This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0949
Council Implementing Regulation (EU) 2022/949 of 20 June 2022 implementing Regulation (EU) 2016/1686 imposing additional restrictive measures directed against ISIL (Da’esh) and Al-Qaeda and natural and legal persons, entities or bodies associated with them
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/949 ón gComhairle an 20 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/1686 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a bhaineann leo
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/949 ón gComhairle an 20 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/1686 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a bhaineann leo
ST/10002/2022/INIT
IO L 164I, 20.6.2022, p. 1–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
20.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 164/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/949 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Meitheamh 2022
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/1686 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a bhaineann leo
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise i gcoinne ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintiteas nó comhlachtaí a bhaineann leo (1), agus go háirithe Airteagal 4(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/1686. |
(2) |
I bhfianaise na bagartha leanúnaí ó ISIL (Da’esh) agus ó Al-Qaeda, agus ó dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo, ba cheart triúr agus grúpa amháin a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686. |
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2016/1686 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 20 Meitheamh 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686 mar a leanas:
(1) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas isteach faoin gceannteideal “A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3”:
|
(2) |
cuirtear isteach an iontráil seo a leanas faoin gceannteideal “B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3”:
|