Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1033

    Rialachán (AE) 2022/1033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a mhéid a bhaineann le beart sonrach chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin

    PE/25/2022/REV/1

    IO L 173, 30.6.2022, p. 34–36 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1033/oj

    30.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 173/34


    RIALACHÁN (AE) 2022/1033 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    an 29 Meitheamh 2022

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a mhéid a bhaineann le beart sonrach chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tá feirmeoirí agus gnólachtaí tuaithe san Aontas buailte go trom le hiarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin ar bhealach nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe. Mar thoradh ar mhéadú na bpraghsanna ionchuir, go háirithe i gcás fuinnimh, leasacháin agus beatha ainmhithe, cruthaíodh míshocracht eacnamaíoch in earnáil talmhaíochta an Aontais agus i bpobail tuaithe an Aontais agus d’eascair fadhbanna leachtachta as d’fheirmeoirí agus do ghnólachtaí beaga tuaithe a dhéanann próiseáil, margaíocht nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta. Mar gheall air sin, cruthaíodh staid eisceachtúil nach mór aghaidh a thabhairt uirthi le beart nua eisceachtúil.

    (2)

    Chun freagairt a thabhairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin ar earnálacha talmhaíochta agus bia an Aontais, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le beart nua eisceachtúil sealadach lena dtabharfar aghaidh ar na fadhbanna leachtachta lena gcuirtear leanúnachas gníomhaíochtaí feirmeoireachta agus gnólachtaí beaga i mbaol, gnólachtaí a dhéanann próiseáil, margaíocht nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta.

    (3)

    Maidir leis an tacaíocht faoin mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo, arb é is aidhm di iomaíochas na ngnólachtaí agraibhia agus inmharthanacht feirmeacha san Aontas a chosaint, ba cheart na hacmhainní atá ar fáil a dhíriú ar na tairbhithe is mó atá buailte ag na hiarmhairtí mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin agus ba cheart iad a dheonú ar bhonn critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha. I gcás na bhfeirmeoirí, ba cheart é a bheith indéanta critéir den sórt sin a chur san áireamh, tá earnálacha táirgeachta, cineálacha feirmeoireachta nó struchtúr feirme agus, i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), earnálacha, cineálacha gníomhaíochta, cineálacha réigiún nó srianta sonracha eile.

    (4)

    Leis an ngéarchéim thromchúiseach reatha in earnáil talmhaíochta an Aontais, deimhnítear gur gá dlús a chur leis an aistriú i dtreo na hinbhuanaitheachta le gur fearr a bheifear in ann ullmhú do ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo. Níor cheart, dá bhrí sin, laghdú a bheith ar sciar foriomlán ranníocaíocht an Chiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) arna fhorchoimeád do na bearta dá dtagraítear in Airteagal 59(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) mar thoradh ar an tacaíocht faoin mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

    (5)

    De dheasca na práinne agus toisc go bhfuil gné eisceachtúil agus sealadach ag an mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart íocaíocht aonuaire agus dáta deiridh le haghaidh chur i bhfeidhm an bhirt a shocrú. Ba cheart an prionsabal a chomhlíonadh freisin, go bhfuil íocaíochtaí ón gCoimisiún le déanamh i gcomhréir le leithreasuithe buiséadacha agus faoi réir cistithe atá ar fáil.

    (6)

    Chun tacaíocht níos airde a thabhairt do na feirmeoirí agus do FBManna is mó atá buailte, is iomchuí a cheadú do Bhallstáit coigeartú a dhéanamh ar leibhéal na gcnapshuimeanna le haghaidh catagóirí áirithe de thairbhithe incháilithe bunaithe ar chritéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha, mar shampla trí réimsí áirithe nó catagóirí leathana a shocrú.

    (7)

    Chun a áirithiú go ndéanfar an beart dá bhforáiltear sa Rialachán seo a mhaoiniú go leordhóthanach gan cuspóirí eile na gclár forbartha tuaithe a chur i mbaol, ba cheart ranníocaíocht an Aontais leis an mbeart sin a shocrú.

    (8)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a leasú dá réir.

    (9)

    I bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin agus na práinne atá ann maidir le haghaidh a thabhairt ar an tionchar atá ag an ionradh sin ar earnálacha talmhaíochta agus bia an Aontais, meastar gurb iomchuí leas a bhaint as an eisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE), leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

    (10)

    Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon aghaidh a thabhairt ar an staid eisceachtúil atá cruthaithe in earnálacha talmhaíochta agus bia an Aontais mar gheall ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

    (11)

    I bhfianaise na práinne atá leis an staid a bhaineann le tionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin ar earnálacha talmhaíochta agus bia an Aontais, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

    “Airteagal 39c

    Tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí agus do FBManna atá buailte go trom ag tionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin

    1.   Leis an tacaíocht faoin mbeart seo, cuirfear cabhair éigeandála ar fáil d’fheirmeoirí agus do FBManna atá buailte go trom ag tionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin, dírithe ar leanúnachas i leith a ngníomhaíocht gnó, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo.

    2.   Deonófar tacaíocht d’fheirmeoirí nó do FBManna a dhéanann próiseáil, margaíocht nó forbairt ar tháirgí talmhaíochta arna gcumhdach le hIarscríbhinn I a ghabhann le CFAE nó ar chadás, seachas táirgí iascaigh. D’fhéadfadh sé gur táirge nach gcumhdaítear leis an Iarscríbhinn sin a bheadh in aschur an phróisis táirgeachta.

    3.   Déanfaidh na Ballstáit an tacaíocht a dhíriú ar na tairbhithe is mó atá buailte ag tionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin, trí choinníollacha incháilitheachta agus, i gcás ina measann an Ballstát lena mbaineann gurb iomchuí, critéir roghnúcháin a bheidh oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, a chinneadh, bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil. An tacaíocht a chuirfidh na Ballstáit ar fáil, rannchuideoidh sí leis an tslándáil bia nó tabharfar aghaidh léi ar mhíchothromaíochtaí ar an margadh agus tacóidh sí le feirmeoirí nó le FBManna a bhíonn ag gabháil do cheann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas agus na spriocanna sin á saothrú acu:

    (a)

    an geilleagar ciorclach;

    (b)

    bainistíocht cothaitheach;

    (c)

    úsáid éifeachtúil acmhainní;

    (d)

    modhanna táirgthe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid.

    4.   Beidh an tacaíocht i bhfoirm íocaíochta cnapshuime a íocfar faoin 15 Deireadh Fómhair 2023, bunaithe ar iarratais ar thacaíocht arna gceadú ag an údarás inniúil faoin 31 Márta 2023. Déanfar an aisíocaíocht ina dhiaidh sin ón gCoimisiún i gcomhréir le leithreasuithe buiséid agus faoi réir an chistithe atá ar fáil. Féadfar leibhéal na híocaíochta a idirdhealú de réir catagóirí tairbhithe, i gcomhréir le critéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha.

    5.   Ní rachaidh uasmhéid na tacaíochta thar EUR 15 000 in aghaidh an fheirmeora agus EUR 100 000 in aghaidh FBM.

    6.   Agus tacaíocht á deonú faoin Airteagal seo, áireoidh na Ballstáit an tacaíocht a dheonaítear faoi ionstraimí tacaíochta náisiúnta eile nó ionstraimí tacaíochta eile de chuid an Aontais nó faoi scéimeanna príobháideacha chun freagairt do thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin.”;

    (2)

    in Airteagal 49, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2.   Áiritheoidh údarás an Bhallstáit atá freagrach as roghnú na n-oibríochtaí, cé is moite de na hoibríochtaí faoi Airteagal 18(1), pointe (b), Airteagal 24(1), pointe (d), agus Airteagail 28 go 31, 33, 34 agus 36 go 39c, go roghnófar oibríochtaí i gcomhréir leis na critéir roghnúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus de réir nós imeachta trédhearcach a mbeidh doiciméadú maith ann ina leith.”;

    (3)

    in Airteagal 59, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

    “6b.   Ní rachaidh tacaíocht CETFT arna soláthar faoi Airteagal 39c thar 5 % de ranníocaíocht iomlán CETFT leis na gclár forbartha tuaithe do na blianta 2021-2022 dá bhforáiltear i gCuid a Dó d’Iarscríbhinn I.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meitheamh 2022.

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

    An tUachtarán

    R. METSOLA

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    F. RIESTER


    (1)  Tuairim an 16 Meitheamh 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2022.

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).


    Top