This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0682
Commission Delegated Regulation (EU) 2022/682 of 25 February 2022 amending Regulation (EU) 2018/196 of the European Parliament and of the Council on additional customs duties on imports of certain products originating in the United States of America
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/682 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/682 ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá
C/2022/1111
IO L 126, 29.4.2022, p. 4–6
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
29.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 126/4 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/682 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Feabhra 2022
lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Feabhra 2018 maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (1), agus go háirithe Airteagal 3(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Toisc nár éirigh leis na Stáit Aontaithe an tAcht maidir le Dumpáil Leanúnach agus Fóirdheontas a Fhritháireamh [the Continued Dumping and Subsidy Offset Act] (“CDSOA”) a thabhairt i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi chomhaontuithe na hEagraíochta Domhanda Trádála (“EDT”), de bhun Rialachán (AE) 2018/196, forchuireadh dleacht chustaim bhreise ad valorem 4,3 % ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe. I gcomhréir leis an údarú ó EDT cur i bhfeidhm na lamháltas maidir leis na Stáit Aontaithe a chur ar fionraí, tá an Coimisiún le leibhéal na fionraíochta a choigeartú go bliantúil de réir leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe a imríonn CDSOA ar an Aontas an tráth sin. Coigeartaíodh leibhéal na fionraíochta in 2021 go dleacht chustaim bhreise ad valorem 0,1 % agus leasaíodh Rialachán (AE) 2018/196 dá réir (2). |
(2) |
Baineann na heisíocaíochtaí ó CDSOA le haghaidh na bliana is déanaí a bhfuil sonraí ina leith ar fáil le dáileadh na ndleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh a bailíodh le linn na Bliana Fioscaí 2020 (an 1 Deireadh Fómhair 2020-an 30 Meán Fómhair 2021). Ar bhonn na sonraí a d’fhoilsigh Roinn Cosanta Teorann agus Custaim na Stát Aontaithe, ríomhtar gurbh é USD 3 095,94 leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe a imríodh ar an Aontas. |
(3) |
Tá méadú tagtha ar leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe agus, mar iarmhairt air sin, ar leibhéal na fionraíochta freisin. Ní fhéadfar leibhéal na fionraíochta a choigeartú de réir leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe trí tháirgí a chur leis an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/196 nó a bhaint de, áfach. Mar iarmhairt air sin agus i gcomhréir le hAirteagal 3(1)(e) den Rialachán sin, níor cheart don Choimisiún aon athrú a dhéanamh ar an liosta táirgí in Iarscríbhinn I agus ba cheart dó ráta na dleachta breise a leasú chun leibhéal na fionraíochta a choigeartú de réir leibhéal an neamhnithe nó an lagaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, na ceithre tháirge a liostaítear in Iarscríbhinn I a choinneáil ar an liosta agus an dleacht bhreise ar allmhairí a leasú agus a leagan síos ag 0,001 %. |
(4) |
I gcás dleacht allmhairiúcháin bhreise ad valorem 0,001 % ar allmhairí na dtáirgí ó na Stáit Aontaithe in Iarscríbhinn I, is é an éifeacht a bheadh aici sin, in imeacht 1 bhliana amháin, luach trádála nach mó ná USD 3 095,94. |
(5) |
Chun a áirithiú nach mbeidh aon mhoill ar chur i bhfeidhm ráta leasaithe na dleachta allmhairiúcháin breise, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe. |
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2018/196 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2018/196:
“Airteagal 2
Forchuirfear dleacht ad valorem 0,001 % de bhreis ar an dleacht chustaim is infheidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) ar na táirgí de thionscnamh na Stát Aontaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 44, 16.2.2018, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/704 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/196 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 146, 29.4.2021, lch. 70).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN I
Sainaithnítear na táirgí a bhfuil feidhm le bheith ag dleachtanna allmhairiúcháin breise orthu trína gcód AC ocht n-uimhir. Is féidir tuairisc ar na táirgí a aicmítear faoi na cóid sin a fháil in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1).
0710 40 00 |
|
Ex90031900 |
‘frámaí agus gléasadh táirmhiotail’ |
8705 10 00 |
|
6204 62 31 |
|
(1) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).