This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0419
Council Implementing Regulation (EU) 2022/419 of 14 March 2022 implementing Regulation (EU) No 1352/2014 concerning restrictive measures in view of the situation in Yemen
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/419 ón gComhairle an 14 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1352/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide san Éimin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/419 ón gComhairle an 14 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1352/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide san Éimin
ST/7085/2022/INIT
IO L 86, 14.3.2022, pp. 1–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
14.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 86/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/419 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Márta 2022
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1352/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide san Éimin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1352/2014 ón gComhairle an 18 Nollaig 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide san Éimin (1), agus go háirithe Airteagal 15(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 18 Nollaig 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 1352/2014. |
|
(2) |
An 28 Feabhra 2022, chuir Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 2140 (2014) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, eintiteas amháin le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1352/2014 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear leis seo Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1352/2014 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Márta 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
É. BORNE
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1352/2014 mar a leanas:
|
(1) |
in ionad an cheannteidil “Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2”, cuirtear: “Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1a agus Airteagal 2”; |
|
(2) |
faoin gceannteideal “Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1a agus Airteagal 2”, cuirtear isteach an fo-cheannteideal agus an t-eintiteas seo a leanas. “B. EINTITIS
Faisnéis: Tá gníomhaíochtaí déanta ag na Houthis a chuireann an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht in Éimin i mbaol. Dáta ainmniúcháin na Náisiún Aontaithe: 24.2.2022. Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil: Tá ionsaithe déanta ag na Houthis ar shibhialtaigh agus ar an mbonneagar sibhialtach in Éimin; tá beartas curtha chun feidhme acu — atá bunaithe ar an bhforéigean gnéasach agus ar an mbrú faoi chois — i gcoinne gairmithe mná agus i gcoinne mná atá gníomhach ó thaobh na polaitíochta de; tá earcú déanta acu ar leanaí agus úsáid bainte acu astu; tá foréigean spreagtha acu in aghaidh grúpaí ar bhonn reiligiúin agus náisiúntachta i measc cúiseanna eile; agus tá úsáid neamh-idirdhealaitheach bainte acu as mianaigh talún agus as gairis phléascacha seiftithe ar Chósta Thiar Éimin. Tá bac curtha ag na Houthis ar sheachadadh cúnaimh dhaonnúil go hÉimin nó ar rochtain an chúnaimh dhaonnúil sin, nó ar a dháileadh, in Éimin. Tá ionsaithe déanta acu ar an loingseoireacht tráchtála sa Mhuir Rua le gairis phléascacha seiftithe uisce-iompartha agus le mianaigh mhara. Ina theannta sin, tá ionsaithe sceimhlitheoireachta trasteorann déanta arís agus arís eile ag na Houthis, agus sibhialtaigh agus bonneagar sibhialta i Ríocht na hAraibe Sádaí agus i Ríocht na nÉimíríochtaí Arabacha mar sprioc ag na hionsaithe sin, agus bagairt déanta acu díriú d’aon ghnó ar láithreáin shibhialta. (*1) Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2 maidir leis an eintiteas seo.” " |
(*1) Ní bheidh feidhm ag Airteagal 2 maidir leis an eintiteas seo.” ”