EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0879

Rialachán (AE) 2022/879 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

ST/8678/2022/INIT

IO L 153, 3.6.2022, p. 53–74 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/879/oj

3.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 153/53


RIALACHÁN (AE) 2022/879 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Meitheamh 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/884 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 (2).

(2)

Tugtar éifeacht le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle (3).

(3)

An 3 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/884 , lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES agus lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise in earnálacha éagsúla.

(4)

Le Cinneadh (CBES) 2022/884, leathnaítear an toirmeasc ar sholáthar seirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais chun trí institiúid creidmheasa breise de chuid na Rúise a chumhdach.

(5)

Le Cinneadh (CBES) 2022/884 freisin, cuirtear leis an liosta daoine a bhfuil baint acu le bonn cosanta agus tionsclaíoch na Rúise, ar daoine iad ar a bhforchuirtear srianta onnmhairiúcháin is déine maidir le hearraí agus teicneolaíochta dé-úsáide, agus earraí agus teicneolaíochtaí a d’fhéadfadh rannchuidiú leis an Rúis feabhas a chur ar a hearnáil cosanta agus slándála trí bhíthin teicneolaíochta.

(6)

Meastar gurb iomchuí freisin liosta na n-ítimí rialaithe, lena bhféadfaí rannchuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Rúise, nó le forbairt earnáil na cosanta agus na slándála, a leathnú.

(7)

Le Cinneadh (CBES) 2022/884 leathnaítear fionraíocht na gceadúnas craoltóireachta san Aontas ag na heagraíochtaí meán atá faoi bhuanrialú cheannaireacht na Rúise.

(8)

Thug Cónaidhm na Rúise faoi fheachtas córasach idirnáisiúnta ionramháil na meán agus saobhadh fíricí chun feabhas a chur ar a straitéis díchobhsaithe ar a tíortha comharsanachta agus ar an Aontas agus a Bhallstáit. Go háirithe, tá an bholscaireacht tar éis díriú arís agus arís eile agus go leanúnach ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha, go háirithe le linn tréimhsí toghcháin, agus chomh maith leis sin, dírítear, leis an mbolscaireacht, ar an tsochaí shibhialta, ar iarrthóirí tearmainn agus ar mhionlaigh eitneacha na Rúise, ar mhionlaigh inscne, agus ar fheidhmiú na n-institiúidí daonlathacha san Aontas agus ina Bhallstáit.

(9)

Chun údar agus tacaíocht a thabhairt don fhogha arna thabhairt aici faoin Úcráin, thug Cónaidhm na Rúise faoi ghníomhaíochtaí bolscaireachta leanúnacha comhbheartaithe dírithe ar an tsochaí shibhialta san Aontas agus ar thíortha comharsanachta, rud a dhéanann fíricí a shaobhadh agus a ionramháil go mór.

(10)

Rinneadh na gníomhaíochtaí bolscaireachta sin a sheoladh trí roinnt eagraíochtaí meán faoi bhuanrialú díreach nó indíreach cheannaireacht Chónaidhm na Rúise. Is bagairt shuntasach, dhíreach iad gníomhaíochtaí den sórt sin ar ord poiblí agus ar shlándáil an Aontais. Tá na heagraíochtaí meán sin ríthábhachtach agus tá ról lárnach acu ó thaobh tacaíocht a thabhairt don fhogha faoin Úcráin agus é a thabhairt chun cinn, agus ó thaobh tacaíocht a thabhairt do dhíchobhsú na dtíortha comharsanachta.

(11)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, agus mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, is gá, i gcomhréir leis na cearta agus na saoirsí bunúsacha a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, go háirithe an ceart chun tuairimí a nochtadh agus an ceart chun faisnéise, mar a aithnítear in Airteagal 11 di, tuilleadh bearta sriantacha a thabhairt isteach chun gníomhaíochtaí craoltóireachta na n-eagraíochtaí meán sin san Aontas nó na gníomhaíochtaí craoltóireachta atá dírithe ar an Aontas a chur ar fionraí. Ba cheart na bearta a choinneáil go dtí go gcuirfear deireadh leis an bhfogha faoin Úcráin, agus go dtí go n-éireoidh Cónaidhm na Rúise, agus a heagraíochtaí meán gaolmhara, as gníomhaíochtaí bolscaireachta a dhéanamh i gcoinne an Aontais agus a Bhallstát.

(12)

Is iomchuí cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle chun a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, agus tar éis scrúdú a dhéanamh ar na fíorais ábhartha, an mbeidh na bearta sriantacha le teacht chun bheith infheidhme, ar an dáta a shonraítear sa Rialachán seo, maidir le heintiteas amháin nó roinnt eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo.

(13)

I gcomhréir leis na cearta agus saoirsí bunúsacha a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, go háirithe leis an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, leis an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus leis an gceart chun maoine mar a aithnítear in Airteagail 11, 16 agus 17 di, ní chuireann na bearta sin cosc ar na heagraíochtaí meán ná ar a bhfoireann gníomhaíochtaí a dhéanamh san Aontas seachas craoladh, amhail taighde agus agallaimh. Go háirithe, leis na bearta sin, ní mhodhnaítear an oibleagáid atá ann na cearta, na saoirsí agus na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a urramú, lena n-áirítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha, agus i mbunreachtanna na mBallstát, laistigh dá réimsí cur i bhfeidhm faoi seach.

(14)

Le Cinneadh (CBES) 2022/884. forchuirtear toirmeasc freisin ar fhógraíocht a dhéanamh ar tháirgí nó ar sheirbhísí in aon ábhar a tháirgeann nó a chraolann eagraíochtaí meán na Rúise atá faoi bhuanrialú cheannaireacht na Rúise faoi réir ceadúnais chraolacháin a bheith curtha ar fionraí.

(15)

Le Cinneadh (CBES) 2022/884 forchuirtear toirmisc freisin ar amhola agus ar tháirgí peitriliam áirithe, ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis, a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú isteach sna Ballstáit, go díreach nó go hindíreach, agus ar árachas agus athárachas maidir le muiriompar earraí den sórt sin a iompar chuig tríú tíortha. Déantar foráil maidir le hidirthréimhsí iomchuí.

(16)

De bharr staid gheografach roinnt Ballstát, a ghineann spleáchas sonrach ar amhola arna hallmhairiú trí phíblíne ón Rúis, agus de bharr nach bhfuil aon soláthairtí malartacha inmharthana sa ghearrthéarma acu, níor cheart feidhm a bheith ag na toirmiscí allmhairiúcháin ar amhola ón Rúis maidir le hallmhairí amhola trí phíblíne ón Rúis isteach sna Ballstáit sin, go sealadach, go dtí go gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt. Ba cheart do na Ballstáit sin gach beart is gá a dhéanamh chun soláthairtí malartacha a fháil ionas go n-áiritheofar go dtabharfar faoi réir na dtoirmeasc a luaithe is féidir na hallmhairí amhola trí phíblíne ón Rúis.

(17)

Is gá toirmeasc a chur ar aistriú ar aghaidh, iompar nó athdhíol amhola ón Rúis a sheachadtar isteach i mBallstát trí phíblíne chuig Ballstáit eile nó chuig tríú tíortha, agus toirmeasc a chur freisin, tar éis idirthréimhse 8 mí, ar tháirgí peitriliam a fhaightear ón amhola sin a aistriú ar aghaidh, a iompar nó a athdhíol chuig Ballstáit eile. Mar gheall ar an gcaoi shonrach a bhfuil an tSeicia ag brath ar tháirgí peitriliam den sórt sin, ba cheart tréimhse bhreise 10 mí a thabhairt di chun soláthairtí malartacha a fháil.

(18)

De bharr staid gheografach shonrach na Bulgáire ba cheart foráil a dhéanamh maidir le maolú speisialta ar na toirmisc ar allmhairiú amhola mhuiriompartha agus ar tháirgí peitriliam go ceann tréimhse teoranta. De bharr staid shonrach na Cróite atá nasctha leis an ngá atá ag an scaglann atá aici soláthar rialta ola folúsgháis a chinntiú ionas go bhfeidhmeoidh sí, ba cheart go bhféadfadh an t-údarás inniúil náisiúnta ceannach, allmhairiú nó aistriú ola folúsgháis ón Rúis a údarú ar feadh tréimhse shonrach ama faoi choinníollacha áirithe.

(19)

Má chuirtear isteach ar sholáthar amhola trí phíblíne ón Rúis chuig Ballstát talamhiata ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an mBallstát sin orthu, ba cheart allmhairiú amhola muiriompartha ón Rúis isteach sa Bhallstát sin a cheadú, mar mhaolú sealadach eisceachtúil, go dtí go gcuirfear tús arís leis an soláthar trí phíblíne nó go dtí go gcinnfidh an Chomhairle go mbeidh feidhm ag an toirmeasc ar allmhairiú amhola a sheachadtar trí phíblíne i ndáil leis an mBallstát sin.

(20)

I gcás suaitheadh tobann ar sholáthairtí ola, cibé acu an soláthairtí trí phíblíne nó soláthairtí muiriompartha iad, ba cheart do na Ballstáit gníomhú de mheon na dlúthpháirtíochta agus an chomhar réigiúnaigh, agus baint a bheith ag na húdaráis phoiblí agus na gnóthais fuinnimh araon leis seo, i ndlúthchomhar, laistigh den Ghrúpa Comhordaithe Ola, ag féachaint do scaoileadh féideartha stoc ola, lena n-áirítear stoic ola éigeandála, agus bearta eile, mar a fhoráiltear ina bpleananna teagmhasacha náisiúnta nó mar a comhaontaíodh i gcomhréir le Treoir 2009/119/CE. Tá ábharthacht ar leith ag baint leis an tiomantas sin maidir le dlúthpháirtíocht agus comhar i bhfianaise an fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin agus toisc go bhféadfadh sé go mbeadh suaitheadh ar sholáthairtí amhola ón Rúis, go háirithe i ndáil le píblínte nó calafoirt na Mara Duibhe sna Ballstáit is mó atá neamhchosanta le linn na hidirthréimhse. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar mhargaí agus ar shlándáil an tsoláthair, agus tuairisceoidh sé don Chomhairle ar bhonn rialta agus, más gá, déanfaidh sé tograí chun slándáil an tsoláthair a neartú.

(21)

I gcomhréir le prionsabal na saoirse idirthurais, ba cheart na toirmisc ar cheannach, allmhairiú nó aistriú amhola mhuiriompartha agus táirgí peitriliam áirithe ón Rúis a bheith gan dochar do cheannach, allmhairiú nó aistriú na n-earraí sin ar de thionscnamh tríú tír iad agus nach bhfuil ach ar idirthuras tríd an Rúis. Go háirithe, níor cheart feidhm a bheith ag na toirmisc sin i gcás ina sainaithnítear an Rúis mar an Stát onnmhairíochta sna dearbhuithe custaim, má shainaithnítear an tír thionscnaimh le haghaidh na hamhola agus táirgí peitriliam eile mar thríú Stát sna dearbhuithe sin.

(22)

Ba cheart do na húdaráis náisiúnta na seiceálacha is gá a dhéanamh chun a áirithiú nach dtéitear timpeall ar na toirmisc mar thoradh ar idirthuras earraí tríú tír. Má tá fianaise leordhóthanach ann go dtéitear timpeall ar an toirmeasc mar thoradh ar allmhairiú earraí tríú tír, ba cheart toirmeasc a chur ar na hallmhairí sin.

(23)

Thairis sin, le Cinneadh (CBES) 2022/884 forchuirtear toirmisc ar sholáthar seirbhísí cuntasaíochta, iniúchóireachta, leabharchoimeádta agus seirbhísí comhairliúcháin cánach, chomh maith le seirbhísí comhairliúcháin gnó agus bainistíochta agus seirbhísí caidrimh phoiblí don Rúis.

(24)

D’fhonn a áirithiú go gcuirfear Airteagal 5m de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 chun feidhme go rianúil, is iomchuí síneadh a chur leis an spriocdháta maidir le scor na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal sin ón 10 Bealtaine 2022 go dtí an 5 Iúil 2022.

(25)

Is iomchuí a shoiléiriú nach gcuireann an Rialachán seo cosc ar dhuine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit íocaíochtaí a ghlacadh óna chontrapháirtí Rúiseach de bhun conarthaí a bhaineann le hearraí agus teicneolaíochtaí mar a liostaítear in Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 arna dtabhairt i gcrích roimh an 26 Feabhra 2022 agus arna gcomhlíonadh ag an duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sin roimh an 27 Bealtaine 2022.

(26)

Ag féachaint d'Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach ón gcoigríoch (4), cumhdaítear le seirbhísí cuntasaíochta, iniúchóireachta, leabharchoimeádta agus comhairliúcháin cánach, cumhdaítear idirbhearta tráchtála a thaifeadadh do ghnólachtaí agus d’eintitis eile; seirbhísí scrúdaithe ar thaifid chuntasaíochta agus ar ráitis airgeadais; pleanáil cánach gnó agus comhairliúchán maidir léi; agus doiciméid chánach a ullmhú. Le seirbhísí comhairliúcháin gnó agus bainistíochta agus seirbhísí caidrimh phoiblí cumhdaítear seirbhísí comhairleacha, treorach agus cúnaimh oibríochtúil a sholáthraítear do ghnólachtaí le haghaidh beartas agus straitéis gnó agus chun eagraíocht a phleanáil, a struchtúrú agus a rialú i gcoitinne. Áirítear leis sin táillí bainistíochta, rialú airgeadais; comhairliúchán maidir le bainistíocht margaidh, acmhainní daonna, bainistíocht táirgeachta agus bainistíocht tionscadal; agus seirbhísí comhairleacha, treorach agus oibríochtúla a bhaineann le feabhas a chur ar íomhá na gcliant agus a gcaidreamh leis an bpobal i gcoitinne agus le hinstitiúidí eile.

(27)

Chun a áirithiú go gcuirfear na bearta a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 chun feidhme mar is ceart, is iomchuí an díolúine ón toirmeasc ar iompar earraí ag gnóthais iompair de bhóthar atá bunaithe sa Rúis a leathnú chun na hionadaíochtaí taidhleoireachta agus consalacha uile sa Rúis a chumhdach. Is iomchuí freisin díolúintí áirithe ó na toirmisc ar thaiscí a ghlacadh agus ar iontaobhais a leathnú, agus is iomchuí na forálacha maidir le pionóis náisiúnta i leith shárú na mbeart sa Rialachán sin a shoiléiriú agus a neartú.

(28)

Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais.

(29)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 2f, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.   Cuirfear toirmeasc ar fhógraíocht a dhéanamh ar tháirgí nó ar sheirbhísí in aon ábhar arna léiriú nó arna chraoladh ag na daoine dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn XV, lena n-áirítear trí tharchur nó trí dháileadh ar aon cheann de na modhanna dá dtagraítear i mír 1.’;

(2)

in Airteagal 3(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

iompar gáis nádúrtha agus ola, lena n-áirítear táirgí peitriliam scagtha, mura dtoirmisctear sin faoi Airteagal 3m nó 3n, ón Rúis nó tríd an Rúis isteach san Aontas; nó’;

(3)

in Airteagal 3a(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

tá sé riachtanach chun soláthar criticiúil fuinnimh a áirithiú laistigh den Aontas, chomh maith le gás nádúrtha agus ola, lena n-áirítear táirgí peitriliam scagtha, mura dtoirmisctear sin faoi Airteagal 3m nó 3n, a iompar ón Rúis, nó tríthi, isteach san Aontas; nó’;

(4)

in Airteagal 3ea(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

mura dtoirmisctear sin faoi Airteagal 3m nó 3n, gás nádúrtha agus ola, lena n-áirítear táirgí peitriliam scagtha, tíotáiniam, alúmanam, copar, nicil, pallaidiam agus amhiarainn, chomh maith le táirgí ceimiceacha agus iarainn áirithe mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXIV, a cheannach, a allmhairiú nó a iompar isteach san Aontas;’;

(5)

in Airteagal 31(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

mura dtoirmisctear sin faoi Airteagal 3m nó 3n, gás nádúrtha agus ola, lena n-áirítear táirgí peitriliam scagtha, chomh maith le tíotáiniam, alúmanam, copar, nicil, pallaidiam agus amhiarainn, a cheannach, a allmhairiú nó a iompar isteach san Aontas;’;

(6)

in Airteagal 31(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

feidhmiú ionadaíochtaí taidhleoireachta agus consalacha sa Rúis, lena n-áirítear toscaireachtaí, ambasáidí agus misin, nó eagraíochtaí idirnáisiúnta sa Rúis a thairbhíonn de dhíolúintí i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta; nó’;

(7)

cuirtear isteach na hairteagail seo a leanas:

‘Airteagal 3m

1.   Maidir le hamhola nó táirgí peitriliam, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXV, cuirfear toirmeasc ar iad a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú, go díreach nó go hindíreach, más de thionscnamh na Rúise iad nó más ón Rúis a onnmhairítear iad.

2.   Cuirfear toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta, maoiniú nó cúnamh airgeadais, nó aon seirbhís eile a bhaineann leis an toirmeasc i mír 1, a sholáthar go díreach nó go hindíreach.

3.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2:

(a)

go dtí an 5 Nollaig 2022, maidir le hidirbhearta aonuaire le haghaidh seachadadh gearrthéarmach, arna dtabhairt i gcrích agus arna bhforghníomhú roimh an dáta sin, nó maidir le tabhairt i gcrích conarthaí chun earraí a thagann faoi AC 2709 00 a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú arna dtabhairt i gcrích roimh an 4 Meitheamh 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú, ar choinníoll gur chuir na Ballstáit ábhartha fógra chuig an gCoimisiún faoi na conarthaí sin faoin 24 Meitheamh 2022 agus go dtabharfaidh na Ballstáit ábhartha fógra don Choimisiún faoi na hidirbhearta aonuaire le haghaidh seachadadh gearrthéarmach laistigh de 10 lá ón dtabhairt i gcrích;

(b)

go dtí an 5 Feabhra 2023, maidir le hidirbhearta aonuaire le haghaidh seachadadh gearrthéarmach, arna dtabhairt i gcrích agus arna bhforghníomhú roimh an dáta sin, nó maidir le tabhairt i gcrích conarthaí chun earraí a thagann faoi AC 2710 a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú arna dtabhairt i gcrích roimh an 4 Meitheamh 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú, ar choinníoll gur chuir na Ballstáit ábhartha fógra chuig an gCoimisiún faoi na conarthaí sin an 24 Meitheamh 2022 agus go dtabharfaidh na Ballstáit ábhartha fógra don Choimisiún faoi na hidirbhearta aonuaire le haghaidh seachadadh gearrthéarmach laistigh de 10 lá óna dthabhairt i gcrích;

(c)

maidir le ceannach, allmhairiú nó aistriú amhola mhuiriompartha agus táirgí peitriliam a liostaítear in Iarscríbhinn XXV, i gcás gur de thionscnamh tríú tír na hearraí sin agus nach bhfuil siad ach á luchtú sa Rúis, ag imeacht ón Rúis nó ar idirthuras tríd an Rúis, ar choinníoll nach de thionscnamh na Rúise na hearraí sin agus nach Rúiseach úinéir na n-earraí sin;

(d)

maidir leis an amhola a thagann faoi AC 2709 00 agus a sheachadtar trí phíblíne ón Rúis isteach sna Ballstáit, go dtí go gcinnfidh an Chomhairle go mbeidh feidhm ag na toirmisc atá i míreanna 1 agus 2.

4.   Má chuirtear isteach ar an soláthar amhola trí phíblíne ón Rúis chuig Ballstát talamhiata ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an mBallstát sin orthu, féadfar amhola mhuiriompartha ón Rúis a thagann faoi AC 2709 00 a allmhairiú isteach sa Bhallstát sin, mar mhaolú sealadach eisceachtúil ar mhíreanna 1 agus 2, go dtí go n-atosófar ar an soláthar nó go dtí go mbeidh feidhm ag an gcinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 3(d) maidir leis an mBallstát sin, cibé acu is túisce.

5.   Amhail ón 5 Nollaig 2022, agus de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na Bulgáire údarú a thabhairt, suas go dtí an 31 Nollaig 2024, d’fhorghníomhú conarthaí arna dtabhairt i gcrích roimh an 4 Meitheamh, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú, chun amhola mhuiriompartha agus táirgí peitriliam a liostaítear in Iarscríbhinn XXV, ar de thionscnamh na Rúise iad nó a onnmhairítear ón Rúis, a thagann faoi AC 2709 00 a cheannach, a allmhairiú trí phíblíne nó a aistriú.

6.   Amhail ón 5 Feabhra 2023, agus de mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla na Cróite údarú a thabhairt go dtí 31 Nollaig 2023 chun ola fholúsgháis a thagann faoi AC 2710, ar de thionscnamh na Rúise iad nó a onnmhairítear ón Rúis, a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas araon:

(a)

nach bhfuil soláthar malartach ar fáil don ola fholúsgháis sin; agus

(b)

tá fógra tugtha ag an gCróit don Choimisiún, 2 sheachtain ar a laghad roimh an údarú, maidir leis na forais ar a measann sí gur cheart údarú sonrach a dheonú, agus ní dhearna an Coimisiún agóid laistigh den tréimhse sin.

7.   Na hearraí a allmhairítear de réir maolú arna dheonú ag údarás inniúil faoi mhír 5 nó 6, ní dhíolfar ar aghaidh iad le ceannaitheoirí atá lonnaithe i mBallstát eile nó i dtríú tír.

8.   Cuirfear toirmeasc ar aistriú nó iompar amhola arna seachadta trí phíblíne isteach sna Ballstáit mar a thagraítear don mhéid sin i mír 3(d) chuig Ballstáit eile nó chuig tríú tíortha, nó ar a díol le ceannaitheoirí i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha.

Déanfar na coinsíneachtaí agus na coimeádáin den amhola sin a mharcáil go soiléir mar ‘REBCO: onnmhairiú toirmiscthe’.

Amhail ón 5 Feabhra 2023, i gcás inar seachadadh amhola trí phíblíne isteach i mBallstát mar a thagraítear don mhéid sin i mír 3(d), beidh toirmeasc ar tháirgí peitriliam a thagann faoi AC 2710 arna bhfáil ón amhola sin a aistriú nó a iompar chuig Ballstáit eile nó chuig tríú tíortha, nó na táirgí peitriliam sin a dhíol le ceannaitheoirí i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha.

Mar mhaolú sealadach, beidh feidhm ag na toirmisc dá dtagraítear sa tríú fomhír amhail ón 5 Nollaig 2023 maidir le táirgí peitriliam arna bhfáil as amhola arna seachadta trí phíblíne isteach i mBallstát eile mar a thagraítear don mhéid sin i mír 3(d) a allmhairiú nó a aistriú isteach sa tSeicia agus maidir lena ndíol le ceannaitheoirí sa tSeicia. Má chuirtear soláthairtí malartacha ar na táirgí peitriliam sin ar fáil don tSeicia roimh an dáta sin, déanfaidh an Chomhairle an maolú sealadach sin a fhoirceannadh. Le linn na tréimhse go dtí an 5 Nollaig 2023, ní rachaidh méideanna na dtáirgí peitriliam sin arna n-allmhairiú isteach sa tSeicia ó Bhallstáit eile thar na meánmhéideanna a allmhairíodh isteach sa tSeicia ó na Ballstáit eile sin thar an tréimhse chéanna sna 5 bliana roimhe sin.

9.   Ní bhainfidh na toirmisc i mír 1 le ceannacháin earraí sa Rúis atá liostaithe in Iarscríbhinn XXV, ar earraí iad a bhfuil gá leo chun freastal ar bhunriachtanais an cheannaitheora sa Rúis, nó ar bhunriachtanais tionscadal daonchairdiúil sa Rúis.

10.   Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún tráth nach déanaí ná an 8 Meitheamh 2022 agus gach trí mhí ina dhiaidh sin maidir leis na méideanna amhola a thagann faoi AC 2709 00 arna hallmhairiú trí phíblíne, mar a thagraítear don mhéid sin i mír 3(d). Déanfar figiúirí allmhairiúcháin den sórt sin a mhiondealú de réir na píblíne. I gcás ina mbeidh feidhm ag an maolú sealadach eisceachtúil dá dtagraítear i mír 4 maidir le Ballstát talamhiata, tabharfaidh an Ballstát sin tuairisc don Choimisiún gach 3 mhí maidir leis na méideanna amhola mhuiriompartha a thagann faoi AC 2709 00 a allmhairíonn sé ón Rúis, fad a bheidh feidhm ag an maolú sin.

Le linn na tréimhse go dtí an 5 Nollaig 2023, dá dtagraítear sa cheathrú fomhír de mhír 8, tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún gach 3 mhí maidir leis na méideanna a onnmhairíonn siad go dtí an tSeicia de tháirgí peitriliam a thagann faoi AC 2710 agus a fhaightear ón amhola arna seachadta le píblíne, mar a thagraítear don mhéid sin i mír 3(d).

Airteagal 3n

1.   Cuirfear toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnamh airgeadais, a bhaineann le hamhola nó táirgí peitriliam, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXV ar de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis, a iompar, go díreach nó go hindíreach, chuig tríú tíortha, lena n-áirítear aistrithe ó long go long.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le:

(a)

forghníomhú go dtí an 5 Nollaig 2022 maidir le forghníomhú conarthaí a tugadh i gcrích roimh an 4 Meitheamh 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú; nó

(b)

iompar amhola nó táirgí peitriliam mar a liostaítear in Iarscríbhinn XXV i gcás gur de thionscnamh tríú tír na hearraí sin agus nach bhfuil siad ach á luchtú sa Rúis, ag imeacht ón Rúis nó ar idirthuras tríd an Rúis, ar choinníoll nach de thionscnamh na Rúise na hearraí sin agus nach Rúiseach úinéir na n-earraí sin.’;

(8)

leasaítear Airteagal 5aa mar a leanas:

(a)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘2a.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir leis na daoine dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí dá dtagraítear inti íocaíochtaí dlite a ghlacadh de bhun conarthaí arna gcomhlíonadh roimh an 15 Bealtaine 2022.’;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

mura dtoirmisctear sin faoi Airteagal 3m nó 3n, idirbhearta a bhfuil fíorghá leo chun gás nádúrtha agus ola a cheannach go díreach nó go hindíreach, a allmhairiú nó a iompar, lena n-áirítear táirgí peitriliam scagtha, chomh maith le tíotáiniam, alúmanam, copar, nicil, pallaidiam agus amhiarainn ón Rúis isteach san Aontas, ó thír is ball den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ón Eilvéis nó ó na Balcáin Thiar nó tríd an Rúis isteach san Aontas;’;

(c)

i mír 3, cuirtear na pointí seo a leanas léi:

‘(d)

idirbhearta, lena n-áirítear díolacháin, a bhfuil géarghá leo don fhoirceannadh, faoin 5 Meán Fómhair 2022, i ndáil le comhfhiontar nó ó comhshocrú dlíthiúila comhchosúil arna chur i gcrích roimh an 16 Márta 2022, a bhaineann le duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i mír 1;

(e)

idirbhearta a bhaineann le soláthar seirbhísí cumarsáide leictreonaí, seirbhísí lárionaid sonraí, agus soláthar seirbhísí agus trealamh is gá chun iad a oibriú, a chothabháil, a shlándáil, lena n-áirítear ballaí dóiteáin, agus ionaid glaonna a sholáthar, do dhuine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá liostaithe in Iarscríbhinn XIX.’;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5c:

‘Airteagal 5c

1.   De mhaolú ar Airteagail 5b(1) agus (2), féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt go nglacfar le héarlais nó le soláthar tiachóige, le seirbhís cuntais nó le seirbhís cumhdaigh den sórt sin, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh, maidir le héarlais nó le soláthar tiachóige, le seirbhís cuntais nó le seirbhís cumhdaigh den sórt sin:

(a)

go bhfuil gá leo chun bunriachtanais daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5b(1) agus a mball teaghlaigh cleithiúnach a chomhlíonadh, lena n-áirítear íocaíochtaí as bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóir leighis, cánacha, préimheanna árachais agus muirir fóntais phoiblí;

(b)

go bhfuil siad ceaptha chun táillí gairmiúla réasúnta a íoc nó costais arna dtabhú a aisíoc, ar costais iad a bhaineann le soláthar seirbhísí dlí, agus chuige sin amháin;

(c)

go bhfuil siad ceaptha go heisiach chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a choinneáil ar bun ar bhonn rialta;

(d)

go bhfuil gá leo i gcás costais urghnácha, ar choinníoll go bhfuil fógra tugtha, 2 sheachtain ar a laghad roimh an údarú, ag an údarás inniúil ábhartha d’údaráis inniúla na mBallstát eile agus don Choimisiún faoi na forais ar a meastar gur cheart údarú sonrach a dheonú; nó

(e)

go bhfuil gá leo chun críoch oifigiúil misin taidhleoireachta nó poist chonsalaigh nó eagraíochta idirnáisiúnta.

2.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 1, pointí (a), (b), (c) nó (e), laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’;

(10)

in Airteagal 5f, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le náisiúnaigh Ballstáit, le náisiúnaigh tíre sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ná le náisiúnaigh na hEilvéise, ná le daoine nádúrtha ag a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstáit, i dtír is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó san Eilvéis.’;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5h:

‘Article 5h

1.   Cuirfear toirmeasc ar sheirbhísí speisialaithe teachtaireachtaí airgeadais a sholáthar, a úsáidtear chun sonraí airgeadais a mhalartú, do na daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV nó d’aon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis agus a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn XIV.

2.   Maidir le gach duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn XIV, beidh feidhm ag an toirmeasc a leagtar amach i mír 1 amhail ón dáta a luaitear dó san Iarscríbhinn sin. Beidh feidhm ag an toirmeasc amhail ón dáta céanna maidir le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht arna bhunú sa Rúis agus a bhfuil níos mó ná 50% dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn XIV.’;

(12)

in Airteagal 5k(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

mura gcuirtear toirmeasc sin faoi Airteagal 3m nó 3n, gás nádúrtha agus ola, lena n-áirítear táirgí peitriliam scagtha, chomh maith le tíotáiniam, alúmanam, copar, nicil, pallaidiam agus amhiarainn, a cheannach, a allmhairiú nó a iompar ón Rúis, nó tríthi, isteach san Aontas; nó’;

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5m:

‘Airteagal 5m

1.   Cuirfear toirmeasc ar iontaobhas nó ar aon socrú dlí comhchosúil a chlárú, nó oifig chláraithe, seoladh gnó nó seoladh riaracháin chomh maith le seirbhísí bainistíochta a sholáthar dó, arb iontaobhas nó ar socrú dlí é ag a bhfuil mar shocraitheoir nó mar thairbhí:

(a)

náisiúnaigh Rúiseacha nó daoine nádúrtha a chónaíonn sa Rúis;

(b)

daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe sa Rúis;

(c)

daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil níos mó ná 50 % dá gcearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag duine nádúrtha nó duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b);

(d)

daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí arna rialú ag duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c);

(e)

duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúir duine nádúrtha nó dlítheanaigh, eintitis nó comhlachta dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) nó (d).

2.   Cuirfear toirmeasc amhail ón 5 Iúil 2022 ar ghníomhú, nó socrú a dhéanamh chun go mbeadh duine eile ag gníomhú, mar iontaobhaí, mar scairshealbhóir ainmnitheach, mar stiúrthóir, mar rúnaí nó i bpost comhchosúil, i gcomhair iontaobhais nó comhshocrú dlíthiúil comhchosúil dá dtagraítear i mír 1.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus 2 maidir leis na hoibríochtaí atá fíor-riachtanach maidir le foirceannadh conarthaí, faoin 5 Iúil 2022, nach bhfuil i gcomhréir leis an Airteagal seo a tugadh chun críche roimh an 9 Aibreán 2022 nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú.

4.   Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 i gcás inar náisiúnach Ballstáit nó duine nádúrtha a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan aige i mBallstát é an socraitheoir nó an tairbhí.

5.   De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na húdaráis inniúla, faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, leanúint de na seirbhísí dá dtagraítear i mír 2 tar éis an 5 Iúil 2022, in ionad:

(a)

oibríochtaí a chur i gcrích faoin 5 Meán Fómhair 2022 atá fíor-riachtanach maidir le foirceannadh conarthaí dá dtagraítear i mír 3, ar choinníoll go ndearnadh na hoibríochtaí sin a thionscnamh roimh an 11 Bealtaine 2022; nó

(b)

ar chúiseanna eile, ar choinníoll nach nglacann na soláthróirí seirbhíse le haon chistí nó acmhainní eacnamaíocha ó na daoine dá dtagraítear i mír 1, ná nach gcuireann siad aon chistí nó acmhainní eacnamaíocha ar fáil dóibh, go díreach ná go hindíreach, ná aon tairbhe as sócmhainní arna gcur in iontaobhas a chur ar fáil do na daoine.

6.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla na seirbhísí dá dtagraítear sna míreanna sin a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leo le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a)

críocha daonnúla, amhail cúnamh a sheachadadh nó an seachadadh sin a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, bia, nó oibrithe daonnúla a aistriú nó cúnamh gaolmhar nó le haghaidh aslonnuithe;

(b)

gníomhaíochtaí na sochaí sibhialta a chuireann chun cinn go díreach an daonlathas, cearta an duine nó an smacht reachta sa Rúis; nó

(c)

feidhmiú iontaobhas arb é is cuspóir acu scéimeanna pinsin ceirde, polasaithe árachais, nó scéim scaireanna d’fhostaithe, carthanachtaí, clubanna spóirt amaitéaracha agus cistí le haghaidh mionaoiseach nó le haghaidh aosaigh leochaileacha a riar.

7.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 5 nó 6 laistigh de 2 sheachtain ón údarú sin.’;

(14)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 5n

1.   Cuirfear toirmeasc ar sheirbhísí cuntasaíochta, iniúchóireachta, lena n-áirítear seirbhísí iniúchóireachta reachtúla, seirbhísí leabharchoimeádta nó seirbhísí comhairliúcháin cánach, nó seirbhísí comhairliúcháin gnó agus bainistíochta nó seirbhísí caidrimh phoiblí a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, dóibh seo a leanas:

(a)

Rialtas na Rúise; nó

(b)

daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe sa Rúis.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le soláthar seirbhísí atá fíor-riachtanach maidir le foirceannadh, faoin 5 Iúil 2022 conarthaí nach bhfuil i gcomhréir leis an Airteagal seo a tugadh i gcrích roimh 4 Meitheamh 2022, nó conarthaí coimhdeacha is gá chun conarthaí den sórt sin a fhorghníomhú.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le soláthar seirbhísí atá fíor-riachtanach chun an ceart chun cosanta in imeachtaí breithiúnacha a fheidhmiú ná an ceart chun leigheas éifeachtach dlí a fháil.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le soláthar seirbhísí atá beartaithe lena n-úsáid go heisiach ag daoine dlítheanacha, ag eintitis nó ag comhlachtaí atá bunaithe sa Rúis agus atá faoi úinéireacht nó á rialú go haonarach nó i gcomhpháirt ag duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá corpraithe nó comhdhéanta faoi dhlí Ballstáit.

5.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla na seirbhísí dá dtagraítear inti a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leo le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a)

críocha daonnúla, amhail seachadadh cúnaimh a sheachadadh nó a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, bia, nó oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar a aistriú nó le haghaidh aslonnaithe; nó

(b)

gníomhaíochtaí na sochaí sibhialta a chuireann chun cinn go díreach an daonlathas, cearta an duine nó an smacht reachta sa Rúis.’;

(15)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann le pionóis, lena n-áirítear de réir mar is iomchuí pionóis choiriúla, is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Déanfaidh na Ballstáit foráil freisin maidir le bearta iomchuí chun fáltais sáruithe den sórt sin a choigistiú.’;

(16)

leasaítear Iarscríbhinn IV i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(17)

leasaítear Iarscríbhinn VII i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(18)

leasaítear Iarscríbhinn VIII i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo;

(19)

leasaítear Iarscríbhinn XII i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo;

(20)

cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn XIV;

(21)

leasaítear Iarscríbhinn XV i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo.

Beidh feidhm ag an bpointe seo maidir le ceann amháin nó níos mó de na heintitis dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo amhail ón 25 Meitheamh 2022 agus ar choinníoll go gcinnfidh an Chomhairle amhlaidh trí ghníomh cur chun feidhme, tar éis di scrúdú a dhéanamh ar na cásanna faoi seach;

(22)

leasaítear Iarscríbhinn XXI i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo;

(23)

cuirtear isteach Iarscríbhinn XXV i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. COLONNA


(1)  IO L 153, 3.6.2022.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).

(4)  IO L 35, 8.2.2005, lch. 23.


IARSCRÍBHINN I

Cuirtear na daoine nádúrtha nó dlítheanacha agus na heintitis agus comhlachtaí seo a leanas le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014:

“46th TSNII Central Scientific Research Institute

Alagir Resistor Factory

All-Russian Research Institute of Optical and Physical Measurements

All-Russian Scientific-Research Institute Etalon JSC

Almaz JSC

Arzam Scientific Production Enterprise Temp Avia

Automated Procurement System for State Defense Orders, LLC

Dolgoprudniy Design Bureau of Automatics (DDBA JSC)

Electronic Computing Technology Scientific-Research Center JSC

Electrosignal JSC

Energiya JSC

Engineering Center Moselectronproekt

Etalon Scientific and Production Association

Evgeny Krayushin

Foreign Trade Association Mashpriborintorg

Ineko LLC

Informakustika JSC

Institute of High Energy Physics

Institute of Theoretical and Experimental Physics

Inteltech PJSC

ISE SO RAN Institute of High-Current Electronics

Kaluga Scientific-Research Institute of Telemechanical Devices JSC

Kulon Scientific-Research Institute JSC

Lutch Design Office JSC

Meteor Plant JSC

Moscow Communications Research Institute JSC

Moscow Order of the Red Banner of Labor Research Radio Engineering Institute JSC

NPO Elektromechaniki JSC

Omsk Production Union Irtysh JSC

Omsk Scientific-Research Institute of Instrument Engineering JSC

Optron, JSC

Pella Shipyard OJSC

Polyot Chelyabinsk Radio Plant JSC

Pskov Distance Communications Equipment Plant

Radiozavod JSC

Razryad JSC

Research Production Association Mars

Ryazan Radio-Plant

Scientific Production Center Vigstar JSC

Scientific Production Enterprise ‘Radiosviaz’

Scientific Research Institute Ferrite-Domen

Scientific Research Institute of Communication Management Systems

Scientific-Production Association and Scientific-Research Institute of Radio-Components

Scientific-Production Enterprise ‘Kant’

Scientific-Production Enterprise ‘Svyaz’

Scientific-Production Enterprise Almaz JSC

Scientific-Production Enterprise Salyut JSC

Scientific-Production Enterprise Volna

Scientific-Production Enterprise Vostok JSC

Scientific-Research Institute ‘Argon’

Scientific-Research Institute and Factory Platan

Scientific-Research Institute of Automated Systems and Communications Complexes Neptune JSC

Special Design and Technical Bureau for Relay Technology

Special Design Bureau Salute JSC

Tactical Missile Company, Joint Stock Company ‘Salute’

Tactical Missile Company, Joint Stock Company ‘State Machine Building Design Bureau ‘Vympel’ By Name I.I.Toropov’

Tactical Missile Company, Joint Stock Company ‘URALELEMENT’

Tactical Missile Company, Joint Stock Company ‘Plant Dagdiesel’

Tactical Missile Company, Joint Stock Company ‘Scientific Research Institute of Marine Heat Engineering’

Tactical Missile Company, Joint Stock Company PA Strela

Tactical Missile Company, Joint Stock Company Plant Kulakov

Tactical Missile Company, Joint Stock Company Ravenstvo

Tactical Missile Company, Joint Stock Company Ravenstvo-service

Tactical Missile Company, Joint Stock Company Saratov Radio Instrument Plant

Tactical Missile Company, Joint Stock Company Severny Press

Tactical Missile Company, Joint-Stock Company ‘Research Center for Automated Design’

Tactical Missile Company, KB Mashinostroeniya

Tactical Missile Company, NPO Electromechanics

Tactical Missile Company, NPO Lightning

Tactical Missile Company, Petrovsky Electromechanical Plant ‘Molot’

Tactical Missile Company, PJSC ‘MBDB ‘ISKRA’’

Tactical Missile Company, PJSC ANPP Temp Avia

Tactical Missile Company, Raduga Design Bureau

Tactical Missile Corporation, ‘Central Design Bureau of Automation’

Tactical Missile Corporation, 711 Aircraft Repair Plant

Tactical Missile Corporation, AO GNPP ‘Region’

Tactical Missile Corporation, AO TMKB ‘Soyuz’

Tactical Missile Corporation, Azov Optical and Mechanical Plant

Tactical Missile Corporation, Concern ‘MPO – Gidropribor’

Tactical Missile Corporation, Joint Stock Company ‘KRASNY GIDROPRESS’

Tactical Missile Corporation, Joint Stock Company Avangard

Tactical Missile Corporation, Joint Stock Company Concern Granit-Electron

Tactical Missile Corporation, Joint Stock Company Elektrotyaga

Tactical Missile Corporation, Joint Stock Company GosNIIMash

Tactical Missile Corporation, RKB Globus

Tactical Missile Corporation, Smolensk Aviation Plant

Tactical Missile Corporation, TRV Engineering

Tactical Missile Corporation, Ural Design Bureau ‘Detal’

Tactical Missile Corporation, Zvezda-Strela Limited Liability Company

Tambov Plant (TZ) ‘October’

United Shipbuilding Corporation ‘Production Association Northern Machine Building Enterprise’

United Shipbuilding Corporation ‘5th Shipyard’”.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 mar a leanas:

(1)

i bhfochatagóir X.A.I.003 de Chatagóir I – Leictreonaic, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe a:

‘a.

Athróirí minicíochta agus a gcomhpháirteanna saindeartha, seachas iad sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821;’;

(2)

cuirtear isteach na catagóirí seo a leanas:

‘Catagóir IX – Ábhair Speisialta agus Trealamh Gaolmhar

X.C.IX.001

Comhdhúile ar leithligh atá sainithe ó thaobh ceimice de, de réir Nóta 1 a ghabhann le Caibidlí 28 agus 29 den Ainmníocht Chomhcheangailte:

a.

I dtiúchan de 95 % de réir meachain nó níos mó, mar a leanas:

1.

Déchlóiríd eitiléine (CAS 107-06-2);

2.

Nítrimeatán (CAS 75-52-5);

3.

Aigéad picreach (CAS 88-89-1);

4.

Clóiríd amóiniam (CAS 7446-70-0);

5.

Arsanaic (CAS 7440-38-2);

6.

Trí-ocsaíd arsanaice (CAS 1327-53-3);

7.

Hidreaclóiríd bis(2-clóireitil)eitiolaimín (CAS 3590-07-6);

8.

Hidreaclóiríd bis(2-clóireitil)meitiolaimín (CAS 55-86-7);

9.

Hidreaclóiríd trios(2-clóireitil)aimín (CAS 817-09-4);

10.

Tríbhúitiolfoisfít (CAS 102-85-2);

11.

Isicianáitimeatán (CAS 624-83-9);

12.

Cuinaildín (CAS 91-63-4);

13.

2-Brómaclóireatán (CAS 107-04-0);

14.

Beinsíl (CAS 134-81-6);

15.

Éitear dé-eitile (CAS 60-29-7);

16.

Éitear démheitile (CAS 115-10-6);

17.

Démheitiolaimíneatánól (CAS 108-01-0);

18.

2-meatocsa-eatánól (CAS 109-86-4);

19.

Bútairiolcoilíneistearáis (BCHE);

20.

Dé-eitiléintríaimín (CAS 111-40-0);

21.

Déchlóraimeatán (CAS 75-09-2);

22.

Démheitiolanailín (CAS 121-69-7);

23.

Bróimíd eitile (CAS 74-96-4);

24.

Clóiríd eitile (CAS 75-00-3);

25.

Eitiolaimín (CAS 75-04-7);

26.

Heicsimín (CAS 100-97-0);

27.

Iseaprópánól (CAS 67- 63-0);

28.

Bróimíd iseapróipile (CAS 75-26-3);

29.

Éitear iseapróipile (CAS 108-20-3);

30.

Meitiolaimín (CAS 74-89-5);

31.

Bróimíd mheitile (CAS 74-83-9);

32.

Mona-iseapróipiolaimín (CAS 75-31-0);

33.

Clóiríd obadocsaíme (CAS 114-90-9);

34.

Bróimíd photaisiam (CAS 7758-02-3);

35.

Piridín (CAS 110-86-1);

36.

Bróimíd phiridistigmíne (CAS 101-26-8);

37.

Bróimíd sóidiam (CAS 7647-15-6);

38.

Miotal sóidiam (CAS 7440-23-5);

39.

Tríbhúitiolaimín (CAS 102-82-9);

40.

Trí-eitiolaimín (CAS 121-44-8); nó

41.

Trímheitiolaimín (CAS 75-50-3).

b.

I dtiúchan de 90 % de réir meáchain nó níos mó, mar a leanas:

1.

Aicéatón (CAS 67-64-1);

2.

Aicéitiléin (CAS 74-86-2);

3.

Amóinia (CAS 7664-41-7);

4.

Antamón (CAS 7440-36-0);

5.

Beansaildéad (CAS 100-52-7);

6.

Beansóin (CAS 119-53-9);

7.

1-Bútánól (CAS 71-36-3);

8.

2-Bútánól (CAS 78-92-2);

9.

Isea-bútánól (CAS 78-83-1);

10.

Treas-bútánól (CAS 75-65-0);

11.

Cairbíd chailciam (CAS 75-20-7);

12.

Aonocsaíd charbóin (CAS 630-08-0);

13.

Clóirín (CAS 7782-50-5);

14.

Cioglaiheicseanal (CAS 108-93-0);

15.

Déchioglaiheicsiolaimín (CAS 101-83-7);

16.

Eatánól (CAS 64-17-5);

17.

Eitiléin (CAS 74-85-1);

18.

Ocsaíd eitiléine (CAS 75-21-8);

19.

Fluarapaitít (CAS 1306-05-4);

20.

Clóiríd hidrigine (CAS 7647-01-0);

21.

Suilfíd hidrigine (CAS 7783-06-4);

22.

Aigéad almóinneach (CAS 90-64-2);

23.

Meatánól (CAS 67-56-1);

24.

Clóiríd mheitile (CAS 74-87-3);

25.

Iaidíd mheitile(CAS 74-88-4);

26.

Mearcaptan meitile (CAS 74-93-1);

27.

Mona-eitiléingliocól (CAS 107-21-1);

28.

Clóiríd ocsailile (CAS 79-37-8);

29.

Suilfíd photaisiam (CAS 1312-73-8);

30.

Tiaicianáit photaisiam (CAS 333-20-0);

31.

Hipeaclóirít sóidiam (CAS 7681-52-9);

32.

Sulfar (CAS 7704-34-9);

33.

Dé-ocsaíd sulfair (CAS 7446-09-5);

34.

Trí-ocsaíd sulfair (CAS 7446-11-9);

35.

Clóiríd tiafosfairile (CAS 3982-91-0);

36.

Foisfít trí-iseabúitile (CAS 1606-96-8);

37.

Fosfar bán (CAS 12185-10-3); nó

38.

Fosfar buí (CAS 7723-14-0).

X.C.IX.002

Feantáinil agus a cuid díorthach Ailfeantáinil, Sufantainil, Reimifeantáinil, Cairfeantáinil, agus a gcuid salann.

Nóta:

Ní rialaítear le X.C.IX.002 táirgí a aithnítear mar earraí tomhaltais atá pacáistithe lena miondíol chun úsáide pearsanta nó atá pacáistithe chun úsáid an duine aonair.

X.C.IX.003

Réamhtheachtaithe ceimiceacha de chuid ceimiceáin a ghníomhaíonn ar lárchóras na néaróg, mar a leanas:

a.

4-Anailín-N-feineitilpipiridín (CAS 21409-26-7); nó

b.

N-Feineitil-4-pipiriodón (CAS 39742-60-4).

Nótaí:

1.

Ní rialaítear le X.C.IX.003 ‘meascáin cheimiceacha’ ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na ceimiceáin atá sonraithe in iontráil X.C.IX.003 nach mó ná 1 % de réir mheáchan an mheascáin aon cheimiceán ar leith atá sonraithe.

2.

Ní rialaítear le X.C.IX.003 táirgí a aithnítear mar earraí tomhaltais atá pacáistithe lena miondíol chun úsáide pearsanta nó atá pacáistithe chun úsáid an duine aonair.

Catagóir X – Próiseáil ar Ábhair

X.B.X.001

‘Imoibreoirí sreafa leanúnaigh’ agus a ‘gcomhpháirteanna modúlacha’.

Nótaí Teicniúla:

1.

Chun críocha X.B.X.001, is éard atá in ‘imoibreoirí sreafa leanúnaigh’ córais mhearshuiteála ina mbíonn imoibreáin á gcur isteach san imoibreoir go leanúnach agus bailítear an táirge a bhíonn mar thoradh air sin ag an asraon.

2.

Chun críocha X.B.X.001, is éard atá i ‘gcomhpháirteanna modúlacha’ modúil sreabhacha, caidéil leachta, comhlaí, modúil túir phacáilte, modúil mheasctha, brúthomhaiseoirí, deighilteoirí leachta-leachta, etc.

X.B.X.002

Cóimeálaithe agus sintéiseoirí aigéid núicléasaigh nach rialaítear le 2B352.i, atá uathoibrithe go páirteach nó go hiomlán, agus atá deartha chun aigéid núicléasacha ar mó iad ná 50 bun a ghiniúint.

X.B.X.003

Sintéiseoirí peiptíde uathoibrithe atá ábalta oibriú faoi dhálaí atmaisféir rialaithe.’.


IARSCRÍBHINN III

Cuirtear na tíortha comhpháirtíochta seo a leanas le hIarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014:

‘AN RÍOCHT AONTAITHE

AN CHÓIRÉ THEAS’.


IARSCRÍBHINN IV

In Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5(2)’.


IARSCRÍBHINN V

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014:

‘IARSCRÍBHINN XIV

LIOSTA NA nDAOINE DLÍTHEANACHA, NA N-EINTITEAS AGUS NA gCOMHLACHTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 5h

Ainm an duine dhlítheanaigh, an eintitis nó an chomhlachta

Dáta cur i bhfeidhm

Bank Otkritie

12 Márta 2022

Novikombank

12 Márta 2022

Promsvyazbank

12 Márta 2022

Bank Rossiya

12 Márta 2022

Sovcombank

12 Márta 2022

VNESHECONOMBANK (VEB)

12 Márta 2022

VTB BANK

12 Márta 2022

Sberbank

14 Meitheamh 2022

Credit Bank of Moscow

14 Meitheamh 2022

Joint Stock Company Russian Agricultural Bank, JSC Rosselkhozbank

14 Meitheamh 2022

’.

IARSCRÍBHINN VI

In Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, cuirtear na heintitis seo a leanas léi:

‘Rossiya RTR / RTR Planeta

Rossiya 24 / Russia 24

TV Centre International’.


IARSCRÍBHINN VII

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014:

‘IARSCRÍBHINN XXI

LIOSTA EARRAÍ AGUS TEICNEOLAÍOCHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3i

Cód AC

Ainm an earra

0306

Crústaigh, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, iad beo, úr, fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile; crústaigh dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn; crústaigh, sa bhlaosc, iad cócaráilte le gal nó beirithe in uisce, bídís fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile nó ná bídís

16043100

Caibheár

16043200

Ionadaigh chaibheáir

2208

Alcól eitile gan dínádúrú ar lú ná 80 % toirte a neart alcóil de réir toirte; biotáillí, licéir agus deochanna biotáilleacha eile

2303

Iarmhair ó mhonarú stáirse agus iarmhair chomhchosúla, laíon biatais, bagás agus dramhaíl eile ó mhonarú siúcra, dríodar agus dramhaíl ó ghrúdaireacht nó ó dhriogadh, bídís i bhfoirm millíní nó ná bídís

2523

Stroighin Portland, stroighin alúmanach, stroighin slaige, stroighin fhorshulfáiteach agus stroighneacha hiodrálacha comhchosúla, bídís daite nó i bhfoirm clincir nó ná bíodh

ex ex2825

Hiodraisín agus hiodrocsalaimín agus a gcuid salann neamhorgánach; bunúis neamhorgánacha eile; ocsaídí miotail, hiodrocsaídí agus sárocsaídí eile, seachas do chóid AC 2825 20 00 agus 2825 30 00

ex ex2835

Foisfíonáití (hipeafoisfítí), fosfónáití (foisfítí) agus fosfáití; polafosfáití, bídís sainithe ó thaobh ceimice de nó ná bídís, seachas do chód AC 2835 26 00

ex ex2901

Hidreacarbóin neamh-thimthriallacha, seachas do chód AC 2901 10 00

2902

Hidreacarbóin thimthriallacha

ex ex2905

Alcóil neamh-thimthriallacha agus a gcuid díorthach halaiginithe, sulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe, seachas do chód AC 2905 11 00

2907

Feanóil; fenól-alcóil

2909

Éitir, éitearalcóil, éitear-fheanóil, éitearalcól-fheanóil, sárocsaídí alcóil, sárocsaídí éitir, sárocsaídí aicéatail agus sárocsaídí leathaicéatail, sárocsaídí céatóin (bídís sainithe ó thaobh ceimice nó ná bídís), agus a gcuid díorthach halaiginithe, sulfónaithe, níotráitithe nó níotrósaithe

310420

Clóiríd photaisiam

310520

Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil na trí dhúil leasaitheacha nítrigin, fosfar agus potaisiam

310560

Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil an dá dhúil leasaitheacha fosfar agus potaisiam

ex ex31059020

Leasacháin eile ina bhfuil clóiríd photaisiam

ex ex31059080

Leasacháin eile ina bhfuil clóiríd photaisiam

3902

Polaiméirí déanta de phróipiléin nó d'olaifíní eile, i bhfoirmeacha príomhúla

4011

Aerbhoinn nua, déanta as rubar

44

Adhmad agus earraí atá déanta as adhmad; fioghual

4705

Laíon adhmaid a fhaightear trí phróiseas laíonála meicniúil agus próiseas laoínála ceimiceach a úsáid le chéile

4804

Craftpháipéar neamhbhrataithe agus páipéarchlár neamhbhrataithe, é ina rollaí nó ina leatháin, seachas an méid atá faoi cheannteideal 4802 nó 4803

6810

Earraí déanta as stroighin, as coincréit nó as cloch shaorga, bídís treisithe nó ná bídís

7005

Gloine ar snámh agus gloine snoite nó snasta, ina leatháin nó ina bpróifílí, bíodh brat ionsúiteach, frithchaiteach nó neamh-fhrithchaiteach léi nó ná bíodh, ach í neamhshaoirsithe seachas sin

7007

Gloine sábháilteachta, déanta as gloine threisithe (fhaghartha) nó as gloine lannach

7010

Carbáigh, buidéil, fleascáin, crúscaí, potaí, fiala, ampaill agus coimeádáin eile, atá déanta as gloine, de chineál a úsáidtear chun earraí a iompar nó a phacáil; crúscaí caomhnúcháin atá déanta as gloine; stopalláin, claibíní agus cláir eile, atá déanta as gloine

7019

Snáithíní gloine (lena n-áirítear olann ghloine) agus earraí déanta astu sin (mar shampla, snáth, fabraicí fite)

7106

Airgead (lena n-áirítear airgead atá plátáilte le hór nó le platanam), é neamhshaoirsithe nó i bhfoirmeacha leathmhonaraithe, sin nó ina phúdar

7606

Plátaí, leatháin agus stiallacha alúmanaim, atá níos mó ná 0,2 mm ar tiús

7801

Luaidhe neamhshaoirsithe

ex ex8411

Innill turba-scairde, turba-liáin agus tuirbíní gáis eile seachas na codanna d'innill turba- scairdeanna nó de thurba-liáin de Chód AC 8411 91 00

8431

Páirteanna atá oiriúnach le húsáid leis an innealra atá faoi cheannteideal 8425 go 8430 agus leo sin amháin nó go príomha

8901

Longa cúrsála, báid turais, báid farantóireachta, longa lastais, báirsí agus soithí comhchosúla chun daoine nó earraí a iompar

8904

Tugaí agus brúshoithí

8905

Soithí éadroma, raftaí dóiteáin, dreidirí, craenacha snámhacha agus soithí eile ar fofheidhm dá bpríomhfheidhm í a n-inseoltacht; duganna snámhacha; ardáin druileála nó táirgthe de chineál snámhach nó intumtha

9403

Troscán eile agus páirteanna de


IARSCRÍBHINN VIII

Cuirtear an iarscríbhinn seo a leanas leis:

‘IARSCRÍBHINN XXV

LIOSTA DEN AMHOLA AGUS TÁIRGÍ PEITRILIAM DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAIL 3m AGUS 3n

Cód AC

Tuairisc

2709 00

Olaí peitriliam agus olaí a fhaightear ó mhianraí biotúmanacha, iad amh

2710

Olaí peitriliam agus olaí a fhaightear ó mhianraí biotúmanacha, seachas cinn amha; ullmhóidí nach bhfuil sonraithe ná áirithe in áit eile, ar olaí peitriliam nó olaí iad a fhaightear ó mhianraí biotúmanacha 70 % nó níos mó, de réir meáchain, dá bhfuil iontu, agus inarb iad na holaí sin bun-chomhábhair na n ullmhóidí; olaí dramhaíola

’.

Top