Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0709

    Rialachán (AE) 2022/709 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2022 lena ndiúltaítear maíomh i dtaca le sláinte a dhéantar i leith bianna a údarú agus lena dtagraítear d’fhorbairt agus sláinte leanaí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/2896

    IO L 133, 10.5.2022, p. 6–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/709/oj

    10.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 133/6


    RIALACHÁN (AE) 2022/709 ÓN gCOIMISIÚN

    an 6 Bealtaine 2022

    lena ndiúltaítear maíomh i dtaca le sláinte a dhéantar i leith bianna a údarú agus lena dtagraítear d’fhorbairt agus sláinte leanaí

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 i dtaca le maímh maidir le cothú agus le sláinte a dhéantar i leith bianna (1), agus go háirithe Airteagal 17(3) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, tá toirmeasc ar mhaímh shláinte a dhéantar maidir le bianna ach amháin má tá siad údaraithe ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an Rialachán sin agus go n-áirítear iad i liosta de mhaímh atá ceadaithe.

    (2)

    Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 freisin go bhféadfaidh oibreoirí gnólachtaí bia iarratais ar údaruithe i leith maímh maidir le sláinte a chur faoi bhráid údarás inniúil náisiúnta Ballstáit. Cuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta iarratais bhailí ar aghaidh chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”).

    (3)

    Tar éis don Údarás iarratas a fháil, cuirfidh sé na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas gan mhoill, agus tabharfaidh sé tuairim ar an maíomh maidir le sláinte lena mbaineann.

    (4)

    Déanfaidh an Coimisiún cinneadh i dtaca le húdarú a thabhairt don mhaíomh sláinte agus an tuairim ón Údarás á cur san áireamh aige.

    (5)

    Tar éis iarratas a fháil ó H.J. Heinz Supply Chain Europe BV, iarratas a cuireadh isteach de bhun Airteagal 14(1), pointe (b) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, ceanglaíodh ar an Údarás tuairim a thabhairt maidir le maíomh sláinte a bhaineann le Nutrimune agus le cosaint imdhíonach i gcoinne pataiginí sa chonair gastraistéigeach agus sa chonair riospráide uachtarach (Ceist Uimh. EFSA-Q-2018-00727). Is mar seo a leanas a bhí an fhoclaíocht sa mhaíomh a mhol an t-iarratasóir: “Tacaíonn Nutrimune leis an gcóras imdhíonachta i gcoinne pataiginí i gconair riospráide uachtarach agus conair gastraistéigeacha leanaí óga”.

    (6)

    An 15 Aibreán 2019, fuair an Coimisiún agus na Ballstáit an tuairim eolaíoch ón Údarás (2) inar thángthas ar an gconclúid, ar bhonn na sonraí a cuireadh i láthair, nach leor an fhianaise eolaíoch chun ceangal cúise agus éifeachta a bhunú idir caitheamh Nutrimune, bainne bó bearrtha paistéartha a coipeadh le Lactobacillus paracasei CBA L74), agus an chosaint imdhíonach i gcoinne pataiginí sa chonair gastraistéigeach agus sa chonair riospráide uachtarach de leanaí óga. Dá réir sin, ós rud é nach gcomhlíonann an maíomh ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006, níor cheart é a údarú.

    (7)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ní déanfar an maíomh maidir le sláinte a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a áireamh i liosta an Aontais de mhaímh cheadaithe dá bhforáiltear in Airteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Bealtaine 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 404, 30.12.2006, lch. 9.

    (2)  EFSA Journal [Iris EPSA], 2019;17(4):5656.


    IARSCRÍBHINN

    Maíomh maidir le sláinte a diúltaíodh

    Cur i bhfeidhm – Forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006

    Cothaitheach, substaint, bia nó catagóir bia

    Maíomh

    Tagairt na tuairime ó EFSA

    Airteagal 14(1), pointe (b), maíomh i leith sláinte a thagraíonn d’fhorbairt agus do shláinte leanaí

    Nutrimune (bainne bó bearrtha paistéartha a coipeadh le Lactobacillus paracasei CBA L74)

    Tacaíonn Nutrimune leis an gcóras imdhíonachta i gcoinne pataiginí i gconairí riospráide uachtaracha agus gastraistéigeacha leanaí óga

    Q-2018-00727


    Top