EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1174

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1174 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a mhéid a bhaineann le bearta mionsonraithe áirithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil na heitlíochta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/4637

IO L 183, 8.7.2022, p. 35–42 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1174/oj

8.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 183/35


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1174 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Iúil 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a mhéid a bhaineann le bearta mionsonraithe áirithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil na heitlíochta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (1), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is léir ón taithí a fuarthas le cur chun feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún (2) go bhfuil gá le mionleasuithe ar mhódúlachtaí cur chun feidhme bunchaighdeán comhchoiteann áirithe.

(2)

Ba cheart bearta slándála eitlíochta mionsonraithe áirithe a shoiléiriú, a chomhchuibhiú nó a shimpliú chun an tsoiléireacht dhlíthiúil a fheabhsú, chun léirmhíniú comhchoiteann na reachtaíochta a chaighdeánú agus chun feabhas chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil na heitlíochta a áirithiú a thuilleadh. Thairis sin, tá gá anois le leasuithe áirithe i gcomhréir leis na hathruithe sa staid bhagartha agus riosca, sna forbairtí is déanaí maidir le hoibríochtaí aerfoirt agus aerlínte, sa teicneolaíocht agus sa bheartas idirnáisiúnta. Baineann na leasuithe sin le slándáil na n-aerfort, le hiompar sábháilte agus slán na n-arm tine ar bord, le hoiliúint na foirne, le slándáil an aerlasta agus an phoist, le soláthróirí aitheanta soláthairtí aerfoirt, leis an tseiceáil chúlra, le madraí braite pléascán (MBP), agus leis na caighdeáin bhraite le haghaidh trealamh braite miotail siúl tríd (TBMST).

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 a leasú dá réir.

(4)

Ós rud é go bhfuil gá le tréimhse réasúnta le go bhféadfaidh na baill d’fhoirne eitilte agus d’fhoirne cábáin a chuireann na bearta slándála le linn eitilte chun feidhme dul faoin oiliúint a leagtar síos i bpointe (38) den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart cur i bhfeidhm an phointe sin a chur siar go dtí an 1 Eanáir 2023.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 300/2008,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2022. Is ón 1 Eanáir 2023, áfach, a bheidh feidhm ag pointí (32) agus (38) den Iarscríbhinn.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 97, 9.4.2008, lch. 72.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na mbunchaighdeán comhchoiteann maidir le slándáil eitlíochta (IO L 299, 14.11.2015, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1998 mar a leanas:

(1)

i bpointe 1.1.2.2, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Daoine a dhéanann cuardach slándála i limistéir nach iad na limistéir a úsáideann paisinéirí díbhordála nach ndéantar braitheoireacht orthu de réir na mbunchaighdeán comhchoiteann, ní mór oiliúint a chur orthu i gcomhréir le pointe 11.2.3.1, 11.2.3.2, 11.2.3.3, 11.2.3.4 nó 11.2.3.5.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.4.4.2:

“1.4.4.2.

Féadfar feithiclí a rinneadh scrúdú orthu agus a fhágann codanna criticiúla go sealadach a dhíolmhú ó scrúdú ar fhilleadh dóibh ar choinníoll go raibh siad faoi shíorbhreathnóireacht ag daoine údaraithe a bhí leordhóthanach chun a áirithiú go réasúnta nár tugadh aon earraí toirmiscthe isteach sna feithiclí.”;

(3)

cuirtear an pointe 1.4.4.3 seo a leanas isteach:

“1.4.4.3.

Beidh díolúintí agus nósanna imeachta scrúdaithe speisialta faoi réir na bhforálacha breise a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005 freisin.”;

(4)

cuirtear an pointe 1.5.5 seo a leanas isteach:

“1.5.5.

Leagfar nósanna imeachta síos chun déileáil le bagáiste gan aithint agus ábhair amhrasacha i gcomhréir le measúnú riosca slándála arna dhéanamh nó arna fhormheas ag na húdaráis náisiúnta ábhartha.”;

(5)

i bpointe 3.1.1.3, cuirtear an abairt seo a leanas leis:

“Ní fhéadfar tús a chur leis an gcuardach go dtí go mbeidh a shuíomh páirceála deiridh bainte amach ag an aerárthach.”;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.1.3:

“3.1.3.   Faisnéisí faoin gcuardach slándála ar aerárthach

Déanfar na faisnéisí seo a leanas maidir leis an gcuardach slándála a dhéantar ar aerárthach ar eitilt imeachta a thaifeadadh agus a choinneáil in áit nach áit ar bord an aerárthaigh í ar feadh thréimhse na heitilte nó ar feadh 24 uair, cibé acu is faide:

(a)

uimhir na heitilte;

(b)

túsphointe na heitilte a rinneadh roimhe sin;

(c)

an dáta agus an t-am a cuireadh an cuardach slándála aerárthaigh i gcrích;

(d)

ainm agus síniú an duine a bhí freagrach as an gcuardach slándála ar an aerárthach a dhéanamh.

Féadfar taifeadadh na bhfaisnéisí a liostaítear sa chéad mhír a choimeád i bhformáid leictreonach.”;

(7)

i bpointe 5.4.2, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Áiritheoidh aeriompróir nach gceadófar airm thine a iompar i mbagáiste boilg ach amháin tar éis do dhuine údaraithe atá cáilithe go cuí a chinneadh nach bhfuil siad luchtaithe. Stuálfar na hairm thine sin in áit nach mbeidh rochtain ag aon duine air le linn na heitilte.”;

(8)

i bpointe 6.1.1, scriostar pointe (c);

(9)

cuirtear an pointe 6.1.3 seo a leanas isteach:

“6.1.3.

Gníomhaire rialáilte a dhiúltaíonn coinsíneacht ar chúiseanna ardriosca, áiritheoidh sé go ndéanfar an choinsíneacht agus an doiciméadacht a ghabhann léi a mharcáil mar lasta agus post ardriosca sula gcuirfear an choinsíneacht ar ais chuig an duine is ionadaí d’eintiteas a seachadta. Ní luchtófar coinsíneacht den sórt sin ar aerárthach mura ndéanfaidh gníomhaire rialáilte eile í a láimhseáil i gcomhréir le pointe 6.7.”;

(10)

i bpointe 6.3.1.2 (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú mír:

“Luafar go soiléir sa dearbhú sínithe suíomh an láithreáin nó na láithreán dá dtagraíonn sé agus coinneoidh an t-údarás iomchuí lena mbaineann é;”;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.3.2.1:

“6.3.2.1.

Agus é ag glacadh le haon choinsíneacht, suífidh gníomhaire rialáilte an gníomhaire rialáilte nó coinsíneoir aitheanta é an t-eintiteas óna bhfaigheann sé an choinsíneacht nó nach ceachtar acu sin é.”;

(12)

i bpointe 6.3.2.3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

go ndéantar braitheoireacht orthu i gcomhréir le pointe 6.2 nó pointe 6.7, de réir mar is iomchuí; nó”;

(13)

leasaítear pointe 6.3.2.6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

“(d)

stádas slándála na coinsíneachta, lena luafar acrainm amháin díobh seo a leanas:

‘SPX’, a chiallaíonn slán le haghaidh aerárthaigh paisinéirí, aerárthaigh nach n-iompraíonn ach lasta agus aerárthaigh nach n-iompraíonn ach post;

‘SHR’, a chiallaíonn slán le haghaidh aerárthaigh paisinéirí, aerárthaigh nach n-iompraíonn ach lasta agus aerárthaigh nach n-iompraíonn ach post i gcomhréir le ceanglais ardriosca;”;

(b)

i bpointe (e), scriostar pointe (ii);

(14)

i bpointe 6.3.2.9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Áiritheoidh gníomhaire rialáilte go n-earcófar an fhoireann ar fad i gcomhréir le ceanglais Chaibidil 11 agus go gcuirfear oiliúint iomchuí orthu i gcomhréir leis na sonraíochtaí poist ábhartha. Chun críocha na hoiliúna, measfar gur ball foirne a chuireann rialuithe slándála chun feidhme é aon bhall foirne a bhfuil rochtain gan mhaoirseacht aige ar aerlasta inaitheanta nó ar aerphost inaitheanta ar cuireadh na rialuithe slándála ar ceanglas iad i bhfeidhm air. Maidir le daoine a fuair oiliúint roimhe sin i gcomhréir le pointe 11.2.7, déanfar a n-inniúlachtaí a uasghrádú go dtí na hinniúlachtaí dá dtagraítear i bpointe 11.2.3.9 faoin 1 Eanáir 2023 ar a dhéanaí.”;

(15)

i bpointe 6.4.2.1, an chéad mhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

maidir leis na baill foirne uile a chuireann rialuithe slándála chun feidhme agus na baill foirne uile a bhfuil rochtain gan mhaoirseacht acu ar aerlasta inaitheanta nó ar aerphost inaitheanta ar cuireadh na rialuithe slándála ar ceanglas iad i bhfeidhm air, go n-earcófar iad i gcomhréir le ceanglais Chaibidil 11 agus go mbeidh oiliúint slándála faighte acu i gcomhréir le pointe 11.2.3.9. Daoine a fuair oiliúint roimhe sin i gcomhréir le pointe 11.2.7, déanfar a n-inniúlachtaí a uasghrádú go dtí na hinniúlachtaí dá dtagraítear i bpointe 11.2.3.9 faoin 1 Eanáir 2023 ar a dhéanaí; agus”;

(16)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.5:

“6.5.   TARLÓIRÍ FORMHEASTA

Níl aon fhoráil sa Rialachán seo.”;

(17)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.6.1.1:

“6.6.1.1.

Chun a áirithiú go ndéanfar coinsíneachtaí ar cuireadh na rialuithe slándála ar ceanglas iad i bhfeidhm orthu a chosaint ar chur isteach neamhúdaraithe le linn iompair, beidh feidhm ag na ceanglais uile seo a leanas:

(a)

déanfaidh an gníomhaire rialáilte nó an coinsíneoir aitheanta na coinsíneachtaí a phacáil nó a shéalú chun a áirithiú gur léir aon chrioscaíl orthu; i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, déanfar bearta cosanta malartacha lena n-áiritheofar sláine na coinsíneachta;

(b)

urrann ualaigh lasta na feithicle inar beartaithe na coinsíneachtaí a iompar, déanfar í a ghlasáil nó a shéalú, nó i gcás feithicil cabhlach cuirtíní déanfar í a dhaingniú le cordaí TIR, chun a áirithiú gur léir aon chrioscaíl, nó i gcás feithicle gan ráillí coimeádfar an achar ualaigh faoi bhreathnóireacht;

(c)

an tarlóir a bhfuil an comhaontú iompair déanta aige leis an ngníomhaire rialáilte nó leis an gcoinsíneoir aitheanta, déanfaidh sé an dearbhú tarlóra mar atá i gCeangaltán 6-E a chomhaontú, ach amháin má bhíonn an tarlóir féin formheasta mar ghníomhaire rialáilte.

Coinneoidh an gníomhaire rialáilte nó an coinsíneoir aitheanta a ndéantar an t-iompar thar a cheann an dearbhú sínithe. Arna iarraidh sin, cuirfear cóip den dearbhú sínithe ar fáil freisin don ghníomhaire rialáilte nó don aeriompróir rialáilte a fhaigheann an choinsíneacht nó don údarás iomchuí lena mbaineann.

Mar mhalairt ar phointe (c) den chéad mhír, féadfaidh an tarlóir fianaise a chur ar fáil don ghníomhaire rialáilte nó don choinsíneoir aitheanta a soláthraíonn sé iompar dó go bhfuil sé deimhnithe nó formheasta ag údarás iomchuí.

Cuimseoidh an fhianaise sin na ceanglais atá i gCeangaltán 6-E agus coinneoidh an gníomhaire rialáilte, nó an coinsíneoir aitheanta lena mbaineann, cóipeanna di. Arna iarraidh sin, cuirfear cóip ar fáil freisin don ghníomhaire rialáilte nó don aeriompróir rialaithe a fhaigheann an choinsíneacht nó d’údarás iomchuí eile.”;

(18)

leasaítear pointe 6.8.3.1 mar a leanas:

(a)

sa chéad mhír, scriostar pointe (c);

(b)

scriostar an dara mír;

(19)

cuirtear an pointe 6.8.3.10 seo a leanas isteach:

“6.8.3.10.

Beidh na rialuithe slándála ar lasta agus post a thagann ó thríú tír faoi réir na bhforálacha breise a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005 freisin.”;

(20)

i bpointe 6.8.5.4, scriostar an dara mír;

(21)

i gCeangaltán 6-A, an dara mír, an ceathrú fleasc, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

mionathruithe atá beartaithe ar a chlár slándála, amhail ainm na cuideachta, seoladh na cuideachta, an duine atá freagrach as sonraí slándála nó sonraí teagmhála, athrú ar an duine óna dteastaíonn rochtain ar ‘bhunachar sonraí an Aontais maidir le slándáil an tslabhra soláthair’, go pras agus ar a laghad laistigh de 7 lá oibre roimh an athrú atá beartaithe; agus”;

(22)

i gCeangaltán 6-C, Cuid 3, tábla, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.4:

“3.4.

An gcuirtear oiliúint slándála i gcomhréir le pointe 11.2.3.9 ar bhaill foirne a bhfuil rochtain gan mhaoirseacht acu ar aerlasta/aerphost inaitheanta agus ar bhaill foirne a chuireann rialuithe slándála chun feidhme, sula dtugtar rochtain gan mhaoirseacht dóibh ar aerlasta/aerphost inaitheanta?”;

(23)

scriostar Ceangaltán 6-D;

(24)

i gCeangaltán 6-E, an dara mír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:

“—

Beidh oiliúint maidir le feasacht ar chúrsaí slándála ginearálta curtha ar gach ball foirne a dhéanfaidh iompar lasta agus poist i gcomhréir le pointe 11.2.7. Ina theannta sin, má thugtar rochtain gan mhaoirseacht freisin do na baill foirne sin ar lasta agus ar phost ar cuireadh na rialuithe slándála ar ceanglais iad i bhfeidhm air, beidh oiliúint slándála curtha orthu i gcomhréir le pointe 11.2.3.9;”;

(25)

i bpointe 8.1.1.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“Déanfaidh aeriompróir, soláthróir rialáilte nó oibreoir aerfoirt braitheoireacht ar sholáthairtí eitilte nó déanfar braitheoireacht orthu thar a cheann sula dtabharfar isteach i limistéar srianta slándála iad, mura rud é:”;

(26)

i bpointe 8.1.3.2(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú mír:

“Luafar go soiléir sa dearbhú sínithe suíomh an láithreáin nó na láithreán dá dtagraíonn sé agus coinneoidh an t-údarás iomchuí lena mbaineann é;”;

(27)

i bpointe 8.1.4.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

an ‘Dearbhú gealltanas — soláthróir aitheanta soláthairtí eitilte’ mar atá i gCeangaltán 8-B. Luafar go soiléir sa dearbhú sin suíomh an láithreáin nó na láithreán lena mbaineann sé agus síneoidh an t-ionadaí dlíthiúil é; agus”;

(28)

i bpointe 8.1.5.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

áiritheoidh sé go bhfaighidh daoine a bhfuil rochtain acu ar sholáthairtí eitilte oiliúint maidir le feasacht ar chúrsaí slándála ginearálta i gcomhréir le pointe 11.2.7 sula dtabharfar rochtain dóibh ar na soláthairtí sin. Ina theannta sin, áiritheoidh sé go bhfaighidh daoine a chuireann an bhraitheoireacht chun feidhme ar sholáthairtí eitilte oiliúint i gcomhréir le pointe 11.2.3.3 agus go bhfaighidh daoine a chuireann rialuithe eile slándála chun feidhme i ndáil le soláthairtí eitilte oiliúint i gcomhréir le pointe 11.2.3.10; agus”;

(29)

i gCeangaltán 8-B, an dara mír, an chéad fhleasc, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

go n-áiritheoidh mé go bhfaighidh daoine a bhfuil rochtain acu ar sholáthairtí eitilte oiliúint maidir le feasacht ar chúrsaí slándála ginearálta i gcomhréir le pointe 11.2.7 sula dtabharfar rochtain dóibh ar na soláthairtí sin. Ina theannta sin, áiritheoidh mé go bhfaighidh daoine a chuireann rialuithe slándála seachas an bhraitheoireacht chun feidhme i leith soláthairtí eitilte oiliúint i gcomhréir le pointe 11.2.3.10; agus”;

(30)

i bpointe 9.1.1.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“Déanfaidh oibreoir aerfoirt nó soláthróir rialáilte braitheoireacht ar sholáthairtí aerfoirt nó déanfar braitheoireacht orthu thar a cheann sula dtabharfar isteach i limistéar srianta slándála iad, mura rud é:”;

(31)

i bpointe 9.1.3.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

an ‘Dearbhú gealltanas — soláthróir aitheanta soláthairtí aerfoirt’ mar atá i gCeangaltán 9-A. Luafar go soiléir sa dearbhú sin suíomh an láithreáin nó na láithreán lena mbaineann sé agus síneoidh an t-ionadaí dlíthiúil é; agus”;

(32)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 9.1.3.3:

“9.1.3.3.

Ní mór gach soláthróir aitheanta a ainmniú ar bhonn bhailíochtú an mhéid seo a leanas:

(a)

ábharthacht agus iomláine an chláir slándála i leith phointe 9.1.4; agus

(b)

cur chun feidhme an chláir slándála gan easnaimh.

Féadfaidh an t-údarás iomchuí, mar chruthúnas dlíthiúil ar an ainmniú, a cheangal ar na hoibreoirí aerfoirt na sonraí is gá i leith na soláthróirí aitheanta a ainmníonn siad a chur le ‘bunachar sonraí an Aontais maidir le slándáil an tslabhra soláthair’ tráth nach déanaí ná an chéad lá oibre eile. Le linn don oibreoir aerfoirt an iontráil a dhéanamh sa bhunachar sonraí, tabharfaidh sé aitheantóir uathúil alfa-uimhriúil san fhormáid chaighdeánach do gach suíomh ainmnithe.

Ní fhéadfar a cheadú soláthairtí aerfoirt a thabhairt isteach sna limistéir shrianta slándála ach tar éis stádas an tsoláthróra a shuí. Suífear é trína fhíorú i ‘mbunachar sonraí an Aontais maidir le slándáil an tslabhra soláthair’, más infheidhme, nó trí shásra malartach a úsáid lena mbaintear an cuspóir céanna amach.

Mura mbíonn an t-údarás iomchuí nó an t-oibreoir aerfoirt sásta feasta go gcomhlíonann an soláthróir aitheanta ceanglais phointe 9.1.4, tarraingeoidh an t-oibreoir aerfoirt an stádas soláthróra aitheanta siar gan mhoill.”;

(33)

i bpointe 9.1.4.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

áiritheoidh sé go bhfaighidh daoine a bhfuil rochtain acu ar sholáthairtí aerfoirt oiliúint maidir le feasacht ar chúrsaí slándála ginearálta i gcomhréir le pointe 11.2.7 sula dtabharfar rochtain dóibh ar na soláthairtí sin. Ina theannta sin, áiritheoidh sé go bhfaighidh daoine a chuireann an bhraitheoireacht chun feidhme ar sholáthairtí aerfoirt oiliúint i gcomhréir le pointe 11.2.3.3 agus go bhfaighidh daoine a chuireann rialuithe slándála eile chun feidhme i leith soláthairtí aerfoirt oiliúint i gcomhréir le pointe 11.2.3.10; agus”;

(34)

i gCeangaltán 9-A, an dara mír, an chéad fhleasc, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

go n-áiritheoidh mé go bhfaighidh daoine a bhfuil rochtain acu ar sholáthairtí aerfoirt oiliúint maidir le feasacht ar chúrsaí slándála ginearálta i gcomhréir le pointe 11.2.7 sula dtabharfar rochtain dóibh ar na soláthairtí sin. Ina theannta sin, áiritheoidh mé go bhfaighidh daoine a chuireann rialuithe slándála seachas an bhraitheoireacht chun feidhme i leith soláthairtí aerfoirt oiliúint i gcomhréir le pointe 11.2.3.10; agus”;

(35)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 11.1.1:

“11.1.1.

Beidh seiceáil chúlra feabhsaithe críochnaithe go rathúil ag na baill foirne seo a leanas:

(a)

daoine a earcófar chun braitheoireacht, rialú rochtana nó rialuithe slándála eile a chur chun feidhme i limistéar srianta slándála, nó a earcófar le bheith freagrach as iad a chur chun feidhme ann;

(b)

daoine a bhfuil freagracht ghinearálta orthu ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal áitiúil as a áirithiú go gcomhlíonann clár slándála agus cur chun feidhme an chláir sin na forálacha dlíthiúla uile (bainisteoirí slándála);

(c)

teagascóirí, dá dtagraítear i gCaibidil 11.5;

(d)

bailíochtóirí slándála eitlíochta de chuid an Aontais, dá dtagraítear i gCaibidil 11.6.

Beidh feidhm ag pointe (b) den chéad mhír ón 1 Eanáir 2023. Roimh an dáta sin, beidh seiceáil chúlra fheabhsaithe nó chaighdeánach críochnaithe ag na daoine sin, i gcomhréir le pointe 1.2.3.1 nó de réir mar a chinnfidh an t-údarás iomchuí i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta is infheidhme.”;

(36)

i bpointe 11.1.5, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Déanfar seiceáil chúlra fheabhsaithe a chríochnú go hiomlán sula gcuirfear an oiliúint dá dtagraítear i bpointí 11.2.3.1 go 11.2.3.5 ar an duine.”;

(37)

I bpointe 11.2.3.9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

“Oiliúint na ndaoine a bhfuil rochtain gan mhaoirseacht acu ar aerlasta agus aerphost inaitheanta ar cuireadh na rialuithe slándála ar ceanglas iad i bhfeidhm orthu agus na ndaoine a chuireann rialuithe slándála seachas an bhraitheoireacht chun feidhme ar aerlasta agus ar aerphost, beidh na hinniúlachtaí uile seo a leanas de thoradh uirthi:”;

(38)

cuirtear an pointe 11.2.3.11 seo a leanas isteach:

“11.2.3.11.

Oiliúint na mball foirne eitilte agus na mball foirne cábáin a chuireann bearta slándála le linn eitilte chun feidhme, beidh na hinniúlachtaí uile seo a leanas de thoradh uirthi:

(a)

eolas ar ghníomhartha cur isteach neamhdhleathach ar an eitlíocht shibhialta a rinneadh roimhe sin, ar ghníomhartha sceimhlitheoireachta agus ar bhagairtí atá ann faoi láthair;

(b)

feasacht ar na ceanglais dhlíthiúla ábhartha agus eolas faoi eilimintí a chuidíonn le cultúr slándála láidir athléimneach a bhunú san ionad oibre agus i réimse na heitlíochta, lena n-áirítear, inter alia, an bhagairt chos istigh agus an radacú;

(c)

eolas ar chuspóirí agus ar eagrú na slándála eitlíochta, lena n-áirítear oibleagáidí agus freagrachtaí bhaill na foirne eitilte agus na foirne cábáin;

(d)

eolas ar conas aerárthaí a chosaint agus conas rochtain neamhúdaraithe orthu a chosc;

(e)

eolas ar nósanna imeachta chun aerárthaí a shéalú, más infheidhme i gcás an duine atá faoi oiliúint;

(f)

an cumas earraí toirmiscthe a aithint;

(g)

eolas ar conas is féidir earraí toirmiscthe a cheilt;

(h)

an cumas cuardaigh slándála aerárthaigh a chur chun feidhme ar chaighdeán a bheidh leormhaith chun a áirithiú go réasúnta go mbraithfear earraí toirmiscthe atá ceilte;

(i)

eolas ar chumraíocht an chineáil nó na gcineálacha aerárthaí a ndéantar na dualgais orthu;

(j)

an cumas cró an phíolóta a chosaint le linn na heitilte;

(k)

eolas ar nósanna imeachta a bhaineann le hiompar na bpaisinéirí a d’fhéadfadh a bheith treampánach ar bord aerárthaigh, más infheidhme i gcás an duine atá faoi oiliúint;

(l)

eolas ar láimhseáil na ndaoine atá údaraithe chun airm thine a iompar ar bord, más infheidhme i gcás an duine atá faoi oiliúint;

(m)

eolas ar nósanna imeachta tuairiscithe;

(n)

an cumas freagairt go hiomchuí ar theagmhais agus ar éigeandálaí a bhaineann leis an tslándáil ar bord aerárthaigh.”;

(39)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.0.3.2:

“12.0.3.2.

Greamóidh monaróirí an mharcáil ‘Stampa AE’ ar threalamh slándála atá formheasta ag an gCoimisiún agus beidh sé infheicthe ar thaobh amháin de nó ar an scáileán.”;

(40)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.1.2.1:

“12.1.2.1.

Beidh ceithre chaighdeán ann maidir le TBMST. Leagtar síos ceanglais mhionsonraithe maidir leis na caighdeáin sin i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005.”;

(41)

cuirtear an pointe 12.1.2.4 seo a leanas isteach:

“12.1.2.4.

Comhlíonfaidh gach TBMST a bheidh suiteáilte ón 1 Iúil 2023 caighdeán 1.1 nó caighdeán 2.1.”;

(42)

scriostar pointe 12.2.4;

(43)

i bpointe 12.5.1.1, scriostar an seachtú mír;

(44)

scriostar pointe 12.6.3;

(45)

scriostar pointe 12.7.3;

(46)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.9.1.7:

“12.9.1.7.

Beidh foireann MBP formheasta ag an údarás iomchuí nó thar a cheann i gcomhréir le Ceangaltáin 12-E agus 12-F a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8005. Féadfaidh an t-údarás iomchuí a cheadú go n-imscarfar agus go n-úsáidfear foirne MBP a rinne údarás iomchuí Ballstáit eile iad a oiliúint agus/nó iad a fhormheas, ar choinníoll go mbeidh comhaontú foirmiúil déanta aige le húdarás a bhformheasta maidir le róil agus freagrachtaí gach údaráis díobh faoi seach maidir le comhlíonadh na gceanglas uile atá i gCaibidil 12.9 den Iarscríbhinn seo a áirithiú, i gcomhréir le Ceangaltán 12-P a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo. In éagmais comhaontú den sórt sin, is ar údarás iomchuí an Bhallstáit ina n-imscartar an fhoireann MBP agus ina n-úsáidtear an fhoireann sin atá an fhreagracht iomlán as comhlíonadh na gceanglas uile atá i gCaibidil 12.9 den Iarscríbhinn seo.”;

(47)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 12.9.3.2:

“12.9.3.2.

Déanfaidh an t-údarás iomchuí ábhar na gcúrsaí oiliúna a shonrú nó a fhormheas. Cuimseoidh oiliúint theoiriciúil an láimhseálaí na forálacha a leagtar síos i gCaibidil 11.2 maidir leis an mbraitheoireacht ar an limistéar sonrach nó ar na limistéir shonracha dá bhfuil an fhoireann MBP formheasta.”;

(48)

cuirtear Ceangaltán 12-P seo a leanas leis:

CEANGALTÁN 12-P

LITIR TUISCEANA IDIR ÚDARÁIS IOMCHUÍ A THACAÍONN LE hIMSCARADH FOIRNE MBP

Tá an litir tuisceana seo idir na páirtithe seo a leanas:

An t-údarás iomchuí a fhaigheann tacaíocht chun foirne MBP a imscaradh:

An t-údarás iomchuí nó na húdaráis iomchuí a chuireann tacaíocht ar fáil chun foirne MBP a imscaradh:

Chun críocha shainaithint na ról seo a leanas (*1) chun a áirithiú go gcomhlíonann imscaradh na bhfoirne MBP cheanglais an Aontais:

An t-údarás iomchuí a bhfuil sé de chúram air ábhar na gcúrsaí oiliúna a shonrú nó a fhormheas:

An t-údarás iomchuí a bhfuil sé de chúram air foirne MBP a fhormheas:

An t-údarás iomchuí a bhfuil an rialú cáilíochta seachtrach de chúram air:

Ar feadh na tréimhse bailíochta seo a leanas:

Dáta:

Sínithe:

(*1)  I gcás ina mbeidh gá leis, féadfar an litir tuisceana seo a fhorlíonadh le sonraí breise agus féadfar í a leasú mar is gá chun róil na n-údarás iomchuí a shonrú, agus chun raon feidhme na litreach a chinneadh.”."


(*1)  I gcás ina mbeidh gá leis, féadfar an litir tuisceana seo a fhorlíonadh le sonraí breise agus féadfar í a leasú mar is gá chun róil na n-údarás iomchuí a shonrú, agus chun raon feidhme na litreach a chinneadh.”.”


Top