This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0272
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/272 of 23 February 2022 concerning the authorisation of a preparation of Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 as a feed additive for all suidae other than weaned piglets and sows, and dogs (holder of authorisation: Prosol S.p.A.) (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/272 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2022 maidir le hullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach ainmhí den fhine Suidae seachas bainbh scoite agus cránacha, agus madraí (sealbhóir an údaraithe: Prosol S.p.A.) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/272 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2022 maidir le hullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach ainmhí den fhine Suidae seachas bainbh scoite agus cránacha, agus madraí (sealbhóir an údaraithe: Prosol S.p.A.) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/999
IO L 43, 24.2.2022, p. 14–16
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
24.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 43/14 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/272 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Feabhra 2022
maidir le hullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach ainmhí den fhine Suidae seachas bainbh scoite agus cránacha, agus madraí (sealbhóir an údaraithe: Prosol S.p.A.)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú. |
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 cuireadh isteach iarratas maidir le húdarú ullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
(3) |
Baineann an t-iarratas le hullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach ainmhí den fhine Suidae seachas bainbh scoite agus cránacha, agus madraí, ullmhóidí atá le haicmiú sa chatagóir breiseán dar teideal “breiseáin zóiteicniúla”. |
(4) |
I dtuairimí an 23 Meitheamh 2021 ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”), is é an chonclúid ar ar thángthas (2) , (3) nach bhfuil tionchar díobhálach ag an ullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Ina theannta sin, tháinig sé ar an gconclúid go meastar an ullmhóid sin a bheith ina greannaitheoir féideartha craicinn agus súl agus ina híogróir craicinn agus riospráide. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe maidir le húsáideoirí an bhreiseáin. Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid, i gcás ainmhithe den fhine Suidae, go bhféadfadh an ullmhóid a bheith éifeachtach mar bhreiseán zóiteicniúil in ábhar beatha agus i gcás madraí, go bhféadfadh an ullmhóid a bheith éifeachtach maidir le dlús an fhaecais a fheabhsú. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. Chomh maith leis sin, an tuarascáil faoin modh anailíse i leith an bhreiseáin beathaithe agus é i mbeathú, tuarascáil arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, rinne an tÚdarás an tuarascáil sin a fhíorú. |
(5) |
Léirítear leis an measúnú ar ullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú, de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú faoi mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin zóiteicniúla” agus leis an bhfeidhmghrúpa “cobhsaitheoirí fhlóra na stéige”, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6698.
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6699.
IARSCRÍBHINN
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||
CFU/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||
Catagóir: breiseáin zóiteicniúla. Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí fhlóra na stéige |
|||||||||||||
4b1710 |
Prosol S.p.A. |
Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 ina bhfuil íoschion den ní seo a leanas: 1 × 109 CFU/g breiseáin Foirm sholadach Tréithriú na substainte gníomhaí Cealla inmharthana Saccharomyces cerevisiae MUCL 39885 Modh anailíse (1) Áireamh: modh an doirte ar phláta ag baint úsáid as agar d’úsc giosta glúcós clóraimfeineacól (CGYE) (EN 15789) Sainaitheantas: modh imoibrithe slabhrúil polaiméaráise (PCR) |
Gach ainmhí den fhine Suidae seachas iad siúd a úsáidtear chun críoch atáirgthe agus bainbh scoite Gach ainmhí den fhine Suidae a úsáidtear chun críoch atáirgthe seachas cránacha Madraí |
- - - |
3 × 109 6,4 × 109 7 × 1010 |
- - - |
|
16.3.2032 |
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports