This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0960
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/960 of 20 June 2022 correcting the Czech language version of Implementing Regulation (EU) 2015/1502 on setting out minimum technical specifications and procedures for assurance levels for electronic identification means pursuant to Article 8(3) of Regulation (EU) No 910/2014 of the European Parliament and of the Council on electronic identification and trust services for electronic transactions in the internal market (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/960 ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2022 lena gceartaítear an leagan Seicise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 maidir le híos-sonraíochtaí teicniúla agus íosnósanna imeachta teicniúla a leagan amach i dtaca le leibhéil dearbhaithe le haghaidh modh ríomh-shainaitheantais de bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/960 ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2022 lena gceartaítear an leagan Seicise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 maidir le híos-sonraíochtaí teicniúla agus íosnósanna imeachta teicniúla a leagan amach i dtaca le leibhéil dearbhaithe le haghaidh modh ríomh-shainaitheantais de bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/3363
IO L 165, 21.6.2022, p. 40–40
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
21.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 165/40 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/960 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Meitheamh 2022
lena gceartaítear an leagan Seicise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 maidir le híos-sonraíochtaí teicniúla agus íosnósanna imeachta teicniúla a leagan amach i dtaca le leibhéil dearbhaithe le haghaidh modh ríomh-shainaitheantais de bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (1), agus go háirithe Airteagal 8(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Sa leagan Seicise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún (2), tá earráid san Iarscríbhinn, Roinn 2.1.2 (Seiceáil ar chéannacht agus fíorú céannachta (duine nádúrtha)), an ró a bhaineann leis an leibhéal Dearbhaithe “Ard”, an colún “Gnéithe a bhfuil gá leo”, pointe 1(c) a mhéid a bhaineann le sainaithint an leibhéil dearbhaithe is gá. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Seicise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile. |
(3) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge,)
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 257, 28.8.2014, lch. 73.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 maidir le híos-sonraíochtaí teicniúla agus íosnósanna imeachta teicniúla a leagan amach i dtaca le leibhéil dearbhaithe le haghaidh modh ríomh-shainaitheantais de bhun Airteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (IO L 235, 9.9.2015, lch. 7).