EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1173

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1173 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe sa chomhbheartas talmhaíochta

C/2022/3390

IO L 183, 8.7.2022, p. 23–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1173/oj

8.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 183/23


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1173 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Bealtaine 2022

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe sa chomhbheartas talmhaíochta

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 26, an chéad mhír, pointe (c), Airteagal 60(4), an chéad fhomhír, pointe (b), agus Airteagail 75 agus 92 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2021/2116, leagtar síos na rialacha bunúsacha maidir le, inter alia, na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus tuarascáil a thabhairt maidir le feidhmíocht bheartais. Chun feidhmiú rianúil an chreata dlí nua a áirithiú, ní mór rialacha áirithe a ghlacadh i ndáil leis na tuarascálacha measúnaithe ar cháilíocht na dtrí ghné (an córas aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta, an córas iarratais gheospásúil agus an córas faireacháin limistéir) den chóras comhtháite riaracháin agus rialaithe (“an córas comhtháite”) agus i ndáil leis na gníomhaíochtaí ceartaitheacha gaolmhara, na ceanglais maidir le hiarratais ar chabhair agus an córas faireacháin limistéir, an creat lena rialaítear fáil ar shonraí satailíte chun críoch an chórais faireacháin limistéir agus maidir le seiceálacha ar eagraíochtaí formheasta idirchraoibhe maidir le híocaíocht bharrshonrach do chadás. Ba cheart na rialacha nua a chur in ionad fhorálacha ábhartha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún (2).

(2)

Ba cheart tuarascálacha measúnaithe cáilíochta an chórais aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta, an chórais iarratais gheospásúil agus an chórais faireacháin limistéir a bheith cuimsitheach ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar iontaofacht na faisnéise arna giniúint ag na heilimintí sin den chóras comhtháite. Chomh maith leis sin, le hinneachar na dtuarascálacha sin ba cheart a bheith in ann a fháil amach an soláthraítear dearbhú leordhóthanach maidir le cáilíocht na faisnéise a úsáidtear i ndáil le hoibleagáid tuairiscithe feidhmíochta na mBallstát i leith táscairí aschuir agus toraidh na n-idirghabhálacha limistéarbhunaithe a bhainistítear faoin gcóras comhtháite. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis a bheith sna tuarascálacha sin go háirithe faoin obair a rinneadh faoin measúnú cáilíochta, faoi na heasnaimh a braitheadh agus faoin bhfaisnéis dhiagnóiseach faoi bhunchúiseanna féideartha na n-easnamh sin chomh maith. Go sonrach, ba cheart faisnéis faoi na sonraí agus na híomhánna a úsáidtear le haghaidh na measúnuithe cáilíochta chomh maith le torthaí a dtástálacha a chuimsiú sna tuarascálacha. Léirigh taithí maidir leis na malartuithe faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún i ndáil le measúnú cáilíochta ar an gcóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta go bhfuil sé an-chabhrach córais thiomnaithe leictreonacha faisnéise a úsáid. Chun obair na mBallstát agus a gcumarsáid leis an gCoimisiún a éascú, ba cheart leanúint de chórais faisnéise den sórt sin a úsáid agus a fhorbairt a thuilleadh, i gcás inar gá, le haghaidh na dtuarascálacha ar na trí mheasúnú cáilíochta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/2116.

(3)

Chun a gcuspóir sonraí iontaofa a sholáthar a chur i gcrích le haghaidh na tuarascála bliantúla ar fheidhmíocht, ba cheart torthaí na dtrí mheasúnú cáilíochta, agus go háirithe na cinn a bhaineann leis an gcóras iarratais gheospásúil agus leis an gcóras faireacháin limistéir, a chomhcheangal chun earráid limistéir na sonraí a tuairiscíodh maidir le táscairí aschuir agus toraidh a eascraíonn as easnaimh na gcóras a mheas. Ba cheart rialacha a bhunú maidir leis na gníomhaíochtaí ceartaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh laistigh de thráthchlár sainithe. Ina theannta sin, leis na tuarascálacha arna n-ullmhú i ndáil leis na blianta 2024 agus 2026 ba cheart a bheith in ann a fhíorú go bhfuil an córas faireacháin limistéir bunaithe i gceart sna Ballstáit uile agus gur éirigh le cur chun feidhme de réir a chéile an chórais faireacháin limistéir lena gcumhdaítear na coinníollacha incháilitheachta agus na hidirghabhálacha uile ar féidir faireachán a dhéanamh orthu. Chun na críche sin, ba cheart liosta de na critéir incháilitheachta uile a bheith sna tuarascálacha maidir le gach idirghabháil limistéarbhunaithe faoin gcóras comhtháite mar aon le faisnéis maidir leis na foinsí sonraí a úsáideadh le haghaidh na hanailíse.

(4)

Ba cheart do na Ballstáit córas iontaofa nua-aimseartha a chur ar bun chun iarratais ar chabhair a bhainistiú, lena bhféadfaí cumarsáid a dhéanamh trí mhodhanna leictreonacha agus a d’fheidhmeodh i dtimthriall bliantúil. Ba cheart do na Ballstáit simpliú a chur san áireamh le haghaidh tairbhithe agus riaracháin náisiúnta, mar shampla trína fhoráil gur féidir a chumhdach le hiarratas amháin roinnt idirghabhálacha nó roinnt tairbhithe a bhfuil iarratas á dhéanamh go comhpháirteach acu nó go measfaí iarratas amháin in aghaidh an ghabháltais in aon bhliain ar leith i gcás aistriú an ghabháltais sin. Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun bainistíocht cheart na n-idirghabhálacha a áirithiú i gcás ina bhfuil níos mó ná gníomhaireacht íocaíochta amháin freagrach as an tairbhí céanna.

(5)

Ba cheart do na Ballstáit tairbhe a bhaint as buntáistí an digitithe trí úsáid a bhaint, de ghnáth, as na modhanna leictreonacha uile le haghaidh gach cumarsáide leis na tairbhithe. Thairis sin, chun borradh a chur faoin simpliú, ba cheart do na Ballstáit, a mhéid is féidir, an fhaisnéis is gá chun idirghabhálacha a bhainistiú a aisghabháil ó fhoinsí sonraí atá ar fáil don riarachán poiblí.

(6)

D’fhonn an próiseas maidir le hiarratais ar chabhair a chur isteach a éascú, ba cheart do na Ballstáit foirmeacha réamhlíonta a sholáthar, ina mbeadh an fhaisnéis uile is ábhartha do thairbhithe agus an fhaisnéis is déanaí a tugadh cothrom le dáta. Ba cheart do na Ballstáit neamhrialtachtaí a chosc trí fhoráil a dhéanamh maidir le leasuithe ar na foirmeacha réamhlíonta agus trí fholáirimh threoracha a sholáthar lena gcuideofar leis an tairbhí neamhchomhlíonadh a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus iarratas a dhéanamh mar is ceart. Ba cheart do na Ballstáit na modhnuithe a chur san áireamh a thug tairbhithe isteach chun an fhaisnéis i mbunachair sonraí an riaracháin náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta. Ar mhaithe leis an gcóir chomhionann le haghaidh tairbhithe, má chinneann Ballstát an córas éilimh uathoibríoch a chur i bhfeidhm, ba cheart a áirithiú leis an gcóras sin go mbeidh an leibhéal céanna sonraí ann agus a cheanglaítear le haghaidh an iarratais ar chabhair faoin Rialachán seo.

(7)

Le hiarratais ar chabhair faoin gcóras comhtháite, ba cheart go gcuirfí ar fáil, a mhéid is féidir, an fhaisnéis go léir is gá chun bainistíocht chuí iontaofa a dhéanamh ar na hidirghabhálacha a chumhdaítear agus chun tuairisciú ceart a dhéanamh ar tháscairí aschuir agus toraidh. Chun idirghabhálacha a bhainistiú go cuí, ba cheart do na tairbhithe leanúint de bheith freagrach as an iarratas ar chabhair a cuireadh isteach, ionas gur féidir glacadh leis na cearta agus na freagrachtaí gaolmhara uile go soiléir.

(8)

Ba cheart cosc neamhrialtachtaí a chur i bhfeidhm trí dheis a thabhairt iarratais ar chabhair a leasú nó a tharraingt siar laistigh de sprioc-am áirithe. Nuair a chumhdaítear gach tairbhí i ndáil le hidirghabháil faoi leith le seiceálacha riaracháin agus/nó le húsáid an chórais faireacháin limistéir, níl gá le héifeacht dhíspreagtha na smachtbhannaí. Dá bhrí sin, ba cheart na leasuithe nó na haistarraingtí a cheadú tráth ar bith roimh sprioc-am, rud atá riachtanach chun idirghabhálacha a riar go cuí. Níor cheart, áfach, leasuithe ná aistarraingtí a cheadú i ndáil le neamhchomhlíonadh a bhaineann le coinníollacha incháilitheachta nach bhféadfaí faireachán a dhéanamh orthu arna nochtadh ó fhoinsí eile seachas an córas faireacháin limistéir agus seiceálacha riaracháin. I gcásanna eile, níor cheart an deis a bheith ann leasuithe nó aistarraingtí a dhéanamh a cheadú nuair a chuirtear an tairbhí ar an eolas faoi sheiceáil bheartaithe ar an láthair nó faoi sheiceáil eile den sórt sin gan réamhfhógra inar braitheadh neamhrialtachtaí. Ina theannta sin, d’fhonn tacú le hiontaofacht na faisnéise is gá le haghaidh na n-idirghabhálacha faoi Airteagal 34(2) de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le bó-ainmhithe, caoirigh agus gabhair, ba cheart an sprioc-am chun leasuithe a dhéanamh a leagan síos ar shlí a cheadóidh athruithe san iarratas ar chabhair agus nuashonruithe sa bhunachar sonraí ríomhaireachta d’ainmhithe roimh an dáta arna socrú ag an mBallstát chun an ceanglas maidir le sainaithint agus clárú a chomhlíonadh.

(9)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-áireofar san iarratas geospásúil an fhaisnéis is gá chun bainistíocht a dhéanamh ar idirghabhálacha limistéarbhunaithe faoin gcóras comhtháite agus, a mhéid is gá, ar idirghabhálacha limistéarbhunaithe in earnáil an fhíona agus le haghaidh ceanglais faoi choinníollacht. Ba cheart liosta neamh-uileghabhálach de ghnéithe den iarratas geospásúil a sholáthar chun treoir úsáideach a thabhairt do na Ballstáit. I ndáil leis an bhfaisnéis faoi úsáid na dtáirgí cosanta plandaí atá le cur ar fáil ag an tairbhí nuair is ábhartha i gcomhair idirghabháil faoin gcóras comhtháite a bhfuil tacaíocht an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) á hiarraidh ina leith, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an fhaisnéis sin a úsáid maidir leis an oibleagáid clárú a dhéanamh ar úsáid na dtáirgí sin dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(10)

Chun idirghabhálacha ainmhíbhunaithe a bhainistiú i gceart, ba cheart rialacha áirithe maidir le hinneachar na n-iarratas ábhartha ar chabhair a leagan síos. Chun trédhearcacht agus cóir chomhionann tairbhithe a áirithiú, maidir le gach ainmhí ar leis an tairbhí é agus a d’fhéadfadh a bheith incháilithe cabhair a fháil faoi idirghabháil ar leith, ba cheart a shoiléiriú freisin go bhfuiltear le meas gur dearbhaíodh é le haghaidh na hidirghabhála sin i gcás ina n-úsáidtear córas éilimh uathoibríoch.

(11)

Le Rialachán (AE) 2021/2116, tugadh isteach an córas faireacháin limistéir mar ghné éigeantach den chóras comhtháite. D’fhonn a áirithiú go gcuirfear an oibleagáid sin chun feidhme i gceart ar bhealach aonfhoirmeach, ba cheart an raon feidhme céanna a bheith ag an gcóras faireacháin limistéir i ngach Ballstát, rud a chumhdódh gach tairbhí agus gach idirghabháil limistéarbhunaithe a bhainistítear faoin gcóras comhtháite agus gach coinníoll go bhféadfaí faireachán a dhéanamh air. Ba cheart tús áite a thabhairt d’uathoibriú na hanailíse sonraí faoin gcóras faireacháin limistéir chun tacú leis an gcuspóir trasearnálach maidir le nuachóiriú CBT. Ar na cúiseanna sin, ba cheart líon na gcoinníollacha incháilitheachta is féidir a mheas go bhféadfaí faireachán a dhéanamh orthu le sonraí satailíte ó na satailítí Sentinel de chuid chlár Copernicus nó le sonraí eile a bhfuil luach coibhéiseach ar a laghad iontu a mhéadú de réir a chéile. Chun na críche sin, maidir leis na coinníollacha incháilitheachta go léir is féidir a mheas go bhféadfaí faireachán a dhéanamh orthu trí uathphróiseáil sonraí satailíte ó na satailítí Sentinel de chuid chlár Copernicus, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú in 2023 agus in 2024 go mbeidh siad faoi réir an chórais faireacháin limistéir. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh, áfach, cé acu an dtugtar nó nach dtugtar aghaidh go hiarbhír ar na coinníollacha incháilitheachta sin go bhféadfaí faireachán a dhéanamh orthu trí phróiseáil a dhéanamh ar shonraí satailíte ó na satailítí Sentinel de chuid chlár Copernicus nó ar shonraí eile a bhfuil luach coibhéiseach ar a laghad iontu. I gcás nach féidir a mheas go bhféadfaí faireachán a dhéanamh ar choinníollacha incháilitheachta trí shonraí satailíte ó na satailítí Sentinel de chuid chlár Copernicus, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh aghaidh a thabhairt orthu sin trí shonraí eile a phróiseáil a bhfuil luach coibhéiseach ar a laghad iontu, nó a mheas nach bhféadfaí faireachán a dhéanamh orthu. Ó 2025 ar aghaidh, maidir leis na coinníollacha incháilitheachta go léir is féidir a mheas go bhféadfaí faireachán a dhéanamh orthu trí uathphróiseáil sonraí satailíte ó na satailítí Sentinel de chuid chlár Copernicus nó grianghraf geochlibeáilte, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh siad faoi réir an chórais faireacháin limistéir. Mar sin féin, i bhfianaise na hiarrachta agus na n-infheistíochtaí is gá chun grianghraif gheochlibeáilte a chur san áireamh mar shonraí ar luach coibhéiseach ar a laghad le haghaidh an chórais faireacháin limistéir, ba cheart tréimhse a dheonú do na Ballstáit chun an obair ullmhúcháin is gá a dhéanamh. Ar an gcúis sin, maidir le coinníollacha incháilitheachta ar féidir a mheas go bhféadfaí faireachán a dhéanamh orthu trí ghrianghraif gheochlibáilte, ní mór do na Ballstáit a áirithiú gur cheart iad a chumhdach de réir a chéile le linn na clárthréimhse. Leis na hiarrachtaí sin ba cheart ráta leanúnach dul chun cinn a áirithiú ó 2025 ar aghaidh. Maidir leis na coinníollacha incháilitheachta is féidir a mheas go bhféadfaí faireachán a dhéanamh orthu trí ghrianghraif gheochlibáilte, ba cheart do na Ballstáit a chinneadh cé na cinn acu a thagann faoi réir an chórais faireacháin limistéir gach bliain. Ina theannta sin, chun cuidiú leis na Ballstáit a thuilleadh agus an teicneolaíocht nua sin á comhtháthú sa chóras faireacháin limistéir, maidir le céatadán d’idirghabhálacha, ar a laghad, nach féidir a mheas go bhféadfaí faireachán a dhéanamh orthu ach trí ghrianghraif gheochlibeáilte, ba cheart do na Ballstáit iad a chur faoi réir an chórais faireacháin limistéir roimh an 1 Eanáir 2027. Ba cheart an tsolúbthacht a bheith ag na Ballstáit a chinneadh cé na hidirghabhálacha, a bhfuil coinníoll incháilitheachta amháin ar a laghad ag gabháil leo a ndéanfar faireachán air le grianghraif gheochlibáilte faoin gcóras faireacháin limistéir, atá ar áireamh sa chéatadán. Ina gcinneadh, áfach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh gach idirghabháil limistéarbhunaithe faoi réir córas faireacháin limistéir mar a cheanglaítear le hAirteagal 70 de Rialachán (AE) 2021/2116.

(12)

Ina theannta sin, ba cheart sraith chomhchoiteann ceanglas a leagan síos freisin chun a áirithiú go mbeidh na limistéir a éilítear faoi idirghabháil saor ó thalamh neamh-incháilithe, ó úsáid talún neamh-incháilithe agus ó athruithe ar chatagóir an limistéir talmhaíochta a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an anailís ar choinníollacha incháilitheachta a bhaineann go sonrach le hidirghabháil agus úsáid á baint as an gcóras faireacháin limistéir. Le linn na bliana éilimh, ba cheart measúnú a dhéanamh ar na ceanglais sin maidir le coinníollacha incháilitheachta na n-idirghabhálacha a áirítear in iarratas ar chabhair ar leith ionas go mbeifear in ann anailís fhóinteach a dhéanamh ina dhiaidh sin tríd an gcóras faireacháin limistéir. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar úsáid talún laistigh de limistéar sainithe d’fhonn a bhaint de thátal, bunaithe ar iarratas ar chabhair áirithe agus ar an idirghabháil lena mbaineann, ar tharla an iompraíocht spásúil nó ama a rabhthas ag súil leis. Agus an córas faireacháin limistéir á fhorbairt, ba cheart do na Ballstáit tairbhe iomlán a bhaint as acmhainneacht an chórais sin trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis atá ar fáil chun an córas aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta a thabhairt cothrom le dáta agus chun cumarsáid a dhéanamh le tairbhithe d’fhonn leasuithe ar iarratais ar chabhair a cheadú. Nuair is gá don Bhallstát tairbhí an neamhchomhlíonta a chur ar an eolas tar éis thorthaí an chórais faireacháin limistéir i gcásanna inarb ann do limistéir neamh-incháilithe nó úsáid talún neamh-incháilithe, ba cheart an fhaisnéis maidir leis an neamhchomhlíonadh a chur in iúl chomh luath agus a bhraitear é ionas gur féidir leis an tairbhí an t-iarratas ar chabhair a leasú a luaithe is féidir agus go ndéanfar anailís ar an gcóras faireacháin limistéir arís ar bhealach fóinteach tráthúil. Ba cheart a shoiléiriú freisin conas a fheidhmíonn an fhéidearthacht an córas a chur chun feidhme de réir a chéile sa chleachtas, trí na hidirghabhálacha atá le cumhdach in 2023 a shonrú.

(13)

Chun go mbeidh an córas faireacháin limistéir in ann na coinníollacha incháilitheachta go léir a chumhdach a bhaineann le gach idirghabháil limistéarbhunaithe a bhainistítear faoin gcóras comhtháite, ar féidir faireachán a dhéanamh orthu le sonraí satailíte ó na satailítí Sentinel de chuid chlár Copernicus nó le sonraí eile a bhfuil luach coibhéiseach ar a laghad iontu, is gá na cineálacha sonraí a leathnú agus na caighdeáin a sholáthar lena n-áirithítear go bhfuil siad coibhéiseach le sonraí satailíte. Chun bearnaí in iarrachtaí na mBallstát maidir le nuachóiriú a sheachaint, ba cheart a mheas gur sonraí iad grianghraif gheochlibáilte a bhfuil luach coibhéiseach ar a laghad iontu chun críoch an chórais faireacháin limistéir.

(14)

Is gá rialacha sonracha a leagan síos le haghaidh nós imeachta oibiachtúil éifeachtúil faoina ndéanfar sonraí satailíte a fháil chun críoch an chórais faireacháin limistéir.

(15)

Chun bainistíocht chuí a dhéanamh ar na hidirghabhálacha maidir le cadás, ba cheart rialacha áirithe a sholáthar maidir le hinneachar na seiceálacha a dhéanann na Ballstáit ar na heagraíochtaí formheasta idirchraoibhe.

(16)

Ar mhaithe le soiléireacht agus le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 a aisghairm. Mar sin féin, ba cheart don Rialachán sin leanúint d’fheidhm a bheith aige maidir le hiarratais ar chabhair le haghaidh íocaíochtaí díreacha arna dtaisceadh roimh an 1 Eanáir 2023 agus maidir le hiarratais ar íocaíocht a dhéantar i ndáil le bearta tacaíochta arna gcur chun feidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um na Cistí Talmhaíochta, ó Choiste an Chomhbheartais Talmhaíochta agus ón Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 maidir le córas comhtháite riaracháin agus rialaithe (“an córas comhtháite”) dá dtagraítear in Airteagal 65 de Rialachán (AE) 2021/2116 i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

foirm agus ábhar an méid seo a leanas agus na socruithe maidir lena tharchur chuig an gCoimisiún nó lena chur ar fáil dó:

(i)

na tuarascálacha measúnaithe ar cháilíocht an chórais aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta, an chórais iarratais gheospásúil agus an chórais faireacháin limistéir;

(ii)

na sonraí ceartaitheacha dá dtagraítear in Airteagail 68, 69 agus 70 de Rialachán (AE) 2021/2116;

(b)

gnéithe bunúsacha den chóras iarratais ar chabhair agus rialacha maidir leis faoi Airteagal 69 de Rialachán (AE) 2021/2116, agus an córas faireacháin limistéir dá dtagraítear in Airteagal 70 den Rialachán sin, lena n-áirítear paraiméadair an mhéadaithe a thiocfaidh ar líon na n-idirghabhálacha de réir a chéile faoin gcóras faireacháin limistéir;

(c)

an nós imeachta faoina ndéanfar an fháil ar shonraí satailíte dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/2116 chun na cuspóirí sannta a bhaint amach;

(d)

an creat lena rialaítear fáil, beachtú agus úsáid sonraí satailíte, agus na sprioc-amanna is infheidhme; agus

(e)

córas le haghaidh seiceálacha ar na heagraíochtaí idirchraoibhe formheasta maidir le híocaíocht bharrshonrach do chadás dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II, Roinn 3, foroinn 2, de Rialachán (AE) 2021/2115.

Airteagal 2

Tuarascálacha measúnaithe cáilíochta

1.   Cuirfidh na Ballstáit an measúnú cáilíochta dá dtagraítear in Airteagail 68(3), 69(6) agus 70(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 ar fáil don Choimisiún i bhfoirm tuarascálacha a chuirfear isteach trí chórais leictreonacha faisnéise lena bhféadfar faisnéis, doiciméid agus sonraí tacaíochta a mhalartú.

2.   Cuirfear faisnéis ar fáil sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an obair fholuiteach faoi chuimsiú na measúnuithe cáilíochta, go háirithe i leith thorthaí na gcuairteanna in situ agus/nó na hanailíse ar íomhánna lena soláthraítear faisnéis iontaofa dhochloíte i ndáil leis an staid iarbhír ar an láthair, agus cainníochtófar na heasnaimh a braitheadh sa mheasúnú cáilíochta lena mbaineann. Cuirfear torthaí na measúnuithe cáilíochta dá dtagraítear i mír 1 le chéile chun an earráid i líon na heicteár nó i sciar na limistéar a tuairiscíodh sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht a chainníochtú.

3.   I gcás ina nochtann torthaí na measúnuithe cáilíochta easnaimh i gcomhréir leis na measúnuithe cáilíochta dá dtagraítear i mír 1, léireoidh an Ballstát go soiléir na gníomhaíochtaí ceartaitheacha lena dtugtar aghaidh ar na heasnaimh sin sa tuarascáil measúnaithe cáilíochta. Má mheasann an Coimisiún nach leor an dul chun cinn i gcur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha a moladh an bhliain roimhe sin, féadfaidh sé iarraidh ar an mBallstát plean gníomhaíochta a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/2116.

4.   I gcás easnaimh atréimhseacha arna nochtadh sa mheasúnú cáilíochta dá dtagraítear i mír 1, iarrfaidh an Coimisiún plean gníomhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 má nochtar na heasnaimh chéanna gan aon fheabhas a bheith tagtha orthu sa 2ú bliain as a chéile agus má mheastar iad a bheith tromchúiseach i gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (d), den Rialachán sin.

5.   Liostófar sa tuarascáil measúnaithe cáilíochta ar an gcóras faireacháin limistéir a cuireadh isteach le haghaidh na bliana 2024 agus na bliana 2026 na coinníollacha incháilitheachta uile maidir le gach idirghabháil atá faoi réir an chórais faireacháin limistéir ina mbeidh faisnéis maidir leis na foinsí sonraí a úsáideadh le haghaidh na hanailíse.

Airteagal 3

Rialacha ginearálta maidir leis an gcóras iarratais ar chabhair

1.   Bunóidh na Ballstáit córas leictreonach maidir le hiarratais ar chabhair, a chuirfidh na tairbhithe isteach go bliantúil agus ina mbeidh an fhaisnéis uile is gá lena bhféadfaidh na Ballstáit na coinníollacha incháilitheachta le haghaidh na tacaíochta a fhíorú, ar a laghad le haghaidh na n-idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 65(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2021/2116 chomh maith leis na coinníollacha agus na ceanglais atá ábhartha maidir le coinníollacht agus teidlíochtaí íocaíochta, i gcás inar gá. Leis an gcóras beifear in ann tairbhithe a shainaithint go soiléir agus gan débhrí, go háirithe i gcás ina n-úsáidfear an córas éilimh uathoibríoch dá dtagraítear in Airteagal 65(4), pointe (f), den Rialachán sin. Áireofar sa chóras an córas iarratais gheospásúil agus, i gcás inarb infheidhme, an córas iarratais ainmhíbhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 66(1), pointe (b), den Rialachán sin.

2.   Déanfar na hiarratais ar chabhair a chur isteach laistigh de sprioc-am a shocróidh an Ballstát agus beidh baint acu leis an mbliain féilire ina gcuirfear isteach iad.

3.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le hiarratas aonair ar chabhair lena gcumhdófar roinnt idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 65(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2021/2116, teidlíochtaí íocaíochta agus coinníollacht.

4.   Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gur féidir le grúpa tairbhithe iarratas ar chabhair a chur isteach go comhpháirteach, ar choinníoll go n-áiritheofar go gcaithfear go cothrom leis na tairbhithe uile.

5.   I gcás ina n-aistreofar gabháltas ó thairbhí amháin go tairbhí eile, ní bhreithneoidh na Ballstáit ach iarratas amháin ar chabhair le haghaidh an ghabháltais sin i mbliain an aistrithe.

6.   Maidir le hidirghabhálacha ainmhíbhunaithe faoi Airteagail 31, 34 agus 70 de Rialachán (AE) 2021/2115, i gcás ina n-aistrítear ainmhí ó thairbhí amháin go tairbhí eile, féadfaidh na Ballstáit níos mó ná iarratas amháin ar chabhair le haghaidh an ainmhí sin a bhreithniú i mbliain an aistrithe ar choinníoll gur féidir leo neamh-idirdhealú i measc na dtairbhithe lena mbaineann, éifeachtúlacht na seiceálacha, cur i bhfeidhm cóir na bpionós faoi dheireadh, agus urramú bhliantúlacht an chórais chomhtháite a áirithiú.

7.   Chun idirghabhálacha laistigh de Bhallstát a riar mar is ceart agus i gcás ina bhfuil níos mó ná gníomhaireacht íocaíochta amháin freagrach as iarratas ar chabhair ón tairbhí céanna a bhainistiú, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann gach beart is iomchuí chun a áirithiú go gcuirtear an fhaisnéis is gá ar fáil do na gníomhaireachtaí íocaíochta uile lena mbaineann.

Airteagal 4

Simpliú na nósanna imeachta a bhaineann leis an gcóras iarratais ar chabhair

1.   Bunóidh na Ballstáit modhanna leictreonacha cumarsáide idir an tairbhí agus na húdaráis lena n-áiritheofar go mbeidh na sonraí a tharchuirfear iontaofa i bhfianaise bhainistíocht chuí na n-idirghabhálacha faoin gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe. I gcás nach féidir doiciméid tacaíochta a tharchur go leictreonach, socróidh na Ballstáit na teorainneacha ama céanna dá dtarchur trí mhodhanna neamhleictreonacha.

2.   Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta simplithe i gcás ina bhfuil sonraí ar fáil cheana féin do na húdaráis, go háirithe i gcás nár athraigh an cás ó cuireadh isteach an t-iarratas deireanach ar chabhair. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh úsáid a bhaint as sonraí arna ndíorthú ó fhoinsí sonraí atá ar fáil do na húdaráis náisiúnta chun críche iarratas ar chabhair. Áiritheoidh na Ballstáit go dtairgfear leis na foinsí sonraí sin an leibhéal dearbhaithe is gá chun bainistíocht cheart a dhéanamh ar na sonraí chun iontaofacht, ionracas agus slándáil na sonraí sin a ráthú.

3.   I gcás inarb iomchuí, féadfaidh na Ballstáit an fhaisnéis atá ag teastáil i ndoiciméid tacaíochta ar bith a bheidh le tíolacadh in éineacht leis an iarratas ar chabhair a iarraidh go díreach ó fhoinse na faisnéise.

Airteagal 5

Ceanglais a bhaineann leis an gcóras iarratais ar chabhair

1.   Soláthróidh na Ballstáit, trí mheán leictreonach, na foirmeacha réamhlíonta dá dtagraítear in Airteagal 69(3) de Rialachán (AE) 2021/2116 do na tairbhithe.

2.   Maidir leis na hidirghabhálacha limistéarbhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 65(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2021/2116, beidh sna foirmeacha réamhlíonta an t-ábhar grafach comhfhreagrach is déanaí a tugadh cothrom le dáta, a chuirfear ar fáil trí chomhéadan atá bunaithe ar chóras faisnéise geospásúil d’fhonn an dearbhú geospásúil ar limistéir a éascú chun críoch na n-idirghabhálacha sin agus chun críche coinníollachta.

3.   Sonrófar an méid seo a leanas sna foirmeacha réamhlíonta dá dtagraítear i mír 1:

(a)

sainaithint uathúil na ndáileachtaí talmhaíochta ar fad agus na n-aonad talún ar fad ina bhfuil limistéir neamhthalmhaíochta a mheasfaidh Ballstát an ghabháltais a bheith incháilithe;

(b)

achar agus suíomh limistéir dhearbhaithe na ndáileachtaí sin agus an limistéar incháilithe comhfhreagrach arna chinneadh i gcomhair íocaíochta le haghaidh na bliana roimhe sin chun críche idirghabhálacha limistéarbhunaithe;

(c)

faisnéis atá ábhartha maidir le coinníollacht.

4.   Féadfar faisnéis a eascraíonn as an gcóras faireacháin limistéir a sholáthar freisin do thairbhithe, i gcás inarb ábhartha don iarratas ar chabhair.

5.   Maidir le hidirghabhálacha ainmhíbhunaithe a bhaineann le bó-ainmhithe nó caoirigh agus gabhair, beidh na Ballstáit ag brath ar bhunachar sonraí ríomhaireachta nuashonraithe mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (25), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún (6) chun an fhaisnéis is déanaí ón mbunachar sonraí sin a sholáthar sna foirmeacha réamhlíonta, ar gá í a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis na spriocdhátaí dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 ón gCoimisiún (7).

6.   Tabharfaidh na Ballstáit deis do na tairbhithe na foirmeacha réamhlíonta a cheartú laistigh de sprioc-am a bheidh le bunú ag an mBallstát i gcomhréir leis na coinníollacha maidir leis an sprioc-am chun iarratais ar chabhair a chur isteach a leagtar síos in Airteagal 3 agus maidir le hiarratais ar chabhair a leasú nó a tharraingt siar a leagtar síos in Airteagal 7.

7.   Aon mhodhnú a chuirfidh na tairbhithe ar fáil sna foirmeacha réamhlíonta, cuirfear san áireamh é chun an córas aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta a nuashonrú agus chun an córas faireacháin limistéir agus an bunachar sonraí ríomhaireachta dá dtagraítear i mír 5 a chur i bhfeidhm, i gcás inarb ábhartha.

8.   D’fhonn é a chur ar a gcumas do na tairbhithe iarratas a dhéanamh, déanfar foráil sa chóras iarratais ar chabhair maidir le foláirimh threoracha le linn an phróisis iarratais.

9.   Na Ballstáit a mbeidh an córas éilimh uathoibríoch dá dtagraítear in Airteagal 65(4), pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2116 á chur i bhfeidhm acu, áiritheoidh siad leibhéal coibhéiseach sonraí mar a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 6

Inneachar na n-iarratas ar chabhair

1.   Ciallaíonn iarratas ar chabhair iarratas ar thacaíocht faoi aon cheann de na hidirghabhálacha arna rialú ag an gcóras comhtháite nó, i gcás inarb ábhartha, iarratas ar thacaíocht nó ar íocaíocht.

2.   Beidh an méid seo a leanas ar a laghad san iarratas ar chabhair:

(a)

aitheantas an tairbhí;

(b)

mionsonraí na n-idirghabhálacha a ndearnadh iarratas ina leith;

(c)

i gcás inarb iomchuí, aon doiciméad tacaíochta is gá chun na coinníollacha incháilitheachta agus na ceanglais ábhartha eile le haghaidh na hidirghabhála lena mbaineann a bhunú;

(d)

faisnéis atá ábhartha maidir le coinníollacht.

Leanfaidh an tairbhí de bheith freagrach as an iarratas ar chabhair agus as cruinneas na faisnéise a tharchuirfear. Is amhlaidh a bheidh freisin nuair a chuireann Ballstát córas éilimh uathoibríoch i bhfeidhm.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh san iarratas ar chabhair an fhaisnéis uile is gá chun sonraí a asbhaint atá ábhartha chun tuairisciú ceart a dhéanamh ar na táscairí aschuir agus toraidh dá dtagraítear in Airteagal 66(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 maidir leis na hidirghabhálacha a chumhdaítear leis an iarratas ar chabhair.

Airteagal 7

Iarratais ar chabhair a leasú nó a tharraingt siar

1.   Féadfaidh an tairbhí iarratais ar chabhair a leasú nó a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

maidir le hidirghabhálacha atá faoi réir an chórais faireacháin limistéir, tráth ar bith roimh sprioc-am a bheidh le socrú ag an mBallstát, tráth nach déanaí ná 15 lá féilire roimh an dáta a íocfar an chéad tráthchuid nó na réamhíocaíochtaí a bheidh le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) 2021/2116. Ní cheadófar, áfach, leasuithe ná aistarraingtí i ndáil le neamhchomhlíonadh a bhaineann le coinníollacha incháilitheachta nach bhféadfaí faireachán a dhéanamh orthu arna nochtadh ar mhodhanna eile seachas an córas faireacháin limistéir nó seiceálacha riaracháin nó a luaithe a chuirfear an tairbhí ar an eolas faoi rún an Bhallstáit seiceáil ar an láthair a dhéanamh;

(b)

maidir le hidirghabhálacha ainmhíbhunaithe faoi Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2021/2115 a bhaineann le bó-ainmhithe nó caoirigh agus gabhair, tráth ar bith roimh sprioc-am a bheidh le socrú ag an mBallstát, tráth nach déanaí ná 15 lá féilire roimh an dáta a íocfar an chéad tráthchuid nó na réamhíocaíochtaí a bheidh le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) 2021/2116. Mar sin féin, maidir leis an gcoinníoll incháilitheachta chun na hainmhithe a shainaithint agus a chlárú, ní cheadófar leasuithe ná aistarraingtí ach amháin roimh an dáta arna shocrú ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 34(2), an dara habairt, de Rialachán (AE) 2021/2115 agus i gcás nach bhfuil an sprioc-am dá dtagraítear sa chéad abairt den phointe seo caite. Ina theannta sin, ní cheadófar leasuithe ná aistarraingtí a luaithe a chuirfear an tairbhí ar an eolas faoi rún an Bhallstáit seiceáil ar an láthair a dhéanamh nó a luaithe a fhaigheann an tairbhí amach faoi neamhchomhlíonadh mar thoradh ar sheiceáil ar an láthair gan fhógra. D’ainneoin sin, údarófar leasuithe nó aistarraingtí i ndáil leis an gcuid nach ndéanfaidh an neamhchomhlíonadh a bhraitear sa tseiceáil ar an láthair difear di;

(c)

maidir le hidirghabhálacha eile, tráth ar bith roimh sprioc-am a bheidh le socrú ag an mBallstát, tráth nach déanaí ná 15 lá féilire roimh an dáta a íocfar an chéad tráthchuid nó na réamhíocaíochtaí a bheidh le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) 2021/2116. Mar sin féin, ní cheadófar leasuithe ná aistarraingtí a luaithe a chuirfear an tairbhí ar an eolas faoi rún an Bhallstáit seiceáil ar an láthair a dhéanamh nó a luaithe a fhaigheann an tairbhí amach faoi neamhchomhlíonadh mar thoradh ar sheiceáil ar an láthair gan fhógra. D’ainneoin sin, údarófar leasuithe nó aistarraingtí i ndáil leis an gcuid nach ndéanfaidh an neamhchomhlíonadh a bhraitear sa tseiceáil ar an láthair difear di.

2.   I gcás neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta arna mbrath trí na seiceálacha riaracháin nó tríd an gcóras faireacháin limistéir, cuirfidh na Ballstáit na tairbhithe ar an eolas agus an fhéidearthacht á ceadú an t-iarratas ar chabhair a leasú nó a tharraingt siar i ndáil leis an gcuid dá ndéanann an neamhchomhlíonadh difear i gcomhréir le mír 1, pointí (a), (b) agus (c). Mar sin féin, maidir le hidirghabhálacha ainmhíbhunaithe faoi Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2021/2115 a bhaineann le bó-ainmhithe nó caoirigh agus gabhair, i gcás neamhchomhlíonadh i ndáil leis an gcoinníoll incháilitheachta chun an hainmhithe a shainaithint agus a chlárú ní cheadófar leasuithe ná aistarraingtí ach amháin roimh an dáta arna shocrú ag an mBallstát le haghaidh na gceanglas sin atá le comhlíonadh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal sin. D’fhonn an próiseas a éascú don tairbhí, féadfaidh na Ballstáit leanúint ar aghaidh leis na ceartúcháin is gá ar an iarratas ar chabhair i ndáil leis an gcuid a ndéanann an neamhchomhlíonadh difear di. Sa chás sin, áfach, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an tairbhí ar an eolas faoi na hathruithe a thug an Ballstát isteach agus go mbeidh an deis aige freagairt i gcás easaontais.

3.   Maidir le hidirghabhálacha ainmhíbhunaithe faoi Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2021/2115 a bhaineann le bó-ainmhithe nó caoirigh agus gabhair, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfar na fógraí i mbunachar sonraí ríomhaireachta, dá dtagraítear in Airteagal 5(5) den Rialachán seo, faoi ainmhí a d’fhág an gabháltas a chur in ionad aistarraingt an ainmhí i scríbhinn.

4.   I gcás na mBallstát a chuireann an córas éilimh uathoibríoch dá dtagraítear in Airteagal 65(4), pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2116 i bhfeidhm maidir le hidirghabhálacha ainmhíbhunaithe, ní fhéadfaidh tairbhithe a n-éileamh a tharraingt siar ach i leith na n-ainmhithe uile is ábhartha le haghaidh na hidirghabhála agus atá cláraithe sa bhunachar sonraí ríomhaireachta.

5.   Déanfar leasuithe nó aistarraingtí trí úsáid a bhaint as na bealaí oifigiúla cumarsáide arna mbunú ag an mBallstát.

6.   Cuirfidh na Ballstáit na tairbhithe ar an eolas faoin dáta is déanaí chun an t-iarratas ar chabhair a leasú nó a tharraingt siar. Áiritheoidh na Ballstáit go gcaithfear go cothrom le tairbhithe atá faoi réir córas éilimh uathoibríoch dá dtagraítear in Airteagal 65(4), pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2116.

Airteagal 8

Iarratas geospásúil

1.   Úsáidfear an t-iarratas geospásúil le haghaidh na n-idirghabhálacha limistéarbhunaithe faoin gcóras comhtháite agus le haghaidh na faisnéise ábhartha i ndáil le coinníollacht, agus i gcás na dtairbhithe freisin atá faoi réir coinníollachta ach nach bhfuil ag cur isteach ar thacaíocht faoi na hidirghabhálacha limistéarbhunaithe.

2.   Féadfar an t-iarratas geospásúil a úsáid freisin le haghaidh na n-idirghabhálacha limistéarbhunaithe in earnáil an fhíona mar a leagtar síos i dTeideal III, Caibidil III, Roinn 4, de Rialachán (AE) 2021/2115.

3.   Gan dochar d’Airteagal 6, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san iarratas geospásúil:

(a)

sainaithint gan débhrí a dhéanamh ar na dáileachtaí talmhaíochta ar fad agus ar na haonaid talún ar fad ina bhfuil limistéir neamhthalmhaíochta a mheasfaidh Ballstát an ghabháltais a bheith incháilithe;

(b)

teorannú soiléir an limistéir a dearbhaíodh le haghaidh cabhrach faoi gach idirghabháil ar na dáileachtaí talmhaíochta agus ar na haonaid talún ina bhfuil limistéir neamhthalmhaíochta a mheasann an Ballstát a bheith incháilithe, go háirithe más lú an limistéar a éilítear ná limistéar iomlán na dáileachta talmhaíochta;

(c)

cineál, suíomh agus, i gcás inarb ábhartha, méid na ngnéithe tírdhreacha atá ábhartha maidir le coinníollacht nó idirghabhálacha;

(d)

an barr faoina bhfuil dáileachtaí talmhaíochta, i gcás inarb ábhartha;

(e)

i gcás inarb ábhartha, cé acu an bhfuil an dáileacht faoi réir feirmeoireacht orgánach nó mura bhfuil, agus go háirithe chun cleachtais agus modhanna feirmeoireachta orgánaí a thiontú nó a chothabháil mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), atá ábhartha maidir leis an tacaíocht arna deonú i leith idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagail 31 agus 70 de Rialachán (AE) 2021/2115 nó maidir le coinníollacht;

(f)

i gcás inarb ábhartha, faisnéis faoi úsáid táirgí cosanta plandaí le haghaidh dáileachtaí faoi idirghabhálacha le haghaidh úsáid inbhuanaithe agus laghdaithe lotnaidicídí faoi Airteagail 31 agus 70 de Rialachán (AE) 2021/2115. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an fhaisnéis sin a úsáid i ndáil leis an gceanglas taifead a choinneáil ar tháirgí cosanta plandaí a leagtar síos in Airteagal 67(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009;

(g)

sainaithint na dteidlíochtaí íocaíochta i gcomhréir leis an gcóras aitheantais agus clárúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 73 de Rialachán (AE) 2021/2116 chun críoch na tacaíochta bunúsaí ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta;

(h)

i gcás limistéir a éilítear le haghaidh na híocaíochta barrshonraí do chadás, an cineál síl cadáis a úsáideadh agus, i gcás inarb infheidhme, sainaithint na heagraíochta idirchraoibhe formheasta a bhfuil an tairbhí ina chomhalta de;

(i)

i gcás limistéir a úsáidtear chun cnáib a tháirgeadh, an cineál síl a úsáideadh, tásc maidir le cainníochtaí na síolta a úsáideadh, arna sloinneadh ina gcileagraim in aghaidh an heicteáir, agus na lipéid oifigiúla a úsáideadh ar phacáistiú na síolta i gcomhréir le Treoir 2002/57/CE ón gComhairle (9), agus go háirithe Airteagal 12 di, nó aon doiciméad eile a aithníonn an Ballstát a bheith coibhéiseach. I gcás inar gá na lipéid a chur faoi bhráid údaráis náisiúnta eile freisin, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go dtabharfar na lipéid sin ar ais do na tairbhithe. Ní mór na lipéid arna dtabhairt thar n-ais a mharcáil mar lipéid a úsáideadh le haghaidh iarratais.

Airteagal 9

Iarratais ar idirghabhálacha ainmhíbhunaithe

1.   Gan dochar d’Airteagal 6, beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sna hiarratais ar idirghabhálacha ainmhíbhunaithe:

(a)

líon na n-ainmhithe nó, de réir mar is ábhartha, líon na n-aonad beostoic, de gach cineál, a ndéantar iarratas ina leith ar idirghabháil ainmhíbhunaithe;

(b)

i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir leis an suíomh ina gcoimeádfar na hainmhithe sa bhliain féilire a chumhdaítear leis an iarratas ar chabhair;

(c)

i gcás ina mbaineann an tacaíocht le bó-ainmhithe nó caoirigh agus gabhair, faisnéis nuashonraithe is ábhartha don idirghabháil ar na hainmhithe i ndáil leis an gcóras chun ainmhithe a shainaithint agus a chlárú, i gcomhréir le hAirteagal 34(2) de Rialachán (AE) 2021/2115.

2.   Na Ballstáit a bhfuil córas éilimh uathoibríoch á chur i bhfeidhm acu i gcomhréir le hAirteagal 65(4), pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2116, áiritheoidh siad leibhéal coibhéiseach sonraí mar a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil sa bhunachar sonraí ríomhairithe oifigiúil, a bheidh cothrom le dáta i gcás gach ainmhí, i gcomhréir le hAirteagal 34(2) de Rialachán (AE) 2021/2115. Faoin gcóras éilimh uathoibríoch, i gcás gach ainmhí de chuid an tairbhí atá ábhartha maidir le hidirghabháil measfar é a bheith ar áireamh san éileamh.

Airteagal 10

An córas faireacháin limistéir

1.   Beidh feidhm ag an gcóras faireacháin limistéir maidir le gach iarratas ar chabhair le haghaidh idirghabhálacha limistéarbhunaithe faoin gcóras comhtháite a chuirtear isteach i ngach Ballstát agus bainfear úsáid as chun gníomhaíochtaí agus cleachtais talmhaíochta ar heicteáir faoi na hidirghabhálacha limistéarbhunaithe sin a bhreathnú, a rianú agus a mheasúnú agus chun críche tuairiscithe bhliantúil ar fheidhmíocht ar a laghad.

2.   Maidir le gach idirghabháil limistéarbhunaithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na coinníollacha incháilitheachta, ar féidir faireachán a dhéanamh orthu le sonraí satailíte ó na satailítí Sentinel de chuid chlár Copernicus nó sonraí eile a bhfuil luach coibhéiseach ar a laghad iontu faoi réir an chórais faireacháin limistéir agus cuirfidh siad an fhaisnéis sin in iúl do na tairbhithe lena mbaineann.

3.   Chun críoch an chórais faireacháin limistéir, measfar go bhféadfaí faireachán a dhéanamh ar choinníoll incháilitheachta i gcás inar féidir faireachán a dhéanamh air le sonraí satailíte ó na satailítí Sentinel de chuid chlár Copernicus. D’fhonn aghaidh a thabhairt ar na coinníollacha incháilitheachta a mheastar go bhféadfaí faireachán a dhéanamh orthu, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh úsáid a bhaint as sonraí satailíte ó na satailítí Sentinel de chuid chlár Copernicus nó as sonraí ó aon fhoinse eile a bhfuil luach coibhéiseach ar a laghad iontu dá bhforáiltear in Airteagal 11. Ón 1 Eanáir 2025, áfach, measfar go bhféadfaí faireachán a dhéanamh ar choinníoll incháilitheachta nuair is féidir faireachán a dhéanamh air le sonraí satailíte ó na satailítí Sentinel de chuid chlár Copernicus nó leis na grianghraif gheochlibáilte dá dtagraítear in Airteagal 11. D’fhonn aghaidh a thabhairt ar na coinníollacha incháilitheachta a meastar go bhféadfaí faireachán a dhéanamh orthu ón 1 Eanáir 2025, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh úsáid a bhaint as sonraí satailíte ó na satailítí Sentinel de chuid chlár Copernicus, as grianghraif gheochlibáilte nó as sonraí ó aon fhoinse eile a bhfuil luach coibhéiseach ar a laghad iontu.

4.   Maidir leis na coinníollacha incháilitheachta ar féidir faireachán a dhéanamh orthu le grianghraif gheochlibáilte, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh iad a áireamh de réir a chéile faoin gcóras faireacháin limistéir. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh 70 % ar a laghad d’idirghabhálacha le coinníollacha incháilitheachta nach féidir faireachán a dhéanamh orthu ach le grianghraif gheochlibeáilte faoi réir an chórais faireacháin limistéir roimh an 1 Eanáir 2027 ar a dhéanaí. Maidir leis na coinníollacha incháilitheachta a bhféadfaí faireachán a dhéanamh orthu trí ghrianghraif gheochlibáilte, cinnfidh na Ballstáit cé na cinn acu a thagann faoi réir an chórais faireacháin limistéir gach bliain.

5.   Chun anailís a dhéanamh ar choinníollacha incháilitheachta a bhféadfaí faireachán a dhéanamh orthu faoin gcóras faireacháin limistéir, féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh sonraí satailíte ó na satailítí Sentinel de chuid chlár Copernicus agus/nó cineálacha eile sonraí a bhfuil luach coibhéiseach iontu ar a laghad a chomhcheangal i gcomhréir leis na critéir a shonraítear in Airteagal 11 chun líon iomlán na n-iarratas ar chabhair lena mbaineann a chumhdach. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh freisin anailís chascáidithe a dhéanamh ar shonraí satailíte ó na satailítí Sentinel agus/nó ar chineálacha eile sonraí a bhfuil luach coibhéiseach ar a laghad iontu chun líon na gcásanna a ndéantar faireachán neamhchinntitheach orthu a laghdú. I gcás coinníollacha incháilitheachta nach féidir faireachán a dhéanamh orthu ach le grianghraif gheochlibáilte, i gcás nach ndéanann an tairbhí ionchur, measfaidh an Ballstát nár comhlíonadh an coinníoll incháilitheachta sin.

6.   Na heicteáir nach gcomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ábhartha ar an dáta is déanaí a cheadaítear i gcomhair leasuithe ar iarratais ar chabhair i gcomhréir le hAirteagal 7, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iad a eisiamh ón tuairisciú bliantúil ar fheidhmíocht.

7.   D’fhonn breathnóireacht, rianú agus measúnú iontaofa a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus ar chleachtais talmhaíochta, áiritheoidh an córas faireacháin limistéir, ar leibhéal na dáileachta talmhaíochta nó na n-aonad talún ina bhfuil limistéir neamhthalmhaíochta a mheastar a bheith incháilithe ag an mBallstát, go mbraithfear na nithe seo a leanas:

(a)

limistéar neamh-incháilithe a bheith ann, go háirithe de dheasca struchtúir bhuana;

(b)

úsáid talún neamh-incháilithe a bheith ann;

(c)

athrú ar chatagóir an limistéir talmhaíochta, bíodh sé ina thalamh arúil, ina bharr buan nó ina fhéarthalamh.

I gcás inarb ábhartha, úsáidfidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo chun an córas aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta a thabhairt cothrom le dáta.

8.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis faoi heicteáir in iúl do na tairbhithe i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha incháilitheachta ábhartha agus nuair a bhraitear gurb ann do limistéar neamh-incháilithe, d’úsáid talún neamh-incháilithe nó d’athrú i gcatagóir an limistéir talmhaíochta ionas gur féidir le tairbhithe leasuithe a dhéanamh ar iarratais ar chabhair, dá dtagraítear in Airteagal 7, nó fianaise bhreise a sholáthar. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh freisin aon toradh sealadach eile a chur in iúl do thairbhithe, lena n-áirítear cásanna a ndearnadh faireachán neamhchinntitheach orthu lena gceadaítear do na tairbhithe, i gcás inar gá, a n-iarratais a leasú i gcomhréir le hAirteagal 7(1).

9.   De mhaolú ar mhír 1 agus chun go bhféadfar líon na n-idirghabhálacha atá faoi réir córas faireacháin limistéir a mhéadú de réir a chéile, cuirfear faisnéis ar fáil sa chóras in 2023 maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

na coinníollacha incháilitheachta ábhartha uile maidir le tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta, dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2021/2115;

(b)

na coinníollacha incháilitheachta ábhartha uile maidir le idirghabhálacha le haghaidh srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2021/2115.

Airteagal 11

Sonraí a bhfuil luach coibhéiseach ar a laghad iontu le haghaidh an chórais faireacháin limistéir

Chun críoch an chórais faireacháin limistéir, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh úsáid a bhaint as sonraí eile a bhfuil luach coibhéiseach ar a laghad iontu má tá siad i bhfoirm dhigiteach, má cheadaítear uathphróiseáil sonraí leo, má tá siad ar fáil go córasach do na tairbhithe lena mbaineann nó do chatagóirí limistéar sa Bhallstát, ar sonraí iad nach bhfuil idirdhealaitheach agus atá oiriúnach lena chinneadh go gcomhlíontar coinníoll nó oibleagáid incháilitheachta ar leith atá ar an limistéar atá faoi réir an choinníll ábhartha. Sa chomhthéacs sin, measfar gur sonraí eile iad grianghraif gheochlibáilte a bhfuil luach coibhéiseach ar a laghad iontu, dá dtagraítear in Airteagal 65(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2116.

Airteagal 12

Sonraí satailíte a fháil

1.   Chun críocha Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/2116, roimh an 1 Samhain an bhliain féilire roimh an mbliain ina ndearnadh an measúnú cáilíochta ar an gcóras faireacháin limistéir cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoina shonraíocht maidir le sonraí satailíte a fháil i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

líon na ndáileachtaí in aghaidh na hidirghabhála óna roghnófar sampla an mheasúnaithe cáilíochta;

(b)

an clár ama chun na sonraí satailíte a fháil faoi na dáileachtaí roghnaithe le haghaidh choinníollacha incháilitheachta na hidirghabhála.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (a), glacfaidh na Ballstáit líon na ndáileachtaí i gcomhair shampla an mheasúnaithe cáilíochta bunaithe ar iarratais ar chabhair na bliana roimh bhliain féilire an mheasúnaithe cáilíochta. I gcás dáileachtaí nach bhfuil ábhartha a thuilleadh, i ndiaidh iarratais ar chabhair na bliana féilire lena mbaineann, le haghaidh idirghabháil faoi leith nó le haghaidh dáileachtaí nár cuireadh isteach ar chabhair ina leith le haghaidh na bliana roimhe sin, féadfar líon na ndáileachtaí a n-iarrtar sonraí satailíte ina leith a thabhairt cothrom le dáta i mbliain féilire an mheasúnaithe cáilíochta.

3.   Tabharfaidh an Coimisiún an comhaontú chun críche leis an mBallstát lena mbaineann maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), roimh an 15 Eanáir tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur in iúl.

4.   Ní mór do na húdaráis inniúla nó do na comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht orthu dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/2116 na forálacha maidir le cóipcheart a leagtar amach sna conarthaí leis na soláthróirí a urramú.

5.   Más mó iomlán na n-iarrataí a gheobhaidh na Ballstáit ná an buiséad a bheidh ar fáil chun Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2021/2116 a chur i bhfeidhm, cinnfidh an Coimisiún ar theorainn leis na sonraí satailíte atá le soláthar, agus beidh sé d’aidhm aige an úsáid is éifeachtúla a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil. Ina theannta sin, i gcás ina gcuireann na Ballstáit dáileachtaí leis an líon i rith na bliana féilire chun measúnú cáilíochta a dhéanamh ar an gcóras faireacháin limistéir, d’fhéadfadh sé nach mbeadh an Coimisiún in ann na híomhánna ábhartha uile a fháil.

Airteagal 13

Seiceálacha ar na heagraíochtaí formheasta idirchraoibhe le haghaidh na híocaíochta barrshonraí do chadás

Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha riaracháin ar na heagraíochtaí formheasta idirchraoibhe le haghaidh na híocaíochta barrshonraí do chadás i gcomhréir leis an Airteagal seo.

I gcás inarb iomchuí chun an incháilitheacht le haghaidh méadú ar chabhair dá bhforáiltear in Airteagal 40(2) de Rialachán (AE) 2021/2115 a fhíorú, déanfaidh na Ballstáit cros-seiceáil ar dhearbhú an tairbhí san iarratas geospásúil le bheith ina bhall d’eagraíocht fhormheasta idirchraoibhe leis an bhfaisnéis arna tarchur ag an eagraíocht lena mbaineann.

Uair amháin gach 5 bliana ar a laghad, fíoróidh na Ballstáit go bhfuil na critéir maidir le formheas eagraíochtaí idirchraoibhe agus liosta a gcuid comhaltaí á gcomhlíonadh.

Airteagal 14

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

Mar sin féin, leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a)

iarratais ar chabhair le haghaidh íocaíochtaí díreacha arna dtaisceadh roimh an 1 Eanáir 2023;

(b)

iarratais ar íocaíocht arna ndéanamh i ndáil le bearta tacaíochta arna gcur chun feidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013;

(c)

an córas rialaithe agus na pionóis riaracháin a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le traschomhlíonadh.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige maidir le hiarratais ar chabhair a bhaineann le hidirghabhálacha arna gcur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115 ón 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Bealtaine 2022

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 435, 6.12.2021, lch. 187.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, bearta forbartha tuaithe agus traschomhlíonadh (IO L 227, 31.7.2014, lch. 69).

(3)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha le haghaidh bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus maidir le hinrianaitheacht ainmhithe talún ar coimeád agus uibheacha goir áirithe (IO L 314, 5.12.2019, lch. 115).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/520 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe ar coimeád (IO L 104, 25.3.2021, lch. 39).

(8)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

(9)  Treoir 2002/57/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síolta plandaí ola agus plandaí snáithín a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lch. 74).


Top