas |
|||||||||
Tuairisc ar shocruithe an ghnólachta tríú tír chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht nó iomchuibheas, de réir mar a bheidh, i gcás ina soláthraíonn an brainse seirbhísí do chliaint sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe |
||||||||||
12d |
An forghníomhú is fearr |
|||||||||
I gcás ina bhforghníomhaíonn an brainse orduithe dá chliaint sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe, tuairisc ar na socruithe a cuireadh ar bun chun orduithe cliant a fhorghníomhú ar na téarmaí is fabhraí do na cliaint |
||||||||||
12e |
Rialacha maidir le horduithe cliant a láimhseáil |
|||||||||
I gcás ina láimhseálann an brainse orduithe cliant, tuairisc ar na socruithe a chuir an brainse ar bun chun orduithe cliant a fhorghníomhú go pras, go cothrom agus go gasta, agus béim á cur ar oibríochtaí an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
||||||||||
12f |
Socruithe maidir le rialachas táirgí |
|||||||||
I gcás ina ndéanann an gnólacht tríú tír monarú agus/nó dáileadh, trína bhrainse, ar ionstraimí airgeadais, tuairisc ar na socruithe maidir le rialachas táirgí a chuir an gnólacht tríú tír ar bun le haghaidh oibríochtaí an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
||||||||||
12g |
Socruithe an ghnólachta tríú tír chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc agus a bhainistiú |
|||||||||
Tuairisc ar na bearta a chuir an gnólacht tríú tír ar bun, agus é ag gníomhú trína bhrainse, chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a chosc nó a bhainistiú, ar coinbhleachtaí leasa iad a thagann chun cinn le linn dó seirbhísí infheistíochta agus seirbhísí coimhdeacha a sholáthar, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as beartas luacha saothair na ndaoine atá rannpháirteach sa soláthar seirbhísí infheistíochta, gníomhaíochtaí infheistíochta agus seirbhísí coimhdeacha a sholáthraítear sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
||||||||||
12h |
Socruithe an ghnólachta tríú tír chun gearáin a láimhseáil |
|||||||||
Tuairisc ar an nós imeachta a chuir an gnólacht tríú tír ar bun, agus é ag gníomhú trína bhrainse, agus a bheidh le leanúint ag cliaint an bhrainse chun gearán a thaisceadh |
||||||||||
12i |
An roinn atá freagrach as gearáin chliaint an bhrainse a láimhseáil |
|||||||||
12j |
An teanga nach mór do chliaint a ngearáin a thaisceadh inti/Na teangacha nach mór do chliaint a ngearáin a thaisceadh iontu |
|||||||||
12k |
Na cúirteanna ábhartha (i gcás dlíthíochta) dá dtagraítear in aon socrú conarthach idir an gnólacht tríú tír atá ag gníomhú trína bhrainse agus a chliaint sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
|||||||||
12l |
An t-eintiteas/na heintitis um réiteach malartach díospóidí atá inniúil chun déileáil le díospóidí a bhaineann le cliaint sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus leis an ngnólacht tríú tír |
|||||||||
12m |
Ballraíocht an ghnólachta tríú tír i scéim cúitimh d’infheisteoirí |
|||||||||
An tuairisc ar bhallraíocht an ghnólachta tríú tír i scéim cúitimh d’infheisteoirí, lena n-áirítear cé acu a bheidh nó nach mbeidh cliaint agus contrapháirtithe an bhrainse incháilithe do scéim den sórt sin, a raon feidhme, tuairisc ar na coinníollacha incháilitheachta agus na méideanna agus na hionstraimí airgeadais a chumhdaítear leis an scéim |
||||||||||
12n |
Socruithe an ghnólachta tríú tír maidir le cistí agus sócmhainní cliant a chosaint agus a bhainistiú |
|||||||||
Tuairisc ar aon chiste cliaint nó ar aon socrú cosanta sócmhainní cliant (go háirithe, i gcás ina bhfuil ionstraimí airgeadais agus cistí i seilbh coimeádaí, ainm an choimeádaí, agus conarthaí gaolmhara) a cuireadh i bhfeidhm sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
||||||||||
12o |
Socruithe eile |
|||||||||
Tuairisc ar aon socrú eile a mheasfadh an gnólacht tríú tír a bheith ábhartha maidir le soláthar seirbhísí agus feidhmiú ghníomhaíochtaí an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil a chuireann leasanna na gcliant chun cinn |
||||||||||
13a |
Faisnéis faoi shocruithe seachfhoinsithe an ghnólachta tríú tír is infheidhme maidir le hoibríochtaí an bhrainse (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
Liosta de na feidhmeanna seachfhoinsithe (nó de na feidhmeanna a bheartaítear a sheachfhoinsiú) agus tuairisc orthu |
||||||||
13b |
Tuairisc ar na hacmhainní (go háirithe na hacmhainní daonna agus na hacmhainní teicniúla, agus an córas rialaithe inmheánaigh) a leithdháiltear ar rialú na bhfeidhmeanna, na seirbhísí nó na ngníomhaíochtaí seachfhoinsithe a mhéid a bhaineann siad le hoibríochtaí an bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe |
|||||||||
14 |
Faisnéis maidir leis na socruithe (lena n-áirítear socruithe TF) arna gcur ar bun ag an ngnólacht tríú tír is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí an bhrainse le haghaidh trádáil algartamach, le haghaidh trádáil ardmhinicíochta agus le haghaidh rochtain leictreonach dhíreach (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
Tuairisc ar aon socrú agus ar aon acmhainn (go háirithe acmhainní daonna agus acmhainní TF) a d’fhéadfadh a bheith curtha ar bun ag an ngnólacht tríú tír agus/nó a d’fhéadfadh a bheith leithdháilte aige do ghníomhaíochtaí a bhrainse sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe le haghaidh trádáil algartamach, le haghaidh trádáil ardmhinicíochta agus le haghaidh rochtain leictreonach dhíreach agus chun gníomhaíochtaí den sórt sin a rialú |
||||||||
15a |
Faisnéis faoi ghníomhaíochtaí na feidhme comhlíonta (nó a coibhéis) |
Athruithe rialála |
||||||||
Tuairisc ar bhainistiú agus ar chur chun feidhme athruithe agus forbairtí ábhartha i gceanglais rialála le linn na tréimhse tuairiscithe a mbíonn tionchar acu ar shocruithe cosanta infheisteoirí le haghaidh ghníomhaíochtaí bhrainse an ghnólachta tríú tír |
||||||||||
15b |
Torthaí |
|||||||||
An líon rialuithe a dhéantar ar an láthair agus a sheachfhoinsítear agus achoimre ar mhórthorthaí na feidhme comhlíonta ar oibríochtaí an ghnólachta tríú tír a mhéid a bhaineann siad le hoibríochtaí an bhrainse |
||||||||||
15c |
Gníomhaíochtaí a rinneadh nó atá le déanamh (lena n-áirítear tar éis gearán nó tar éis claonadh ó mholtaí na feidhme comhlíontachta atá dírithe ar an mbainistíocht shinsearach) chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna sainaitheanta nó ar rioscaí teipeanna den ghnólacht tríú tír a mhéid a bhaineann siad le hoibríochtaí an bhrainse |
|||||||||
15d |
Eile |
|||||||||
Aon fhaisnéis eile a mheasfadh an brainse gurbh ábhartha í a lua |
||||||||||
16a |
Faisnéis faoi ghníomhaíochtaí na feidhme iniúchóireachta inmheánaí (nó a coibhéis) |
Torthaí |
||||||||
Achoimre ar mhórthorthaí na feidhme iniúchóireachta inmheánaí ar oibríochtaí an ghnólachta tríú tír a mhéid a bhaineann siad le hoibríochtaí an bhrainse |
||||||||||
16b |
Gníomhaíochtaí a rinneadh nó atá le déanamh ar fud an domhain (lena n-áirítear amlíne agus aonaid eagraíochtúla an ghnólachta tríú tír lena mbaineann) chun aghaidh a thabhairt ar theipeanna sainaitheanta nó ar rioscaí teipeanna den ghnólacht tríú tír a mhéid a bhaineann siad le hoibríochtaí an bhrainse |
|||||||||
17a |
Faisnéis faoi ghníomhaíochtaí na feidhme bainistithe riosca (nó a coibhéis) agus faoi bheartas bainistithe riosca an ghnólachta tríú tír |
Beartas bainistithe riosca |
||||||||
Achoimre ar bheartas bainistithe riosca an ghnólachta tríú tír a mhéid a bhaineann sé le hoibríochtaí an bhrainse agus na socruithe a chuireann an brainse i bhfeidhm maidir leis na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí a dhéanann an brainse (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
||||||||||
17b |
Torthaí |
|||||||||
Achoimre ar mhórthorthaí na feidhme bainistithe riosca ar oibríochtaí an ghnólachta tríú tír ar fud an domhain agus na gníomhaíochtaí a dhéantar nó atá le déanamh chun aghaidh a thabhairt ar na torthaí sin |
||||||||||
18 |
Aon fhaisnéis eile a mheasfadh an brainse de ghnólacht tríú tír gurbh ábhartha í a chur in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe. |
(1) Cumhdaítear le hIarscríbhinn II aon fhaisnéis maidir le soláthar seirbhísí trasteorann ag brainsí de ghnólachtaí tríú tír.
IARSCRÍBHINN II
An fhormáid chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 41(3) agus 41(4) de Threoir 2014/65/AE a chur isteach i gcás ina bhfuil cinneadh coibhéise glactha ag an gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 47(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014
I dteannta na faisnéise a éilítear faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme reatha, i gcás gnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta freisin san Aontas Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 47(3) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 tríd an gcóras coibhéise tríú tír (má aithnítear amhlaidh go héifeachtach faoi Airteagal 47(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, déanfaidh siad na réimsí seo a leanas a áireamh freisin ina dtuarascáil don údarás inniúil, mar a éilítear faoi Airteagal 41(3) de Threoir 2014/65/AE:
# |
Réimse |
Foréimsí |
||||||||||
19a |
Tréimhse tuairiscithe |
Dáta tosaigh tuairiscithe na bliana féilire (BBBB-MM-LL) |
||||||||||
19b |
Dáta deiridh tuairiscithe na bliana féilire (BBBB-MM-LL) |
|||||||||||
20a |
Ainm agus sonraí teagmhála an ghnólachta tríú tír, lena n-áirítear sonraí an bhrainse, sonraí an duine atá i gceannas ar an bhfaisnéis a chur isteach, sonraí údaráis an tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an ngnólacht tríú tír |
Ainm corparáideach iomlán an bhrainse agus an cód Aitheantóra Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) i gcás ina mbeidh fáil air |
||||||||||
20b |
Seoladh an bhrainse (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
|||||||||||
20c |
Sonraí teagmhála an bhrainse, lena n-áirítear seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin agus sonraí suímh gréasáin |
|||||||||||
20d |
Ainm dlíthiúil iomlán an ghnólachta tríú tír agus an tAitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) i gcás ina mbeidh fáil air (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
|||||||||||
20e |
Seoladh cláraithe le haghaidh cheannoifig an ghnólachta tríú tír (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
|||||||||||
20f |
Sonraí teagmhála an ghnólachta tríú tír, lena n-áirítear seoladh ríomhphoist, uimhir ghutháin agus sonraí suímh gréasáin |
|||||||||||
20g |
An tír ina bhfuil ceannoifig an ghnólachta tríú tír (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
|||||||||||
20h |
Ainm, seoladh agus tír an údaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an ngnólacht tríú tír sa tríú tír. I gcás ina bhfuil níos mó ná údarás amháin freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an ngnólacht tríú tír, soláthrófar sonraí agus réimsí inniúlachta gach údaráis faoi seach (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
|||||||||||
20i |
Ainm iomlán an teagmhálaí |
|||||||||||
20j |
Seoladh an teagmhálaí |
|||||||||||
20k |
Uimhir ghutháin an teagmhálaí |
|||||||||||
20l |
Seoladh ríomhphoist an teagmhálaí |
|||||||||||
20m |
Feidhm/teideal an teagmhálaí |
|||||||||||
21a |
Seirbhísí infheistíochta, gníomhaíochtaí infheistíochta agus seirbhísí coimhdeacha a sholáthraíonn an brainse i ngach Ballstát seachas an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe, le linn na tréimhse tuairiscithe |
Liosta na seirbhísí infheistíochta, na ngníomhaíochtaí infheistíochta agus na seirbhísí coimhdeacha (mar a shonraítear i Ranna A agus B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE) a sholáthraítear do chontrapháirtithe incháilithe agus do chliaint ghairmiúla de réir bhrí Roinn I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, i ngach Ballstát seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe |
||||||||||
21b |
Liosta na gcatagóirí ionstraimí airgeadais (mar a shonraítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE) a ndearnadh na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí sin ina leith |
|||||||||||
21c |
I gcás gach Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus ina soláthraíonn an brainse bainistiú punainne, luach iomlán na sócmhainní faoi bhainistíocht le haghaidh cliant sa Bhallstát ag deireadh na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||||
21d |
I gcás gach Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus ina soláthraíonn an brainse bainistiú punainne, meánluach na sócmhainní faoi bhainistíocht le haghaidh cliant sa Bhallstát i gcaitheamh na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||||
21e |
I gcás gach Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus ina soláthraíonn an brainse comhairle infheistíochta, luach iomlán na sócmhainní a ndearnadh an tseirbhís sin a sholáthar ina leith le haghaidh cliant sa Bhallstát ag deireadh na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||||
21f |
I gcás gach Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus ina soláthraíonn an brainse comhairle infheistíochta, meánluach na sócmhainní a ndearnadh an tseirbhís sin a sholáthar ina leith le haghaidh cliant sa Bhallstát i gcaitheamh na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||||
21g |
I gcás gach Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus ina soláthraíonn an brainse an tseirbhís choimhdeach cumhdaigh agus riaracháin i leith ionstraimí airgeadais do chuntas cliant nó i gcás ina bhfuil cistí cliant ina seilbh aige, luach iomlán na sócmhainní (lena n-áirítear airgead tirim) atá i seilbh an bhrainse do chliaint sa Bhallstát ag deireadh na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||||
21h |
I gcás gach Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus ina soláthraíonn an brainse an tseirbhís choimhdeach cumhdaigh agus riaracháin i leith ionstraimí airgeadais do chuntas cliant nó i gcás ina bhfuil cistí cliant ina seilbh aige, meánluach na sócmhainní (lena n-áirítear airgead tirim) atá i seilbh an bhrainse do chliaint sa Bhallstát i gcaitheamh na tréimhse tuairiscithe |
|||||||||||
22a |
An líon cliant agus contrapháirtithe atá ag an mbrainse i mBallstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus ar fud an domhain, le linn na tréimhse tuairiscithe |
An líon iomlán cliant agus contrapháirtithe atá ag an mbrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe). |
||||||||||
22b |
An líon iomlán cliant agus contrapháirtithe atá ag an ngnólacht tríú tír ar fud an domhain |
|||||||||||
22c |
I gcás gach Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus inar sholáthair an brainse aon seirbhís infheistíochta, aon ghníomhaíocht infheistíochta nó aon seirbhís choimhdeach, an líon iomlán cliant agus contrapháirtithe atá ag an mbrainse sa Bhallstát eile sin, maille leis na nithe seo a leanas:
|
|||||||||||
23a |
Láimhdeachas agus luach comhiomlán shócmhainní an bhrainse i mBallstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus láimhdeachas agus luach comhiomlán shócmhainní an ghnólachta tríú tír ar fud an domhain, le linn na tréimhse tuairiscithe |
Láimhdeachas an bhrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe) agus luach comhiomlán na sócmhainní a chomhfhreagraíonn do na seirbhísí agus do na gníomhaíochtaí arna soláthar ag an ngnólacht tríú tír san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe) |
||||||||||
23b |
Láimhdeachas domhanda an ghnólachta tríú tír |
|||||||||||
23c |
I gcás gach Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus inar sholáthair an brainse aon seirbhís infheistíochta, aon ghníomhaíocht infheistíochta nó aon seirbhís choimhdeach, láimhdeachas agus luach comhiomlán na sócmhainní a chomhfhreagraíonn do na seirbhísí infheistíochta, do na gníomhaíochtaí infheistíochta agus do na seirbhísí coimhdeacha sin, maille leis na nithe seo a leanas:
|
|||||||||||
24a |
I gcás ina ndéileálann an brainse ar a chuntas féin, faisnéis faoi neamhchosaint an ghnólachta tríú tír ar chontrapháirtithe san Aontas (seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe), le linn na tréimhse tuairiscithe |
I gcás gach Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus ina ndéileálann an brainse ar a chuntas féin, an neamhchosaint mhíosúil íosta, mheánach agus uasta ar chontrapháirtithe sa Bhallstát sin |
||||||||||
24b |
An neamhchosaint mhíosúil íosta, mheánach agus uasta ar chontrapháirtithe san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) |
|||||||||||
25a |
I gcás ina bhfrithgheallann an brainse ionstraimí airgeadais agus/nó ina gcuireann sé ionstraimí airgeadais ar bhonn gealltanas daingean, faisnéis faoi luach na n-ionstraimí airgeadais de thionscnamh contrapháirtithe san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) agus a dhéantar a fhrithghealladh nó a chur ar bhonn ceangaltas daingean le linn na tréimhse tuairiscithe |
I gcás gach Ballstáit seachas an Ballstát ina bhfuil an brainse bunaithe agus ina bhfrithgheallann an brainse ionstraimí airgeadais agus/nó ina gcuireann sé ionstraimí airgeadais ar bhonn gealltanas daingean, luach iomlán na n-ionstraimí airgeadais de thionscnamh contrapháirtithe sa Bhallstát agus a frithghealladh nó a cuireadh ar bhonn ceangaltas daingean ag an mbrainse |
||||||||||
25b |
Luach iomlán na n-ionstraimí airgeadais de thionscnamh contrapháirtithe san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) agus atá frithgheallta nó curtha ar bhonn ceangaltas daingean ag an mbrainse |
|||||||||||
26 |
Faisnéis faoi ghearáin a fuair an brainse agus/nó an gnólacht tríú tír i ndáil le gníomhaíochtaí an bhrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe), le linn na tréimhse tuairiscithe |
An líon gearán a fuair an brainse agus/nó an gnólacht tríú tír i ndáil le gníomhaíochtaí an bhrainse i mBallstáit seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe, maille leis na nithe seo a leanas:
|
||||||||||
27a |
Tuairisc ar ghníomhaíochtaí margaíochta an bhrainse nó an ghnólachta tríú tír i ndáil le gníomhaíochtaí an bhrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe), le linn na tréimhse tuairiscithe |
Tuairisc ar straitéis mhargaíochta an ghnólachta tríú tír a úsáidtear san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) i ndáil le gníomhaíochtaí an bhrainse, lena n-áirítear mionsonraí faoina raon feidhme geografach agus faoi na modhanna margaíochta a d’úsáid an gnólacht tríú tír (amhail gníomhairí, seónna bóthair, glaonna gutháin, suíomhanna gréasáin) |
||||||||||
27b |
An liosta ainmneacha trádála a úsáideann an gnólacht tríú tír san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe), maille leis na nithe seo a leanas i gcás gach ainm trádála:
|
|||||||||||
27c |
I gcás aon ghníomhaire nó eintiteas comhchosúil a úsáideann an gnólacht tríú tír san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe), ainm an duine aonair nó an eintitis maille leis an seoladh agus sonraí teagmhála |
|||||||||||
27d |
An liosta suíomhanna gréasáin a úsáideann an gnólacht tríú tír san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe), maille leis an URL, i gcás gach suímh gréasáin |
|||||||||||
28a |
Tuairisc ar shocruithe cosanta infheisteoirí an ghnólachta tríú tír atá ar fáil do chliaint an bhrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe), lena n-áirítear cearta na gcliant sin mar thoradh ar an scéim cúitimh d’infheisteoirí dá dtagraítear in Airteagal 39(2), pointe (f), de Threoir 2014/65/AE (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
Faisnéis agus tuairisciú do chliaint |
||||||||||
An tuairisc ar shocruithe an ghnólachta tríú tír chun a áirithiú go gcomhlíonann sé a oibleagáidí faisnéise agus tuairiscithe do chliaint faoi Airteagail 24 agus 25 de Threoir 2014/65/AE agus a bhearta cur chun feidhme le haghaidh oibríochtaí an bhrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) |
||||||||||||
28b |
An teanga/na teangacha a úsáidfidh an brainse lena chliaint san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) |
|||||||||||
28c |
Oiriúnacht agus iomchuibheas |
|||||||||||
An tuairisc ar shocruithe an ghnólachta tríú tír chun a áirithiú go gcomhlíonann sé a oibleagáidí measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht nó iomchuibheas, de réir mar a bheidh, i gcás ina soláthraíonn an brainse seirbhísí do chliaint san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) |
||||||||||||
28d |
An forghníomhú is fearr |
|||||||||||
I gcás ina bhforghníomhaíonn an brainse orduithe dá chliaint san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe), an tuairisc ar na socruithe chun a áirithiú go bhforghníomhaíonn sé orduithe cliant ar na téarmaí is fabhraí do na cliaint |
||||||||||||
28e |
Rialacha maidir le horduithe cliant a láimhseáil |
|||||||||||
An tuairisc ar shocruithe an ghnólachta tríú tír lena ndéantar foráil maidir le horduithe cliant a fhorghníomhú go pras, go cothrom agus go gasta, agus béim á cur ar oibríochtaí an bhrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) |
||||||||||||
28f |
Socruithe maidir le rialachas táirgí |
|||||||||||
I gcás ina ndéanann an gnólacht tríú tír ionstraimí airgeadais a mhonarú agus/nó a dháileadh san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe), tuairisc ar na socruithe maidir le rialachas táirgí a chuir an gnólacht tríú tír ar bun le haghaidh a oibríochtaí san Aontas. |
||||||||||||
28g |
Socruithe an ghnólachta tríú tír chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc agus a bhainistiú |
|||||||||||
An tuairisc ar na bearta a chuir an gnólacht tríú tír i bhfeidhm chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a chosc nó a bhainistiú, ar coinbhleachtaí leasa iad a thagann chun cinn le linn dó seirbhísí infheistíochta agus seirbhísí coimhdeacha a sholáthar, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as beartas luacha saothair na ndaoine atá rannpháirteach sa soláthar seirbhísí infheistíochta, gníomhaíochtaí infheistíochta agus seirbhísí coimhdeacha a sholáthraítear san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) |
||||||||||||
28h |
Socruithe an ghnólachta tríú tír chun gearáin a láimhseáil |
|||||||||||
Tuairisc ar an nós imeachta nach mór do chliaint an ghnólachta tríú tír san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) cloí leis chun gearán a thaisceadh |
||||||||||||
28j |
An roinn atá freagrach as gearáin chliaint an bhrainse a láimhseáil |
|||||||||||
28k |
An teanga nach mór do chliaint a ngearáin a thaisceadh inti/Na teangacha nach mór do chliaint a ngearáin a thaisceadh iontu |
|||||||||||
28l |
Na cúirteanna ábhartha (i gcás dlíthíochta) dá dtagraítear in aon socrú conarthach idir an gnólacht tríú tír agus a chliaint san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) |
|||||||||||
28m |
An t-eintiteas/na heintitis um réiteach malartach díospóidí atá inniúil chun déileáil le díospóidí trasteorann a bhaineann le cliaint san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) |
|||||||||||
28n |
Ballraíocht an ghnólachta tríú tír i scéim cúitimh d’infheisteoirí |
|||||||||||
Tuairisc ar bhallraíocht an ghnólachta tríú tír i scéim cúitimh d’infheisteoirí, lena n-áirítear cé acu a bheidh nó nach mbeidh cliaint agus contrapháirtithe an bhrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) incháilithe do scéim den sórt sin, a raon feidhme, tuairisc ar na coinníollacha incháilitheachta agus na méideanna agus na hionstraimí airgeadais a chumhdaítear leis an scéim |
||||||||||||
28o |
Socruithe an ghnólachta tríú tír maidir le cistí agus sócmhainní cliant a chosaint agus a bhainistiú |
|||||||||||
Tuairisc ar shocruithe cosanta d’aon chiste cliaint nó d’aon sócmhainn chliaint san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) (go háirithe, i gcás ina bhfuil ionstraimí airgeadais agus cistí i seilbh coimeádaí, ainm an choimeádaí, agus conarthaí gaolmhara) |
||||||||||||
28p |
Socruithe eile |
|||||||||||
Tuairisc ar aon socrú eile a mheasfadh an gnólacht tríú tír a bheith ábhartha maidir le soláthar seirbhísí agus feidhmiú ghníomhaíochtaí an bhrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil a chuireann leasanna na gcliant chun cinn |
||||||||||||
29a |
Faisnéis faoi shocruithe seachfhoinsithe an ghnólachta tríú tír is infheidhme maidir le hoibríochtaí an bhrainse (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
Liosta de na feidhmeanna seachfhoinsithe (nó de na feidhmeanna a bheartaítear a sheachfhoinsiú) agus tuairisc orthu chun seirbhísí infheistíochta an bhrainse a sholáthar agus chun a chuid gníomhaíochtaí a dhéanamh san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) |
||||||||||
29b |
Tuairisc ar na hacmhainní (go háirithe na hacmhainní daonna agus na hacmhainní teicniúla, agus an córas rialaithe inmheánaigh) a leithdháiltear ar rialú na bhfeidhmeanna, na seirbhísí nó na ngníomhaíochtaí seachfhoinsithe a mhéid a bhaineann siad le hoibríochtaí an bhrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) |
|||||||||||
30 |
Faisnéis maidir leis na socruithe (lena n-áirítear socruithe TF) arna gcur ar bun ag an ngnólacht tríú tír is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí an bhrainse le haghaidh trádáil algartamach, le haghaidh trádáil ardmhinicíochta agus le haghaidh rochtain leictreonach dhíreach (le soláthar i gcás aon athrú ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh roimhe sin don údarás inniúil) |
Tuairisc ar aon socrú agus ar aon acmhainn (go háirithe acmhainní daonna agus acmhainní TF) a d’fhéadfadh a bheith curtha ar bun ag an ngnólacht tríú tír agus/nó a d’fhéadfadh a bheith leithdháilte aige do ghníomhaíochtaí a bhrainse san Aontas (seachas sa Bhallstát ina bhfuil an brainse bunaithe) le haghaidh trádáil algartamach, le haghaidh trádáil ardmhinicíochta agus le haghaidh rochtain leictreonach dhíreach agus chun gníomhaíochtaí den sórt sin a rialú |
||||||||||
31 |
Aon fhaisnéis eile a bhfuil gá léi dar leis an údarás inniúil chun gur féidir faireachán cuimsitheach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an bhrainse san Aontas |