Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0580

    Rialachán (AE) 2022/580 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    ST/7983/2022/INIT

    IO L 110, 8.4.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/580/oj

    8.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 110/1


    RIALACHÁN (AE) 2022/580 ÓN gCOMHAIRLE

    an 8 Aibreán 2022

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

    Ag féachaint do Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1),

    Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (2) a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, tugtar éifeacht do bhearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES.

    (2)

    An 8 Aibreán 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/582 (3) lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES, lenar tugadh isteach roghanna breise maolaithe ón reo sócmhainní agus an toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine agus eintitis ainmnithe.

    (3)

    Tagann na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

    (4)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin.

    (5)

    Chun a áirithiú go mbeidh na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo éifeachtach, ba cheart dó teacht i bhfeidhm a luaithe a fhoilseofar é,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 4, mír 1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

    “(e)

    go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas nó go bhfuil siad le híoc ó chuntas ar le misean taidhleoireachta, post consalach nó eagraíocht idirnáisiúnta a bhfuil díolúintí aici i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, nó go bhfuil siad le híoc isteach i gcuntas nó go bhfuil siad le híoc ó chuntas atá i seilbh misean taidhleoireachta, post consalach nó eagraíocht idirnáisiúnta a bhfuil díolúintí aici i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, a mhéid atá sé ceaptha na híocaíochtaí sin a úsáid chun críocha oifigiúla an mhisin taidhleoireachta, an phoist chonsalaigh nó na heagraíochta idirnáisiúnta.”;

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6b:

    “Airteagal 6b

    1.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú go scaoilfí cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a bhaineann leis na heintitis a liostaítear faoi uimhreacha iontrála 53, 54 agus 55 faoi cheannteideal ‘B. Eintitis’ in Iarscríbhinn I, nó go gcuirfí ar fáil cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe do na heintitis sin, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh na húdaráis inniúla a bheith iomchuí agus tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin chun foirceannadh a dhéanamh faoin 24 Lúnasa 2022, ar oibríochtaí, conarthaí, nó comhaontuithe eile, lena n-áirítear caidrimh bhaincéireachta chomhfhreagracha, a tugadh i gcrích leis na heintitis sin roimh an 23 Feabhra 2022.

    2.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú go scaoilfí cistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite áirithe a bhaineann leis na heintitis a liostaítear faoi uimhreacha iontrála 79, 80, 81 agus 82 in Iarscríbhinn I, nó go gcuirfí ar fáil cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe do na heintitis sin, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh na húdaráis inniúla a bheith iomchuí agus tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil gá leis na cistí nó acmhainní eacnamaíocha sin chun foirceannadh a dhéanamh faoin 9 Deireadh Fómhair 2022, ar oibríochtaí, conarthaí nó comhaontuithe eile, lena n-áirítear caidrimh bhaincéireachta chomhfhreagracha, a tugadh i gcrích leis na heintitis sin roimh an 8 Aibreán 2022.

    3.   De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, a údarú go scaoilfí cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe, nó go gcuirfí ar fáil cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe do dhuine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I, tar éis dóibh an méid seo a leanas a chinneadh:

    (a)

    go bhfuil gá leis na cistí nó acmhainní eacnamaíocha chun go ndíolfar agus go n-aistreofar faoin 9 Deireadh Fómhair 2022 cearta dílseánaigh i nduine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe san Aontas i gcás ina bhfuil na cearta dílseánaigh sin faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I; agus,

    (b)

    go bhfanann na fáltais ó dhíol nó aistriú den sórt sin reoite.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Aibreán 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J.-Y. LE DRIAN


    (1)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.

    (2)  Rialachán ón gComhairle (AE) Uimh. 269/2014 an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 6).

    (3)  Cinneadh (CBES) 2022/582 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (féach leathanach 55 den Iris Oifigiúil seo).


    Top