Wählen Sie die experimentellen Funktionen, die Sie testen möchten.

Dieses Dokument ist ein Auszug aus dem EUR-Lex-Portal.

Dokument 32022R0343

    Rialachán (AE) 2022/343 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2022 lena mbunaítear iamh iascach le haghaidh sól coiteann i limistéir 7h, 7j agus 7k i gcás soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu

    C/2022/420

    IO L 62, 1.3.2022, S. 9–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Rechtlicher Status des Dokuments Nicht mehr in Kraft, Datum des Endes der Gültigkeit: 31/12/2021

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/343/oj

    1.3.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 62/9


    RIALACHÁN (AE) 2022/343 ÓN gCOIMISIÚN

    an 24 Eanáir 2022

    lena mbunaítear iamh iascach le haghaidh sól coiteann i limistéir 7h, 7j agus 7k i gcás soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2021.

    (2)

    De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta le haghaidh 2021 ídithe ag gabhálacha an stoic sól coiteann i limistéir 7h, 7j agus 7k ag soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu nó soithí atá cláraithe sa Fhrainc.

    (3)

    Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ídiú cuótaí

    Maidir leis an gcuóta iascaireachta a chionroinntear ar an bhFrainc le haghaidh an stoic sól coiteann i limistéir 7h, 7j agus 7k le haghaidh 2021 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

    Airteagal 2

    Toirmisc

    1.   Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar iascaireacht an stoic sin dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu nó atá cláraithe sa Fhrainc. Beidh toirmeasc go háirithe ar iasc a lorg agus ar threalamh iascaireachta a chur ar uisce, a úsáid nó a tharraingt chun iascaireacht a dhéanamh ar an stoc sin.

    2.   Maidir le hiasc nó táirgí iascaigh ón stoc sin a ghabh na soithí sin a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean, a ramhrú agus a thabhairt i dtír, leanfaidh an méid sin de bheith údaraithe le haghaidh gabhálacha a tógadh roimh an dáta sin.

    3.   Maidir le gabhálacha neamhbheartaithe speiceas ón stoc sin a ghabhann na soithí sin, tabharfar ar bord na soithí iascaireachta agus coinneofar ar bord iad, agus déanfar iad a thaifeadadh, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Eanáir 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Ar son an Uachtaráin,

    Virginijus SINKEVIČIUS

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 31, 29.1.2021, lch. 31).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).


    IARSCRÍBHINN

    Uimh.

    26/TQ92

    Ballstát

    an Fhrainc

    Stoc

    SOL/7HJK.

    Speiceas

    An sól coiteann (Solea solea)

    Limistéar

    7h, 7j agus 7k

    Dáta deiridh

    17.12.2021


    nach oben