Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1172

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1172 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe sa chomhbheartas talmhaíochta agus cur i bhfeidhm agus ríomh pionós riaracháin maidir le coinníollacht

    C/2022/2789

    IO L 183, 8.7.2022, p. 12–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 01/01/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1172/oj

    8.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 183/12


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1172 ÓN gCOIMISIÚN

    an 4 Bealtaine 2022

    lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe sa chomhbheartas talmhaíochta agus cur i bhfeidhm agus ríomh pionós riaracháin maidir le coinníollacht

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 74, Airteagal 85(7) agus Airteagal 105 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/2116 na rialacha bunúsacha a bhaineann, inter alia, leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe (“an córas comhtháite”) agus le cur i bhfeidhm agus ríomh pionós riaracháin maidir le coinníollacht. Chun feidhmiú rianúil an chreata dhlíthiúil nua a áirithiú, ní mór rialacha áirithe a ghlacadh chun na forálacha a leagtar síos leis an Rialachán sin a fhorlíonadh sna réimsí lena mbaineann.

    (2)

    Leis na rialacha maidir leis an gcóras comhtháite agus le cur i bhfeidhm agus ríomh pionós riaracháin maidir le coinníollacht, ba cheart córas rialaithe éifeachtúil a áirithiú i gcomhair na rialacha a bheidh le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit agus ag na tairbhithe faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a leagan síos in aon ghníomh tarmligthe amháin. Ba cheart na rialacha nua sin a chur in ionad fhorálacha ábhartha Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún (2).

    (3)

    Go háirithe, ba cheart rialacha a bhunú chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de Rialachán (AE) 2021/2116 a fhorlíonadh i ndáil le feidhmiú an chórais chomhtháite dá dtagraítear in Airteagal 65 den Rialachán sin, rialacha maidir leis na measúnuithe cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 68(3), in Airteagal 69(6) agus in Airteagal 70(2) den Rialachán sin, rialacha maidir leis an gcóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 68 den Rialachán sin agus rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm agus ríomh pionós riaracháin maidir le coinníollacht dá dtagraítear in Airteagal 85 den Rialachán sin.

    (4)

    Tá an córas aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta le faisnéis luachmhar chuimsitheach iontaofa a sholáthar atá ábhartha chun tuairisciú a dhéanamh ar fheidhmíocht beartais, rud a chuirfidh le cur chun feidhme éifeachtúil na n-idirghabhálacha limistéarbhunaithe mar aon le tacú le tairbhithe iarratais chearta ar chabhair a chur isteach. Chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí sin, tá gá le rialacha chun soiléiriú a dhéanamh ar na ceanglais theicniúla is gá do na Ballstáit a leanúint agus ar an gcaoi a ndéanfar an fhaisnéis atá ar fáil a struchtúrú agus a thabhairt cothrom le dáta.

    (5)

    Chun go mbeidh na Ballstáit in ann laigí a d’fhéadfadh a bheith sa chóras comhtháite a shainaithint go réamhghníomhach agus bearta ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh nuair a éilítear sin, ba cheart rialacha a sholáthar maidir le measúnú cáilíochta bliantúil ar an gcóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta, ar an gcóras iarratais gheospásúil agus ar an gcóras faireacháin limistéir. Léirigh an taithí a fuarthas maidir le measúnú cáilíochta a dhéanamh ar an gcóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta de bhun Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 gur cabhair ar leith atá i bhforbairt na treorach teicniúla ag an gCoimisiún. Cuidíonn treoir theicniúil den sórt sin leis na Ballstáit modheolaíocht oiriúnaithe a chur i bhfeidhm chun a gcuid measúnuithe a dhéanamh. I bhfianaise a thábhachtaí atá na measúnuithe cáilíochta le haghaidh córas comhtháite a fheidhmíonn i gceart lena soláthraítear sonraí iontaofa infhíoraithe sa tuairisciú bliantúil ar fheidhmíocht, ba cheart don Choimisiún cúnamh a thabhairt do na Ballstáit ar bhealach comhchosúil chun na measúnuithe cáilíochta dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2021/2116 a dhéanamh.

    (6)

    Tá na measúnuithe cáilíochta le measúnú an mbaineann an córas comhtháite a chuspóir amach faisnéis iontaofa chuimsitheach a sholáthar atá ábhartha maidir leis an tuairisciú bliantúil ar fheidhmíocht, mar a cheanglaítear le hAirteagal 66(2) de Rialachán (AE) 2021/2116, go háirithe an líon ceart heicteár le haghaidh an aschuir agus an sciar ceart limistéar le haghaidh táscairí toraidh i leith idirghabhálacha limistéarbhunaithe. Chuige sin, caithfear torthaí ábhartha ón measúnú cáilíochta ar an gcóras faireacháin limistéir agus ón gcóras iarratais gheospásúil a chur le chéile chun iarracht a dhéanamh gan rómheastachán a dhéanamh ar an tionchar sin i ngeall ar réimsí inar tharla earráidí tomhais agus cinntí míchearta maidir le coinníollacha incháilitheachta araon. Chun na críche sin, ba cheart fíorú an limistéir dhearbhaithe sa mheasúnú cáilíochta ar an gcóras iarratais gheospásúil a bhunú ar an sampla céanna de dháileachtaí leis na cinn i measúnú cáilíochta an chórais faireacháin limistéir.

    (7)

    Ina theannta sin, is é atá i gceist leis an measúnú cáilíochta a bhaineann leis an gcóras faireacháin limistéir a áirithiú go mbeidh torthaí inchomparáide ar fud na mBallstát, gan beann ar an bhféidearthacht moill a chur ar chur chun feidhme lánoibríochtúil an chórais faireacháin limistéir. Sa mheasúnú cáilíochta sin, dá bhrí sin, ba cheart gach idirghabháil limistéarbhunaithe agus na coinníollacha incháilitheachta ábhartha a chumhdach gan beann ar chinneadh an Bhallstáit córas faireacháin limistéir lánoibríochtúil a bheith aige ón 1 Eanáir 2024, dá dtagraítear in Airteagal 70(1) de Rialachán (AE) 2021/2116. Leis an measúnú cáilíochta ar an gcóras faireacháin limistéir ba cheart faisnéis dhiagnóiseach a sholáthar ar leibhéal na n-idirghabhálacha agus ar leibhéal na gcoinníollacha incháilitheachta araon, agus ba cheart do na Ballstáit gníomhaíochtaí ceartaitheacha iomchuí a dhéanamh ar an mbonn sin, i gcás inar gá.

    (8)

    Ar mhaithe le soiléireacht agus d’fhonn bonn comhchuibhithe a bhunú maidir le ríomh agus cur i bhfeidhm pionós riaracháin maidir le coinníollacht, is gá sainmhínithe coiteanna agus prionsabail ghinearálta maidir le neamhchomhlíonadh a leagan síos.

    (9)

    Foráiltear le Rialachán (AE) 2021/2116 go bhfuil pionóis riaracháin maidir le coinníollacht le bunú ag féachaint do phrionsabal na comhréireachta. Dá bhrí sin, ba cheart laghduithe agus eisiaimh a ghrádú de réir thromchúis an neamhchomhlíonta agus ba cheart dul chomh fada le heisiamh iomlán an tairbhí ó na híocaíochtaí agus an tacaíocht ar fad dá dtagraítear in Airteagal 83(1), pointí (a), (b) agus (c) den Rialachán sin más d’aon ghnó an neamhchomhlíonadh. Chun deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do thairbhithe, ba cheart teorainn ama a bhunú chun pionóis riaracháin a chur i bhfeidhm.

    (10)

    Foráiltear le hAirteagal 85(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 go bhfuil ríomh an phionóis riaracháin maidir le coinníollacht le déanamh ar bhonn na n-íocaíochtaí a deonaíodh nó atá le deonú don tairbhí lena mbaineann i leith iarratais ar chabhair nó iarratais ar íocaíochtaí a cuireadh isteach nó a chuirfear isteach le linn na bliana féilire inar tharla an neamhchomhlíonadh. Dá bhrí sin, d’fhonn a áirithiú go bhfuil nasc idir iompar an fheirmeora agus an pionós agus d’fhonn cóir chomhionann a ráthú i measc feirmeoirí, is iomchuí a fhoráil, i gcás ina dtarlaíonn an neamhchomhlíonadh céanna go leanúnach ar feadh roinnt blianta féilire, go mbeidh pionós riaracháin le cur i bhfeidhm agus le ríomh le haghaidh gach bliana féilire inar féidir a chinneadh gur tharla an neamhchomhlíonadh.

    (11)

    D’fhonn a ráthú gur féidir cur i bhfeidhm agus iontráil bharúlach na bpionós riaracháin a dhéanamh go héifeachtach, i gcás ina rachaidh an pionós, i rith bhliain féilire an aimsithe, thar mhéid iomlán na n-íocaíochtaí a deonaíodh nó atá le deonú don tairbhí nó i gcás nach gcuireann an tairbhí iarratas ar chabhair isteach, is iomchuí a fhoráil go gcuirfear an pionós i bhfeidhm nó go n-iontrálfar go barúlach é trí bhíthin aisghabhála.

    (12)

    De bhun Airteagal 85(3) de Rialachán (AE) 2021/2116, is cuma má bhraitear neamhchomhlíonadh trí chóras faireacháin limistéir nó trí mhodhanna eile, níl aon phionós riaracháin le forchur i gcás nach mbeidh aon iarmhairt ag an neamhchomhlíonadh neamhbheartaithe, nó mura mbeidh ach iarmhairtí neamhshuntasacha aige, maidir le cuspóir an chaighdeáin nó an cheanglais lena mbaineann a bhaint amach. I ngeall ar mhionchineál an neamhchomhlíonta nach bhfuil aon iarmhairt aige nó nach bhfuil ach iarmhairtí neamhshuntasacha aige maidir le cuspóir an chaighdeáin nó an cheanglais lena mbaineann a bhaint amach agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú, níor cheart neamhchomhlíonadh den sórt sin a chur san áireamh chun atarlú nó marthanacht neamhchomhlíonta a chinneadh.

    (13)

    De bhun Airteagal 85(4) de Rialachán (AE) 2021/2116, i gcás ina n-úsáideann Ballstát an córas faireacháin limistéir chun cásanna neamhchomhlíonta a bhrath, féadfaidh sé a chinneadh céatadán laghdaithe níos ísle a chur i bhfeidhm. Is iomchuí íoschéatadán laghdaithe a shocrú.

    (14)

    Ba cheart rialacha a leagan síos maidir le pionóis riaracháin a ríomh i gcás roinnt cásanna de neamhchomhlíonadh sa bhliain féilire chéanna inar tharla siad.

    (15)

    Chun aistriú rianúil a áirithiú ó na socruithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), meastar gurb iomchuí rialacha idirthréimhseacha a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 104(1), an dara fomhír, pointe (a)(iv), de Rialachán (AE) 2021/2116, d’fhonn costais riaracháin iomarcacha agus ualaí a sheachaint a bhaineann le coinníollacht agus seiceálacha traschomhlíonta arna gcur i bhfeidhm ar thairbhithe a fhaigheann íocaíochtaí limistéarbhunaithe faoi Phlean Straitéiseach de chuid CBT de bhun Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus faoi chlár forbartha tuaithe arna chur chun feidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) araon go dtí an 31 Nollaig 2025. Chun na críche sin, ba cheart a mheas go gcumhdaítear leis na seiceálacha limistéarbhunaithe ar choinníollacht na seiceálacha ar thraschomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 96 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 freisin. Tá údar leis sin ós rud é, i gcás íocaíochtaí limistéarbhunaithe, go mbíonn na rialacha maidir le coinníollacht níos déine i gcoitinne ná na rialacha maidir le traschomhlíonadh a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí agus pionóis araon. Is féidir a thoimhdiú, dá bhrí sin, go n-urramaítear rialacha maidir le traschomhlíonadh, má chomhlíonann an tairbhí na hoibleagáidí a leagtar síos sna rialacha maidir le coinníollacht. Mar sin féin, má léiríonn na seiceálacha ar choinníollacht neamhchomhlíonadh, ní fhéadfaidh an Ballstát a thoimhdiú a thuilleadh go bhfuil traschomhlíonadh á chomhlíonadh agus ba cheart dó, dá thoradh sin, na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 96 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a dhéanamh agus, sa chomhthéacs sin, na rialacha maidir le ríomh agus cur i bhfeidhm pionós riaracháin a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos sa Rialachán sin.

    (16)

    Ar mhaithe le soiléireacht agus le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 a aisghairm. Mar sin féin, ba cheart don Rialachán sin leanúint d’fheidhm a bheith aige maidir le hiarratais ar chabhair le haghaidh íocaíochtaí díreacha arna dtaisceadh roimh an 1 Eanáir 2023, maidir le hiarratais ar íocaíocht a dhéantar i ndáil le bearta tacaíochta arna gcur chun feidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus maidir leis an gcóras rialaithe agus na pionóis riaracháin a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le traschomhlíonadh.

    (17)

    Ag féachaint d’Airteagal 104(1), an dara fomhír, agus d’Airteagal 106 de Rialachán (AE) 2021/2116, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hidirghabhálacha ag tosú ón 1 Eanáir 2023 agus arna gcur chun feidhme faoi Rialachán (AE) 2021/2115.

    (18)

    Ar deireadh, i bhfianaise Phointe 31 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, measann an Coimisiún go bhfuil nasc substainteach idir na cumhachtuithe i Rialachán (AE) 2021/2116 maidir leis na rialacha maidir leis an gcóras comhtháite agus cur i bhfeidhm agus ríomh pionós riaracháin maidir le coinníollacht, agus go bhfuil idirnasc eatarthu. Is iomchuí, dá bhrí sin, na rialacha sin a leagan síos sa Ghníomh Tarmligthe céanna,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    RAON FEIDHME

    Airteagal 1

    Raon feidhme

    Leis an Rialachán seo, leagtar síos forálacha lena bhforlíontar eilimintí neamhriachtanacha áirithe de Rialachán (AE) 2021/2116 i ndáil leis an méid seo a leanas:

    (a)

    measúnú cáilíochta ar an gcóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 68(3), an chórais iarratais gheospásúil dá dtagraítear in Airteagal 69(6) agus an chórais faireacháin limistéir dá dtagraítear in Airteagal 70(2) den Rialachán sin;

    (b)

    an córas aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 68 den Rialachán sin;

    (c)

    cur i bhfeidhm agus ríomh pionós riaracháin maidir le coinníollacht dá dtagraítear in Airteagal 85 den Rialachán sin.

    CAIBIDIL II

    CÓRAS COMHTHÁITE

    Airteagal 2

    Córas aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta

    1.   An córas aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2021/2116, oibreoidh sé ar leibhéal na dáileachta tagartha agus áireofar ann faisnéis lenar féidir sonraí a mhalartú leis an iarratas ar chabhair gheospásúil dá dtagraítear in Airteagal 69 den Rialachán sin agus leis an gcóras faireacháin limistéir dá dtagraítear in Airteagal 70 den Rialachán sin.

    2.   Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “dáileacht tagartha” limistéar a bhfuil teorainn gheografach leis agus a choinníonn sainaitheantas uathúil mar atá cláraithe sa chóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2021/2116. Is éard a bheidh i ndáileacht tagartha aonad talún a sheasann do limistéar talmhaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2021/2115. I gcás inarb iomchuí, beidh limistéir neamhthalmhaíochta a mheasann na Ballstáit a bheith incháilithe chun an tacaíocht a fháil le haghaidh idirghabhálacha limistéarbhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 65(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2021/2116 sa dáileacht tagartha freisin.

    3.   Beidh na dáileachtaí tagartha mar bhonn chun tacú le tairbhithe agus iarratais gheospásúla á gcur isteach acu le haghaidh idirghabhálacha limistéarbhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 65(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2021/2116.

    4.   Déanfaidh na Ballstáit na dáileachtaí tagartha a theorannú ar bhealach lena n-áiritheofar go mbeidh gach dáileacht cobhsaí le himeacht ama, go mbeidh sí intomhaiste, go gcumasófar léi logánú uathúil gan débhrí a dhéanamh ar gach dáileacht talmhaíochta agus aonad talún i limistéir neamhthalmhaíochta a mheastar a bheith incháilithe ag na Ballstáit chun an tacaíocht a fháil le haghaidh na n-idirghabhálacha limistéarbhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 65(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2021/2116 a dhearbhaítear go bliantúil.

    5.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar faisnéis cothrom le dáta le haghaidh gach dáileachta tagartha sa chóras aitheantais uair amháin gach 3 bliana ar a laghad. Ina theannta sin, cuirfidh na Ballstáit san áireamh gach bliain an fhaisnéis go léir a bheidh ar fáil ón iarratas geospásúil, ón gcóras faireacháin limistéir nó ó aon fhoinse iontaofa eile.

    6.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an fhaisnéis is gá sa chóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta chun sonraí atá ábhartha do thuairisciú ceart ar tháscairí dá dtagraítear in Airteagal 66(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 a asbhaint.

    7.   Sa chóras aitheantais, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas ar a laghad le haghaidh gach dáileachta tagartha:

    (a)

    limistéar incháilithe uasta a shocrú chun críoch na n-idirghabhálacha limistéarbhunaithe faoin gcóras comhtháite. Chun an limistéar incháilithe uasta a chinneadh, bainfidh na Ballstáit eilimintí neamh-incháilithe den dáileacht trí theorannú, i gcás inar féidir. Saineoidh na Ballstáit roimh ré na critéir agus na nósanna imeachta a úsáidfear chun codanna incháilithe agus neamh-incháilithe na dáileachta a mheasúnú, a chainníochtú agus, i gcás inarb iomchuí, a theorannú. Agus an limistéar uasta incháilithe á chinneadh, féadfaidh na Ballstáit corrlach réasúnta a shocrú le haghaidh cainníochtú ceart, chun imlíne agus riocht na dáileachta a chur san áireamh;

    (b)

    an limistéar talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2021/2115 a shainaithint. I gcás inarb infheidhme, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar idirdhealú idir an limistéar talmhaíochta ar talamh arúil, barra buana agus féarthalamh buan, lena n-áirítear nuair a dhéanann siad córais agrafhoraoiseachta sa limistéar sin, mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Rialachán sin trí theorannú;

    (c)

    an fhaisnéis ábhartha uile a chlárú, a mhéid a bhaineann le féarthalamh buan a bhfuil gnéithe neamh-incháilithe scaipthe iontu agus nuair a chinneann na Ballstáit comhéifeachtaí laghdaithe seasta a chur i bhfeidhm chun an limistéar a mheastar a bheith incháilithe a chinneadh, dá bhforáiltear in Airteagal 4(4), pointe (b), an tríú fomhír de Rialachán (AE) 2021/2115;

    (d)

    gnéithe agus/nó gealltanais a chuimsiú atá ábhartha maidir le hincháilitheacht idirghabhálacha limistéarbhunaithe agus maidir le ceanglais choinníollachta agus a bheidh cobhsaí le himeacht ama. Déanfar an fhaisnéis sin a thaifeadadh mar airíonna nó sraitheanna sa chóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta agus cuirfear na nithe seo a leanas ar a laghad in iúl:

    (i)

    suíomh an limistéir portaigh nó an limistéir bogaigh, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le caighdeán 2 GAEC a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115;

    (ii)

    cineál agus suíomh gnéithe den tírdhreach ar an dáileacht atá ábhartha maidir le coinníollacht nó idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 65(2) agus (3) de Rialachán (AE) 2021/2116.

    (e)

    i gcás inarb infheidhme, méid na ngnéithe tírdhreacha a shuí agus a chinneadh faoi chaighdeán 8 GAEC a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 atá ábhartha don sciar íosta den limistéar talmhaíochta atá tiomnaithe do réimsí nó do ghnéithe neamhtháirgiúla.

    (f)

    a chinneadh an bhfuil dáileachtaí lonnaithe i limistéir ina dtugtar aghaidh ar shrianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2021/2115, nó an bhfuil feidhm ag míbhuntáistí a bhaineann go sonrach le limistéar de thoradh ceanglas éigeantach áirithe dá dtagraítear in Airteagal 72 den Rialachán sin,

    (g)

    a chinneadh an bhfuil dáileachtaí lonnaithe i limistéir Natura 2000, i limistéir a chumhdaítear le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), má tá siad lonnaithe ar thalamh talmhaíochta atá údaraithe le haghaidh táirgeadh cadáis de bhun Airteagal 37(1) de Rialachán (AE) 2021/2115, i limistéir atá ina gcuid de chleachtais áitiúla bhunaithe dá dtagraítear in Airteagal 4(3), pointe (c), an dara fomhír, pointe (i), den Rialachán sin, i limistéir atá cumhdaithe le féarthalamh buan atá ainmnithe mar limistéir íogaire chomhshaoil de bhun chaighdeán 9 GAEC a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115, nó i limistéir a chumhdaítear le Treoir 92/43/CEE (7) ón gComhairle nó Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

    8.   Maidir le hidirghabhálacha a bhaineann le foraoiseacht lena dtacaítear faoi Airteagail 70 agus 72 de Rialachán (AE) 2021/2115, féadfaidh na Ballstáit córais mhalartacha iomchuí a bhunú chun an talamh atá faoi réir tacaíochta a shainaithint go huathúil i gcás ina bhfuil an talamh sin cumhdaithe le foraois.

    9.   Oibreoidh an córas faisnéise geografaí ar bhonn córas tagartha comhordaithe náisiúnta mar a shainmhínítear i dTreoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) lena gceadaítear tomhas caighdeánaithe agus sainaithint uathúil dáileachtaí talmhaíochta ar fud an Bhallstáit lena mbaineann. I gcás ina n-úsáidtear córais tagartha éagsúla comhordanáidí, beidh siad comheisiatach agus áiritheoidh gach ceann acu comhsheasmhacht idir míreanna faisnéise a thagraíonn don láthair chéanna.

    Airteagal 3

    Measúnú cáilíochta ar an gcóras aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta

    1.   Déanfaidh na Ballstáit an measúnú cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2021/2116 ar bhonn bliantúil chun críoch na tacaíochta bunúsaí ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta. Cumhdófar na heilimintí seo a leanas sa mheasúnú cáilíochta sin:

    (a)

    cainníochtú ceart an limistéir uasta incháilithe;

    (b)

    cion agus dáileadh na ndáileachtaí tagartha i gcás ina gcuirtear limistéir neamh-incháilithe san áireamh sa limistéar uasta incháilithe nó i gcás nach gcuirtear an limistéar talmhaíochta san áireamh ann;

    (c)

    tarlú dáileachtaí tagartha a bhfuil lochtanna criticiúla orthu;

    (d)

    aicmiú ceart an limistéir talmhaíochta mar thalamh arúil, mar fhéarthalamh buan nó mar bharr buan i ngach dáileacht tagartha;

    (e)

    cóimheas na ndearbhuithe limistéir in aghaidh na dáileachta tagartha;

    (f)

    san áireamh sa limistéar uasta incháilithe, i gcás nach gcuirtear an limistéar talmhaíochta san áireamh nó ina nochtar fabht criticiúil leis sin; aicmiú na ndáileachtaí tagartha i gcás ina gcuirtear limistéir neamh-incháilithe

    (g)

    céatadán na ndáileachtaí tagartha a bhí faoi réir athraithe, a carnadh le linn an timthriall nuashonrúcháin rialta.

    Áiritheoidh na Ballstáit freisin go ndéanfar gach iarraidh ar nuashonrú an chórais aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta ar bhealach inar féidir a rianú ar eascair siad as an gcóras faireacháin limistéir, as gníomhaíocht an tairbhí nó as aon fhoinse eile.

    2.   Déanfaidh na Ballstáit an measúnú dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn sampla de na dáileachtaí tagartha. Úsáidfidh siad sonraí lena bhféadfar measúnú a dhéanamh ar an staid iarbhír ar an láthair.

    3.   I gcás ina nochtar easnaimh mar thoradh ar an measúnú cáilíochta, molfaidh an Ballstát gníomhaíochtaí ceartaitheacha leormhaithe.

    Airteagal 4

    Measúnú cáilíochta ar an gcóras iarratais gheospásúil

    1.   Leis an measúnú cáilíochta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 69(6) de Rialachán (AE) 2021/2116, déanfar measúnú ar iontaofacht na faisnéise san iarratas geospásúil agus ar chruinne na faisnéise a úsáidtear chun na táscairí dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/2115 a thuairisciú. Go háirithe, déanfar measúnú sa mheasúnú cáilíochta ar iomláine agus ar chruinneas na faisnéise a réamhlíontar san iarratas geospásúil, ar iomláine agus ar chruinneas na bhfoláireamh treorach a soláthraítear do na tairbhithe le linn an phróisis iarratais agus ar inrianaitheacht na n-athruithe go léir a chláraítear sna hiarratais gheospásúla tar éis í a chur isteach.

    2.   Beidh na nithe seo a leanas i gceist sa mheasúnú cáilíochta:

    (a)

    a fhíorú go raibh an fhaisnéis a d’úsáid an Ballstát chun an t-iarratas geospásúil a réamhlíonadh iomlán, ceart agus cothrom le dáta;

    (b)

    tairbhí le haghaidh idirghabháil limistéarbhunaithe bunaithe i gceart i ndáil leis na coinníollacha incháilitheachta is infheidhme; fíorú arna dhéanamh ag an mBallstát go raibh an limistéar a dhearbhaigh an

    (c)

    is féidir, maidir le foláirimh threoracha arna eisiúint ag an mBallstát chuig tairbhithe le linn an phróisis iarratais; a fhíorú gur cuireadh san áireamh coinníollacha incháilitheachta uile na n-idirghabhálacha agus, i gcás inarb ábhartha, ceanglais choinníollachta, a mhéid

    (d)

    córais faireacháin limistéir, as gníomhaíocht de chuid an tairbhí nó as aon fhoinse eile.a fhíorú gur chláraigh an Ballstát na leasuithe uile ar an iarratas geospásúil tar éis é a chur isteach ar bhealach gur féidir a rianú ar eascair siad as rabhadh

    3.   Déanfar an measúnú cáilíochta dá bhforáiltear i mír 2, pointí (a), (c) agus (d), trí bhíthin tástáil TF a dhéanamh ar an bpróiseas iarratais agus é a athdhéanamh i gcás sampla ionadaíoch d’iarratais ar chabhair.

    4.   Maidir leis an bhfíorú faoi mhír 2, pointe (b), déanfar an measúnú cáilíochta trí bhíthin cuairteanna in situ nó anailís a dhéanamh ar íomhánna na bliana féilire céanna agus ar an gcáilíocht chéanna ar a laghad is gá don mheasúnú cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2021/2116. Déanfar an fíorú sin trí thomhas a dhéanamh ar an limistéar a dearbhaíodh maidir le hidirghabháil ar an sampla a roghnaíodh chun measúnú cáilíochta a dhéanamh ar an gcóras faireacháin limistéir dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán sin.

    5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach idirghabháil limistéarbhunaithe arna bhainistiú ag an gcóras comhtháite a chur san áireamh sna samplaí dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 agus a fhíorú sa phróiseas measúnaithe cáilíochta.

    6.   I gcás ina nochtar easnaimh mar thoradh ar an measúnú cáilíochta, molfaidh an Ballstát gníomhaíochtaí ceartaitheacha leormhaithe.

    Airteagal 5

    Measúnú cáilíochta ar an gcóras faireacháin limistéir

    1.   Leis an measúnú cáilíochta bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 70(2) de Rialachán (AE) 2021/2116, déanfar measúnú ar iontaofacht chur chun feidhme an chórais faireacháin limistéir, soláthrófar faisnéis dhiagnóiseach faoi fhoinsí na gcinntí míchearta ar leibhéal na n-idirghabhálacha agus na gcoinníollacha incháilitheachta agus go háirithe déanfar measúnú ar chruinneas na faisnéise arna soláthar le haghaidh tuairisciú ar na táscairí dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/2115.

    2.   Déanfar an measúnú cáilíochta trí bhíthin cuairteanna in situ nó anailís a dhéanamh ar íomhánna na bliana féilire céanna agus, i gcás inarb ábhartha, atá ar an gcáilíocht chéanna ar a laghad is gá don mheasúnú cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2021/2116. Féadfar cuairteanna in situ a dhéanamh tráth ar bith le linn na bliana agus cumhdófar leo, a mhéid is féidir, na coinníollacha incháilitheachta go léir is ábhartha do thairbhí ar leith le linn na cuairte céanna. Leis na híomhánna a úsáideann na Ballstáit le haghaidh an mheasúnaithe cáilíochta beifear in ann torthaí cinntitheacha iontaofa a sholáthar i ndáil leis an staid iarbhír ar an láthair. I gcás ina n-úsáideann na Ballstáit grianghraif gheochlibáilte chun breathnóireacht, rianú agus measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí talmhaíochta mar shonraí a bhfuil luach iontu atá comhionann ar a laghad leis na sonraí satailíte ó na satailítí Sentinel de chuid chlár Copernicus, féadfaidh na Ballstáit measúnú cáilíochta a dhéanamh ar na cinntí bunaithe ar ghrianghraif gheochlibáilte trí bhíthin anailís neamh-uathoibríoch a dhéanamh ar na grianghraif gheochlibáilte, ar choinníoll go dtairgfidh siad torthaí cinntitheacha iontaofa.

    3.   Ar leibhéal na n-idirghabhálacha, beidh na nithe seo a leanas sa mheasúnú cáilíochta:

    (a)

    beann ar cé acu a d’eascair an cinneadh ábhartha as an gcóras faireacháin limistéir nó nár eascair. Is i heicteáir a shloinnfear an toradh;cainníochtú earráidí de dheasca cinntí míchearta maidir le coinníollacha incháilitheachta i ndáil le dáileachtaí faoi idirghabháil limistéarbhunaithe, gan

    (b)

    agus líon na ndáileachtaí nach gcomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta tar éis an dáta is déanaí le haghaidh leasuithe ar iarratais ar chabhair. cainníochtú ar líon na ndáileachtaí i gcás inar aimsíodh leis an gcóras faireacháin limistéir neamhchomhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta

    4.   Sna tuarascálacha atá le cur isteach faoin 15 Feabhra 2025 agus faoin 15 Feabhra 2027, cuimseofar freisin, maidir le coinníollacha incháilitheachta uile na n-idirghabhálacha limistéarbhunaithe a mheastar go bhféadfaí faireachán a dhéanamh orthu, fíorú go raibh siad faoi réir córas faireacháin limistéir sna blianta 2024 agus 2026, faoi seach. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le gníomhaíochtaí ceartaitheacha tar éis measúnú a dhéanamh ar thorthaí na dtuarascálacha sin.

    5.   Déanfar an measúnú cáilíochta trí sheiceáil a dhéanamh ar choinníollacha incháilitheachta uile na n-idirghabhálacha uile a ndearnadh iarratas ina leith ar shampla ionadaíoch dáileachtaí.

    6.   Chun críocha an tsimplithe agus ós rud é go soláthraíonn sampla an mheasúnaithe cáilíochta ar an gcóras faireacháin limistéir leibhéal leordhóthanach dearbhaithe i ndáil le comhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta in aghaidh na hidirghabhála, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na measúnuithe cáilíochta dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 5 den Rialachán seo a chur san áireamh i ndáil leis an oibleagáid córas rialaithe a chur ar bun a leagtar síos in Airteagal 72 de Rialachán (AE) 2021/2116.

    7.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach idirghabháil limistéarbhunaithe arna bainistiú ag an gcóras comhtháite a áireamh i sampla na ndáileachtaí agus go bhfíorófar iad sa phróiseas measúnaithe cáilíochta, gan beann ar an bhféidearthacht córas faireacháin limistéir a bhunú de réir a chéile, dá dtagraítear in Airteagal 70(1) de Rialachán (AE) 2021/2116.

    8.   I gcás ina nochtar easnaimh mar thoradh ar an gcainníochtú dá dtagraítear i mír 3, pointí (a) agus (b), molfaidh an Ballstát gníomhaíochtaí ceartaitheacha leormhaithe.

    9.   D’fhéadfadh cuairteanna in situ a bheith san áireamh i ngníomhaíochtaí ceartaitheacha maidir le coinníollacha incháilitheachta nach ndéantar faireachán orthu nó a ndéantar faireachán neamhchinntitheach orthu. I gcásanna ina bhfuil gá le gníomhaíochtaí ceartaitheacha tar éis thorthaí an mheasúnaithe cáilíochta le haghaidh na bliana féilire lena mbaineann, d’fhéadfadh sé gur ghá mionsonraí breise a chur san áireamh i dtuarascáil measúnaithe cáilíochta na bliana dár gcionn a mhéid a bhaineann leis na heasnaimh atá le leigheas.

    CAIBIDIL III

    CUR I bhFEIDHM AGUS RÍOMH PIONÓS RIARACHÁIN MAIDIR LE COINNÍOLLACHT

    Airteagal 6

    Sainmhínithe

    Chun críocha na Caibidle seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe i dTeideal IV, Caibidil IV de Rialachán (AE) 2021/2116.

    Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (a)

    comhshaoil talún arna socrú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán sin;ciallaíonn “neamhchomhlíonadh”: neamhchomhlíonadh na gceanglas reachtúil bainistíochta faoi reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2021/2115, nó na gcaighdeán maidir le dea-bhail talmhaíochta agus

    (b)

    ciallaíonn “caighdeáin” aon cheann de na caighdeáin arna leagan síos ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/2115;

    (c)

    ciallaíonn “bliain an aimsithe” an bhliain féilire ina ndearnadh an tseiceáil riaracháin nó an tseiceáil ar an láthair;

    (d)

    ciallaíonn “réimsí coinníollachta” aon cheann de na trí réimse éagsúla dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2021/2115.

    Airteagal 7

    Prionsabail ghinearálta a bhaineann le neamhchomhlíonadh

    1.   Chun atarlú neamhchomhlíonta a chinneadh, cuirfear san áireamh neamhchomhlíonadh na rialacha maidir le traschomhlíonadh arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014.

    2.   Cinnfear “méid” an neamhchomhlíonta agus é á chur san áireamh, go háirithe, cé acu an bhfuil tionchar forleathan ag an neamhchomhlíonadh nó an bhfuil sé teoranta don fheirm féin.

    3.   Braithfidh “déine” an neamhchomhlíonta, go háirithe, ar a thábhachtaí atá iarmhairtí an neamhchomhlíonta, agus aidhmeanna an cheanglais nó an chaighdeáin lena mbaineann á gcur san áireamh.

    4.   Maidir le neamhchomhlíonadh a bheith “buan” nó gan a bheith, braithfidh sé, go háirithe, ar an bhfad a mhairfidh an éifeacht nó an poitéinseal chun na héifeachtaí sin a fhoirceannadh ar bhealach réasúnach.

    5.   Chun críocha na Caibidle seo, measfar gur “cinneadh” neamhchomhlíonadh má bhunaítear gur mar iarmhairt é ar aon chineál rialuithe a dhéantar i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2116 nó tar éis iad a chur in iúl don údarás rialaithe inniúil nó, i gcás inarb infheidhme, don ghníomhaireacht íocaíochta, ar aon bhealach eile.

    Airteagal 8

    Prionsabail ghinearálta na bpionós riaracháin

    1.   Ní fhorchuirfear an pionós riaracháin dá bhforáiltear in Airteagal 84(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 ach amháin má aimsítear neamhchomhlíonadh laistigh de 3 bliana féilire as a chéile arna ríomh ón mbliain inar tharla an neamhchomhlíonadh agus an bhliain sin á cur san áireamh.

    2.   I gcás ina dtarlaíonn an neamhchomhlíonadh céanna go leanúnach ar feadh roinnt blianta féilire, cuirfear pionós riaracháin i bhfeidhm in aghaidh gach bliana féilire inar tharla an neamhchomhlíonadh. Déanfar na pionóis riaracháin a ríomh ar bhonn na n-íocaíochtaí a deonaíodh nó atá le deonú don tairbhí lena mbaineann i leith iarratais ar chabhair nó iarratais ar íocaíochtaí a cuireadh isteach nó a chuirfear isteach le linn na mblianta féilire inar tharla an neamhchomhlíonadh.

    3.   Más rud é, i mbliain féilire an aimsithe, nach gcuireann an tairbhí iarratas ar chabhair isteach nó gur mó an pionós riaracháin ná méid iomlán na n-íocaíochtaí a deonaíodh nó atá le deonú don tairbhí i leith iarratais ar chabhair a chuir an tairbhí isteach nó a chuirfidh an tairbhí isteach le linn bhliain féilire an aimsithe, aisghabhfar an pionós riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún (10).

    Airteagal 9

    Céatadáin laghduithe i gcás neamhchomhlíonadh neamhbheartaithe

    1.   I gcás neamhchomhlíonadh neamhbheartaithe arna chinneadh, féadfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta a chinneadh, ar bhonn an mheasúnaithe ar an neamhchomhlíonadh a sholáthair an t-údarás rialaithe inniúil agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 85(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2116 á gcur san áireamh, an céatadán a leagtar síos in Airteagal 85(2) den Rialachán sin a laghdú go dtí suas le 1 %.

    2.   I gcás ina bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha ag neamhchomhlíonadh neamhbheartaithe arna chinneadh maidir le cuspóir an chaighdeáin nó an cheanglais lena mbaineann a bhaint amach nó go bhfuil riosca díreach ag baint leis maidir leis an tsláinte phoiblí nó le sláinte ainmhithe, féadfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta a chinneadh, ar bhonn an mheasúnaithe ar an neamhchomhlíonadh a sholáthair an t-údarás rialaithe inniúil agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 85(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2116 á gcur san áireamh, an céatadán dá dtagraítear in Airteagal 85(5) den Rialachán sin a mhéadú go dtí suas le 10 %.

    3.   Neamhchomhlíonadh neamhbheartaithe arna chinneadh leis an gceanglas céanna nó leis an gcaighdeán céanna, i gcás ina leanann sé de bheith ann laistigh de 3 bliana féilire as a chéile, ní bheidh feidhm ag céatadán an laghdaithe a leagtar síos in Airteagal 85(6), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2021/2116 ach i gcás inar cuireadh an tairbhí ar an eolas faoin neamhchomhlíonadh arna chinneadh roimhe sin. I gcás ina leanann an neamhchomhlíonadh céanna de bheith ann gan cúis réasúnaithe ón tairbhí, measfar gur neamhchomhlíonadh d’aon ghnó atá ann.

    4.   I gcás nach mbeidh aon iarmhairt ag neamhchomhlíonadh arna chinneadh nó nach mbeidh ach iarmhairtí neamhshuntasacha aige maidir le cuspóir an chaighdeáin nó an cheanglais lena mbaineann a bhaint amach agus nach bhforchuirfear aon phionós riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 85(3), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2021/2116, ní mheasfar an neamhchomhlíonadh chun atarlú nó marthanacht neamhchomhlíonta a chinneadh.

    5.   I gcás ina n-úsáideann Ballstát an córas faireacháin limistéir dá dtagraítear in Airteagal 66(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2116 chun cásanna neamhchomhlíonta a bhrath, i gcás neamhchomhlíonadh neamhbheartaithe arna chinneadh féadfaidh an laghdú atá le forchur a bheith níos ísle ná an laghdú dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, ach 0,5 % ar a laghad a bheith ann den mhéid iomlán a eascraíonn as na híocaíochtaí agus as an tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 83(1), pointí (a), (b) agus (c) den Rialachán sin.

    Airteagal 10

    Céatadáin laghduithe i gcás neamhchomhlíonadh d’aon ghnó

    Is é a bheidh i gcéatadán an laghdaithe ar neamhchomhlíonadh d’aon ghnó arna chinneadh 15 % ar a laghad den mhéid iomlán a eascraíonn as na híocaíochtaí agus as an tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 83(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2021/2116. Ar bhonn an mheasúnaithe ar an neamhchomhlíonadh a sholáthair an t-údarás rialaithe inniúil agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 85(1), an dara fomhír, den Rialachán sin á gcur san áireamh, féadfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta cinneadh ar an gcéatadán sin a mhéadú go dtí suas le 100 %.

    Airteagal 11

    Ríomh na laghduithe maidir le roinnt cásanna neamhchomhlíonta sa bhliain féilire chéanna inar tharla siad

    1.   I gcás ina bhfuil neamhchomhlíonadh caighdeáin arna chinneadh ina neamhchomhlíonadh ceanglais freisin, measfar gur aon neamhchomhlíonadh amháin atá sa neamhchomhlíonadh sin. Chun laghduithe a ríomh, measfar an neamhchomhlíonadh a bheith ina chuid de réimse coinníollachta an cheanglais.

    2.   I gcás inar tharla níos mó ná neamhchomhlíonadh neamhbheartaithe atréimhseach arna chinneadh amháin sa bhliain féilire chéanna, cuirfear an nós imeachta maidir leis an laghdú a shocrú i bhfeidhm ar bhonn aonair maidir le gach neamhchomhlíonadh agus cuirfear na céatadáin a bheidh ann mar thoradh air sin le chéile. Mar sin féin, ní rachaidh an laghdú iomlán thar an méid seo a leanas:

    (a)

    5 % den mhéid iomlán a eascraíonn as na híocaíochtaí agus as an tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 83(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2021/2116 i gcás nach mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ag neamhchomhlíonadh ar bith maidir le cuspóir an chaighdeáin nó an cheanglais lena mbaineann a bhaint amach nó i gcás ina bhfuil riosca díreach don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe ann; nó,

    (b)

    10 % den mhéid iomlán a eascraíonn as na híocaíochtaí agus as an tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 83(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2021/2116 i gcás ina mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ag neamhchomhlíonadh amháin ar a laghad maidir le cuspóir an chaighdeáin nó an cheanglais lena mbaineann a bhaint amach nó i gcás ina bhfuil riosca díreach don tsláinte phoiblí nó do shláinte ainmhithe ann.

    3.   I gcás inar tharla níos mó ná neamhchomhlíonadh neamhbheartaithe atréimhseach arna chinneadh amháin sa bhliain féilire chéanna, cuirfear an nós imeachta maidir leis an laghdú a shocrú i bhfeidhm ar bhonn aonair maidir le gach neamhchomhlíonadh agus cuirfear céatadáin na laghduithe a bheidh ann mar thoradh air sin le chéile. Sa laghdú, áfach, ní bheidh níos mó ná 20 % den mhéid iomlán a eascraíonn as na híocaíochtaí agus as an tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 83(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2021/2116.

    4.   I gcás inar tharla níos mó ná neamhchomhlíonadh d’aon ghnó arna chinneadh amháin sa bhliain féilire chéanna, cuirfear an nós imeachta maidir leis an laghdú a shocrú i bhfeidhm ar bhonn aonair maidir le gach neamhchomhlíonadh agus cuirfear céatadáin na laghduithe a bheidh ann mar thoradh air sin le chéile. Sa laghdú, áfach, ní bheidh níos mó ná 100 % den mhéid iomlán a eascraíonn as na híocaíochtaí agus as an tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 83(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2021/2116.

    5.   I gcás ina dtarlaíonn an iliomad cásanna de neamhchomhlíonadh neamhbheartaithe, atréimhseach agus d’aon ghnó sa bhliain féilire chéanna, cuirfear le chéile na céatadáin laghduithe a eascraíonn astu agus, i gcás inarb ábhartha, na céatadáin tar éis míreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Sa laghdú, áfach, ní bheidh níos mó ná 100 % den mhéid iomlán a eascraíonn as na híocaíochtaí agus as an tacaíocht dá dtagraítear in Airteagal 83(1), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) 2021/2116.

    CAIBIDIL IV

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 12

    Forálacha idirthréimhseacha

    De mhaolú ar Airteagal 104(1), an dara fomhír, pointe (a)(iv), de Rialachán (AE) 2021/2116, déanfar seiceálacha ar chomhlíonadh na rialacha maidir le coinníollacht, dá dtagraítear in Airteagal 83 den Rialachán sin, i limistéir a fhaigheann tacaíocht ar bhonn Airteagail 28, 29 agus 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 trí chláir forbartha tuaithe a chuirfear chun feidhme go dtí an 31 Nollaig 2025 faoin Rialachán sin, i gcás ina bhfaighidh an tairbhí lena mbaineann íocaíochtaí limistéarbhunaithe faoi Phlean Straitéiseach CBT freisin de bhun Rialachán (AE) 2021/2115.

    Measfar go gcumhdaíonn na seiceálacha coinníollachta dá dtagraítear sa chéad mhír na seiceálacha ar thraschomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 96 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, ach amháin má léiríonn siad nach gcomhlíontar na rialacha maidir le coinníollacht. Mura gcomhlíonfar na rialacha maidir le coinníollacht, déanfaidh an Ballstát seiceálacha i gcomhréir leis an Airteagal sin ar bhearta limistéarbhunaithe sna cláir forbartha tuaithe agus, i gcás ina n-aimsítear neamhrialtachtaí, cuirfidh sé na rialacha i bhfeidhm maidir le ríomh agus cur i bhfeidhm na bpionós riaracháin a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

    Airteagal 13

    Aisghairm

    Aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

    Mar sin féin, leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige i ndáil leis an méid seo a leanas:

    (a)

    iarratais ar chabhair le haghaidh íocaíochtaí díreacha arna dtaisceadh roimh an 1 Eanáir 2023;

    (b)

    iarratais ar íocaíocht arna ndéanamh i ndáil le bearta tacaíochta arna gcur chun feidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013;

    (c)

    an córas rialaithe agus na pionóis riaracháin a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le traschomhlíonadh.

    Airteagal 14

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 7ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Bealtaine 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 435, 6.12.2021, lch. 187.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe agus leis na cúinsí faoina ndiúltófar nó faoina n-aistarraingeofar íocaíochtaí agus pionóis riaracháin is infheidhme maidir le híocaíochtaí díreacha, le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe agus le traschomhlíonadh (IO L 181, 20.6.2014, lch. 48).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 549).

    (4)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

    (5)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

    (6)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

    (7)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

    (8)  Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

    (9)  Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).

    (10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/128 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht (IO L 20, 31.1.2022, lch. 131).


    Top