Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0380

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/380 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2022 lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is é sin (“Homokháti őszibarack pálinka”)

C/2022/1349

IO L 74, 7.3.2022, pp. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/380/oj

7.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 74/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/380 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Feabhra 2022

lena gcláraítear tásc geografach dí biotáille faoi Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is é sin (“Homokháti őszibarack pálinka”)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáille, úsáid ainmneacha deochanna biotáille i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáille, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 30(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na hUngáire an 25 Bealtaine 2018 maidir le clárú “Homokháti őszibarack pálinka” mar thásc geografach.

(2)

Rialachán (AE) 2019/787 a thagann in ionad Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, tháinig sé i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2019. I gcomhréir le hAirteagal 49(1) den Rialachán sin, déantar Caibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, maidir le tásca geografacha, a aisghairm le héifeacht ón 8 Meitheamh 2019.

(3)

Ar chinneadh don Choimisiún go bhfuil an t-iarratas i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, d’fhoilsigh sé príomhshonraíochtaí an chomhaid theicniúil in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) faoi mar fhoráiltear le hAirteagal 17(6) den Rialachán sin, i gcomhréir le hAirteagal 50(4), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2019/787.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2019/787, níor tugadh aon fhógra freasúra don Choimisiún.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart an t-ainm “Homokháti őszibarack pálinka” a chlárú mar thásc geografach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá an tásc geografach “Homokháti őszibarack pálinka” cláraithe. I gcomhréir le hAirteagal 30(4) de Rialachán (AE) 2019/787, an chosaint dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán sin, deonaítear leis an Rialachán seo í don tásc geografach “Homokháti őszibarack pálinka”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).

(3)   IO C 464, 17.11.2021, lch. 30.


Top