This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0383
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/383 of 4 March 2022 renewing the approval of the low-risk active substance Metarhizium brunneum strain Ma 43 (formerly Metarhizium anisopliae var. anisopliae strain BIPESCO 5/F52) in accordance with Regulation (EC) No 1107/2009 of the European Parliament and of the Council concerning the placing of plant protection products on the market, and amending the Annex to Commission Implementing Regulation (EU) No 540/2011 (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/383 ón gCoimisiún an 4 Márta 2022 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí Metarhizium brunneum tréithchineál Ma 43 (ar a dtugtaí Metarhizium anisopliae var. anisopliae tréithchineál BIPESCO 5/F52 roimhe seo), a mbaineann riosca íseal léi, a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/383 ón gCoimisiún an 4 Márta 2022 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí Metarhizium brunneum tréithchineál Ma 43 (ar a dtugtaí Metarhizium anisopliae var. anisopliae tréithchineál BIPESCO 5/F52 roimhe seo), a mbaineann riosca íseal léi, a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/1281
IO L 76, 7.3.2022, p. 1–5
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 76/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/383 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Márta 2022
lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí Metarhizium brunneum tréithchineál Ma 43 (ar a dtugtaí Metarhizium anisopliae var. anisopliae tréithchineál BIPESCO 5/F52 roimhe seo), a mbaineann riosca íseal léi, a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) i gcomhar le hAirteagal 22(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir 2008/113/CE ón gCoimisiún (2) áiríodh Metarhizium brunneum tréithchineál Ma 43 (ar a dtugtaí Metarhizium anisopliae var. anisopliae tréithchineál BIPESCO 5/F52 roimhe seo) mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3). |
(2) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4). |
(3) |
Formheas na substainte gníomhaí Metarhizium brunneum tréithchineál Ma 43 (ar a dtugtaí Metarhizium anisopliae var. anisopliae tréithchineál BIPESCO 5/F52 roimhe seo), mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 30 Aibreán 2022. |
(4) |
Cuireadh isteach iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí Metarhizium brunneum tréithchineál BIPESCO 5/F52 i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin. |
(5) |
Chuir na hiarratasóirí isteach na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith comhlánaithe ina iomláine. |
(6) |
D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) agus faoi bhráid an Choimisiúin í an 3 Meitheamh 2019. |
(7) |
Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar an iarratasóir agus ar na Ballstáit chomh maith chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
(8) |
An 28 Meán Fómhair 2020, chuir an tÚdarás a chonclúid (6) in iúl don Choimisiún maidir le cé acu is féidir nó nach féidir coinne a bheith leis go gcomhlíonfaidh Metarhizium brunneum tréithchineál BIPESCO 5/F52 na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Chuir an Coimisiún tuarascáil athnuachana agus dréacht den Rialachán seo maidir le Metarhizium brunneum tréithchineál Ma 43 (ar a dtugtaí Metarhizium anisopliae var. anisopliae tréithchineál BIPESCO 5/F52 roimhe seo) faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 21 Deireadh Fómhair 2021 agus an 1 Nollaig 2021, faoi seach. San iarratas a rinne na hiarratasóirí, is Metarhizium brunneum tréithchineál BIPESCO 5/F52 a thug siad ar an tsubstaint ghníomhach agus iad ag tagairt di. Mhol an Coimisiún ainm na substainte gníomhaí a athrú go Metarhizium brunneum tréithchineál Ma 43. Go deimhin, dhearbhaigh an tÚdarás gur fochultúir de thréithchineál Ma 43 iad BIPESCO 5 agus F52 agus gur comhionann na fochultúir sin ó thaobh airíonna bitheolaíocha agus géiniteacha de agus nach bhfuil siad éagsúil le bun-tréithchineál Ma 43. |
(9) |
D’iarr an Coimisiún ar na hiarratasóirí barúlacha a chur isteach maidir le conclúid an Údaráis agus, i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 14(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, barúlacha maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir na hiarratasóirí barúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu. |
(10) |
Maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach Metarhizium brunneum tréithchineál Ma 43 (ar a dtugtaí Metarhizium anisopliae var. anisopliae tréithchineál BIPESCO 5/F52 roimhe seo), suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(11) |
Measann an Coimisiún freisin gur substaint ghníomhach a mbaineann riosca íseal léi é Metarhizium brunneum tréithchineál Ma 43 (ar a dtugtaí Metarhizium anisopliae var. anisopliae tréithchineál BIPESCO 5/F52 roimhe seo) de bhun Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Comhlíonann an tsubstaint ghníomhach sin na coinníollacha a leagtar síos i bpointe 5.2.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 toisc nár léirigh sí, ar leibhéal tréithchineáil, il-fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a úsáidtear in íocshláinte an duine nó in íocshláinte tréidliachta. |
(12) |
Is iomchuí, dá bhrí sin, formheas Metarhizium brunneum tréithchineál Ma 43 (ar a dtugtaí Metarhizium anisopliae var. anisopliae tréithchineál BIPESCO 5/F52) mar shubstaint ghníomhach a bhfuil riosca íseal ag baint léi a athnuachan. |
(13) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch reatha agus an eolais theicniúil reatha, is gá, mar sin féin, foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha áirithe. |
(14) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
(15) |
Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón lá tar éis dháta dhul in éag fhormheas Metarhizium brunneum tréithchineál Ma 43 (ar a dtugtaí Metarhizium anisopliae var anisopliae tréithchineál BIPESCO 5/F52 roimhe seo). |
(16) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheas ar an tsubstaint ghníomhach a athnuachan
Déantar formheas na substainte gníomhaí Metarhizium brunneum tréithchineál Ma 43, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I, a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Bealtaine 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Treoir 2008/113/CE ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun roinnt miocrorgánach a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 330, 9.12.2008, lch. 6).
(3) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).
(6) EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(10):6274. Ar fáil ar líne: www.efsa.europa.eu.
IARSCRÍBHINN I
Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag an fhormheasa |
Forálacha sonracha |
Metarhizium brunneum tréithchineál Ma 43 |
Ní bhaineann le hábhar |
Gan aon eisíontas ábhartha |
1 Bealtaine 2022 |
30 Aibreán 2037 |
Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le Metarhizium brunneum tréithchineál Ma 43, agus go háirithe Foscríbhinní I agus II de. Sa mheasúnú foriomlán sin tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar chosaint na n-oibreoirí agus na n-oibrithe, agus é á chur san áireamh go meastar gur íogróirí féideartha iad miocrorgánaigh iontu féin, agus é á áirithiú go n-áirítear trealamh cosanta pearsanta leordhóthanach mar choinníoll úsáide. |
(1) Tá tuilleadh sonraí maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí le fáil sa tuarascáil athnuachana.
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:
(1) |
i gCuid A, scriostar iontráil 200 maidir le Metarhizium anisopliae var. anisopliae tréithchineál BIPESCO 5/F52; |
(2) |
i gCuid D, cuirtear an iontráil seo a leanas léi:
|
(1) Tá tuilleadh sonraí maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí le fáil sa tuarascáil athnuachana.