Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0663

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/663 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a mhéid a bhaineann le méid an chuóta ráta taraife maidir le mairteoil ardcháilíochta ó Pharagua

    C/2022/2380

    IO L 121, 22.4.2022, p. 9–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/663/oj

    22.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 121/9


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/663 ÓN gCOIMISIÚN

    an 21 Aibreán 2022

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a mhéid a bhaineann le méid an chuóta ráta taraife maidir le mairteoil ardcháilíochta ó Pharagua

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 187, an chéad mhír, pointe (a) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na rialacha maidir le bainistiú na dtaraif-chuótaí ar allmhairí agus onnmhairí maidir le táirgí talmhaíochta a bhainistítear le córas ceadúnas allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin, déantar líon áirithe gníomhartha a bhfuil na cuótaí sin oscailte acu a aisghairm agus a ionadú agus foráiltear do rialacha sonracha.

    (2)

    Tar éis do Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) tarraingt siar as an Aontas, chuir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe in iúl do Chomhaltaí eile na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) go gcoinneofar a leibhéil reatha rochtana ar an margadh trí chuótaí rátaí taraife an Aontais a chionroinnt idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Leagtar síos an mhodheolaíocht don chionroinnt sin, chomh maith le méideanna AE-27, i Rialachán (AE) 2019/216 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

    (3)

    Mar sin féin, cuótaí rátaí taraife an Aontais nach cuid de sceideal EDT an Aontais, níor cheart iad a bheith cionroinnte.

    (4)

    Mar sin féin, an cuóta taraife allmhairí 1 000 tona a osclaíodh bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1149/2002 ón gComhairle (4) agus a shloinntear mar mheáchan táirge, de mhairteoil ardcháilíochta atá úr, fuaraithe nó reoite, nach cuid de sceideal EDT an Aontais é, cionroinneadh an cuóta sin go mícheart le Rialachán (AE) 2019/216. Laghdaíodh a mhéid trí dhearmad agus bhí feidhm ag an laghdú sin ón 1 Eanáir 2021.

    (5)

    Le Rialachán (AE) 2022/111 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), leasaíodh Cuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/216 tríd an ró a bhaineann leis an gcuóta taraife i leith feoil ardcháilíochta bó-ainmhithe, úr, fuaraithe nó reoite, de thionscnamh Pharagua, a scriosadh ó liosta na gcuótaí cionroinnte.

    (6)

    Is gá cainníocht bhunaidh an chuóta taraife, i leith mairteoil ardcháilíochta ó Pharagua ag a bhfuil an tsraithuimhir 09.4455 i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761, a athbhunú.

    (7)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 a leasú dá réir.

    (8)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Aibreán 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013, (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 510/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le córas bainistíochta na dtaraif-chuótaí le ceadúnais (IO L 185, 12.6.2020, lch. 24).

    (3)  Rialachán (AE) 2019/216 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Eanáir 2019 maidir le cuótaí rátaí taraife a áirítear i sceideal EDT an Aontais a chionroinnt tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle (IO L 38, 8.2.2019, lch. 1).

    (4)  Rialachán (CE) Uimh. 1149/2002 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena n-osclaítear cuóta uathrialach d’allmhairí mairteola ardcháilíochta (IO L 170, 29.6.2002, lch. 13).

    (5)  Rialachán (AE) 2022/111 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/216 a mhéid a bhaineann le cuóta ráta taraife an Aontais maidir le mairteoil ardcháilíochta ó Pharagua (IO L 19, 28.1.2022, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    In Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/761, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró “Cainníocht ina cileagraim” sa tábla a bhaineann leis an gcuóta taraife ag a bhfuil an tsraithuimhir 09.4455:

    Cainníocht ina cileagraim

    1 000 000  kg feoil gan chnámh”


    Top