This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1023
Commission Regulation (EU) 2022/1023 of 28 June 2022 amending Annex II to Regulation (EC) No 1333/2008 of the European Parliament and of the Council and the Annex to Commission Regulation (EU) No 231/2012 as regards the use of oat lecithin in cocoa and chocolate products as covered by Directive 2000/36/EC of the European Parliament and of the Council (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2022/1023 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le leicitin choirce a úsáid i dtáirgí cócó agus seacláide mar a chumhdaítear le Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2022/1023 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le leicitin choirce a úsáid i dtáirgí cócó agus seacláide mar a chumhdaítear le Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/4315
IO L 172, 29.6.2022, p. 5–8
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
29.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 172/5 |
RIALACHÁN (AE) 2022/1023 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Meitheamh 2022
lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le leicitin choirce a úsáid i dtáirgí cócó agus seacláide mar a chumhdaítear le Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (1), agus go háirithe Airteagail 10(3) agus 14 de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 liosta an Aontais de na breiseáin bia atá formheasta le húsáid i mbia agus coinníollacha a n-úsáide. |
(2) |
Ní fhéadfar ach breiseáin bia a áirítear ar liosta an Aontais atá in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 a chur ar an margadh mar bhreiseáin bia agus a úsáid i mbianna faoi na coinníollacha úsáide a shonraítear san Iarscríbhinn sin. |
(3) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún (3), leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008. |
(4) |
Féadfar liosta an Aontais agus na sonraíochtaí a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008, ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil. |
(5) |
An 25 Eanáir 2018, cuireadh iarratas isteach maidir le húdarú a fháil chun leicitin choirce a úsáid mar bhreiseán bia i gcatagóir bia 5.1 “Táirgí Cócó agus Seacláide mar a chumhdaítear le Treoir 2000/36/CE” ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) i gCuid E d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, ar uasleibhéal 20 000 mg/kg. Cuireadh an t-iarratas sin ar fáil do na Ballstáit sin ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008. |
(6) |
Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) meastóireacht ar shábháilteacht na leicitine coirce mar bhreiseán bia agus, ina thuairim (5) an 10 Nollaig 2019, tháinig sé ar an gconclúid nach bhfuil aon ábhar imní ann ó thaobh na sábháilteachta de maidir le leicitin choirce a úsáid mar bhreiseán bia le haghaidh na húsáide agus na leibhéal úsáide atá beartaithe. |
(7) |
Is ola choirce chodánaithe í leicitin choirce, a fheidhmíonn mar eiblitheoir agus lena n-éascaítear monarú táirgí cócó agus seacláide trí shlaodacht agus luach táirgeachta táirgí seacláide a laghdú. Leis sin, is féidir seacláid leáite a phumpáil go héasca le linn na próiseála. Thairis sin, leis an leicitin choirce, cuirtear cosc ar bhlás saille, ar smúiteán scothliath é, a fhorbairt ar dhromchla na dtáirgí le linn a stórála.. |
(8) |
Dá bhrí sin, is iomchuí úsáid na leicitine coirce mar eiblitheoir a údarú i gcatagóir bia “táirgí cócó agus seacláide mar a chumhdaítear le Treoir 2000/36/CE”, ar uasleibhéal úsáide 20 000 mg/kg, agus E 222a a shannadh mar E-uimhir don bhreiseán sin. |
(9) |
Ba cheart sonraíochtaí na leicitine coirce (E 222a) a áireamh i Rialachán (AE) Uimh. 231/2012, toisc go n-áirítear é i liosta an Aontais de bhreiseáin bia a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 den chéad uair. |
(10) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 a leasú dá réir. |
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 354, 31.12.2008, lch. 16.
(2) IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí na mbreiseán bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III de Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1).
(4) Treoir 2000/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2000 maidir le táirgí cócó agus seacláide a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine (IO L 197, 3.8.2000, lch. 19).
(5) EFSA Journal [Iris EPSA] 2020;18(1):5969.
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 mar a leanas:
(1) |
i gCuid B, pointe 3 “Breiseáin bia seachas dathanna agus milsitheoirí”, cuirtear an iontráil nua seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh bhreiseán bia E 322:
|
(2) |
i gCuid E, i gcatagóir bia 5.1 “Táirgí Cócó agus Seacláide mar a chumhdaítear le Treoir 2000/36/CE”, cuirtear an iontráil nua seo a leanas isteach le haghaidh “Leicitin choirce” i ndiaidh na hiontrála le haghaidh E 322:
|
IARSCRÍBHINN II
San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 231/2012, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála le haghaidh bhreiseán bia E 322:
“E 322a LEICITIN CHOIRCE |
|
Comhchiallaigh |
Ola choirce chodánaithe |
Sainmhíniú |
Is ola choirce chodánaithe í leicitin choirce a bhfuil lipidí polacha go flúirseach inti, go príomha galachtó-lipidí. Táirgtear leicitin choirce ó eithní coirce de ghrád bia a chriathraítear agus a úsctar trí eatanól a úsáid ar theocht ardaithe chun úsc lipide amhola a tháirgeadh. Déantar galú agus scagachán ilchéimneach ar an úsc amhola sin, próiseas as a dtáirgtear amhola choirce, ar amhola í a dheighltear, a ghalaítear agus a ndéantar scagachán uirthi chun leicitin choirce a tháirgeadh. Ní fhéadfar ach eatanól a úsáid san úscadh mar thuaslagóir úsctha. |
Einecs |
281-672-4 |
Measúnacht |
Nach lú ná 30 % de lipidí polacha atá dothuaslagtha in aicéatón |
Tuairisc |
Leacht slaodach buídhonn |
Sainaithint |
|
Coilín |
Nach mó ná 2 g/100 g |
Fosfar |
Nach lú ná 0,5 % |
Lipidí polacha |
Nach lú ná 35 % w/w |
Lipidí neodracha |
55–65 % w/w |
Sáithithe |
17-20 % w/w |
Monai-neamhsháithithe |
38-42 % w/w |
Polai-neamhsháithithe |
38-42 % w/w |
Íonacht |
|
Caillteanas de bharr triomaithe |
Nach mó ná 2 % |
Ábhar atá dothuaslagtha i dtolúéin |
Nach mó ná 1 % w/w |
Luach aigéid |
Nach mó ná 30 mg KOH/g |
Luach sárocsaíde |
níos lú ná 10 meq O2/kg saill |
Fuíll tuaslagacha |
Eatanól: nach mó ná 300 mg/kg |
Arsanaic |
Nach mó ná 0,1 mg/kg |
Luaidhe |
Nach mó ná 0,05 mg/kg |
Mearcair |
Nach mó ná 0,02 mg/kg |
Caidmiam |
Nach mó ná 0,05 mg/kg |
Critéir mhicribhitheolaíocha |
|
Áireamh coilíneachtaí aeróbacha |
Nach mó ná 1 000 CFU/g |
Giosta |
Nach mó ná 100 CFU/g |
Múscáin |
Nach mó ná 100 CFU/g |
Enterobacteriaceae |
Nach mó ná 10 CFU/g |
Spóir aeróbacha |
Nach mó ná 1 CFU/g |
Eile |
|
Glútan |
Nach mó ná 20 mg/kg” |