Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0330

    Rialachán (AE) 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    ST/6559/2022/INIT

    IO L 51, 25.2.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/330/oj

    25.2.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 51/1


    RIALACHÁN (AE) 2022/330 ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Feabhra 2022

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

    Ag féachaint do Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine (1),

    Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (2) tugtar éifeacht do bhearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES.

    (2)

    An 25 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/329 (3), lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES agus lena ndéantar foráil maidir le critéir liostaithe leasaithe.

    (3)

    Tagann na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

    (4)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir.

    (5)

    Chun a áirithiú go mbeidh na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo éifeachtach, ba cheart dó teacht i bhfeidhm láithreach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    In Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Áireofar an méid seo a leanas in Iarscríbhinn I:

    (a)

    daoine nádúrtha atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais, a thacaíonn leo nó a chuireann chun feidhme iad, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó a chuireann cobhsaíocht nó slándáil san Úcráin i mbaol, nó a chuireann bac ar obair eagraíochtaí idirnáisiúnta san Úcráin;

    (b)

    daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a thacaíonn, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin;

    (c)

    daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí sa Chrimé nó in Sevastopol ar aistríodh a n-úinéireacht contrártha do dhlí na hÚcráine, nó daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhain tairbhe as aistriú den sórt sin;

    (d)

    daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a thacaíonn le, go hábhartha nó ó thaobh airgeadais de, nó a thairbhíonn de, chinnteoirí Rúiseacha atá freagrach as ionghabháil na Crimé nó as díchobhsú na hÚcráine;

    (e)

    daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a sheolann idirbhearta leis na grúpaí scarúnaíocha i réigiún Donbas na hÚcráine;

    (f)

    daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag tacú le Rialtas Chónaidhm na Rúise, ar bhonn ábhartha nó ar bhonn airgeadais, nó atá ag baint tairbhe as an Rialtas sin, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine; nó

    (g)

    príomhdhaoine gnó nó príomhdhaoine dlítheanacha, príomheintitis nó príomhchomhlachtaí atá rannpháirteach in earnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, rialtas atá freagrach as ionghabháil na Crimé agus díchobhsú na hÚcráine,

    agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leo.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Feabhra 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 6).

    (3)  Cinneadh (CBES) 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 50, 25.2.2022, lch. 1).


    Top