This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0973
Commission Delegated Regulation (EU) 2022/973 of 14 March 2022 supplementing Regulation (EU) 2019/1009 of the European Parliament and of the Council by laying down criteria on agronomic efficiency and safety for the use of by-products in EU fertilising products (Text with EEA relevance)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/973 ón gCoimisiún an 14 Márta 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chritéir a leagan síos maidir le héifeachtúlacht agus sábháilteacht agranamaíoch le haghaidh úsáid seachtháirgí i dtáirgí leasacháin AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/973 ón gCoimisiún an 14 Márta 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chritéir a leagan síos maidir le héifeachtúlacht agus sábháilteacht agranamaíoch le haghaidh úsáid seachtháirgí i dtáirgí leasacháin AE (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/1437
IO L 167, 24.6.2022, pp. 29–33
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
24.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 167/29 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/973 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Márta 2022
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chritéir a leagan síos maidir le héifeachtúlacht agus sábháilteacht agranamaíoch le haghaidh úsáid seachtháirgí i dtáirgí leasacháin AE
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 (1), agus go háirithe Airteagal 42(7) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2019/1009 leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh. Comhábhair de cheann amháin nó níos mó de na catagóirí a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, bíonn siad i dtáirgí leasacháin AE. I gcomhréir le Catagóir Comhábhair (“CMC”) 11 den Iarscríbhinn sin, seachtháirgí de réir bhrí Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), maille le roinnt eisceachtaí, agus ar seachtháirgí iad atá le clárú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is féidir na seachtháirgí sin a bheith i dtáirgí leasacháin AE (3). |
|
(2) |
Le hAirteagal 42(7) de Rialachán (AE) 2019/1009 ceanglaítear ar an gCoimisiún Cuid II, CMC 11, pointe 3,d’Iarscríbhinn II a fhorlíonadh trí chritéir a leagan síos maidir le héifeachtúlacht agus sábháilteacht agranamaíoch le haghaidh úsáid seachtháirgí de réir bhrí Threoir 2008/98/CE i dtáirgí leasacháin AE. Chuige sin, thug an Coimisiún sainordú don Airmheán Comhpháirteach Taighde (“JRC”) comhairle eolaíoch a thabhairt (4). |
|
(3) |
Comhdhéanann na seachtháirgí de réir bhrí Threoir 2008/98/CE catagóir an-ilchineálach de shubstaintí. Ní ionann cineál fisiceach ná ceimiceach do na substaintí sin, agus is le linn próisis táirgthe éagsúla a fhaightear iad. Chun críocha an Rialacháin seo, déantar na seachtháirgí a roinnt ina dhá gcatagóir, ag brath ar an gcineál éifeachtúlachta agranamaíche a bhaineann leo. Is leis na seachtháirgí a chuireann cothaithigh ar fáil do phlandaí nó do bheacáin nó a fheabhsaíonn éifeachtúlacht chothaitheach plandaí nó beacán a bhaineann an chéad chatagóir. Is leis na seachtháirgí a úsáidtear mar bhreiseáin theicniúla i dtiúchan níos lú a bhaineann an dara catagóir. Cé nach mbaineann siad go díreach leis an gcothú ná leis an éifeachtúlacht chothaitheach, is amhlaidh a fheabhsaíonn siad cáilíocht an táirge leasacháin nó an tsábháilteacht le linn a láimhseála. |
|
(4) |
I gcás na chéad chatagóire, tá seachtháirgí sainaitheanta ag JRC ar toradh iad ar phróisis táirgthe éagsúla agus a bhfuil salainn amóiniam, salainn sulfáite, salainn fosfáite, sulfar eiliminteach, carbónáit chailciam agus ocsaíd chailciam iontu. Chun a áirithiú go bhfuil luach agranamaíoch soiléir ag na seachtháirgí agus nach mbaineann éifeachtaí leo atá díobhálach do shláinte an duine nó don chomhshaol, ba cheart ceanglas dian a leagan síos maidir leis an íonacht. |
|
(5) |
I gcás an dara catagóir, mhol JRC go gceadófaí seachtháirgí a úsáid mar bhreiseáin theicniúla, amhail oibreáin chruaite, oibreáin nasctha nó stuála, nó oibreáin frithdheannaigh chun an chosaint ar shláinte na n-úsáideoirí a fheabhsú. Chun a áirithiú nach gcuirfidh úsáid seachtháirgí den sórt sin éifeachtúlacht agranamaíoch fhoriomlán an táirge leasúcháin AE i mbaol agus nach mbeidh aon éifeacht dhíobhálach ann ar shláinte an duine ná ar an gcomhshaol, ba cheart uastiúchan sa táirge leasacháin AE deiridh a leagan síos. |
|
(6) |
Ina theannta sin, rinne JRC measúnú ar na seachtháirgí is mó a úsáidtear de réir na gcleachtas atá ann. Roghnaíodh na seachtháirgí sin ar bhonn a n-acmhainneachta chun margaidh, na sonraí atá ar fáil, a staid reatha ó thaobh an dlí de, a stair úsáide agus a luach agranamaíoch soiléir, agus chomh maith leis sin ar bhonn a neamhchasta a bheadh sé critéir shábháilteachta a fhorbairt i bhfianaise na srianta ama a bhain leis an measúnú a dhéanamh. Is iad na seachtháirgí a sainaithníodh máthair-licéar ó imoibriú 5(β-meitil-tia-eitil)-hiodantóin le carbónáit photaisiam i bpróiseas táirgthe meitiainín, iarmhair ó phróiseáil agus íonú mianraí agus mianta, leacht iardhriogtha ó phróiseas Solvay, aol cairbíde ó tháirgeadh aicéitiléine, slaigí feiriúla, salainn mhiotail ó phróiseáil tiúchana mianta agus cóireáil dromchla miotail, agus aigéid húmacha agus fulvacha ó mhílíthiú uisce óil. Ba cheart na seachtháirgí sonracha sin a úsáid i dtáirgí leasacháin AE gan ceanglas go gcloífí le leibhéil shriantacha íonachta i gcás na chéad chatagóire de sheachtháirgí nó go gcloífí leis an gcuspóir agus an uastiúchan a cheadaítear i gcás an dara catagóir de sheachtháirgí. Is é an fáth leis sin go bhfuil na seachtháirgí sin sainaitheanta go soiléir, rud a d’fhág go raibh JRC ábalta measúnú críochnúil a dhéanamh ar a luach agranamaíoch agus ar na rioscaí sonracha uile a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leo. |
|
(7) |
Thairis sin, na critéir fhorlíontacha comhfhreagracha maidir le sábháilteacht le haghaidh úsáid seachtháirgí, ba cheart iad a leagan síos. |
|
(8) |
Ba cheart roinnt de na seachtháirgí sin critéir shábháilteachta a chomhlíonadh a chuireann teorainn leis an gcion éilleán agus substaintí eile ar chúis imní iad, ar critéir iad a chuirtear i bhfeidhm sa bhreis orthu siúd a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009 i gcás na catagóire comhfhreagraí le haghaidh na feidhme táirge, agus gan dochar do Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
|
(9) |
Ba cheart luachanna teorann breise a leagan síos le haghaidh na n-éilleán cróiniam, tailliam agus vanaidiam iomlán. Is féidir na héilleáin sin a bheith i roinnt de na seachtháirgí mar thoradh ar shainiúlacht a bpróisis táirgthe. Ba cheart a áirithiú leis na luachanna teorann atá á moladh i gcás na n-éilleán sin nach dtarlóidh carnadh na n-éilleán san ithir de thoradh úsáid táirgí leasacháin AE ina bhfuil seachtháirgí a bhfuil na héilleán sin iontu. Ba cheart na luachanna teorann le haghaidh na n-éilleán sin a chinneadh mar thiúchan sa táirge deiridh, cosúil leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009. Tá bonn cirt leis sin toisc gur leis an táirge deiridh seachas le comhábhar, go ginearálta, a bhaineann na critéir shábháilteachta a thugtar isteach mar fhreagra ar aon riosca ar leith arna shainaithint. Ba cheart éascaíocht a dhéanamh leis sin don mheasúnú comhréireachta agus don fhaireachas margaidh ar na táirgí sin, mar is ar an táirge deiridh amháin a bhíonn tástálacha le déanamh. |
|
(10) |
Is eol go mbíonn radanúiclídí a fhaightear go nádúrtha le fáil sna hiarmhair ó phróiseáil nó ó íonú méine fosfáite dríodair. Chun úsáid shábháilte seachtháirgí den sórt sin i dtáirgí leasacháin AE a áirithiú, is iomchuí uasleibhéil a leagan síos maidir le luachanna tiúchana gníomhaíochta i gcás radanúiclídí a fhaightear go nádúrtha, ón tsraith úráiniam agus tóiriam i dtáirgí leasacháin AE ina bhfuil ábhair den sórt sin. |
|
(11) |
Thairis sin, ba cheart critéir shábháilteachta bhreise a leagan síos chun teorainn a chur leis an gcion 16 hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha (PAH16) (6) agus débheinsi-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúrán (PCDD/PCDF) (7). Leagtar síos le Rialachán (AE) 2019/1021 laghduithe ar an scaoileadh i gcás PAH16 agus PCDD/PCDF mar shubstaintí a tháirgtear go neamhbheartaithe le linn próisis mhonaraíochta, ach ní thugtar isteach leis luach teorann i gcásanna den sórt sin. I bhfianaise na n-ardrioscaí a bhaineann leis na truaillleáin sin a bheith i dtáirgí leasacháin, meastar gurb iomchuí ceanglais a thabhairt isteach is déine ná na ceanglais sin a leagtar síos sa Rialachán sin. Is ar leibhéal an chomhábhair ba cheart na luachanna teorann sin a leagan síos seachas mar thiúchan sa táirge deiridh, chun an comhleanúnachas le Rialachán (AE) 2019/1021 a áirithiú. |
|
(12) |
Is féidir nach ábhartha i ngach cás na luachanna teorann le haghaidh na n-éilleán PAH16 agus PCDD/PCDF. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a bheith ag monaróirí a thoimhdiú go gcomhlíonann an táirge leasacháin ceanglas áirithe gan é sin a fhíorú, le tástáil mar shampla, aon uair is cinnte dobhréagnaithe, de thoradh chineál nó phróiseas monaraíochta na seachtháirgí a bhaineann le CMC 11 nó an táirge leasacháin AE ina bhfuil seachtháirge den sórt sin, go bhfuil an ceanglas réamhráite á chomhlíonadh. |
|
(13) |
Is féidir seiléiniam a bheith i roinnt de na seachtháirgí, substaint is féidir a bheith tocsaineach má tá sé ann i dtiúchan ard. Is féidir clóiríd a bheith i roinnt acu freisin, rud a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar imní maidir leis an tsalandacht san ithir. Aon uair a bheidh na substaintí sin ann i dtiúchan a sháraíonn teorainn áirithe, ba cheart a gcion a léiriú ar an lipéad le go mbeidh an t-eolas cuí ag úsáideoirí an táirge leasacháin. |
|
(14) |
Ós rud é go mbeidh feidhm iomlán ag Rialachán (AE) 2019/1009 ón 16 Iúil 2022, is gá cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an dáta sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Seachtháirgí a bhaineann le Catagóir Comhábhair (CMC) 11 dá dtagraítear i gCuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, ar seachtháirgí iad a thugann cothaithigh do phlandaí nó do bheacáin nó a fheabhsaíonn a n-éifeachtúlacht chothaithe, comhlíonfaidh siad na critéir seo a leanas maidir le héifeachtúlacht agus sábháilteacht agranamaíoch:
|
(a) |
go bhfuil iontu, de réir ábhar tirim, ar a laghad 95 % salainn amóiniam, salainn sulfáite, salainn fosfáite, sulfar eiliminteach, carbónáit chailciam nó ocsaíd chailciam, nó meascáin díobh sin; |
|
(b) |
go dtáirgtear iad mar dhlúthchuid de phróiseas táirgthe ina n-úsáidtear mar ábhair ionchuir substaintí agus meascáin, diomaite de sheachtháirgí ainmhithe nó táirgí díorthaithe atá laistigh de raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8); |
|
(c) |
go bhfuil iontu cion carbóin orgánaigh (Corg) nach mó ná 0,5 % d’ábhar tirim an tseachtháirge; |
|
(d) |
nach bhfuil iontu ach ar a mhéid 6 mg/kg d’ábhar tirim de hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha (PAH16) (9); |
|
(e) |
nach bhfuil iontu ach ar a mhéid 20 ng de choibhéisí tocsaineachta EDS (10)/kg d’ábhar tirim de na débheinsi-para-dé-ocsainí polaclóirínithe agus de na débheinseafúráin (PCDD/PCDF) (11). |
Táirge leasacháin AE ina bhfuil seachtháirgí nó atá comhdhéanta de sheachtháirgí a chuireann cothaithigh ar fáil do phlandaí nó do bheacán nó a fheabhsaíonn a n-éifeachtúlacht chothaithe, ní bheidh sa táirge sin níos mó ná:
|
(a) |
400 mg/kg d’ábhar tirim de chróimiam iomlán (Cr); |
|
(b) |
2 mg/kg d’ábhar tirim de thailliam (Tl). |
2. Seachtháirgí a bhaineann le Catagóir Comhábhair (CMC) 11 dá dtagraítear i gCuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, ar seachtháirgí iad a úsáidtear mar bhreiseáin theicniúla, comhlíonfaidh siad na critéir seo a leanas maidir le héifeachtúlacht agus sábháilteacht agranamaíoch:
|
(a) |
gurb é ról atá acu sábháilteacht nó éifeachtúlacht agranamaíoch an táirge leasacháin AE a fheabhsú; |
|
(b) |
go bhfuil siad le fáil sa táirge leasacháin AE ag tiúchan iomlán nach mó ná 5 % de réir maise; |
|
(c) |
nach bhfuil iontu ach ar a mhéid 6 mg/kg d’ábhar tirim de hidreacarbóin iltimthriallacha aramatacha (PAH16); |
|
(d) |
nach bhfuil iontu ach ar a mhéid 20 ng de choibhéisí tocsaineachta EDS (12)/kg d’ábhar tirim de na débheinsi-para-dé-ocsainí polaclóirínithe agus de na débheinseafúráin (PCDD/PCDF). |
Airteagal 2
1. Níl feidhm ag na critéir a leagtar síos in Airteagal 1 maidir le seachtháirgí a bhaineann le CMC 11 dá dtagraítear i gCuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1009, ar seachtháirgí iad is ceann de na nithe a leanas atá iontu:
|
(a) |
máthair-licéar ó imoibriú 5(β-meitil-tia-eitil)-hiodantóin le carbónáit photaisiam i bpróiseas táirgthe meitiainín; |
|
(b) |
iarmhair ó phróiseáil agus íonú mianraí agus mianta, má tá iontu carbónáití cailciam, carbónáití maignéisiam, sulfáití cailciam, ocsaíd mhaignéisiam, salainn fosfáite, agus/nó salainn uiscethuaslagtha de photaisiam, de mhaignéisiam, nó de shóidiam, mar chion iomlán ar mó é ná 60 % d’ábhar tirim na n-iarmhar; |
|
(c) |
leacht iardhriogtha ó phróiseas Solvay; |
|
(d) |
aol cairbíde ó tháirgeadh aicéitiléine; |
|
(e) |
slaigí feiriúla; |
|
(f) |
substaintí a dhíorthaítear ó phróiseáil dlútháin méine agus ó chóireáil dromchla miotail ina bhfuil ar a laghad 2 % de réir maise de chaitiain mhiotail thrasdultaigh dhéfhiúsacha nó thrífhiúsacha (sinc (Zn), copar (Cu), iarann (Fe), mangainéis (Mn), nó cóbalt (Co)) i dtuaslagán; |
|
(g) |
aigéid húmacha agus fulvacha ó mhílíthiú uisce óil. |
2. Na luachanna tiúchana gníomhaíochta de radanúiclídí a fhaightear go nádúrtha agus a bhaineann leis na sraitheanna U-238 agus Th-232 i dtáirge leasacháin AE ina bhfuil iarmhair nó atá comhdhéanta d’iarmhair ó phróiseáil nó íonú méine fosfáite dríodair i gcomhréir le mír 1, pointe (b), ní bheidh siad níos mó ná 1 kBq/kg den táirge.
3. Táirge leasacháin AE ina bhfuil seachtháirgí nó atá comhdhéanta de sheachtháirgí dá dtagraítear i bpointí (e) agus (f) den chéad mhír, ní bheidh sa táirge sin níos mó ná:
|
(a) |
400 mg/kg d’ábhar tirim de chróimiam iomlán (Cr); |
|
(b) |
2 mg/kg d’ábhar tirim de thailliam (Tl); |
|
(c) |
600 mg/kg d’ábhar tirim de vanaidiam (V). |
Airteagal 3
Maidir le ceanglais áirithe a leagtar síos in Airteagal 1(1), an chéad fhomhír, pointí (d) agus (e), Airteagal 1(1), an dara fomhír, Airteagal 1(2), pointí (c) agus (d), agus Airteagal 2(2) agus (3), i gcás inar cinnte dobhréagnaithe go bhfuil an ceanglas sin á chomhlíonadh de thoradh chineál nó phróiseas monaraíochta an tseachtháirge nó an táirge leasacháin AE ina bhfuil seachtháirge, de réir mar is infheidhme, féadfar a thoimhdiú gurb ann don chomhlíonadh sin gan é sin a fhíorú (le tástáil mar shampla), sa nós imeachta um measúnú comhréireachta, faoi fhreagracht an mhonaróra.
Airteagal 4
1. I gcás táirge leasacháin AE ina bhfuil seachtháirgí nó atá comhdhéanta de sheachtháirgí dá dtagraítear in Airteagal 1(1), an chéad fhomhír agus in Airteagal 2, an chéad mhír, pointí (b) go (f), agus ar táirge leasacháin AE é ina bhfuil cion seiléiniam (Se) atá os cionn 10 mg/kg d’ábhar tirim, léireofar an cion seiléiniam.
2. I gcás táirge leasacháin AE ina bhfuil seachtháirgí nó atá comhdhéanta de sheachtháirgí dá dtagraítear in Airteagal 1(1), an chéad fhomhír agus in Airteagal 2, an chéad mhír, pointí (b), (c) agus (g), agus ar táirge leasacháin AE é ina bhfuil cion clóiríde (Cl-) atá os cionn 30 mg/kg d’ábhar tirim, léireofar an cion clóiríde, ach amháin má tháirgtear an táirge leasacháin AE trí phróiseas monaraíochta ina n-úsáidtear substaintí nó meascáin ina bhfuil clóiríd chun salainn mhiotail alcaile nó salainn chré mhiotail alcaile a tháirgeadh nó a chuimsiú, agus go soláthraítear faisnéis faoi na salainn sin i gcomhréir le hIarscríbhinn III.
3. I gcás ina léirítear an cion seiléiniam nó clóiríde i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, beidh sé scartha go soiléir ón dearbhú maidir le cothaithigh agus féadfar é a chur in iúl mar raon luachanna.
4. I gcás inar cinnte dobhréagnaithe go bhfuil an cion seiléiniam nó clóiríde i dtáirge leasacháin AE den sórt sin faoi bhun na luachanna teorann i míreanna 1 agus 2 de thoradh chineál nó phróiseas monaraíochta an tseachtháirge nó an táirge leasacháin AE ina bhfuil an seachtháirge sin, de réir mar is infheidhme, féadfar gan aon fhaisnéis faoi na paraiméadair sin a bheith ar an lipéad, gan fhíorú (le tástáil mar shampla), faoi fhreagracht an mhonaróra.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 16 Iúil 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 170, 25.6.2019, lch. 1.
(2) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe, (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
(4) Huygens D, Saveyn HGM, Technical proposals for by-products and high purity materials as component materials for EU Fertilising Products [Moltaí teicniúla maidir le seachtháirgí agus ábhair ardíonachta mar chomhábhair le haghaidh táirgí leasacháin AE], JRC128459, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2022.
(5) Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45).
(6) Suim de naftailéin, aicéanaftailéin, aicéanaiftéin, fluairéin, feanaintréin, antraicéin, fluaraintéin, piréin, beinsea[a]antraicéin, criséin, beinsea[b]fluaraintéin, beinsea[k]fluaraintéin, beinsi[a]piréin, indéini[1,2,3-cd]piréin, débheinsea[a,h]antraicéin agus beinsi[ghi]peiriléin.
(7) Suim de 2,3,7,8-TCDD, 1,2,3,7,8-PeCDD; 1,2,3,4,7,8-HxCDD; 1,2,3,6,7,8-HxCDD; 1,2,3,7,8,9-HxCDD; 1,2,3,4,6,7,8-HpCDD; OCDD; 2,3,7,8-TCDF; 1,2,3,7,8-PeCDF; 2,3,4,7,8-PeCDF; 1,2,3,4,7,8-HxCDF; 1,2,3,6,7,8-HxCDF; 1,2,3,7,8,9-HxCDF; 2,3,4,6,7,8-HxCDF; 1,2,3,4,6,7,8-HpCDF; 1,2,3,4,7,8,9-HpCDF; agus OCDF.
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1).
(9) Suim de naftailéin, aicéanaftailéin, aicéanaiftéin, fluairéin, feanaintréin, antraicéin, fluaraintéin, piréin, beinsea[a]antraicéin, criséin, beinsea[b]fluaraintéin, beinsea[k]fluaraintéin, beinsi[a]piréin, indéini[1,2,3-cd]piréin, débheinsea[a,h]antraicéin agus beinsi[ghi]peiriléin.
(10) van den Berg M., L.S. Birnbaum, M. Denison, M. De Vito, W. Farland, et al. (2006) The 2005 World Health Organization Re-evaluation of Human and Mammalian Toxic Equivalency Factors for Dioxins and Dioxin-like Compounds. Toxicological sciences: an official journal of the Society of Toxicology 93:223-241. doi:10.1093/toxsci/kfl055.
(11) Suim de 2,3,7,8-TCDD, 1,2,3,7,8-PeCDD; 1,2,3,4,7,8-HxCDD; 1,2,3,6,7,8-HxCDD; 1,2,3,7,8,9-HxCDD; 1,2,3,4,6,7,8-HpCDD; OCDD; 2,3,7,8-TCDF; 1,2,3,7,8-PeCDF; 2,3,4,7,8-PeCDF; 1,2,3,4,7,8-HxCDF; 1,2,3,6,7,8-HxCDF; 1,2,3,7,8,9-HxCDF; 2,3,4,6,7,8-HxCDF; 1,2,3,4,6,7,8-HpCDF; 1,2,3,4,7,8,9-HpCDF; agus OCDF.
(12) van den Berg M., L.S. Birnbaum, M. Denison, M. De Vito, W. Farland, et al. (2006) The 2005 World Health Organization Re-evaluation of Human and Mammalian Toxic Equivalency Factors for Dioxins and Dioxin-like Compounds. Toxicological sciences: an official journal of the Society of Toxicology 93:223-241. doi:10.1093/toxsci/kfl055.