This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0436
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/436 of 10 March 2022 entering a name in the register of protected designations of origin and protected geographical indications (‘Poivre de Penja’ (PGI))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/436 ón gCoimisiún an 10 Márta 2022 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Poivre de Penja” (TGFC))
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/436 ón gCoimisiún an 10 Márta 2022 lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Poivre de Penja” (TGFC))
C/2022/1592
IO L 89, 17.3.2022, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
17.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 89/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/436 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Márta 2022
lena gcláraítear ainm sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Poivre de Penja” (TGFC))
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1) agus go háirithe Airteagal 52(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, rinneadh an t-iarratas a thíolaic Camarún ar chlárú an ainm “Poivre de Penja” a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2). |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ós amhlaidh nár tugadh aon fhógra faoi ráiteas agóide don Choimisiún, ba cheart an t-ainm “Poivre de Penja” a chlárú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, cuirtear an t-ainm “Poivre de Penja” (TGFC) isteach sa chlár.
Leis an ainm a shonraítear sa chéad mhír, sainítear táirge de chuid Aicme 1.8. Táirgí eile in Iarscríbhinn I sa Chonradh (spíosraí, etc.) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.
(2) IO C 472, 23.11.2021, lch. 17.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 179, 19.6.2014, lch. 36).