Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0974

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/974 ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2022 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Cidre du Perche/Perche” (STFC))

    C/2022/4270

    IO L 167, 24.6.2022, p. 34–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/974/oj

    24.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 167/34


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/974 ÓN gCOIMISIÚN

    an 16 Meitheamh 2022

    lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Cidre du Perche/Perche” (STFC))

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic an Fhrainc ar chlárú an ainm “Cidre du Perche/Perche” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

    (2)

    Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart an t-ainm “Cidre du Perche/Perche” a chlárú,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, cuirtear an t-ainm “Cidre du Perche/Perche” (STFC) isteach sa chlár.

    Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír, sainítear táirge de chuid Aicme 1.8. Táirgí eile d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh (spíosraí, etc.) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Meitheamh 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Ar son an Uachtaráin,

    Janusz WOJCIECHOWSKI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

    (2)   IO C 100, 1.3.2022, lch. 43.

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).


    Top