This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0739
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/739 of 13 May 2022 amending Implementing Regulation (EU) 2020/761 as regards the management of certain tariff quotas for importing poultry and of a tariff quota for exporting milk powder to the Dominican Republic
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/739 ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a mhéid a bhaineann le bainistiú taraif-chuótaí áirithe chun éanlaith chlóis a allmhairiú agus taraif-chuótaí chun púdar bainne a onnmhairiú chuig an bPoblacht Dhoiminiceach
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/739 ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a mhéid a bhaineann le bainistiú taraif-chuótaí áirithe chun éanlaith chlóis a allmhairiú agus taraif-chuótaí chun púdar bainne a onnmhairiú chuig an bPoblacht Dhoiminiceach
C/2022/3054
IO L 137, 16.5.2022, p. 7–9
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
16.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 137/7 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/739 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Bealtaine 2022
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a mhéid a bhaineann le bainistiú taraif-chuótaí áirithe chun éanlaith chlóis a allmhairiú agus taraif-chuótaí chun púdar bainne a onnmhairiú chuig an bPoblacht Dhoiminiceach
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 187, an chéad mhír, pointe (a) agus pointe (b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na rialacha maidir le bainistiú na dtaraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí, maidir le táirgí talmhaíochta a bhainistítear le córas ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin, osclaítear taraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí le haghaidh táirgí talmhaíochta sonracha agus déantar foráil maidir le rialacha sonracha chun na taraif-chuótaí sin a riar. |
(2) |
Le hAirteagal 55 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761, osclaítear taraif-chuóta le haghaidh onnmhairí púdair bainne de thionscnamh Aontais go dtí an Phoblacht Dhoiminiceach. Osclaítear an cuóta i gcás na dtáirgí go léir a thagann faoi chóid AC 0402 10, 0402 21 agus 0402 29. |
(3) |
Faoi láthair, cumhdaítear 13 chód AC leis an gcuóta onnmhairiúcháin sin. Dá bhrí sin, d’fhonn na honnmhairí púdair bainne sin chuig an bPoblacht Dhoiminiceach a éascú, ba cheart an ceadúnas onnmhairiúcháin a bheith bailí i gcás na dtáirgí uile a thagann faoi réim na gcód AC a chumhdaítear leis an gcuóta sin beag beann ar na cóid AC a luaitear go sainráite san iarratas. |
(4) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 (3) ón gCoimisiún, déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le riar na dtaraif-chuótaí ar allmhairí agus ar onnmhairí faoi réir ceadúnas. |
(5) |
Le hAirteagal 9(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760, i gcás na ngrúpaí taraif-chuótaí atá faoi sraithuimhreacha 09.4211, 09.4212, 09.4213 agus 09.4290, foráiltear go ndéanfar an chainníocht tagartha a ríomh trí chainníochtaí na dtáirgí a scaoiltear i saorchúrsaíocht san Aontas a charnadh, ar cainníochtaí iad a thagann laistigh de gach ceann de shraithuimhreacha chuóta an ghrúpa. |
(6) |
In Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761, roinntear na tréimhsí cuóta le haghaidh taraif-chuóta faoi shraithuimhreacha 09.4211 agus 09.4212 i bhfothréimhsí agus níl na tréimhsí cuóta le haghaidh cuótaí taraife faoi shraithuimhir 09.4213 agus 09.4290, rud a fhágann ríomh na cainníochta tagartha thar a bheith casta. |
(7) |
Ar mhaithe le ríomh na cainníochta tagartha a shimpliú, is iomchuí na tréimhsí cuóta le haghaidh sraithuimhreacha 09.4213 agus 09.4290 a roinnt sna fothréimhsí céanna leis na fothréimhsí a leagtar síos le haghaidh sraithuimhreacha 09.4211 agus 09.4212. |
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a leasú dá réir. |
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 56(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn XII i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige maidir leis na tréimhsí taraif-chuóta a thosóidh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Bealtaine 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córas bainistíochta na dtaraif-chuótaí le ceadúnais (IO L 185, 12.6.2020, lch. 24).
(3) Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/760 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na rialacha i dtaca le riar taraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí atá faoi réir ceadúnas agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hurrúis a thaisceadh i riar taraif-chuótaí (IO L 185, 12.6.2020, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 mar seo a leanas:
(1) |
leasaítear an tábla a bhaineann leis na taraif-chuótaí faoin tsraithuimhir 09.4213 mar a leanas:
|