Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0801

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/801 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 chun liosta na substaintí gníomhacha formheasta nó a mheastar a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a thabhairt cothrom le dáta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/3216

    IO L 143, 23.5.2022, p. 7–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/801/oj

    23.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 143/7


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/801 ÓN gCOIMISIÚN

    an 20 Bealtaine 2022

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 chun liosta na substaintí gníomhacha formheasta nó a mheastar a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a thabhairt cothrom le dáta

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 78(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2) na substaintí gníomhacha, a tugadh san áireamh i dtosach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE (3) ón gComhairle i dtosach agus a mheastar a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Liostaíodh 354 substaint ghníomhach ann i dtosach.

    (2)

    Maidir le 68 cinn de na substaintí gníomhacha a liostaítear i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, níor cuireadh iarratais ar athnuachan isteach nó cuireadh isteach iad ach tarraingíodh siar iad, agus mar thoradh air sin tá na tréimhsí formheasa do na substaintí gníomhacha seo imithe in éag.

    (3)

    I gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, liostaítear na substaintí gníomhacha arna fhormheasadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Maidir le 7 gcinn de na substaintí gníomhacha, níor cuireadh iarratais ar athnuachan isteach laistigh de thrí bliana sula ndeachaigh a bhformheas in éag faoi seach nó cuireadh isteach iad ach tarraingíodh siar iad, agus mar thoradh air sin tá na tréimhsí formheasa do na substaintí gníomhacha sin dulta in éag.

    (4)

    Na substaintí uile nach bhfuil formheasta a thuilleadh nó nach meastar a bheith formheasta a thuilleadh tar éis dul in éag tréimhse formheasta a liostaítear maidir leis na substaintí lena mbaineann i gCuid A nó B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, ba cheart na substaintí sin a scriosadh ó Chodanna A agus B, faoi seach, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 540/2011 ar mhaithe le soiléireacht agus trédhearcacht.

    (5)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

    (6)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

    (3)  Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:

    1.

    I gCuid A, scriostar na hiontrálacha seo a leanas:

    (1)

    iontráil 21, Cioglanailíd;

    (2)

    iontráil 33, Ciniodón-eitil;

    (3)

    iontráil 43, Eatocsasulfúrón;

    (4)

    iontráil 45, Ocsaidhé-airgíl;

    (5)

    iontráil 49, Ciafluitrin;

    (6)

    iontráil 56, Meiceapróp;

    (7)

    iontráil 72, Molanáit;

    (8)

    iontráil 87, Ianocsainil;

    (9)

    iontráil 94, Iomasasulfúrón;

    (10)

    iontráil 100, Teiprealocsaidim;

    (11)

    iontráil 113, Maineib;

    (12)

    iontráil 120, Varfairin;

    (13)

    iontráil 121, Clóitiainídin;

    (14)

    iontráil 140, Tiaimeatocsam;

    (15)

    iontráil 143, Fluisiolasól;

    (16)

    iontráil 144, Cairbeandaisim;

    (17)

    iontráil 151, Glúfosanáit;

    (18)

    iontráil 157, Fiprinil;

    (19)

    iontráil 174, Défhluibeansúrón;

    (20)

    iontráil 175, Imeasacuin;

    (21)

    iontráil 177, Ocsaidé-asón;

    (22)

    iontráil 184, Cuineaclaimín;

    (23)

    iontráil 185, Clóradasón;

    (24)

    iontráil 190, Fúibeiríodasól;

    (25)

    iontráil 192, Dé-úrón;

    (26)

    iontráil 196, Bacillus thuringiensis fospeiceas tenebrionis tréithchineál NB 176 (TM 141);

    (27)

    iontráil 201, Phlebiopsis gigantean na tréithchineálacha VRA 1985, VRA 1986, FOC PG B20/5, FOC PG SP log 6, FOC PG SP log 5, FOC PG BU 3, FOC PG BU 4, FOC PG97/1062/116/1.1, FOC PG B22/SP1287/3.1, FOC PG SH 1, FOC PG B22/SP1190/3.2;

    (28)

    iontráil 205, Trichoderma polysporum tréithchineál IMI 206039;

    (29)

    iontráil 211, Eapocsaconasól;

    (30)

    iontráil 212, Feanprópamorf;

    (31)

    iontráil 214, Tralocsaidim;

    (32)

    iontráil 216, Imíodaclóiprid;

    (33)

    iontráil 221, Aicéatáit amóiniam;

    (34)

    iontráil 226, Beansóáit dínádóiniam;

    (35)

    iontráil 237, Aolchloch;

    (36)

    iontráil 239, Iarmhar eastóctha de phúdar piobair (PDER);

    (37)

    iontráil 245, 1,4 -dé-aimíneabútáin (pútraiscín);

    (38)

    iontráil 252, Úsc algaí farraige (úsc algaí farraige agus feamainn roimhe seo);

    (39)

    iontráil 253, Alúmanaisileacáit sóidiam;

    (40)

    iontráil 254, Hipeaclóiríd sóidiam;

    (41)

    iontráil 256, Hiodra-clóiríd trímheitiolaimín;

    (42)

    iontráil 261, Foisfíd chailciam;

    (43)

    iontráil 269, Trí-aidhémheanól;

    (44)

    iontráil 270, Meitimil;

    (45)

    iontráil 280, Teafluibeansúrón;

    (46)

    iontráil 281, Zéite-cipirmeitrin;

    (47)

    iontráil 282, Clórsulfúrón;

    (48)

    iontráil 283, Cioramaisín;

    (49)

    iontráil 286, Lúifeanúrón;

    (50)

    iontráil 290, Défheanacúm;

    (51)

    iontráil 303, Spiridhéchlóifein;

    (52)

    iontráil 306, Trífhlumasól;

    (53)

    iontráil 308, FEN 560 (ar a dtugtar freisin feinigréig nó púdar síl feinigréig);

    (54)

    Iontráil 309, Halocsafop-P;

    (55)

    iontráil 312, Meatosulam;

    (56)

    iontráil 315, Feanbúconasól;

    (57)

    iontráil 319, Míoclóbútainil;

    (58)

    iontráil 321, Trífhlumúrón;

    (59)

    iontráil 324, Dé-eatofeancarb;

    (60)

    iontráil 325, Eitrídhé-asól;

    (61)

    iontráil 327, Oiríosailin;

    (62)

    iontráil 332, Feanocsacarb;

    (63)

    iontráil 336, Cairbeataimíd;

    (64)

    iontráil 337, Carbocsain;

    (65)

    iontráil 338, Ciopróconasól;

    (66)

    iontráil 347, Brómaidé-ólón;

    (67)

    iontráil 349, Peinciocúrón;

    (68)

    iontráil 353, Flutriafól.

    2.

    I gCuid B, scriostar na hiontrálacha seo a leanas:

    (1)

    iontráil 2, Prófocsaidim;

    (2)

    iontráil 3, Asamsulfúrón;

    (3)

    iontráil 14, Flucuineonasól;

    (4)

    iontráil 17, Trí-asocsaíd;

    (5)

    iontráil 19, Aicrinitrin;

    (6)

    iontráil 20, Próclóras;

    (7)

    iontráil 23, Défheintrin.


    Top