EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0300

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/300 ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis

ST/5978/2022/INIT

IO L 46, 25.2.2022, p. 3–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/300/oj

25.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 46/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/300 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Feabhra 2022

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (1), agus go háirithe Airteagal 8a(1) agus (3) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Bealtaine 2006, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 765/2006.

(2)

Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle (2), chinn an Chomhairle gur cheart na bearta sriantacha a leagtar amach ann a athnuachan go dtí an 28 Feabhra 2023.

(3)

Na ráitis ar na cúiseanna a bhaineann le 27 nduine nádúrtha agus 7 nduine dlítheanacha a áirítear ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2012/642/CBES, nó an fhaisnéis a bhaineann leis na daoine sin, ba cheart iad a leasú.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo í.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. PANNIER-RUNACHER


(1)  IO L 134, 20.5.2006, lch. 1.

(2)  Cinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 285, 17.10.2012, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 mar a leanas:

(1)

i dtábla “A. Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 2(1)”, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 2, 3, 8, 16, 18, 19, 20, 21, 30, 31, 33, 46, 49, 50, 53, 70, 77, 87, 88, 112, 114, 121, 123, 124, 125, 127 agus 144:

 

Ainmneacha

(Traslitriú an litrithe Bealarúisise)

(Traslitriú an litrithe Rúisise)

Ainmneacha

(litriú Bealarúisise)

(litriú Rúisise)

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

“2.

Dzmitry Valerievich PAULICHENKA,

Dmitri Valerievich PAVLICHENKO (Dmitriy Valeriyevich PAVLICHENKO)

Дзмiтрый Валер'евiч ПАЎЛIЧЭНКА

Дмитрий Валериевич ПАВЛИЧЕНКО

Post/Poist: Iar-Cheannasaí ar Special Rapid Response Unit (SOBR)

Ceannasaí ar aonad de chuid OMON

Dáta breithe: 1966

Áit bhreithe: Vitebsk/Viciebsk iar-USSR (Belarus anois)

Seoladh: Belarusian Association of Veterans of Special Forces of the Ministry of Internal Affairs ‘Honour’, 111 Mayakovskogo St., 220028 Minsk, Belarus

Inscne: fireann

Duine lena mbaineann príomhthábhacht i gcásanna gan réiteach is iad sin fuadach Yuri Zakharenko, Viktor Gonchar, Anatoly Krasovski agus Dmitri Zavadski sa Bhealarúis in 1999-2000. IarCheannasaí ar Special Rapid Response Unit (SOBR) ag an Ministry of Internal Affairs (MoIA).

Fear gnó, Ceannaire ar ‘Honour’, Cumann Iarshaighdiúirí ó Fhórsaí Speisialta MoIA.

Aithníodh é a bheith i gceannas ar aonad OMON le linn na cniogbheartaíochta brúidiúla ar lucht agóide, a tharla sa Bhealarúis tar éis thoghchán uachtaránachta 2020.

24.9.2004

3.

Viktar Uladzimiravich SHEIMAN (Viktar Uladzimiravich SHEYMAN)

Viktor Vladimirovich SHEIMAN (Viktor Vladimirovich SHEYMAN)

Вiктар Уладзiмiравiч ШЭЙМАН

Виктор Владимирович ШЕЙМАН

Post/Poist: Iar-Cheann ar an Belarus President Property Management Directorate

Dáta breithe: 26.5.1958

Áit bhreithe: Soltanishki, Grodno/Hrodna Region/Oblast iarUSSR (Belarus anois)

Seoladh: Belarus President Property Management Directorate, 38 Karl Marx St., 220016 Minsk, Belarus

Inscne: fireann

Iar-Cheann ar an Belarus President Property Management Directorate. Freagrach as cásanna gan réiteach is iad sin fuadach Yuri Zakharenko, Viktor Gonchar, Anatoly Krasovski agus Dmitri Zavadski sa Bhealarúis in 1999-2000. IarRúnaí ar an Security Council. Is Cúntóir/Cúntóir Speisialta don Uachtarán é Sheiman go fóill.

Is comhalta gníomhach údarásach é go fóill i réimeas Lukashenka.

24.9.2004

8.

Siarhei Mikalaevich KHAMENKA

Sergei Nikolaevich KHOMENKO

Сяргей Мiкалаевiч ХАМЕНКА

Сергей Николаевич ХОМЕНКО

Post/Poist: IarLeas-Aire Internal Affairs, Maorghinearál sa Militia (fórsa póilíneachta)

An tAire Dlí agus Cirt

Dáta breithe: 21.9.1966

Áit bhreithe: Yasinovataya, iarUSSR (Ukraine anois)

Inscne: fireann

Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar Leas-Aire an Ministry of Internal Affairs (MoIA), ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir fórsaí MoIA tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde go háirithe mar chuid de, lena n-áirítear céasadh léirsitheoirí síochánta, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Aire Gnóthaí Baile.

2.10.2020

16.

Aliaksandr Mikhailavich ALIASHKEVICH

Alexander Mikhailovich ALESHKEVICH

Аляксандр Мiхайлавiч АЛЯШКЕВIЧ

Александр Михайлович АЛЕШКЕВИЧ

Post/Poist: IarChéad-Leas-Cheann ar an District Department of Internal Affairs in Moskovsky District, Minsk, Ceann ar an Criminal Police

Ceann ar an District Department of Internal Affairs in Leninsky District, Minsk

Inscne: fireann

Sa phost a bhí aige mar Chéad-Leas-Cheann ar District Department of Internal Affairs in Moskovsky District, Minsk, agus Ceann ar an Criminal Police, ba é a bhí freagrach as feachtas cos ar bolg agus imeaglaithe sa dúiche sin i gcoinne agóideoirí síochánta tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha, úsáid iomarcach fornirt agus drochíde, lena n-áirítear céasadh.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Cheann ar an District Department of Internal Affairs in Leninsky District, Minsk.

2.10.2020

18.

Aliaksandr Paulavich VASILIEU

Alexander Pavlovich VASILIEV

Аляксандр Паўлавiч ВАСIЛЬЕЎ

Александр Павлович ВАСИЛЬЕВ

Post/Poist: iarCheann ar an Department of Internal Affairs of Gomel/Homyel Region/Oblast Executive Committee

Ceann ar an Academy of the Ministry of Internal Affairs

Dáta breithe: 24.3.1975

Áit bhreithe: Mahiliou/Mogilev, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Sa phost a bhí aige mar Cheann ar an Department of Internal Affairs of Gomel/Homyel Region/Region/Oblast Executive Committee, ba é a bhí freagrach as feachtas cos ar bolg agus imeaglaithe sa réigiún sin/Region/Oblast i gcoinne agóideoirí síochánta tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha, úsáid iomarcach fornirt agus drochíde, lena n-áirítear céasadh.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Cheann ar an Academy of the Ministry of Internal Affairs.

2.10.2020

19.

Aleh Mikalaevich SHULIAKOUSKI

Oleg Nikolaevich SHULIAKOVSKI

Алег Мiкалаевiч ШУЛЯКОЎСКI

Олег Николаевич ШУЛЯКОВСКИЙ

Post/Poist: IarChéad-Leas-Cheann ar an Department of Internal Affairs of Gomel/Homyel Region/Oblast Executive Committee, Ceann ar an Criminal Police

Ceann ar an Department of Internal Affairs of the Brest Region/Oblast Executive Committee

Dáta breithe: 26.7.1977

Inscne: fireann

Sa phost a bhí aige mar Chéad-Leas-Cheann ar Department of Internal Affairs of Gomel/Homyel Region/Oblast Executive Committee agus Ceann ar an Criminal Police, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe sa réigiún sin/oblast i gcoinne agóideoirí síochánta tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha, úsáid iomarcach fornirt agus drochíde, lena n-áirítear céasadh.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Cheann ar an Department of Internal Affairs of the Brest Region/Oblast Executive Committee.

2.10.2020

20.

Anatol Anatolievich VASILIEU

Anatoli Anatolevich VASILEV

Анатоль Анатольевiч ВАСIЛЬЕЎ

Анатолий Анатольевич ВАСИЛЬЕВ

Post/Poist: IarLeas-Cheann ar an Department of Internal Affairs of Gomel/Homyel Region/Oblast Executive Committee, Ceann ar an Public Safety Police

Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee

Dáta breithe: 26.1.1972

Áit bhreithe: Gomel/Homyel, Gomel/Homyel Region/Oblast, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Sa phost a bhí aige mar Leas-Cheann ar an Department of Internal Affairs of Gomel/Homyel Region/Oblast Executive Committee agus Ceann ar Public Safety Police, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe sa réigiún sin/san oblast sin i gcoinne agóideoirí síochánta tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha, úsáid iomarcach fornirt agus drochíde, lena n-áirítear céasadh.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee.

2.10.2020

21.

Aliaksandr Viachaslavavich ASTREIKA

Alexander Viacheslavovich ASTREIKO

Аляксандр Вячаслававiч АСТРЭЙКА

Александр Вячеславович АСТРЕЙКО

Post/Poist: IarCheann ar an Department of Internal Affairs of Brest Region/Oblast Executive Committee, Maor-Ghinearál an Militia (fórsa póilíneachta)

Ceann ar an Department of Internal Affairs of the Minsk Region/Oblast Executive Committee

Dáta breithe: 22.12.1971

Áit bhreithe: Kapyl, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Sa phost a bhí aige mar Cheann ar Department of the Internal Affairs of Brest Region//Oblast Executive Committee agus Maor-Ghinearál an Militia, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe sa réigiún in/sa Region/Oblast sin i gcoinne agóideoirí síochánta tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe gabhálacha treallacha, úsáid iomarcach fornirt agus drochíde, lena n-áirítear céasadh, i gcoinne léirsitheoirí síochánta.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Cheann ar an Department of Internal Affairs of the Minsk Region/Oblast Executive Committee.

2.10.2020

30.

Uladzimir Viktaravich KALACH

Vladimir Viktorovich KALACH

Уладзiмiр Вiктаравiч КАЛАЧ

Владимир Викторович КАЛАЧ

Post/Poist: IarChéad-Leas-Chathaoirleach an State Security Committee (KGB)

Cúntóir ag an Uachtarán ar Republic of Belarus – Cigire do Minsk Region//Oblast

Inscne: fireann

Céim: Maor-Ghinearál

Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar Leas-Chathaoirleach ar an State Security Committee (KGB), ba é a bhí freagrach as rannpháirtíocht an KGB san fheachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a tharla tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde go háirithe mar chuid de, lena n-áirítear céasadh léirsitheoirí síochánta, agus comhaltaí an fhreasúra.

Tá sé fós gníomhach i réimeas Lukashenka mar Chúntóir ag Uachtarán na Bealarúise – Cigire do Minsk Region/Region/Oblast.

2.10.2020

31.

Alieg Anatolevich CHARNYSHOU

Oleg Anatolievich CHERNYSHEV

Алег Анатольевiч ЧАРНЫШОЎ

Олег Анатольевич ЧЕРНЫШЁВ

Post/Poist: IarChéad-Leas-Chathaoirleach an State Security Committee (KGB)

Leas-Chathaoirleach ar an Presidium of the National Academy of Sciences

Inscne: fireann

Céim: Maor-Ghinearál

Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar Leas-Chathaoirleach ar an State Security Committee (KGB), ba é a bhí freagrach as rannpháirtíocht an KGB san fheachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a tharla tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde go háirithe mar chuid de, lena n-áirítear céasadh léirsitheoirí síochánta, agus comhaltaí an fhreasúra.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Leas-Chathaoirleach ar an Presidium of the National Academy of Sciences.

2.10.2020

33.

Lidzia Mihailauna YARMOSHINA

Lidia Mikhailovna YERMOSHINA

Лiдзiя Мiхайлаўна ЯРМОШЫНА

Лидия Михайловна ЕРМОШИНА

Post/Poist: IarChathaoirleach ar an Central Electoral Commission (CEC)

Dáta breithe: 29.1.1953

Áit bhreithe: Slutsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: baineann

Sa phost a bhí aici mar Chathaoirleach ar Central Electoral Commission (CEC), ba í a bhí freagrach as an místiúradh a rinne CEC ar phróiseas toghchánach thoghchán uachtaránachta 2020, gan caighdeáin idirnáisiúnta bhunúsacha i dtaca le cothromaíocht agus trédhearcacht a bheith á gcomhlíonadh le linn an phróisis, agus as torthaí an toghcháin a fhalsú.

Is é CEC agus an ceannaireacht air, go háirithe, a d’fhág gur briseadh as a bpost, ar fhorais bhréige, iarrthóirí áirithe de chuid an fhreasúra agus gur cuireadh srianta neamhchomhréireacha ar bhreathnóirí sna stáisiúin vótála. Ina theannta sin, d'áirithigh CEC go bhfuil coimisiúin na dtoghchán, atá faoina mhaoirseacht, comhdhéanta ar bhealach claonta.

2.10.2020

46.

Viktar Aliaksandravich LUKASHENKA

Viktor Aleksandrovich LUKASHENKO

Вiктар Аляксандравiч ЛУКАШЭНКА

Виктор Александрович ЛУКАШЕНКО

Post/Poist: Roimhe seo bhí sé ina National Security Advisor to the President, Comhalta den Security Council

Uachtarán ar an National Olympic Committee of Belarus

Dáta breithe: 28.11.1975

Áit bhreithe: Mahiliou/Mogilev, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Aitheantais Phearsanta: 3281175A014PB8

Sa phost a bhí aige mar National Security Advisor don Uachtarán agusmar chomhalta den Security Council, chomh maith lena ról neamhfhoirmiúil faireacháin i ndáil le fórsaí slándála na Bealarúise, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fearas stáit tar éis thoghcháin uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde, céasadh san áireamh, ar léirsitheoirí síochánta go háirithe mar chuid de, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Leas-Chathaoirleach ar an National Olympic Committee. Sa phost seo, dá ceapadh é an 26 Feabhra 2021, tá sé freagrach as an drochíde a thug oifigigh NOC don lúthchleasaí Krystsina Tsimanouskaya le linn na gCluichí Oilimpeacha Samhraidh 2020 i dTóiceo.

6.11.2020

49.

Raman Ivanavich MELNIK

Roman Ivanovich MELNIK

Раман Iванавiч МЕЛЬНIК

Роман Иванович МЕЛЬНИК

Post/Poist: IarCheann an Main Directorate of Law and Order Protection and Prevention ag an Ministry of Internal Affairs

Ceann an Administration of the Leninsky District of Minsk

Dáta breithe: 29.5.1964

Inscne: fireann

Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar Cheann an Main Directorate of Law and Order Protection and Prevention ag an Ministry of Internal Affairs, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fearas Stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde, céasadh san áireamh, go háirithe mar chuid de, lena n-áirítear céasadh léirsitheoirí síochánta chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar Cheann ar an Administration of the Leninsky District of Minsk.

6.11.2020

50.

Ivan Danilavich NASKEVICH

Ivan Danilovich NOSKEVICH

Iван Данiлавiч НАСКЕВIЧ

Иван Данилович НОСКЕВИЧ

Post/Poist: IarChathaoirleach ar an Investigative Committee

Comhalta cúltaca den Investigative Committee

Dáta breithe: 25.03.1970

Áit bhreithe: village of Cierabličy in Brest Region/Oblast iarUSSR, (Belarus anois)

Inscne: fireann

Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar Chathaoirleach ar an Investigative Committee, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas diansmachta agus imeaglaithe a raibh an coiste i gceannas air tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe imscrúduithe a seoladh in aghaidh an Coordination Council agus i gcoinne léirsitheoirí síochánta.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar chomhalta cúltaca den Investigative Committee.

6.11.2020

53.

Andrei Fiodaravich SMAL

Andrei Fyodorovich SMAL

Андрэй Фёдаравiч СМАЛЬ

Андрей Федорович СМАЛЬ

Post/Poist: IarChathaoirleach ar an Investigative Committee

Dáta breithe: 01.08.1973

Áit bhreithe: Brest iarUSSR, (Belarus anois)

Inscne: fireann

Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar Leas-Chathaoirleach ar an Investigative Committee, ba é a bhí freagrach as an bhfeachtas diansmachta agus imeaglaithe a raibh an coiste i gceannas air tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, go háirithe imscrúduithe a seoladh in aghaidh an Coordination Council agus i gcoinne léirsitheoirí síochánta.

6.11.2020

70.

Aleh Heorhievich KARAZIEI

Oleg Georgievich KARAZEI

Алег Георгiевiч КАРАЗЕЙ

Олег Георгиевич КАРАЗЕЙ

Post/Poist: Iar-cheannasaí an Prevention Department of the Main Department of Law Enforcement and Prevention of the Public Security Police den Ministry of Internal Affairs

Ollamh comhlach ag an Academy of Ministry of Internal Affairs

Dáta breithe: 1.1.1979

Áit bhreithe: Minsk Region/Oblast, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar Cheann an Prevention Department of the Main Department of Law Enforcement and Prevention of the Public Security Police den Ministry of Internal Affairs, is é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fearas stáit tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde, céasadh san áireamh, ar léirsitheoirí síochánta mar chuid de, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar ollamh comhlach ag an Academy of Ministry of Internal Affairs.

17.12.2020

77.

Viktar Ivanavich STANISLAUCHYK

Viktor Ivanovich STANISLAVCHIK

Вiктар Iванавiч СТАНIСЛАЎЧЫК

Виктор Иванович СТАНИСЛАВЧИК

Post/Poist: IarLeas-Cheann an Police Department de Sovetsky District in Minsk, Ceann an Public Security Police

An Chéad Leas-Cheann ar an Center of Advanced Studies and Specialists den Ministry of Internal Affairs

Dáta breithe: 27.1.1971

Inscne: fireann

Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar Leas-Cheann an Police Department de Sovetsky District in Minsk agus Ceann an Public Security Police, is é a bhí freagrach as an bhfeachtas cos ar bolg agus imeaglaithe a stiúir an fórsa póilíneachta áitiúil faoina cheannaireacht tar éis thoghchán uachtaránachta 2020, feachtas a raibh gabhálacha treallacha agus drochíde ar léirsitheoirí síochánta, céasadh san áireamh, mar chuid de, chomh maith le himeaglú iriseoirí agus foréigean orthu.

De réir finnéithe, rinne sé féin maoirseacht go pearsanta ar choinneáil neamhdhleathach léirsitheoirí agus ar léasadh iad siúd a coinníodh go neamhdhleathach.

Tá sé gníomhach go fóill i réimeas Lukashenka mar an chéad Leas-Cheann ar an Center of Advanced Studies and Specialists den Ministry of Internal Affairs.

17.12.2020

87.

Aliaksandr Vasilevich SHAKUTSIN

Aleksandr Vasilevich SHAKUTIN

Аляксандр Васiльевiч ШАКУЦIН

Александр Васильевич ШАКУТИН

Post/Poist: Fear gnó, chathaoirleach ar bhord stiúrthóirí ghabháltas Amkodor

Dáta breithe: 12.1.1959

Áit bhreithe: Bolshoe Babino, Orsha Rayon, Vitebsk/ Viciebsk Region/Oblast, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Tá sé ar cheann de na fir ghnó cheannródaíocha a oibríonn sa Bhealarúis, agus tá leasanna gnó aige san earnáil tógála, tógála innealra, talmhaíochta agus in earnálacha eile.

Tuairiscítear gurb é duine de na daoine is mó a thairbhigh as príobháidiú le linn sheal Lukashenka mar Uachtarán. Tá sé ina iarchomhalta de phraesaidiam an chomhlachais phoiblí atá ar son Lukashenka ‘Belaya Rus’ agus ina iarchomhalta den Council for the Development of Entrepreneurship in the Republic of Belarus.

I mí Iúil 2020, cháin sé go poiblí agóidí an fhreasúra sa Bhealarúis, agus ar an gcaoi sin thacaigh sé le beartas cos ar bolg de chuid réimeas Lukashenka i leith agóideoirí síochánta, an fhreasúra dhaonlathaigh agus na sochaí sibhialta.

Tá leasanna gnó i gcónaí aige sa Bhealarúis.

17.12.2020

88.

Mikalai Mikalaevich VARABEI/VERABEI

Nikolay Nikolaevich VOROBEY

Мiкалай Мiкалаевiч ВАРАБЕЙ/ВЕРАБЕЙ

Николай Николаевич ВОРОБЕЙ

Post/Poist: Fear gnó, comhúinéir Bremino Group

Dáta breithe: 4.5.1963

Áit bhreithe: Ukraine, iarUSSR (Ukraine anois)

Inscne: fireann

Tá sé ar cheann de na fir ghnó cheannródaíocha a oibríonn sa Bhealarúis, agus a raibh leasanna gnó aige in earnáil an pheitriliaim, iompair guail, san earnáil baincéireachta agus in earnálacha eile.

Is comhúinéir é ar Bremino Group - cuideachta a bhain tairbhe as buntáistí cánach agus as cineálacha eile tacaíochta ó réimeas na Bealarúise. Tugadh ceart eisiach dá chuideachta, BelKazTrans, gual a aistriú tríd an mBealarúis. I mí na Nollag 2020, d’aistrigh sé cuid dá shócmhainní chuig a dhlúth-chomhpháirtithe gnó. De réir tuarascálacha sna meáin tá smacht i gcónaí aige ar chuideachtaí Interservice agus Oil Bitumen Plant. Tá gníomhaíochtaí gnó agus dlúthchaidreamh aige le húdaráis na Bealarúise agus thug sé dhá ghluaisteán sóchais do Lukashenka. Tá leasanna gnó aige freisin san Úcráin agus sa Rúis.

Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an gceangal atá aige le réimeas Lukashenka agus as an tacaíocht a thugann sé don réimeas.

17.12.2020

112.

Siarhei Aliaksandravich GUSACHENKA

Sergey Alexandrovich GUSACHENKO

Сяргей Аляксандравiч ГУСАЧЭНКА

Сергей Александрович ГУСАЧЕНКО

Post/Poist: Leas-Chathaoirleach ar an National State Teilevision and Radio Company (BelTeileradio Company)

Dáta breithe: 5.11.1983

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Teil. (oifige): +375 (17) 369-90-15

Ina phost mar Leas-Chathaoirleach an BelTeileradio Company (Cuideachta Theilifíse an Stáit agus Cuideachta Raidio), údar agus láithreoir an chláir teilifíse bolscaireachta sheachtainiúil “Glavnyy efir”, tá faisnéis bhréagach á soláthar go fonnmhar ag Siarhei Gusachenka do mhuintir na Bealarúise faoi thorthaí na dtoghchán, faoi agóidí, faoin gcos ar bolg atá á himirt ag údaráis an stáit agus faoi ghníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú mídhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais. Tá sé freagrach as an gcaoi a gcuireann state Teilevision faisnéis ar fáil faoi staid na tíre, ag tacú ar an gcaoi sin leis na húdaráis lena n-áirítear Lukashenka.

Mar sin, is é atá freagrach as tacú le réimseas Lukashenka.

21.6.2021

114.

Volha Mikalaeuna CHAMADANAVA

Olga Nikolaevna CHEMODANOVA

Вольга Мiĸалаеўна ЧАМАДАНАВА

Ольга Ниĸолаевна ЧЕМОДАНОВА

Post/Poist: Iar-Phreas-Rúnaí an Ministry of Internal Affairs of Belarus

Ceann an Main Directorate for Ideology and Youth den Minsk City Executive Committee

Dáta breithe: 13.10.1977

Áit bhreithe: Minsk Region/Oblast, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Grád: Coirnéal

Pas: MC1405076

Sa phost a bhí aici mar an té is mó a bhíonn ag plé leis na meáin sa Ministry of Internal Affairs of Belarus, bhí ról ríthábhachtach ag Volha Chamadanava maidir leis na fíorais a bhaineann le foréigean i gcoinne agóideoirí a chur as a riocht agus aird a tharraingt díobh agus maidir le faisnéis bhréagach a scaipeadh fúthu. Rinne sí bagairt ar agóideoirí síochánta agus lean sí d’údar a thabhairt leis an bhforéigean ina gcoinne.

Toisc go raibh sí bainteach leis an bhfearas slándála agus gur labhair sí thar a cheann, tá sí ag tabhairt tacaíochta do réimeas Lukashenka.

Tá sí gníomhach i gcónaí i réimeas Lukashenka mar Cheann ar an Main Directorate for Ideology and Youth den Minsk City Executive Committee.

21.6.2021

121.

Liliya Valereuna LUKASHENKA (SIAMASHKA)

Liliya Valerevna LUKASHENKO (SEMASHKO)

Лiлiя Валер'еўна ЛУКАШЭНКА (СЯМАШКА)

Лилия Валерьевна ЛУКАШЕНКО (СЕМАШКО)

Post/Poist: Bean ghnó, stiúrthóir ar dhánlann

Dáta breithe: 29.10.1979

Inscne: baineann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Aitheantais Phearsanta: 4291079A047PB1

Is í Liliya Lukashenka bean chéile Viktar Lukashenka agus is banchliamhain le Aliaksandr Lukashenka í. Bhí dlúthbhaint aici le roinnt cuideachtaí ardphróifíle, a bhain tairbhe as réimeas Lukashenka, lena n-áirítear gnóthais Dana Holdings/Dana Astra agus Belkhudozhpromysly concern. Bhí sí i láthair, in éineacht lena fear céile Viktar Lukashenka, ag oirniú rúnda Aliaksandr Lukashenka i mí Mheán Fómhair 2020.

Tá sí ina stiúrthóir ar an dánlann “Art Chaos” faoi láthair. Cuirtear a gníomhaíochtaí gnó chun cinn trí na meáin atá ceangailte leis an réimeas.

Dá bhrí sin, tá sí ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis.

21.6.2021

123.

Aliaksandr Yauhenavich SHATROU

Alexander (Alexandr) Evgenevich SHATROV

Аляксандр Яўгенавiч ШАТРОЎ

Александр Евгеньевич ШАТРОВ

Post/Poist: Fear gnó, scairshealbhóir agus iar-cheann Synesis LLC

Dáta breithe: 9.11.1978

Áit bhreithe: iarUSSR (Russian Federation anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Rúiseach, Bealarúiseach

Aitheantais Phearsanta: 3091178A002VF5

Ina phost mar iar-cheann agus iar-scairshealbhóir is mó Synesis LLC, bhí freagracht ar Alexander Shatrov as an gcinneadh a rinneadh an chuideachta sin ardán faireachais a chur ar fáil do na húdaráis Bhealarúiseacha, Kipod, atá in ann cuardach agus anailís a dhéanamh ar fhís-scannán agus bogearraí aghaidh-aitheanta a úsáid. Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú leis an gcos ar bolg atá á dhéanamh ag fearas an stáit ar an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach.

Tairbhíonn Synesis LLC agus a fhochuideachta, Panoptes, dá rannpháirtíocht sa Republican Safety Monitoring System. Cuideachtaí eile a bhí faoi úinéireacht nó faoi chomhúinéireacht Shatrov, mar shampla BelBet agus Synesis Sport, tairbhíonn siad freisin de chonarthaí rialtais.

Rinne sé ráitis phoiblí inar cháin sé iad siúd a bhí ag agóid i gcoinne réimeas Lukashenka agus lenar léirigh sé an easpa daonlathais sa Bhealarúis. Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an gceangal atá aige le réimeas Lukashenka agus tacaíonn sé leis an réimeas.

Tá sé fós ina scairshealbhóir de Synesis LLC.

21.6.2021

124.

Siarhei Siamionavich TSIATSERYN

Sergei Semionovich TETERIN

Сяргей Сямёнавiч ЦЯЦЕРЫН

Сергей Семёнович ТЕТЕРИН

Post/Poist: Fear gnó, úinéir BelGlobalStart, comhúinéir VIBEL, iarchathaoirleach ar an Belarusian Tennis Federation

Dáta breithe: 7.1.1961

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Tá Siarhei Tsiatseryn ar dhuine de na príomhfhir ghnó atá ag feidhmiú sa Bhealarúis, agus leasanna gnó aige i ndáileadh deochanna alcólacha (trína chuideachta BelGlobalStart), táirgí bia agus troscán. Baineann sé le dlúthchiorcal Lukashenko.

In 2019, tugadh deis do BelGlobalStart tús a chur le tógáil lárionaid gnó ilfheidhmigh os comhair phálás na huachtaránachta i Mionsc. Tá sé ina chomhúinéir ar an gcuideachta VIBEL, ar cuideachta í a dhíolann fógraí ar roinnt cainéal teilifíse náisiúnta sa Bhealarúis. Bhí sé ina chathaoirleach ar an Belarusian Tennis Federation agus ina iarchuntóir le Lukashenka i ndáil le cúrsaí spóirt.

21.6.2021

125.

Mikhail Safarbekovich GUTSERIEV

Микаил (Михаил) Сафарбекович ГУЦЕРИЕВ

Post/Poist: Fear gnó, scairshealbhóir agus cathaoirleach bhord feidhmeannach na gcuideachtaí Safmar agus Slavkali

Dáta breithe: 9.5.1958

Áit bhreithe: Akmolinsk, iarUSSR (Kazakhstan anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Rúiseach

Is fear gnó mór le rá Rúiseach é Mikhail Gutseriev, agus leasanna gnó aige sa Bhealarúis in earnáil an fhuinnimh, earnáil na potaise, earnáil an fháilteachais agus in earnálacha eile. Tá seanaithne aige ar Aliaksandr Lukashenka agus a bhuí leis an nasc sin, charnaigh sé saibhreas suntasach agus tá sé in ann tionchar a imirt i measc scothaicme pholaitiúil na Bealarúise. Ba é ‘Safmar’, cuideachta a bhí á rialú ag Gutseriev, an t-aon ghnólacht ola Rúiseach a lean d’ola a sholáthar do scaglanna na Bealarúise le linn na géarchéime fuinnimh idir an Bhealarúis agus an Rúis go luath in 2020.

Thacaigh Gutseriev le Lukashenka i ndíospóidí leis an Rúis faoi sheachadtaí ola freisin. Bhí Gutseriev ina chathaoirleach ar an mbord stiúrthóirí agus ina scairshealbhóir sa cuideachta Slavkali, a bhfuil an mhonarcha mianadóireachta agus próiseála clóiríde potaisiaim, Nezhinsky, á tógáil aige bunaithe ar fhosú salainn potaise, Starobinsky, gar do Lyuban. Is í an infheistíocht is mó atá déanta sa Bhealarúis, infheistíocht dar luach USD 2 bhilliún. Gheall Lukashenka go n-athbhaistfí baile Lyuban ‘Gutserievsk’ in ómós dó.

I measc na ngnóthaí eile a bhí aige sa Bhealarúis, bhí stáisiúin pheitril agus iostaí ola, óstán, lárionad gnó agus críochfort aerfoirt i Mionsc. Chosain Lukashenka Gutseriev nuair a tionscnaíodh imscrúdú coiriúil ina choinne sa Rúis. Ghabh Lukashenka buíochas le Gutseriev freisin as na rannchuidithe airgeadais le carthanacht agus as na billiúin dollar a infheistiú sa Bhealarúis. Tuairiscítear gur thug Gutseriev bronntanais ghalánta do Lukashenka.

Dhearbhaigh Gutseriev freisin gurb úinéir d'áit chónaithe ar le Lukashenka de facto í, agus eisean á cheilt dá bharr nuair a thosaigh iriseoirí ag imscrúdú sócmhainní Lukashenka. D’fhreastail Gutseriev ar oirniú rúnda Lukashenka an 23 Meán Fómhair 2020. I mí Dheireadh Fómhair 2020, bhí Lukashenka agus Gutseriev araon i láthair ag oscailt eaglaise ceartchreidmhí a ndearna Gutseriev urraíocht uirthi.

De réir na dtuairiscí ó na meáin, nuair a tugadh bata agus bóthar d’fhostaithe sna meáin faoi úinéireacht stáit na Bealarúise i mí Lúnasa 2020, cuireadh oibrithe sna meáin Rúiseacha ar eitleán de chuid Gutseriev chun áit na n-oibrithe a ligeadh chun bealaí a ghlacadh, agus tugadh lóistín dóibh in Minsk Renaissance HoTeil, ar le Gutseriev é. Chuidigh Gutseriev le fáil scanóirí CT don Bhealarúis le linn ghéarchéim COVID-19. Dá bhrí sin, tá Mikhail Gutseriev ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis an réimeas.

21.6.2021

127.

Aliaksandr Mikalaevich ZAITSAU

Alexander (Alexandr) Nikolaevich ZAITSEV

Аляксандр Мiкалаевiч ЗАЙЦАЎ

Александр Николаевич ЗАЙЦЕВ

Post/Poist: Fear gnó, comhúinéir Bremino Group agus Sohra Group

Dáta breithe: 22.11.1976

Áit bhreithe: Ruzhany, Brest Region/Oblast, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Is iarchuntóir é Aliaksandr Zaitsau le Viktar Lukashenka, mac, agus Adviser on National Security roimhe seo, le Aliaksandr Lukashenka. Tríd an teacht atá aige ar theaghlach Lukashenka, faigheann Zaitsau conarthaí mórbhrabúis dá gnóthaí. Bhí dlúthbhaint aige le Sohra Group, ar deonaíodh an ceart dó táirgeadh na bhfiontar faoi úinéireacht an stáit a onnmhairiú (tarracóirí agus leoraithe) chuig tíortha na Murascaille agus na hAfraice. Tá sé ina chomhúinéir agus ina chathaoirleach ar Chomhairle rannpháirtithe Bremino Group freisin. Fuair an chuideachta tacaíocht stáit chun an crios Bremino-Orsha a fhorbairt, mar aon le roinnt buntáistí eile airgeadais agus cánach agus sochair eile. Fuair Zaitsau agus úinéirí eile ar Bremino Group tacaíocht ó Viktar Lukashenka.

Dá bhrí sin, tá sé ag baint tairbhe as an gceangal atá aige le réimeas Lukashenka agus tacaíonn sé leis an réimeas.

21.6.2021

144.

Andrei Siarheevich BAKACH

Andrei Sergeevich BAKACH

Андрэй Сяргеевiч БАКАЧ

Андрей Сергеевич БАКАЧ

Post/Poist: Iar-Cheann an Zavodskoy District Police Department of Minsk

An Chéad Leas-Cheann ar Internal Affairs Directorate den Grodno/Hrodna Regional Executive Committee.

Dáta breithe: 19.11.1983

Áit bhreithe: Minsk, iarUSSR (Belarus anois)

Inscne: fireann

Náisiúntacht: Bealarúiseach

Sa phost ceannaireachta a bhí aige mar Cheann an Department of Internal Affairs of the Pervomaysky District Administration of Minsk , bhí Andrei Bakach freagrach as gníomhaíochtaí na bhfórsaí póilíneachta sa mhaighean phóilíneachta seo agus as an méid a tharlaíonn i stáisiún na bpóilíní. Agus é mar Cheann, tugadh íde chruálach mhídhaonna tháireach ar agóideoirí síochánta i Mionsc sa stáisiún póilíneachta a bhí faoina smacht.

Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

Tá sé gníomhach i gcónaí i réimeas Lukashenka mar an Chéad Leas-Cheann ar Internal Affairs Directorate den Grodno/Hrodna Regional Executive Committee.

21.6.2021”;

(2)

Cuirtear an tábla seo a leanas in ionad an tábla ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)’:

 

Ainmneacha

(Traslitriú an litrithe Bealarúisise)

(Traslitriú an litrithe Rúisise)

Ainmneacha

(litriú Bealarúisise)

(litriú Rúisise)

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

“1.

Beltechexport

Белтехэкспорт

Seoladh: Nezavisimosti Ave., 86-B Minsk, Belarus

Suíomh gréasáin: https://bte.by/

R-phost: mail@bte.by

Is eintiteas príobháideach é Beltechexport a onnmhairíonn airm agus trealamh míleata arna dtáirgeadh ag cuideachtaí faoi úinéireacht stáit na Bealarúise go tíortha san Afraic, i Meiriceá Theas, san Áise agus sa Mheánoirthear. Tá ceangal láidir ag Beltechexport le Ministry of Defense na Bealarúise.

Tá Beltechexport dá bhrí sin, ag baint tairbhe as an gceangal atá aige le réimeas Lukashenka agus tá sé ag tacú leis, trí bhuntáistí a thabhairt do réimeas na huachtaránachta.

17.12.2020

2.

Dana Holdings

ТАА ‘Дана Холдынгз’

ООО ‘Дана Холдингз’

Seoladh: Peter Mstislavets St, 9, pom. 3 (office 4) ), 220076 Minsk, Belarus

Cláruimhir: 690611860

Suíomhanna gréasáin: https://bir.by/; https://en.dana-holdings.com; https://dana-holdings.com/

R-phost: info@bir.by

Teil.: +375 (29) 636-23-91

Tá Dana Holdings ar cheann de na forbróirí réadmhaoine agus na tógálaithe príomhúla sa Bhealarúis. Fuair an chuideachta agus a fochuideachtaí cearta forbartha le haghaidh ceapacha talún agus d’fhorbair siad roinnt coimpléisc mhóra cónaithe agus ionaid ghnó.

Tá dlúthchaidreamh leis an Uachtarán Lukashenka ag daoine aonair a dtuairiscítear ina leith go ndéanann siad ionadaíocht ar Dana Holdings. Bhí post mór ag Liliya Lukashenka, banchliamhain an Uachtaráin, in Dana Astra.

Tá Dana Holdings fós gníomhach ó thaobh an gheilleagair de sa Bhealarúis.

Dá bhrí sin, tá Dana Holdings ag baint tairbhe as an gceangal atá aige le réimeas Lukashenka agus ag tacú leis an réimeas

17.12.2020

3.

Dana Astra

ЗТАА ‘Дана Астра’

ИООО ‘Дана Астра’

Seoladh: Peter Mstislavets St, 9, pom. 9-13, 220076 Minsk, Belarus

Cláruimhir: 191295361

Suíomhanna gréasáin: https://bir.by/; https://en.dana-holdings.com; https://dana-holdings.com/

R-phost: PR@bir.by

Teil.: +375 (17) 269-32-60; +375 17 269-32-51

Tá Dana Astra, a bhíodh ina fhochuideachta de Dana Holdings, ar cheann de na forbróirí réadmhaoine agus tógálaithe príomhúla sa Bhealarúis. Fuair an chuideachta cearta forbartha le haghaidh ceapacha talún agus tá sé ag forbairt ionad ilfheidhmeach ‘Minsk World’, atá fógartha ag an gcuideachta mar an infheistíocht is mó dá cineál í san Eoraip.

Tá dlúthchaidreamh leis an Uachtarán Lukashenka ag daoine aonair a dtuairiscítear ina leith go ndéanann siad ionadaíocht ar Dana Astra. Bhí post mór ag Liliya Lukashenka, banchliamhain an Uachtaráin, sa chuideachta.

Dá bhrí sin, tá Dana Astra ag baint tairbhe as an gceangal atá aige le réimeas Lukashenka agus ag tacú leis an réimeas.

17.12.2020

4.

GHU – Main Economic Department of the Presidential Administration

Главное хозяйственное управление

Seoladh: Miasnikova St. 37, Minsk, Belarus

Suíomh gréasáin: http://ghu.by

R-phost: ghu@ghu.by

Is é Main Economic Department of the Presidential Administration (GHU) an t-oibreoir is mó ar mhargadh réadmhaoine neamhchónaithigh i bPoblacht na Bealarúise agus déanann sé maoirseacht ar chuid mhór cuideachtaí.

D’iarr an tUachtarán Aliaksandr Lukashenka ar Victor Sheiman, a bhí mar iarcheann ar Belarus President Property Management Directorate a rinne rialú díreach ar GHU, sábháilteacht na toghcháin uachtaránachta 2020 a mhaoirsiú.

Tá GHU, dá bhrí sin, ag baint tairbhe as an gceangal atá aige le réimeas Lukashenka agus tá sé ag tacú leis.

17.12.2020

5.

SYNESIS LLC

ООО ‘Синезис’

Seoladh: Platonova 20B, 220005 Minsk, Belarus; Mantulinskaya 24, 123100 Moscow, Russia.

Cláruimhir : 190950894 (Belarus); 7704734000/

770301001 (Russia)

Suíomh gréasáin: https://synesis.partners; https://synesis-group.com/

R-phost: yuriy.serbenkov@synesis.by

Teil.: +375 (17) 240-36-50

Cuireann Synesis LLC ardán maoirseachta ar fáil d'údaráis na Bealarúise, lena mbeifear in ann fís sleachta a cheadú agus a anailísiú agus bogearraí aghaidh-aithinte a úsáid, agus mar sin, tá an chuideachta freagrach as an gcos ar bolg atá á imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra ag an bhfearas stáit sa Bhealarúis.

Níl cead ag fostaithe Synesis cumarsáid a dhéanamh sa Bhealarúisis, agus, mar sin, tá tacaíocht á tabhairt don bheartas idirdhealaithe ar bhonn teanga atá i bhfeidhm ag réimeas Lukashenka.

Liostaítear Belarusian State Security Committee (KGB) agus an Ministry of Internal Affairs mar úsáideoirí córais a chruthaigh Synesis. Mar sin, tá an chuideachta ag baint tairbhe as an gceangal atá aige le réimeas Lukashenka agus tá sí ag tacú leis.

Cháin iar-cheann, bunaitheoir agus iar-scairshealbhóir is mó Synesis, Alexander Shatrov, go poiblí iad siúd a bhí ag agóid i gcoinne réimeas Lukashenka agus rinne beag is fiú den easpa daonlathais sa Bhealarúis.

17.12.2020

6.

AGAT electromechanical Plant OJSC

Агат-электромеханический завод

Seoladh:. Nezavisimosti Ave. 115, 220114 Minsk, Belarus

Suíomh gréasáin: https://agat-emz.by/

R-phost: marketing@agat-emz.by

Teil.:

+375 (17) 2720132

+375 (17) 5704145

Tá AGAT electromechanical Plant OJSC mar chuid den Belarussian State Authority for Military Industry of the Republic of Belarus (dá ngairtear freisin SAMI nó State Military Industrial Committee), atá freagrach as beartas míleata-teicniúil an Stáit a chur chun feidhme agus atá faoi réir an Council of Ministers agus Uachtarán na Bealarúise.

Tá AGAT electromechanical Plant OJSC ag baint tairbhe, dá bhrí sin, as an gceangal atá aige le réimeas Lukashenka agus tá sé ag tacú leis.

Monaraíonn an chuideachta ‘Rubezh’ – córas bacainní a ceapadh le haghaidh círéib a smachtú a úsáideadh in aghaidh léirsithe síochánta a bhí ar siúl tar éis na dtoghchán uachtaránachta a bhí ann an 9 Lúnasa 2020, agus ar an gcaoi sin, tá an chuideachta freagrach as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

17.12.2020

7.

140 Repair Plant

140 ремонтный завод

Suíomh gréasáin: 140zavod.org

Tá 140 Repair Plant mar chuid den Belarussian State Authority for Military Industry of the Republic of Belarus (dá ngairtear freisin SAMI nó State Military Industrial Committee), atá freagrach as beartas míleata-teicniúil an Stáit a chur chun feidhme agus atá faoi réir an Council of Ministers agus Uachtarán na Bealarúise. tá 140 Repair Plant, dá bhrí sin, ag baint tairbhe as an gceangal atá aige le réimeas Lukashenka agus tá sé ag tacú leis.

Monaraíonn an chuideachta feithiclí iompair agus feithiclí armúrtha a úsáideadh in aghaidh léirsithe síochánta a bhí ar siúl tar éis na dtoghchán uachtaránachta a bhí ann an 9 Lúnasa 2020, agus an gcaoi sin, tá an chuideachta freagrach as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

17.12.2020

8.

MZKT (dá ngairtear freisin VOLAT)

МЗКТ - Минский завод колёсных тягачей

Suíomh gréasáin: www.mzkt.by

Tá MZKT (dá ngairtear freisin VOLAT) mar chuid den Belarusian State Authority for Military Industry of the Republic of Belarus (dá ngairtear freisin SAMI nó State Military Industrial Committee), atá freagrach as beartas míleata-teicniúil an Stáit a chur chun feidhme agus atá faoi réir an Council of Ministers agus Uachtarán na Bealarúise. Tá MZKT (dá ngairtear freisin VOLAT) dá bhrí sin ag baint tairbhe as an gceangal atá aige le réimeas Lukashenka agus tá sé ag tacú leis.

Briseadh as a bpost fostaithe ZKT a chuaigh i mbun agóide nuair a thug Aliakandr Lukashenka cuairt ar an monarcha agus a chuaigh ar stailc tar éis na dtoghchán uachtaránachta sa Bhealarúis in 2020, agus mar sin, tá an chuideachta freagrach as cearta an duine a shárú.

17.12.2020

9.

Sohra Group / Sohra LLC

ООО Сохра

Seoladh: Revolucyonnaya 17/19, office no. 22, 220030 Minsk, Belarus

Cláruimhir: 192363182

Suíomh gréasáin: http://sohra.by/

R-phost: info@sohra.by

Bhíodh Sohra company faoi úinéireacht Aliaksandr Zaitsau, ceann de na fir ghnó leis an tionchar is mó sa Bhealarúis, duine a bhfuil dlúthnaisc aige lebunaíocht pholaitiúil na Bealarúise agus dlúthchúntóir don mhac is sine ag Lukashenko, Viktor. Cuireann Sohra táirgí tionsclaíocha na Bealarúise chun cinn i dtíortha san Afraic agus sa Mheán Oirthear. Chomhbhunaigh sé an chuideachta chosanta BSVT-New Technologies a bhfuil baint aici le táirgeadh arm agus nuachóiriú diúracán. Agus leas á bhaint as a staid phribhléide, feidhmíonn Sohra mar ionadaí idir bunaíocht pholaitiúil na Bealarúise agus cuideachtaí faoi úinéireacht stáit agus comhpháirtithe eachtracha san Afraic agus sa Mheán Oirthear. Bhí baint aige freisin le mianadóireacht óir i dtíortha na hAfraice ar bhonn lamháltas a fuair réimeas Lukashenka.

Tá Sohra Group ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka dá bhrí sin.

21.6.2021

10.

Bremino Group LLC

ООО ‘Бремино групп’

Seoladh: Niamiha 40, 220004 Minsk Belarus;, Bolbasovo village, Zavodskaya 1k, Orsha Region/Oblast Belarus

Cláruimhir: : 691598938

Suíomh gréasáin: http://www.bremino.by

R-phost: office@bremino.by; marketing@bremino.by

Is é Bremino Group tionscnóir agus comhriarthóir an Bremino-Orsha special economic zone project, a cruthaíodh le foraithne ón uachtarán arna shíniú ag Aliaksandr Lukashenko. Fuair an chuideachta tacaíocht stáit chun an crios Bremino-Orsha a fhorbairt, mar aon le roinnt buntáistí eile airgeadais agus cánach agus sochair eile. Tá úinéirí Bremino Group - Aliaksandr Zaitsau, Mikalai Varabei agus Aliaksei Aleksin - ina gcuid de chiorcal inmheánach na bhfear gnó a bhaineann le Lukashenka agus bíonn dlúthchaidreamh acu le Lukashenka agus a theaghlach.

Tá Bremino Group ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka dá bhrí sin.

Is é Bremino Group úinéir an Transport and Logistics Center (TLC) ar theorainn na Bealarúise-na Polainne – Bremino-Bruzgi, a d’úsáid réimeas Lukashenka mar dhídean d’imircigh a iompraíodh go teorainn na Bealarúise agus an Aontais agus é d'aidhm acu é a thrasnú go neamhdhleathach. Chomh maith leis sin, ba shuíomh é Bremino-Bruzgi TLC de chuairt bholscaireachta Lukashenka ar na himircigh.

Dá bhrí sin, tá Bremino Group ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

21.6.2021

11.

Globalcustom Management, LLC

ООО ‘Глобалкастом-менеджмент’

Seoladh: Nemiga 40/301, Minsk, Belarus

Cláruimhir: 193299162

Suíomh gréasáin: https://globalcustom.by/

R-phost: info@globalcustom.by

Tá baint ag Globalcustom Management leis an Belarus President Property Management Directorate, a bhí faoi cheannas Victor Sheiman, atá ainmnithe ag an Aontas ó 2004 i leith. Tá baint ag an gcuideachta le smuigléireacht earraí chun na Rúise, rud nach bhféadfaí a dhéanamh gan toiliú ó réimeas Lukashenka, a dhéanann rialú ar na gardaí teorann agus na custaim teorann. Tá an staid pribhléide in earnáil onnmhairiúcháin bláthanna chun na Rúise, rud a bhaineann an chuideachta tairbhe as, ag brath freisin ar thacaíocht ón réimeas. Ba é Globalcustom Management an chéad úinéir ar GardService, an t-aon chuideachta phríobháideach ar lig Lukashenka dóibh airm a úsáid. Tá Globalcustom Management ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka dá bhrí sin.

21.6.2021

12.

Belarusski Avtomobilnyi Zavod (BelAZ) / OJSC ‘BELAZ’

Open Joint Stock Company ‘BELAZ’ - Management Company of Holding ‘BELAZ-HOLDING’

ААТ ‘БЕЛАЗ’

ОАО ‘БЕЛАЗ’

Seoladh: 40 let Octyabrya St. 4, 222161, Zhodino, Minsk Region/Oblast, Belarus

Suíomh gréasáin: https://belaz.by

Tá OJSC BelAZ ar cheann de na príomhchuideachtaí faoi úinéireacht an stáit sa Bhealarúis agus ar cheann de na monaróirí is mó de thrucailí móra agus de thrucailí móra dumpála ar fud an domhain. Is foinse shuntasach ioncaim é do réimeas Lukashenka. Dúirt Lukashenka go dtacódh an rialtas i gcónaí leis an gcuideachta agus is mar ‛branda na Bealarúise’ agus mar ‛cuid den oidhreacht náisiúnta’ a chuir sé síos uirthi. Thairg OJSC BelAZ a áitreabh agus a threalamh chun mórshiúl polaitiúil a reáchtáil chun tacú le réimeas Lukashenka. Dá bhrí sin, tá OJSC BelAZ ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus tacaíonn sé leis.

Rinneadh bagairt ar fhostaithe OJSC BelAZ a ghlac páirt i stailceanna agus in agóidí síochánta tar éis na dtoghchán calaoiseacha sa Bhealarúis i mí Lúnasa 2020, a leagan as a bpost agus rinne bainistíocht na cuideachta imeaglú orthu. Chuir OJSC BelAZ grúpa fostaithe faoi ghlas laistigh chun cosc a chur orthu dul leis na hagóideoirí eile. Lig bainistíocht na cuideachta orthu do na meáin gur cruinniú foirne a bhí i gceist le stailc. Dá bhrí sin, tá OJSC BelAZ freagrach as an tsochaí shibhialta a chur faoi chois agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

21.6.2021

13.

Minskii Avtomobilnyi Zavod (MAZ) / OJSC ‘MAZ’

Open Joint Stock Company ‘Minsk Automobile Works’ - Management Company of ‘BELAVTOMAZ’ Holding

ААТ ‘Мiнскi аўтамабiльны завод’

ОАО ‘Минский автомобильный завод’

Seoladh: Socialisticheskaya 2, 220021 Minsk, Belarus

Suíomh gréasáin: http://maz.by/

Dáta clárúcháin: 16.7.1944

Teil.+375 (17) 217-22-22; +8000 217-22-22

Tá OJSC Minsk Automobile Plant (MAZ) ar ceann de na monaróirí gluaisteán is mó atá faoi úinéireacht an stáit sa Bhealarúis. Chuir Lukashenka síos air mar ‘ceann de na fiontair tionsclaíochta is tábhachtaí sa tír’. Is foinse ioncaim é do réimeas Lukashenka. Thairg OJSC MAZ a áitreabh agus a threalamh chun mórshiúl polaitiúil a reáchtáil chun tacú leis an réimeas. Dá bhrí sin, tá OJSC MAZ ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus tacaíonn sé leis.

Rinneadh imeaglú ar fhostaithe OJSC MAZ a ghlac páirt i stailceanna agus in agóidí síochánta tar éis na dtoghchán calaoiseacha sa Bhealarúis i mí Lúnasa 2020 agus leag bainistíocht na cuideachta as a bpost iad ina dhiaidh sin. Chuir OJSC MAZ grúpa fostaithe faoi ghlas laistigh chun cosc a chur orthu dul leis na hagóideoirí eile. Dá bhrí sin, tá OJSC MAZ freagrach as an tsochaí shibhialta a chur faoi chois agus tacaíonn sé le réimeas Lukashenka.

21.6.2021

14.

Logex

ТАА ‘Лагекс’

ООО ‘Логекс’

Seoladh: 24 Kommunisticheskaya Str., office 2, Minsk, Belarus

Cláruimhir: 192695465

Suíomh gréasáin: http://logex.by/

R-phost: info@logex.by

Tá baint ag Logex le Aliaksandr Shakutsin, fear gnó atá gar do réimeas Lukashenka, agus atá ainmnithe ag an Aontas.

Tá baint ag an gcuideachta le honnmhairiú bláthanna chuig an Russian Federation ar phraghsanna dumpáilte, rud nach bhféadfaí a dhéanamh gan toiliú ón réimeas, a dhéanann rialú ar na gardaí teorann agus na custaim teorann. Tá an staid pribhléide in earnáil onnmhairiúcháin bláthanna chun na Rúise, rud a bhaineann an chuideachta tairbhe as, ag brath ar thacaíocht don réimeas. Is iad na cuideachtaí a bhfuil dlúthnasc acu le ceannaireacht na poblachta príomhsholáthraithe bláthanna gearrtha na Bealarúise.

Tá Logex ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka dá bhrí sin.

21.6.2021

15.

JSC ‘NNK’ (Novaia naftavaia kampania) / New Oil Company

ЗАТ ‘ННК’ (Новая нафтавая кампанiя)

ЗАО ‘ННК’ (Новая нефтяная компания)

Seoladh: Rakovska St. 14W room 7, 5th floor, Minsk, Belarus

Cláruimhir: 193402282

Is eintiteas a bunaíodh i Márta 2020 é Novaya Neftnaya Kompaniya (NNK), New Oil company. Is í an t-aon chuideachta phríobháideach í atá i dteideal táirgí ola a onnmhairiú ón mBealarúis - léiriú ar dhlúthnaisc leis na húdaráis agus ar an leibhéal is airde pribhléidí stáit. Tá NNK faoi úinéireacht Interservice, cuideachta atá faoi úinéireacht Mikalai Varabei atá ar cheann de na fir ghnó is mó a bhaineann tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis. Tuairiscítear freisin go bhfuil NNK nasctha le Aliaksei Aleksin, fear gnó mór le rá eile ón mBealarúis a bhaineann tairbhe as réimeas Lukashenka. De réir tuarascálacha na meán, bhí Aleskin ina bhunaitheoir ar NNK taobh le Varabei. Bhain údaráis na Bealarúise úsáid as NNK freisin chun geilleagar na Bealarúise a chur in oiriúint do bhearta sriantacha a thug an tAontas isteach.

Tá NNK ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka dá bhrí sin.

21.6.2021

16.

Belaeronavigatsia

Fiontar faoi úinéireacht stáit

Белаэронавiгация

Дзяржаўнае прадпрыемства

Белаэронавигация

Государственное предприятие

Seoladh: 19 Korotkevich St, 220039 Minsk, , Belarus

Dáta clárúcháin: 1996

Suíomh gréasáin: http://www.ban.by/

R-phost: office@ban.by

Teil.: +375 (17) 215-40-51

Facs: +375 (17) 213-41-63

Tá fiontar faoi úinéireacht stáit Belaeronavigatsia, freagrach as rialú aerthráchta na Bealarúise. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as tuirlingt éigeantais a dhéanamh an 23 Bealtaine 2021 ar eitilt paisinéirí FR4978 go haerfort Mhionsc gan údar cuí a bheith leis. Ba é an aidhm a bhí leis an gcinneadh polaitiúil sin go ndéanfaí an t-iriseoir de chuid an fhreasúra Raman Pratasevich agus Sofia Sapega a ghabháil agus a choinneáil; is brú faoi chois an méid sin i gcoinne na sochaí sibhialta agus an fhreasúra dhaonlathaigh sa Bhealarúis.

Tá fiontar faoi úinéireacht stáit Belaeronavigatsia, freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach.

21.6.2021

17.

Cuideachta Comhstoic Oscailte ‘Belavia Belarusian Airlines’

ААТ ‘Авiякампанiя Белавiя’

ОАО ‘Авиакомпания ‘Белавиа’

Seoladh: 14A Nemiga St., 220004 Minsk, Belarus,

Dáta clárúcháin: 4.1.1996

Cláruimhir: 600390798

Is í an OJSC Belavia Belarusian Airlines an chuideachta aerlíne náisiúnta atá faoi úinéireacht an Stáit. Gheall Aliaksandr Lukashenka go dtabharfadh a rialtas gach tacaíocht is féidir do Belavia tar éis don Aontas Eorpach a chinneadh cosc ar aerlínte na Bealarúise traseitiltí a dhéanamh thar aerspás an Aontais agus ar rochtain ag aerlínte na Bealarúise ar aerfoirt an Aontais a thabhairt isteach. Chuige sin, d’aontaigh sé le hUachtarán na Rúise, Vladimir Putin, maidir le hoscailt bealaí nua aerlínte do Belavia a phleanáil.

Anuas air sin, dúirt bainistíocht Belavia lena fostaithe gan agóid a dhéanamh i gcoinne na neamhrialtachtaí toghchánaíochta agus na hollchoinneála sa Bhealarúis toisc gur fiontar faoi úinéireacht an Stáit é Belavia.

Dá bhrí sin, tá Belavia ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka agus ag tacú leis.

Tá Belavia páirteach in imircigh a thabhairt ón Meánoirthear go dtí an Bhealarúis. Tá imircigh ar mian leo teorainn sheachtrach an Aontais a thrasnú ag eitilt go Mionsc ar bhord eitiltí a oibríonn Belavia ó roinnt tíortha sa Mheánoirthear, go háirithe an Liobáin, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus an Tuirc. Chun é sin a éascú, d’oscail Belavia aerbhealaí nua agus chuir sé le líon na n-eitiltí ar bhealaí a bhí ann cheana. Tá oibreoirí turais áitiúla ag gníomhú mar idirghabhálaithe agus ticéid Belavia á ndíol acu le himircigh ionchasacha, agus ar an gcaoi sin tá siad ag cuidiú le Belavia feidhmiú go rúnda.

Dá bhrí sin, tá Belavia ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

18.

Fofhiontar aonadach poblachtach ‘TSENTRKURORT

Рэспублiканскае унiтарнае прадпрыемства ‘ЦЭНТРКУРОРТ’

Республиканское унитарное предприятие ‘ЦЕНТРКУРОРТ’

Seoladh: 39 Myasnikova St., 220030 Minsk, Belarus,

Dáta clárúcháin: 12.8.2003

Cláruimhir: 100726604

Is cuid de Belarus President Property Management Directorate an chuideachta turasóireachta Stáit Tsentrkurort. Tá sé ráite go bhfuil Tsentrkurort ar cheann de na cuideachtaí a dhéanann comhordú ar shreabhadh na n-imirceach a mbíonn sé ar intinn acu an teorainn a thrasnú idir an Bhealarúis agus an Aontas. Chuidigh Tsentrkurort le 51 shaoránach de chuid na hIaráice, ar a laghad, víosaí a fháil dá dturas ar an mBealarúis, agus shínigh sé conradh le haghaidh seirbhísí iompair le cuideachta na Bealarúise ‘Stroitur’ a tháirgeann busanna ar cíos le tiománaithe. Rinne busanna, a chuir Tsentrkurort in áirithe, imircigh (lena n-áirítear leanaí) a iompar ó aerfort Mhionsc chuig óstáin.

Dá bhrí sin, tá Tsentrkurort ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

19.

Oskartour LLC

ООО Оскартур

Seoladh: 25 Karl Marx St., room 1n, Minsk, Belarus

Dáta clárúcháin: 18.10.2016

Cláruimhir: 192721937

Is oibreoir turais é Oskartur, a d’éascaigh víosaí a fháil d’imircigh ag teacht ón Iaráic agus a d’eagraigh a dtaistil ina dhiaidh sin go dtí an Bhealarúis ar eitiltí ó Bhagdad go Mionsc. Ina dhiaidh sin, iompraíodh na himircigh Iarácacha sin go dtí an teorainn idir an Bhealarúis agus an tAontas agus an aidhm a bhí acu an teorainn sin a thrasnú go neamhdhleathach. A bhuí le Oskartur agus na teagmhálacha atá aige le haerlínte na hIaráice, le húdaráis na Bealarúise agus le cuideachta Tsentrkurort atá faoi úinéireachta an Stáit, sheol aerlíne na hIaráice eitiltí ó Bagdad go Mionsc go rialta, chun daoine a chur chuig an mBealarúis chun teorainneacha seachtracha an Aontais a thrasnú go neamhdhleathach. Ghlac Oskartur páirt sa scéim trasnaithe neamhdhleathaigh teorann seo a reáchtáil seirbhísí slándála na Bealarúise agus cuideachtaí faoi úinéireacht an stáit.

Dá bhrí sin, tá sé ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

20.

Fofhiontar aonadach poblachtach ‘HoTeil Minsk’

Гатэль ‘Мiнск’

Республиканское дочернее унитарное предприятие ‘Отель ‘Минск’

Seoladh: 11 Nezavisimosti Ave., Minsk, Belarus

Dáta clárúcháin: 26.12.2016/3.4.2017

Cláruimhir: 192750964

Suíomh gréasáin: http://hoTeilminsk.by/

R-phost: hoTeilminsk@udp.gov.by; marketing@hoTeilminsk.by

Teil. +375 (17) 2099061

Facs +375 (17) 2000072

Is fochuideachta de Belarus President Property Management Directorate – gníomhaireacht rialtais a thuairiscíonn go díreach don Uachtarán – é HoTeil Minsk. Ghlac HoTeil Minsk páirt sa scéim trasnaithe neamhdhleathaigh teorann a reáchtáil seirbhísí slándála na Bealarúise agus cuideachtaí faoi úinéireacht Stáit. Cuireadh cóiríocht ar fáil d’imircigh san óstán sular iompraíodh iad go dtí an teorainn idir an Bhealarúis agus an Aontas chun go bhféadfaidís í a thrasnú go neamhdhleathach. Bhí HoTeil Minsk liostaithe ag imircigh ón Iaráic mar áit chónaithe shealadach ina n-iarratais ar víosaí Bealarúiseacha, a taisceadh díreach sular tháinig siad go Bhealarúis.

Dá bhrí sin, tá HoTeil Minsk ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

21.

Cuideachta Comhstoic Oscailte ‘HoTeil Planeta’

ААТ ‘Гасцiнiца Планета’

OAO ‘Гостиница Планета’

Seoladh: 31 PobediTeiley Ave., Minsk, Belarus

Dáta clárúcháin: 1.2.1994/6.3.2000

Cláruimhir: 100135173

R-phost: planeta@udp.gov.by

Suíomh gréasáin: https://hoTeilplaneta.by/

Teil.; +375 (17) 226 78 53

Facs: +375 (17) 226 78 55

Is fochuideachta de Belarus President Property Management Directorate – gníomhaireacht rialtais a thuairiscíonn go díreach don Uachtarán – é OJSC HoTeil Planeta. Ghlac HoTeil Planeta páirt sa scéim trasnaithe neamhdhleathaigh teorann a reáchtáil seirbhísí slándála na Bealarúise agus cuideachtaí faoi úinéireacht Stáit. Cuireadh cóiríocht ar fáil d’imircigh san óstán sular iompraíodh iad go dtí an teorainn idir an Bhealarúis agus an tAontas chun go bhféadfaidís í a thrasnú go neamhdhleathach. D’íoc siad USD 1 000 le gníomhaire taistil i mBagdad as an eitilt, víosa thurasóireachta agus as cóiríocht san óstán.

Dá bhrí sin, tá HoTeil Planeta ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

22.

ASAM (Asobnaia sluzhba aktyunykh merapryemstvau)

OSAM (Otdiel’naya sluzhba aktivnykh mieropriyatiy)

Асобная служба актыўных мерапрыемстваў (АСАМ)

Отдельная служба активных мероприятий (ОСАМ)

Seoladh: State Border Committee of the Republic of Belarus, 24 Volodarsky St., 220050, Minsk, Belarus

Is aonad garda speisialta teorann é ASAM (Separate Service for Active Measures) atá faoi smacht Viktar Lukashenka, agus a bhfuil Ihar Kruchkou i gceannas air. Eagraíonn fórsaí ASAM faoi oibríocht speisialta ‘Gate’ trasnuithe neamhdhleathacha teorann tríd an mBealarúis go dtí Ballstáit an Aontais, agus tá siad páirteach go díreach in iompar fisiciúil imirceach go dtí an taobh eile den teorainn. Gearrann ASAM táille ar na himircigh a iompraítear as an teorainn a thrasnú freisin.

Dá bhrí sin, tá ASAM ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

23.

Cham Wings Airlines

 

Seoladh: PO Box 30588, Damascus, Syria

Suíomh gréasáin: https://chamwings.com/

Oibreoir cairteitiltí ón tSiria go dtí an Bhealarúis is ea Cham Wings Airlines. Mhéadaigh an chuideachta líon na n-eitiltí ón Damaisc go Mionsc ó shamhradh 2021 i leith chun imircigh a iompar go dtí an Bhealarúis - imircigh a raibh beartaithe acu teorainneacha seachtracha an Aontais a thrasnú go neamhdhleathach. I bhfómhar 2021, d'oscail Cham Wings dhá oifig nua i Mionsc chomh maith chun go bhféadfaidís na heitiltí a eagrú idir an Damaisc agus Mionsc.

Ar an dóigh sin, tá Cham Wings Airlines ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

24.

VIP Grub

 

Seoladh: Büyükdere Cad., No:201, Istanbul, Turkey

Is seirbhís pasanna agus víosaí é VIP Grub atá suite in Iostanbúl na Tuirce, agus a eagraíonn turais go dtí an Bhealarúis agus é mar rún sainráite aici imirce isteach san Aontas a éascú. Bíonn VIP Grub ag fógairt imirce go dtí an tAontas go gníomhach. Dá bhrí sin, tá VIP Grub ag rannchuidiú le gníomhaíochtaí réimeas Lukashenka a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais.

2.12.2021

25.

Cuideachta Comhstoic Oscailte ‘Grodno Azot’

Lena n-áirítear Craobh ‘Khimvolokno Plant’ de Chuideachta Comhstoic ‘Grodno Azot’

ААТ ‘Гродна Азот’

ОАО ‘Гродно Азот’

Фiлiял ‘Завод Хiмвалакно’ ААТ ‘Гродна Азот’

Филиал ‘Завод Химволокно’ ОАО ‘Гродно Азот’

Seoladh: 100 Kosmonavtov Ave., Grodno/Hrodna, Belarus

Dáta clárúcháin: 1965

Cláruimhir: 500036524

Suíomh gréasáin: https://azot.by/en/

Seoladh: 4 Slavinskogo, St., 230026 Grodno/Hrodna, Belarus

Dáta clárúcháin: 12.5.2000

Cláruimhir: 590046884

Suíomh gréasáin: www.grodno-khim.by

R-phost: office@grodno-khim.by; market@grodno-khim.by; ppm@grodno-khim.by; tnp@grodno-khim.by

Teil./facs: +375 (152) 39-19-00, +375 (152) 39-19-44

Is táirgeoir mór comhdhúl nítrigine é OJSC Grodno Azot atá bunaithe in Grodno/Hrodna agus atá faoi úinéireacht Stáit. Chuir Lukashenka síos air mar ‘fhiontar ríthábhachtach straitéiseach’. Is le Grodno Azot Khimvolokno Plant freisin, ar monaróir mór polaimíde agus poileistir agus ábhar comhchodach é. Is foinse mhór ioncaim do réimeas Lukashenka iad Grodno Azot agus Khimvolokno Plant. Dá bhrí sin, tá Grodno Azot ag tacú le réimeas Lukashenka.

Thug Lukashenka cuairt ar an gcuideachta agus bhuail sé lena hionadaithe, agus phléigh siad nuachóiriú na monarcha agus cineálacha éagsúla tacaíochta Stáit. Gheall Lukashenka iasacht a d’úsáidfí chun monarcha nua nítrigine a thógáil in Grodno/Hrodna freisin. Dá bhrí sin, tá Grodno Azot ag baint tairbhe as réimeas Lukashenka.

Na hoibrithe in Grodno Azot, lena n-áirítear na fostaithe ag Khimvolokno Plant, a ghlac páirt sna hagóidí síochánta i gcoinne an réimis agus a chuaigh ar stailc, briseadh as a bpoist iad, agus chuir lucht bainistíochta Grodno Azot agus ionadaithe an réimis imeagla orthu agus bhagair siad iad. Tá Grodno Azot freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.

2.12.2021

26.

State Production Association ‘Belorusneft’

Дзяржаўнае вытворчае аб’яднанне ‘Беларуснафта’

Государственное производственное объединение ‘Белоруснефть’

Seoladh: 9 Rogachevskaya St., 246003 Gomel/Homyel, Belarus

Dáta clárúcháin: 25.2.1966

Cláruimhir: 400051902

Is cuideachta faoi úinéireacht Stáit é Belorusneft, a oibríonn san earnáil pheitriceimiceach. Bhris lucht bainistíochta na cuideachta as a bpoist na hoibrithe a chuaigh ar stailc, a ghlac páirt in agóidí i gcoinne an réimis nó a thacaigh leis na hagóidí sin go poiblí. Tá Belorusneft freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.

2.12.2021

27.

Cuideachta Comhstoic Oscailte ‘Belshina’

AAT ‘Белшина’

ОАО ‘Белшина’

Seoladh: 4 Minskoe Shosse St., 213824 Bobruisk, Belarus

Dáta clárúcháin: 10.1.1994

Cláruimhir: 700016217

Suíomh gréasáin: http://www.belshinajsc.by/

Tá Belshina OJSC ar na príomhchuideachtaí faoi úinéireacht Stáit sa Bhealarúis agus is monaróir mór bonn feithiclí é. Dá bhrí sin, is foinse thábhachtach ioncaim é do réimeas Lukashenka. Tá Stát na Bealarúise ag baint tairbhe dhíreach as an méid a thuilleann Belshina. Dá bhrí sin, tá Belshina ag tacú le réimeas Lukashenka.

Fostaithe Belshina a ghlac páirt sna hagóidí agus a chuaigh ar stailc tar éis thoghcháin uachtaránachta 2020 sa Bhealarúis, briseadh as a bpoist iad. Tá Belshina freagrach, dá bhrí sin, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta.

2.12.2021”.


Top