Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1012

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1012 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin a bhunú lena sonraítear leibhéal seirbhíse agus slándála na limistéar páirceála sábháilte slán agus leis na nósanna imeachta chun iad a dheimhniú

    C/2022/2055

    IO L 170, 28.6.2022, p. 27–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1012/oj

    28.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 170/27


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1012 ÓN gCOIMISIÚN

    an 7 Aibreán 2022

    lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin a bhunú lena sonraítear leibhéal seirbhíse agus slándála na limistéar páirceála sábháilte slán agus leis na nósanna imeachta chun iad a dheimhniú

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 3821/85 agus (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 8a(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, glacfaidh tiománaithe iompair de bhóthar tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla. Is minic a chaitear cuid de na tréimhsí scíthe sin ar an mbóthar, go háirithe i gcásanna ina mbíonn na tiománaithe ag gabháil d’oibríochtaí iompair idirnáisiúnta fadraoin. Is den ríthábhacht é, dá bhrí sin, rochtain a bheith ag tiománaithe ar limistéir pháirceála ina mbeidh siad in ann scíth a dhéanamh go sábháilte, agus na saoráidí iomchuí acu chun rochtain a fháil ar na seirbhísí a bhíonn de dhíth orthu.

    (2)

    Leagtar amach in Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 liosta ceanglas nach mór do limistéir pháirceála atá inrochtana do thiománaithe atá ag gabháil d’iompar earraí agus paisinéirí de bhóthar a chomhlíonadh lena ndeimhniú mar limistéir pháirceála shábháilte shlána, i ndáil le leibhéil seirbhíse agus slándála na limistéar páirceála sin.

    (3)

    I staidéar de chuid an Choimisiúin in 2019 ar limistéir pháirceála shábháilte shlána san Aontas (2), aithníodh go raibh ganntanas mór saoráidí den sórt sin ann. Rinneadh roinnt moltaí sa staidéar freisin, lena n-áirítear moltaí maidir le caighdeáin le haghaidh limistéir pháirceála shábháilte shlána agus maidir le nósanna imeachta deimhniúcháin.

    (4)

    I bhfianaise ghanntanas na limistéar páirceála sábháilte slán san Aontas faoi láthair, ba cheart forbairt na saoráidí sin a spreagadh ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag na tiománaithe iompair de bhóthar orthu cibé áit a stopann siad ar bhóithre an Aontais.

    (5)

    Chun forbairt na limistéar páirceála sábháilte slán a spreagadh, is gá creat coiteann a fhorbairt ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go mbeidh faisnéis shoiléir chomhchuibhithe ar fáil don earnáil maidir le limistéir pháirceála shábháilte shlána ar fud an Aontais.

    (6)

    Chun dálaí oibre na dtiománaithe iompair de bhóthar a fheabhsú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, ba cheart íosleibhéal coiteann seirbhísí a bheith ar fáil i ngach limistéar páirceála sábháilte slán, beag beann ar a leibhéal slándála.

    (7)

    I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar líon na dteagmhas coireachta lastais a tharlaíonn do thiománaithe iompair de bhóthar ar an mbóthar, ba cheart feabhas a chur ar shlándáil na dtiománaithe iompair de bhóthar chun a áirithiú go ndéanann siad scíth shaor ó strus acu agus nach gcarnann siad tuirse. Tá sé ríthábhachtach dálaí maithe scíthe a chur ar fáil do thiománaithe i limistéir pháirceála shábháilte shlána chun an tsábháilteacht ar bhóithre a áirithiú agus chun an riosca go dtarlódh timpistí de dheasca tuirse a laghdú.

    (8)

    Tá limistéir pháirceála shábháilte shlána riachtanach ionas go bhféadfaidh na tiománaithe agus na gnóthais iompair chun a gcuid ualaí a chosaint ar an gcoireacht lastais. I bhfianaise éagsúlacht na ngnólachtaí agus na n-earraí a iompraítear, is féidir go mbeidh limistéir pháirceála ar leibhéil éagsúla slándála ag teastáil ó oibreoirí iompair agus ó thiománaithe, de réir na n-earraí a iompraíonn siad. Dá bhrí sin, ba cheart freastal a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla gnólachtaí i gcaighdeáin an Aontais, agus ba cheart do na limistéir pháirceála íosleibhéil éagsúla slándála a chur ar fáil.

    (9)

    Ba cheart slándáil na limistéar páirceála a bhaint amach trína áirithiú go suiteáiltear an trealamh slándála iomchuí, agus go gcuirtear na nósanna imeachta slándála iomchuí i bhfeidhm, timpeall ar theorainn an limistéir, sa limistéar páirceála féin agus ag na pointí iontrála agus imeachta. Ba cheart nósanna imeachta foirne a bheith i bhfeidhm freisin chun a áirithiú go nglacfar bearta coiscthe riosca, agus chun iarmhairtí na dteagmhas a mhaolú nuair a tharlaíonn a leithéid.

    (10)

    Chun trédhearcacht agus cinnteacht a sholáthar d’úsáideoirí na limistéar páirceála sábháilte slán, ba cheart na limistéir pháirceála a bheith deimhnithe ag comhlacht deimhniúcháin neamhspleách, i gcomhréir le nósanna imeachta arna sainiú ar leibhéal an Aontais. Ba cheart nósanna imeachta deimhniúcháin maidir le hiniúchtaí, athiniúchtaí agus iniúchtaí neamhfhógartha ar limistéir pháirceála shábháilte shlána a shonrú go soiléir chun a áirithiú go mbeidh a fhios ag oibreoirí na limistéar páirceála conas iarratas a dhéanamh ar dheimhniúchán nó ar athdheimhniúchán. Ba cheart a áirithiú freisin go gcuirfear nósanna imeachta leormhaithe i bhfeidhm nuair a fhaightear nach gcomhlíonann limistéar páirceála sábháilte slán an leibhéal seirbhíse nó slándála dá bhfuil sé deimhnithe a thuilleadh.

    (11)

    Ba cheart go mbeadh sásraí gearáin ar fáil d’úsáideoirí na limistéar páirceála sábháilte slán chun neamhchomhlíontachtaí a thuairisciú.

    (12)

    Ba cheart go mbeadh comhlachtaí deimhniúcháin in ann deimhnithe iniúchta a eisiúint do na hoibreoirí agus an fhaisnéis sin a chur in iúl don Choimisiún freisin, ionas go mbeidh liosta na limistéar páirceála sábháilte slán ar an suíomh gréasáin oifigiúil ábhartha fós cothrom le dáta.

    (13)

    Chun forbairt thapa na dteicneolaíochtaí digiteacha a chur san áireamh agus chun dálaí oibre na dtiománaithe a fheabhsú ar bhonn leanúnach, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a ábhartha a bheidh sé athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin chomhchuibhithe agus ar na nósanna imeachta deimhniúcháin tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis ghlacadh an ghnímh seo,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leibhéil slándála agus seirbhíse

    Lena dheimhniú mar limistéar páirceála sábháilte slán dá dtagraítear in Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, comhlíonfaidh limistéar páirceála na caighdeáin seo a leanas

    (a)

    na caighdeáin uile maidir leis an íosleibhéal seirbhíse a leagtar amach i Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

    (b)

    na caighdeáin uile a bhaineann le leibhéal amháin de na leibhéil slándála a leagtar amach i Roinn B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Nósanna imeachta deimhniúcháin

    Deimhniúchán limistéir pháirceála mar limistéar páirceála sábháilte slán dá dtagraítear in Airteagal 8ú(1) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, is deimhniúchán é a chomhlíonfaidh na caighdeáin agus na nósanna imeachta atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 3

    Clásal maidir le hathbhreithniú

    Tráth nach déanaí ná an 7 Aibreán 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú an gá na caighdeáin agus na nósanna imeachta deimhniúcháin dá bhforáiltear in Iarscríbhinní I agus II a leasú, i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíocha a bheidh ann an tráth sin, agus chun dálaí oibre na dtiománaithe a fheabhsú ar bhonn leanúnach.

    Airteagal 4

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 7 Aibreán 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 102, 11.4.2006, lch. 1.

    (2)   Study on safe and secure parking places for trucks [Staidéar maidir le háiteanna páirceála sábháilte slána le haghaidh trucailí] ón gCoimisiún (2019). Ar fáil ag:

    https://sstpa.eu-study.eu/download/19/final-report/1188/final-report-sstpa-28022019-isbn.pdf


    IARSCRÍBHINN I

    CAIGHDEÁIN AN AONTAIS INA SONRAÍTEAR LEIBHÉAL SEIRBHÍSE AGUS SLÁNDÁLA NA LIMISTÉAR PÁIRCEÁLA SÁBHÁILTE SLÁN

    A.   Íosleibhéal seirbhíse

    Maidir le limistéir pháirceála shábháilte shlána atá deimhnithe do chaighdeáin an Aontais, comhlíonfaidh siad an t-íosleibhéal seirbhísí a thuairiscítear i dTábla 1.

    Tábla 1

    Saoráidí sláintíochta atá oiriúnach do gach inscne

    Beidh leithris agus cithfholcadáin ar leithligh d’úsáideoirí fireanna agus d’úsáideoirí baineanna ar fáil agus ag obair. Cuirfidh na cithfholcadáin uisce te ar fáil.

    Beidh na sconnaí uisce ar fáil agus ag oibriú agus ag soláthar uisce te. Cuirfear gallúnach láimhe ar fáil saor in aisce.

    Beidh boscaí bruscair ar fáil ar an láthair agus folmhófar iad go rialta.

    Déanfar na leithris, na cithfholcadáin agus na báisíní uisce a ghlanadh agus a sheiceáil gach lá go tráthrialta. Taispeánfar an sceideal glantacháin.

    Roghanna ceannaigh agus tomhaltais bia agus dí

    Beidh smailceacha agus deochanna ar fáil lena gceannach 24 huaire a chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine.

    Beidh limistéar itheacháin do thiománaithe ar fáil.

    Naisc chumarsáide

    Beidh nasc idirlín ar fáil saor in aisce.

    Soláthar cumhachta

    Beidh soicéid leictreacha ar fáil le haghaidh úsáid phearsanta.

    Faoin 31 Nollaig 2026, beidh saoráidí cumhachta leictreachais le haghaidh feithiclí iompair de bhóthar cuisnithe ar fáil ar an láthair.

    Pointí teagmhála agus nósanna imeachta i gcás éigeandála

    Cuirfear comharthaí soiléire ar fáil chun gluaiseacht shábháilte tráchta ag an tsaoráid loctha a áirithiú.

    Taispeánfar teagmhálacha éigeandála ag an tsaoráid pháirceála sa teanga oifigiúil náisiúnta agus i mBéarla ar a laghad. Tabharfar tacaíocht dóibh le picteagraim shothuigthe.

    B.   Leibhéil slándála

    1.

    Maidir le limistéir pháirceála shábháilte shlána atá deimhnithe do chaighdeáin an Aontais, comhlíonfaidh siad na critéir a leagtar amach faoi cheann de na leibhéil slándála a thuairiscítear i dTáblaí 2 go 5.

    2.

    Áiritheoidh limistéir pháirceála shábháilte shlána go mbeidh an trealamh agus na nósanna imeachta a liostaítear faoi gach leibhéal slándála ag feidhmiú go hiomlán.

    3.

    Tá na caighdeáin a leagtar amach sa Rialachán seo gan dochar don reachtaíocht náisiúnta a bhaineann leis na cúraimí nach mór do bhaill foirne slándála atá ceadúnaithe agus oilte, inmheánach nó seachtrach, a dhéanamh. Beidh oiliúint leordhóthanach faighte ag gach ball foirne slándála freisin nuair a bheidh sin ina cheangal de réir na reachtaíochta náisiúnta.

    4.

    Na tréimhsí maidir le sonraí a bhailítear trí fhísfhaireachas (teilifís ciorcaid iata - TCI) a choinneáil, tá siad gan dochar don dlí náisiúnta ná do reachtaíocht an Aontais sa réimse sin. Beidh feidhm acu maidir le haon cheanglas sainordaitheach agus deonach faoi na caighdeáin seo.

    5.

    Meánluachanna a bheidh sna luachanna soilsiúcháin (Lux) a bheidh luaite ar na leibhéil éagsúla slándála.

    6.

    Gan dochar don dlí náisiúnta lena mbunaítear ceanglais bhreise maidir le hoiliúint, áiritheoidh oibreoirí limistéar páirceála sábháilte slán go bhfreastalóidh a bhfoireann ar an láthair agus a bhfoireann cianda atá ag oibriú ar limistéir pháirceála shábháilte shlána, chomh maith leis an mbainisteoir páirceála, go bhfreastalóidh siad ar oiliúint faoi chaighdeáin an Aontais maidir le limistéir pháirceála shábháilte shlán. Déanfaidh foireann nua an oiliúint sin laistigh de shé mhí tar éis dóibh dul i mbun seirbhíse. Cuimseoidh an oiliúint na hábhair seo a leanas:

    oiliúint agus maoirseacht foirne;

    bainistiú teagmhas;

    faireachas agus faireachán;

    teicneolaíocht.

    7.

    I limistéir pháirceála shábháilte shlána, taispeánfar ar an láthair an fhaisnéis d’úsáideoirí maidir le conas gearán a chur faoi bhráid an chomhlachta deimhniúcháin ábhartha.

    a.   Leibhéal cré-umha

    Tábla 2

    LEIBHÉAL CRÉ-UMHA

    Imeall

    Déanfar imeall an limistéir páirceála shábháilte shláin a dhaingniú le hiombhagairt amhairc. Beidh an iombhagairt amhairc suite ar an talamh chun imeall an limistéir páirceála shábháilte shláin a léiriú agus nach gceadaítear ach feithiclí lasta agus feithiclí údaraithe sa limistéar páirceála.

    Déanfar imeall an limistéir pháirceála shábháilte shláin a shoilsiú ag 15 Lux.

    Déanfar aon fhásra timpeall imeall an limistéir páirceála shábháilte shláin a bhearradh chun a áirithiú go mbeidh dea-infheicthe ann.

    Limistéar páirceála

    Cuirfidh comharthaíocht iomchuí in iúl nach gceadaítear ach feithiclí lasta agus feithiclí údaraithe sa limistéar loctha.

    Déanfar seiceálacha fisiceacha nó cianfhaireachais uair amháin ar a laghad gach 24 uair an chloig.

    Déanfar aon fhásra sa limistéar páirceála a bhearradh chun a áirithiú go mbeidh dea-infheicthe ann.

    Déanfar aon lánaí feithiclí agus aon lánaí coisithe den limistéar páirceála atá ann cheana a lasadh ag 15 Lux.

    Slí isteach/slí amach

    Déanfar pointí iontrála agus imeachta an limistéir páirceála shábháilte shláin a shoilsiú ag 25 Lux

    Déanfar TCI a sholáthraíonn cáilíocht mhaith íomhánna a shuiteáil agus a oibriú ag gach pointe iontrála agus imeachta den limistéar páirceála sábháilte slán.

    Beidh taifeadadh digiteach leanúnach íosta ag an gcóras TCI (5 fhráma in aghaidh an tsoicind) nó beidh sé bunaithe ar bhrath gluaisne ina bhfuil ceamaraí réamhthaifeadta agus iarthaifeadta, ar ceamaraí fíora lae agus oíche iad le 720 picteilín.

    Déanfaidh an t-oibreoir limistéir páirceála shábháilte shláin gnáthsheiceáil TCI uair sa tseachtain, agus ní mór taifead a choinneáil ar feadh seachtain amháin den tseiceáil sin. Déanfaidh an t-oibreoir limistéir páirceála shábháilte shláin seiceáil feidhmiúlachta ar an gcóras TCI gach 48 n-uaire ar a laghad.

    Coimeádfar na sonraí TCI ar feadh tréimhse 30 lá mura rud é go n-éilítear tréimhse choinneála níos giorra leis an reachtaíocht náisiúnta nó le reachtaíocht an Aontais is infheidhme. Sa chás sin, beidh feidhm ag an tréimhse choinneála is faide a cheadaítear faoin dlí.

    Beidh baránta TCI, comhaontú ar leibhéal seirbhíse i bhfeidhm nó léiriú ar a gcumas cothabhála féin ag an limistéar páirceála sábháilte slán. Is iad teicneoirí cáilithe a oibreoidh i gcónaí na córais TCI atá sa limistéar páirceála sábháilte slán.

    Nósanna imeachta foirne

    Bunaithe ar mheasúnú riosca bliantúil agus gan dochar do reachtaíocht náisiúnta lena mbunaítear ceanglais bhreise, beidh plean slándála i bhfeidhm, ar plean é lena n-áirítear gach gné ó chosc riosca agus ó mhaolú riosca go freagairt i gcomhar le lucth forfheidhmithe an dlí.

    Ceapfaidh an limistéar páirceála sábháilte slán duine a bheidh freagrach as nósanna imeachta foirne i gcás teagmhas. Ní mór rochtain a bheith ag foireann an limistéir páirceála shábháilte shláin ar liosta iomlán d’eagraíochtaí áitiúla forfheidhmithe an dlí i gcónaí.

    Beidh nós imeachta i bhfeidhm le haghaidh cásanna ina mbeidh feithiclí neamhúdaraithe páirceáilte sa limistéar páirceála sábháilte slán. Déanfar an nós imeachta sin a thaispeáint go soiléir ar an limistéar páirceála sábháilte slán.

    Eascófar teagmhais agus coireanna a thuairisciú don fhoireann agus do na póilíní a bhuí le nós imeachta soiléir a thaispeáint sa limistéar páirceála sábháilte slán.

    b.   Leibhéal airgid

    Tábla 3

    LEIBHÉAL AIRGID

    Imeall

    Déanfar imeall an limistéir páirceála shábháilte shláin a dhaingniú trí chosc fisiceach ar a laghad a chuireann bac ar an mbealach agus nach gceadaíonn an dul isteach sa limistéar páirceála sábháilte slán, ná an dul amach as, ach amháin trí na pointí iontrála agus fágála sainithe. Déanfar imeall an limistéir páirceála shábháilte shláin a dhaingniú le físfhaireachán augs taifeadadh leanúnach chomh maith le hiombhagairt amhairc.

    Beidh taifeadadh digiteach leanúnach íosta ag an gcóras TCI de cúig fhráma in aghaidh an tsoicind nó beidh sé bunaithe ar bhrath gluaisne ina bhfuil ceamaraí réamhthaifeadta agus iarthaifeadta, ar ceamaraí fíora lae agus oíche iad le 720 picteilín.

    Déanfaidh an t-oibreoir limistéir páirceála shábháilte shláin gnáthsheiceáil TCI gach 72 uair, agus ní mór taifead a choinneáil ar feadh seachtain amháin den tseiceáil sin.

    Déanfaidh an t-oibreoir limistéir páirceála shábháilte shláin seiceáil feidhmiúlachta ar an gcóras TCI gach 48 n-uaire ar a laghad.

    Coimeádfar na sonraí TCI ar feadh tréimhse 30 lá mura rud é go n-éilítear tréimhse choinneála níos giorra leis an reachtaíocht náisiúnta nó le reachtaíocht an Aontais is infheidhme. Sa chás sin, beidh feidhm ag an tréimhse choinneála is faide a cheadaítear faoin dlí.

    Beidh baránta TCI, comhaontú ar leibhéal seirbhíse i bhfeidhm nó léiriú ar a gcumas cothabhála féin ag an limistéar páirceála sábháilte slán. Is iad teicneoirí cáilithe a oibreoidh i gcónaí na córais TCI atá sa limistéar páirceála sábháilte slán.

    Déanfar imeall an limistéir páirceála shábháilte shláin a shoilsiú ag 20 Lux.

    Déanfar aon fhásra timpeall imeall an limistéir páirceála shábháilte shláin a bhearradh chun a áirithiú go mbeidh dea-infheicthe ann.

    Limistéar páirceála

    Cuirfidh comharthaíocht iomchuí in iúl nach gceadaítear ach feithiclí lasta agus feithiclí údaraithe sa limistéar loctha.

    Déanfar seiceálacha faireachais fisiceacha nó cianfhaireachais faoi dhó ar a laghad gach 24 uair, agus uair amháin ar a laghad le linn an lae agus uair amháin i rith na hoíche.

    Déanfar aon lánaí feithiclí agus aon lánaí coisithe den limistéar páirceála atá ann cheana a lasadh ag 15 Lux.

    Déanfar aon fhásra sa limistéar páirceála a bhearradh chun a áirithiú go mbeidh dea-infheicthe ann.

    Slí isteach/slí amach

    Déanfar pointí iontrála agus imeachta an limistéir páirceála shábháilte shláin a shoilsiú ag 25 Lux agus beidh siad daingnithe le bacainní. Beidh córas gutha idir-inoibritheach agus córas ticéadaithe feistithe ar na bacainní sin.

    Déanfar TCI a sholáthraíonn cáilíocht mhaith íomhánna a shuiteáil agus a oibriú ag gach pointe iontrála agus imeachta den limistéar páirceála sábháilte slán. Na ceanglais maidir le TCI faoin roinn ‘imeall’ den leibhéal slándála seo, beidh feidhm acu freisin chun críche TCI ag pointí iontrála agus imeachta.

    Nósanna imeachta foirne

    Bunaithe ar mheasúnú riosca bliantúil agus gan dochar do reachtaíocht náisiúnta lena mbunaítear ceanglais bhreise, beidh plean slándála i bhfeidhm chun scrúdú a dhéanamh ar na rioscaí ar leith a bhaineann leis an limistéar páirceála sábháilte slán i ngeall ar thosca amhail an suíomh, cineálacha úsáideoirí, dála sábháilteachta tráchta, rátaí coireachta agus cúrsaí slándála ginearálta.

    Ceapfaidh an limistéar páirceála sábháilte slán duine a bheidh freagrach as nósanna imeachta foirne i gcás teagmhas. Ní mór rochtain a bheith ag foireann an limistéir páirceála shábháilte shláin ar liosta iomlán d’eagraíochtaí áitiúla forfheidhmithe an dlí i gcónaí.

    Beidh nós imeachta i bhfeidhm le haghaidh cásanna ina mbeidh feithiclí neamhúdaraithe páirceáilte sa limistéar páirceála sábháilte slán. Déanfar an nós imeachta sin a thaispeáint go soiléir ar an limistéar páirceála sábháilte slán.

    Eascófar teagmhais agus coireanna a thuairisciú don fhoireann agus do na póilíní a bhuí le nós imeachta soiléir a thaispeáint sa limistéar páirceála sábháilte slán.

    Beidh cúnamh ar fáil d’úsáideoirí 24/7.

    c.   Leibhéal óir

    Tábla 4

    LEIBHÉAL ÓIR

    Imeall

    Déanfar imeall an limistéir páirceála shábháilte shláin a dhaingniú le bacainn fhisiceach atá 1,8 méadar ar airde ar a laghad. Beidh crios soiléir 1 méadar idir an bhacainn agus an limistéar páirceála.

    Cuirfear bearta i bhfeidhm chun damáiste neamhbheartaithe do na bacainní a chosc.

    Déanfar imeall an limistéir páirceála shábháilte shláin a shoilsiú ag 25 Lux.

    Déanfar faireachán ar imeall iomlán an limistéir páirceála shábháilte shláin le físfhaireachas leanúnach, agus ní fhágfaidh sé aon chaochspota.

    Beidh taifeadadh leanúnach íosta ag an gcóras TCI de cúig fhráma in aghaidh an tsoicind nó beidh sé bunaithe ar bhrath gluaisne ina bhfuil ceamaraí réamhthaifeadta agus iarthaifeadta, ar ceamaraí fíora lae agus oíche iad le 720 picteilín.

    Déanfaidh an t-oibreoir limistéir páirceála shábháilte shláin gnáthsheiceáil TCI gach 48 uair, agus ní mór taifead a choinneáil ar feadh seachtain amháin den tseiceáil sin.

    Déanfaidh an t-oibreoir limistéir páirceála shábháilte shláin seiceáil feidhmiúlachta ar an gcóras TCI gach 24 n-uaire ar a laghad.

    Coimeádfar na sonraí TCI ar feadh tréimhse 30 lá mura rud é go n-éilítear tréimhse choinneála níos giorra leis an reachtaíocht náisiúnta nó le reachtaíocht an Aontais is infheidhme. Sa chás sin, beidh feidhm ag an tréimhse choinneála is faide is féidir a cheadaítear faoin dlí.

    Beidh baránta TCI nó comhaontú ar leibhéal seirbhíse i bhfeidhm ag an limistéar páirceála sábháilte slán, lena n-áirítear cuairt seirbhíse amháin ar a laghad ó eagraíocht speisialaithe cháilithe in aghaidh na bliana, é sin nó léiriú ar a gcumas cothabhála féin. Is iad teicneoirí cáilithe a oibreoidh i gcónaí na córais TCI atá sa limistéar páirceála sábháilte slán.

    Déanfar na himeachtaí TCI agus na himeachtaí rochtana a shioncronú trí chomhbogearraí nodála.

    I gcás éaradh líonra déanfar na himeachtaí TCI agus na himeachtaí rochtana uile a stóráil go háitiúil agus a uaslódáil nuair a bheidh na naisc ar bun arís chuig an trealamh lárnach clárúcháin.

    Déanfar aon fhásra timpeall imeall an limistéir páirceála shábháilte shláin a bhearradh chun a áirithiú go mbeidh dea-infheicthe ann.

    Limistéar páirceála

    Cuirfidh comharthaíocht iomchuí in iúl nach gceadaítear ach feithiclí lasta agus feithiclí údaraithe sa limistéar loctha.

    Déanfar seiceálacha faireachais fisiceacha nó cianfhaireachais faoi dhó ar a laghad gach 24 uair agus uair amháin ar a laghad le linn an lae agus uair amháin i rith na hoíche.

    Déanfar lánaí an limistéir páirceála agus na lánaí coisithe a mharcáil agus a lasadh ag 15 Lux.

    Déanfar aon fhásra sa limistéar páirceála a bhearradh chun a áirithiú go mbeidh dea-infheicthe ann.

    Slí isteach/slí amach

    Déanfar pointí iontrála agus imeachta an limistéir páirceála shábháilte shláin a shoilsiú ag 25 Lux agus beidh siad daingnithe le bacainní ar an mbeidh cosaint ar an dreapadh fúthu agus tharstu mar aon le soilse tráchta.

    Déanfar TCI a sholáthraíonn cáilíocht mhaith íomhánna a shuiteáil agus a oibriú ag gach pointe iontrála agus imeachta den limistéar páirceála sábháilte slán. Beidh teicneolaíocht aitheanta plátaí ceadúnais feistithe ar na pointí iontrála agus imeachta. Déanfar taifid ar dhul isteach agus ar dhul amach feithiclí a shábháil i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta nó le reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

    Déanfar pointí iontrála agus imeachta an limistéir páirceála shábháilte shláin a dhaingniú trí mheicníochtaí coiscthe agus braite ionraidh amhail geataí casta do choisithe ag 1,80 méadar ar airde ar a laghad. Beidh na pointí rochtana ar sheirbhísí amhail leithris, bialanna agus siopaí feistithe le geataí casta tríchosacha má tá rochtain dhíreach idir an limistéar páirceála agus na seirbhísí sin.

    Nósanna imeachta foirne

    Bunaithe ar mheasúnú riosca bliantúil agus gan dochar do reachtaíocht náisiúnta lena mbunaítear ceanglais bhreise, beidh plean slándála i bhfeidhm chun scrúdú a dhéanamh ar na rioscaí ar leith a bhaineann leis an limistéar páirceála sábháilte slán i ngeall ar thosca amhail an suíomh, cineálacha cliant, dála sábháilteachta tráchta, rátaí coireachta agus cúrsaí slándála ginearálta.

    Bunaithe ar mheasúnú riosca bliantúil agus gan dochar do reachtaíocht náisiúnta lena mbunaítear ceanglais bhreise, beidh plean leanúnachais gnó i bhfeidhm. Áireofar sa phlean sin bearta mionsonraithe maidir leis an mbealach chun freagairt do theagmhais shuaiteacha agus soláthar gníomhaíochtaí criticiúla a choimeád ar bun le linn teagmhais. Beidh bainistiú an limistéir páirceála shábháilte shláin in ann cur chun feidhme na mbeart sin a léiriú.

    Beidh nós imeachta i bhfeidhm le haghaidh cásanna ina mbeidh feithiclí neamhúdaraithe páirceáilte sa limistéar páirceála sábháilte slán. Déanfar an nós imeachta sin a thaispeáint go soiléir ar an limistéar páirceála sábháilte slán.

    Beidh cúnamh ar fáil d’úsáideoirí 24/7

    Eascófar teagmhais agus coireanna a thuairisciú don fhoireann agus do na póilíní a bhuí le nós imeachta soiléir a thaispeáint sa limistéar páirceála sábháilte slán.

    Déanfar duine a cheapadh a bheidh freagrach as nósanna imeachta foirne.

    Beidh córas bainistíochta an limistéir páirceála ullamh le haghaidh aistriú sonraí DATEX II.

    d.   Leibhéal platanaim

    Tábla 5

    LEIBHÉAL PLATANAIM

    Imeall

    Déanfar imeall an limistéir páirceála shábháilte shláin a dhaingniú le bacainn leanúnach atá 1,8 méadar ar airde ar a laghad agus a bhfuil cosc ar an dreapadh thairsti feistithe uirthi. Beidh crios soiléir 1 méadar idir an bhacainn agus an limistéar páirceála.

    Cuirfear bearta i bhfeidhm chun damáiste beartaithe agus neamhbheartaithe do na bacainní a chosc.

    Déanfar imeall an limistéir páirceála shábháilte shláin a shoilsiú ag 25 Lux.

    Déanfar faireachán ar imeall iomlán an limistéir páirceála shábháilte shláin le físfhaireachas leanúnach, agus ní fhágfaidh sé aon chaochspota.

    Beidh taifeadadh digiteach leanúnach íosta ag an gcóras TCI de cúig fhráma in aghaidh an tsoicind nó beidh sé bunaithe ar bhrath gluaisne ina bhfuil ceamaraí réamhthaifeadta agus iarthaifeadta, ar ceamaraí fíora lae agus oíche iad le 720 picteilín.

    Déanfaidh an t-oibreoir limistéir páirceála shábháilte shláin gnáthsheiceáil TCI gach 48 uair, agus ní mór taifead a choinneáil ar feadh seachtain amháin den tseiceáil sin.

    Déanfaidh an t-oibreoir limistéir páirceála shábháilte shláin seiceáil feidhmiúlachta ar an gcóras TCI gach 24 n-uaire ar a laghad.

    Coimeádfar na sonraí TCI ar feadh tréimhse 30 lá mura rud é go n-éilítear tréimhse choinneála níos giorra leis an reachtaíocht náisiúnta nó le reachtaíocht an Aontais is infheidhme. Sa chás sin, beidh feidhm ag an tréimhse choinneála is faide is féidir a cheadaítear faoin dlí.

    Beidh baránta TCI nó comhaontú ar leibhéal seirbhíse i bhfeidhm ag an limistéar páirceála sábháilte slán, lena n-áirítear dhá chuairt seirbhíse ar a laghad ó eagraíocht speisialaithe cháilithe in aghaidh na bliana, é sin nó léiriú ar a gcumas cothabhála féin. Is iad teicneoirí cáilithe a oibreoidh i gcónaí na córais TCI atá sa limistéar páirceála sábháilte slán.

    Déanfar na himeachtaí TCI agus na himeachtaí rochtana a shioncronú trí chomhbogearraí nodála.

    Déanfaidh pearsanra a úsáideann cliaint atá bunaithe ar an ngréasán athbhreithniú ar imeachtaí slándála TCI ar an láthair pháirceála. I gcás éaradh líonra déanfar na himeachtaí TCI agus na himeachtaí rochtana uile a stóráil go háitiúil agus a uaslódáil nuair a bheidh na naisc ar bun arís chuig an trealamh lárnach clárúcháin.

    Déanfar cianrialú ar íomhánna TCI (24/7) trí lárionad seachtrach faireacháin agus fála aláraim, mura bhfuil foireann slándála ar an láthair.

    Soláthróidh an córas TCI aláraim maidir le hionradh agus maidir le tardhreapadh, agus tabharfaidh sé aláram trí chomharthaíocht fuaime nó solais ar an láthair pháirceála agus sna hionaid faireacháin agus fála aláraim.

    Déanfar aon fhásra timpeall imeall an limistéir páirceála shábháilte shláin a bhearradh chun a áirithiú go mbeidh dea-infheicthe ann.

    Limistéar páirceála

    Cuirfidh comharthaíocht iomchuí in iúl nach gceadaítear ach feithiclí lasta agus feithiclí údaraithe sa limistéar loctha.

    Déanfar lánaí an limistéir páirceála agus na lánaí coisithe a mharcáil agus a lasadh ag 15 Lux.

    Déanfar aon fhásra sa limistéar páirceála a bhearradh chun a áirithiú go mbeidh dea-infheicthe ann.

    Beidh foireann ar an láithreán nó déanfar físrialú air 24/7.

    Na ceanglais maidir le TCI faoin roinn “imeall” den leibhéal slándála seo, beidh feidhm acu freisin chun críche TCI ag an limistéar páirceála.

    Slí isteach/slí amach

    Déanfar pointí iontrála agus imeachta an limistéir páirceála shábháilte shláin a shoilsiú ag 25 Lux agus beidh siad daingnithe le geataí ar an mbeidh cosaint ar an dreapadh fúthu agus tharstu nó le bacainní ar an mbeidh cosaint ar an dreapadh fúthu agus tharstu, mar aon le mullaird.

    Déanfar TCI a sholáthraíonn cáilíocht mhaith íomhánna a shuiteáil agus a oibriú ag gach pointe iontrála agus imeachta den limistéar páirceála sábháilte slán. Déanfar faireachán ar phointí iontrála agus imeachta, lena n-áirítear pointí iontrála agus imeachta do choisithe, i bhfíor-am.

    Na ceanglais maidir le TCI faoin roinn “imeall” den leibhéal slándála seo, beidh feidhm acu freisin chun críche TCI ag pointí iontrála agus imeachta.

    Déanfar pointí iontrála agus imeachta an limistéir páirceála shábháilte shláin a dhaingniú trí mheicníochtaí coiscthe agus braite ionraidh amhail geataí casta do choisithe ag 1,80 méadar ar airde ar a laghad. Beidh na pointí rochtana ar sheirbhísí amhail leithris, bialanna agus siopaí feistithe le geataí casta tríchosacha má tá rochtain dhíreach idir an limistéar páirceála agus na seirbhísí sin.

    Déanfar pointí iontrála agus imeachta an limistéir páirceála shábháilte shláin a fheistiú le teicneolaíocht aitheanta plátaí ceadúnais. Nuair atáthar ag dul amach as an limistéar páirceála sábháilte slán, fíoróidh an fhoireann slándála an meaitseálann an pláta ceadúnais an t-aitheantóir sa chóras fíoraithe iontrála agus imeachta, e.g. ticéid, léitheoirí RFID nó cóid QR. Taifid ar fheithiclí a théann isteach sa limistéar páirceála sábháilte slán agus ar fheithiclí a thagann amach as, déanfar iad a shábháil i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta nó le reachtaíocht an Aontais is infheidhme.

    Déanfar pointí iontrála agus imeachta an limistéir páirceála shábháilte shláin a dhaingniú trí chóras fíoraithe dhá chéim ina mbeidh na seiceálacha ar an bpláta ceadúnais agus modh iomchuí breise a roghnóidh an limistéar páirceála sábháilte slán agus lena bhféadfaí sainaithint agus fíorú na dtiománaithe, aon duine a bheidh in éineacht le tiománaí agus aon duine údaraithe eile a rachaidh isteach sa láthair páirceála.

    Beidh aon teach geata a bheidh ann in ann ionsaí seachtrach a sheasamh, lena n-áirítear meicníocht dúnta le haghaidh dhoirse an tí garda.

    Nósanna imeachta foirne

    Bunaithe ar mheasúnú riosca bliantúil agus gan dochar do reachtaíocht náisiúnta lena mbunaítear ceanglais bhreise, beidh plean slándála i bhfeidhm chun scrúdú a dhéanamh ar na rioscaí ar leith a bhaineann leis an limistéar páirceála sábháilte slán i ngeall ar thosca amhail an suíomh, cineálacha cliant, dála sábháilteachta tráchta, rátaí coireachta agus cúrsaí slándála ginearálta.

    Bunaithe ar mheasúnú riosca bliantúil agus gan dochar do reachtaíocht náisiúnta lena mbunaítear ceanglais bhreise, beidh plean leanúnachais gnó i bhfeidhm. Áireofar sa phlean sin bearta mionsonraithe maidir leis an mbealach chun freagairt do theagmhais shuaiteacha agus soláthar gníomhaíochtaí criticiúla a choimeád ar bun le linn teagmhais. Beidh bainistiú an limistéir páirceála shábháilte shláin in ann cur chun feidhme na mbeart sin a léiriú.

    Beidh nós imeachta i bhfeidhm le haghaidh cásanna ina mbeidh feithiclí neamhúdaraithe páirceáilte sa limistéar páirceála sábháilte slán. Déanfar an nós imeachta sin a thaispeáint go soiléir ar an limistéar páirceála sábháilte slán.

    Beidh cúnamh ar fáil d’úsáideoirí 24/7

    Eascófar teagmhais agus coireanna a thuairisciú don fhoireann slándála agus do na póilíní a bhuí le nós imeachta soiléir a thaispeáint sa limistéar páirceála sábháilte slán.

    Déanfar duine a cheapadh a bheidh freagrach as nósanna imeachta foirne.

    Úsáidfear lámhleabhar teicniúil úsáideora.

    Cuirfear nósanna imeachta ar bun maidir le freagairt d’aláraim.

    Beidh córas bainistíochta an limistéir páirceála ullamh le haghaidh aistriú sonraí DATEX II.

    Beidh réamháirithint shlán ar fáil ar an bhfón, trí fhoirmeacha teagmhála, trí ríomhphost, trí aipeanna nó ar ardáin áirithinte. Má chuirtear réamháirithint ar fáil trí aipeanna nó córais áirithinte dá samhail, ní mór an tarchur sonraí a dhéanamh i bhfíor-am.


    IARSCRÍBHINN II

    CAIGHDEÁIN AGUS NÓSANNA IMEACHTA DEIMHNIÚCHÁIN

    A.   Comhlachtaí deimhniúcháin agus oiliúint iniúchóirí

    1.

    Is iad comhlachtaí deimhniúcháin agus iniúchóirí a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, agus iadsan amháin, a bheidh i dteideal deimhniú a dhéanamh ar limistéir pháirceála shábháilte shlána dá dtagraítear in Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

    2.

    Comhlachtaí deimhniúcháin a ndéanann a n-iniúchóirí iniúchtaí d’fhonn limistéir pháirceála shábháilte shlána a dheimhniú i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar amach in Iarscríbhinn I, beidh creidiúnú grúpa acu i gcomhréir le ISO 17021.

    3.

    Iniúchóirí a dhéanann iniúchtaí d’fhonn limistéir pháirceála shábháilte shlána a dheimhniú i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar amach in Iarscríbhinn I, beidh gaol conarthach acu leis an gcomhlacht deimhniúcháin.

    4.

    I gcomhréir le ISO 17021, áiritheoidh na comhlachtaí deimhniúcháin go bhfuil an oiliúint chuí ar na hiniúchóirí a dhéanann iniúchtaí d’fhonn limistéir pháirceála shábháilte shlána a dheimhniú.

    5.

    Beidh pas faighte ag iniúchóirí na gcomhlachtaí deimhniúcháin i gcúrsa oiliúna le haghaidh iniúchóirí faoin leagan is déanaí de na caighdeáin a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ar cúrsa é a chuimseoidh cuid theoiriciúil agus cuid phraiticiúil.

    6.

    Beidh eolas maith oibre ar an mBéarla ag iniúchóirí na gcomhlachtaí deimhniúcháin chomh maith le heolas ar theanga áitiúil ábhartha an Bhallstáit ina ndéanann siad an t-iniúchadh.

    7.

    Déanfaidh comhlachtaí deimhniúcháin ar mian leo limistéir pháirceála shábháilte shlána a dheimhniú na doiciméid a chruthaíonn go gcomhlíonann siad na ceanglais uile faoin roinn seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Má chomhlíonann an comhlacht deimhniúcháin na critéir uile a leagtar amach faoin roinn seo, cuirfear ainm agus sonraí teagmhála an chomhlachta deimhniúcháin sin ar an suíomh gréasáin oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

    B.   Nósanna imeachta maidir le hiniúchtaí deimhniúcháin, iniúchtaí gan réamhfhógra agus cúlghairm an deimhnithe páirceála sábháilte slán

    1.

    Déanfar iniúchtaí deimhniúcháin ar limistéir pháirceála shábháilte shlána go fisiceach. Oibreoirí páirceála atá toilteanach a bheith deimhnithe i gcomhréir le caighdeáin an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn I, iarrfaidh siad ar chomhlacht deimhniúcháin iniúchadh deimhniúcháin a dhéanamh ar a suíomh.

    2.

    Trí mhí roimh dheireadh bhailíocht an deimhnithe, iarrfaidh oibreoirí limistéar páirceála sábháilte slána ar mian leo an deimhniúchán a athnuachan, iarrfaidh siad ar a rogha comhlachta deimhniúcháin iniúchadh a dhéanamh orthu an athuair. Eagrófar an t-iniúchadh athdheimhniúcháin agus cuirfear na torthaí in iúl don oibreoir páirceála roimh dháta éaga an deimhnithe reatha.

    3.

    Más rud é, de bharr imthosca eisceachtúla nach bhféadfadh an comhlacht deimhniúcháin ná oibreoir an limistéir páirceála shábháilte shláin a bheith ag súil leo, nach bhfuil an comhlacht deimhniúcháin in ann an t-iniúchadh deimhniúcháin a iarradh a dhéanamh, féadfaidh an comhlacht deimhniúcháin a chinneadh síneadh a chur le bailíocht an deimhnithe reatha suas le sé mhí. Ní fhéadfar síneadh den sórt sin a athnuachan ach aon uair amháin.

    Cuirfidh an comhlacht deimhniúcháin na cúiseanna atá leis an síneadh sin in iúl don Choimisiún agus cuirfear an fhaisnéis ábhartha ar fáil ar an suíomh gréasáin oifigiúil aonair dá dtagraítear in Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

    4.

    Le linn thréimhse bhailíochta an deimhnithe atá ag an limistéar páirceála sábháilte slán, déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin ábhartha iniúchadh gan réamhfhógra amháin ar a laghad ar na caighdeáin a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

    5.

    Cuirfidh an comhlacht deimhniúcháin torthaí na n-iniúchtaí athdheimhniúcháin agus na n-iniúchtaí gan réamhfhógra chuig oibreoir an limistéir páirceála shábháilte shláin gan moill mhíchuí.

    6.

    Má shuíonn an comhlacht deimhniúcháin, tar éis iniúchadh athdheimhniúcháin nó iniúchadh gan réamhfhógra, nach gcomhlíonann an limistéar páirceála sábháilte slán ceann amháin nó níos mó de na ceanglais a chumhdaítear leis an deimhniú a thuilleadh, tabharfaidh sé fógra don oibreoir faoi mhionsonraí na dteipeanna a tugadh faoi deara agus molfaidh sé na bearta chun iad a leigheas. Ligfidh an comhlacht deimhniúcháin don oibreoir aghaidh a thabhairt ar na teipeanna sin laistigh de thréimhse a shocróidh an t-iniúchóir, agus tromchúis na teipe a tugadh faoi deara á cur san áireamh. Cuirfidh an t-oibreoir an comhlacht deimhniúcháin ar an eolas faoi na bearta a rinneadh chun na heasnaimh sin a leigheas agus soláthróidh sé na mionsonraí uile is gá roimh dheireadh na tréimhse.

    7.

    Déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin an measúnú ar na bearta réitigh a chuir an t-oibreoir i bhfeidhm laistigh de 4 seachtaine. Má shuíonn sé go gcomhlíonann an limistéar páirceála sábháilte slán na híoscheanglais seirbhíse uile a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus na ceanglais slándála uile a chumhdaítear leis an deimhniú, eiseofar deimhniú iniúchóireachta nua i leith an leibhéil arna a iarraidh. I gcás iniúchadh gan réamhfhógra, leanfaidh an deimhniú iniúchóireachta céanna d’fheidhm a bheith aige go dtí go rachaidh sé in éag.

    8.

    Má shuíonn an comhlacht deimhniúcháin go gcomhlíonann an limistéar páirceála sábháilte slán na híoscheanglais seirbhíse uile a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus na ceanglais slándála le haghaidh leibhéal slándála eile nach é an leibhéal é a chumhdaíonn an deimhniú reatha, eiseofar deimhniú iniúchóireachta nua a léireoidh an leibhéal slándála iomchuí. I gcás iniúchadh gan réamhfhógra, déanfar deimhniú iniúchóireachta nua ag a mbeidh an leibhéal slándála iomchuí a eisiúint agus beidh dáta éaga an deimhnithe sin mar an gcéanna le dáta éaga a deimhnithe atá sé a ionadú.

    9.

    Má shuíonn an comhlacht deimhniúcháin, tar éis iniúchadh athdheimhniúcháin nó iniúchadh gan réamhfhógra agus measúnú a dhéanamh ar aon bhearta réitigh ina dhiaidh sin, nach gcomhlíonann an limistéar páirceála sábháilte slán na híoscheanglais seirbhíse nó nach gcomhlíonann sé ceann amháin nó níos mó de na ceanglais slándála a chumhdaítear leis an deimhniú atá ann cheana, déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin an deimhniú a chúlghairm. Tabharfaidh an comhlacht deimhniúcháin fógra láithreach don oibreoir, agus beidh an t-oibreoir freagrach as aon tagairt do chaighdeáin an Aontais maidir le limistéir pháirceála shábháilte shlána atá ar a shuíomh a bhaint.

    10.

    Beidh an deis ag an oibreoir páirceála sábháilte sláine achomharc a dhéanamh chuig an gcomhlacht deimhniúcháin a rinne an t-iniúchadh i gcás nach n-aontaíonn sé le toradh an iniúchta, i gcomhréir le caighdeán ISO 17021. Tar éis an t-achomharc a scrúdú, féadfaidh an comhlacht deimhniúcháin a chinneadh gan an deimhniú iniúchóireachta a chúlghairm, nó deimhniú iniúchóireachta nua a eisiúint le haghaidh leibhéal slándála eile.

    C.   Ceanglais nach mór a chomhlíonadh tar éis an iniúchta ag comhlachtaí deimhniúcháin agus soláthar faisnéise

    1.

    Tar éis an iniúchta deimhniúcháin nó athdheimhniúcháin rathúil, déanfaidh an comhlacht deimhniúcháin an deimhniú iniúchóireachta a eisiúint láithreach chuig an oibreoir páirceála, agus seolfaidh sé cóip gan mhoill chuig oibreoir an limistéir páirceála shábháilte shláin dheimhnithe agus chuig an gCoimisiún. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas freisin nuair a dhéanfar deimhnithe iniúchóireachta a chúlghairm nó nuair a athróidh leibhéal slándála na limistéar páirceála sábháilte slán de thoradh a n-iniúchta. Beidh bailíocht trí bliana ag an deimhniú iniúchóireachta.

    2.

    I gcomhréir le hAirteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an fhaisnéis ábhartha maidir le limistéir pháirceála shábháilte shlána atá deimhnithe i gcomhréir leis na caighdeáin a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, go mbeidh sí ar fáil agus cothrom le dáta ar an suíomh gréasáin oifigiúil aonair.

    3.

    Bunóidh na comhlachtaí deimhniúcháin sásra um ghearáin ar líne d’úsáideoirí na limistéar páirceála sábháilte slán.

    4.

    Chun críocha Airteagal 8a(4) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, comhoibreoidh comhlachtaí deimhniúcháin leis an gCoimisiún chun faisnéis agus aiseolas arna mbailiú a mhalartú d’fhonn feabhsuithe nó soiléirithe ar na caighdeáin a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a mholadh, i gcás inarb ábhartha.


    Top