This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0520
Commission Regulation (EU) 2022/520 of 31 March 2022 amending Regulation (EC) No 1418/2007 concerning the export for recovery of certain waste listed in Annex III or IIIA to Regulation (EC) No 1013/2006 of the European Parliament and of the Council to certain countries to which the OECD Decision on the control of transboundary movements of wastes does not apply (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2022/520 ón gCoimisiún an 31 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1418/2007 maidir le dramhaíl áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III nó IIIA a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a onnmhairiú lena haisghabháil chuig tíortha áirithe nach bhfuil feidhm maidir leo ag Cinneadh ECFE maidir le gluaiseachtaí trasteorann dramhaíola a rialú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2022/520 ón gCoimisiún an 31 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1418/2007 maidir le dramhaíl áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III nó IIIA a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a onnmhairiú lena haisghabháil chuig tíortha áirithe nach bhfuil feidhm maidir leo ag Cinneadh ECFE maidir le gluaiseachtaí trasteorann dramhaíola a rialú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/1917
IO L 104, 1.4.2022, p. 63–70
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
1.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 104/63 |
RIALACHÁN (AE) 2022/520 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Márta 2022
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1418/2007 maidir le dramhaíl áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III nó IIIA a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a onnmhairiú lena haisghabháil chuig tíortha áirithe nach bhfuil feidhm maidir leo ag Cinneadh ECFE maidir le gluaiseachtaí trasteorann dramhaíola a rialú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le seoltaí dramhaíola (1), agus go háirithe Airteagal 37(2), an tríú abairt, de.
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rinneadh an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1418/2007 ón gCoimisiún (2) a leasú le Rialachán (AE) 2021/1840 (3). |
(2) |
De bhun Airteagail 37(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006, tráth leasú na hIarscríbhinne sin le Rialachán (AE) 2021/1840, chuir an Coimisiún san áireamh na freagraí faoi seach ar a iarraidh i scríbhinn a fuarthas ón India agus ón Moldóiv. Ina dhiaidh sin luaigh an India i scríbhinn, maidir leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil ina freagra faoin bhfo-iontráil B3020, nár léirigh sí an reachtaíocht agus na nósanna imeachta atá ann cheana, rudaí nár chuir cosc ar na cineálacha dramhaíola sin a allmhairiú. Mar sin, d’iarr an India go ndéanfaí an nós imeachta maidir leis an bhfo-iontráil B3020 a athrú ó rogha (a) go rogha (d). |
(3) |
Ina dhiaidh sin luaigh an Mholdóiv i scríbhinn nár léiríodh leis an reachtaíocht ná leis na nósanna imeachta atá ann cheana an fhaisnéis a cuireadh ar fáil ina freagra faoi fhochodanna roinnt iontrálacha, reachtaíocht agus nósanna imeachta nár chuir cosc ar na fochatagóirí dramhaíola sin a allmhairiú. Mar sin, d’iarr an Mholdóiv gur cheart an nós imeachta maidir le fochatagóirí sonracha chóid dramhaíola B1010, B1200, B2020, B2110, B3011, B3020, B3030 agus B3060 a aistriú ó rogha (a) go rogha (d). |
(4) |
Tráth an leasaithe, liostaíodh an tSile go mícheart i Rialachán (CE) Uimh. 1418/2007 i measc na dtíortha sin nach bhfuil feidhm maidir leo ag Cinneadh ECFE maidir le rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíola atá beartaithe le haghaidh oibríochtaí aisghabhála. An 10 Aibreán 2018, d’fhormheas Comhairle ECFE an Tuairim ón gCoiste um Beartas Comhshaoil maidir leis an tSile Cinneadh ECFE sin a chomhlíonadh. Dá bharr sin, níl feidhm ag Airteagal 37(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 maidir leis an tSile a thuilleadh agus ba cheart an tábla a bhaineann leis an tSile a scriosadh ón Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1418/2007. |
(5) |
Tráth an leasaithe, liostaíodh cóid dramhaíola B3010 agus GH013 sa tábla a bhaineann leis an Ailgéir. Nuair a rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1418/2007 a leasú le Rialachán (AE) 2021/1840, liostaíodh cód dramhaíola GC040 sa tábla a bhaineann leis an Téalainn. Níl na cóid sin á n-úsáid a thuilleadh agus dá bhrí sin ba cheart iad a scriosadh ón Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1418/2007. |
(6) |
Níl an phoncaíocht sna táblaí maidir le Taipei na Síne agus maidir leis an Libéir ar neamhréir. Sa tábla a bhaineann le Taipei na Síne, in áit ‘B1030 — B1031’ i gcolún (b), ba cheart “B1030; B1031” a bheith ann, chun go mbeidh sé i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an Iarscríbhinn a léamh. Sa tábla a bhaineann leis an Libéir, ba cheart “B1010 — B1250” a bheith in ionad “– B1010 – B1250” i gcolún (a), chun go mbeidh sé i gcomhréir leis an riail maidir le colún (b) a léamh. |
(7) |
Chun na botúin sin a cheartú agus i bhfianaise an tionchair ar oibreoirí eacnamaíocha, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1418/2007 a leasú dá réir. |
(8) |
Ag féachaint don ghá práinneach le tús a chur arís le loingsithe na dramhaíola lena mbaineann chuig an India agus chuig an Moldóiv, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1418/2007 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 190, 12.7.2006, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1418/2007 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2007 maidir le dramhaíl áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III nó IIIA a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a onnmhairiú lena haisghabháil chuig tíortha áirithe nach bhfuil feidhm maidir leo ag Cinneadh ECFE maidir le gluaiseachtaí trasteorann dramhaíola a rialú (IO L 316, 4.12.2007, lch. 6).
(3) Rialachán (AE) 2021/1840 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1418/2007 maidir le dramhaíl áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III nó IIIA a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a onnmhairiú lena haisghabháil chuig tíortha áirithe nach bhfuil feidhm maidir leo ag Cinneadh ECFE maidir le gluaiseachtaí trasteorann dramhaíola a rialú (IO L 373, 21.10.2021, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1418/2007 mar a leanas:
(1) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla a bhaineann leis an Ailgéir: “An Ailgéir
|
(2) |
Scriostar an tábla a bhaineann leis an tSile. |
(3) |
Sa tábla a bhaineann le Taipei na Síne, an tríú ró, an dara colún: Cuirtear “B1030; B1031” in ionad “B1030 – B1031”. |
(4) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla a bhaineann le hIndia: “An India
|
(5) |
Sa tábla a bhaineann leis an Libéir, an chéad cholún (colún a), cuirtear “B1010 – B1250” in ionad “– B1010” agus “– B1250”. Dá réir sin, cuirtear “B3011” in ionad “– B3011”. |
(6) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla a bhaineann leis an Moldóiv: “An Mholdóiv (Poblacht na Moldóive)
|
(7) |
Sa tábla a bhaineann leis an Téalainn, an dara colún (colún b) Cuirtear “GC010; GC030” in ionad “GC010 – GC040”. |