This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0268
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/268 of 23 February 2022 amending Implementing Regulation (EU) 2016/898 as regards the name of the holder of the authorisation of a preparation of Bacillus licheniformis (ATCC 53757) and its protease (EC 3.4.21.19) as a feed additive and Implementing Regulation (EU) 2018/982 as regards the name of the holder of the authorisation of a preparation of benzoic acid, calcium formate and fumaric acid as a feed additive (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/268 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/898 a mhéid a bhaineann le hainm shealbhóir an údaraithe maidir le hullmhóid Bacillus licheniformis (ATCC 53757) agus a heinsím phróitéalaíoch (EC 3.4.21.19) mar bhreiseán beathaithe agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/982 a mhéid a bhaineann le hainm shealbhóir an údaraithe maidir le hullmhóid d’aigéad beansóch, formáit chailciam agus aigéad fúmarach mar bhreiseán beathaithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/268 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/898 a mhéid a bhaineann le hainm shealbhóir an údaraithe maidir le hullmhóid Bacillus licheniformis (ATCC 53757) agus a heinsím phróitéalaíoch (EC 3.4.21.19) mar bhreiseán beathaithe agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/982 a mhéid a bhaineann le hainm shealbhóir an údaraithe maidir le hullmhóid d’aigéad beansóch, formáit chailciam agus aigéad fúmarach mar bhreiseán beathaithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/1002
IO L 43, 24.2.2022, p. 1–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
24.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 43/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/268 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Feabhra 2022
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/898 a mhéid a bhaineann le hainm shealbhóir an údaraithe maidir le hullmhóid Bacillus licheniformis (ATCC 53757) agus a heinsím phróitéalaíoch (EC 3.4.21.19) mar bhreiseán beathaithe agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/982 a mhéid a bhaineann le hainm shealbhóir an údaraithe maidir le hullmhóid d’aigéad beansóch, formáit chailciam agus aigéad fúmarach mar bhreiseán beathaithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 13(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/898 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2016 (2) údaraíodh ullmhóid Bacillus licheniformis (ATCC 53757) agus a heinsím phróitéalaíoch (EC 3.4.21.19) mar bhreiseán beathaithe. Is é Novus Europe SA/NV sealbhóir an údaraithe. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/982 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2018 (3) údaraíodh ullmhóid d’aigéad beansóch, formáit chailciam agus aigéad fúmarach mar bhreiseán beathaithe. |
(4) |
Chuir Novus Europe NV iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 lenar moladh ainm shealbhóir an údaraithe a athrú a mhéid a bhaineann le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2016/898 agus (AE) 2018/982. |
(5) |
Maíonn an t-iarratasóir gur athraigh sé a ainm ó Novus Europe SA/NV go Novus Europe NV. Bhí na sonraí tacaíochta ábhartha ag gabháil leis an iarratas. |
(6) |
Is athrú de chineál riaracháin amháin é an t-athrú sin atá beartaithe i dtéarmaí na n-údaruithe agus ní dhéanfar measúnú nua ar na breiseáin lena mbaineann. Cuireadh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia ar an eolas faoin iarratas. |
(7) |
Is gá téarmaí na n-údaruithe a athrú chun go mbeidh an t-iarratasóir in ann a chearta margaíochta a shaothrú faoina ainm nua, Novus Europe NV. |
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2016/898 agus (AE) 2018/982 a leasú dá réir. |
(9) |
Ós rud é nach gá na leasuithe a rinneadh leis an Rialachán seo ar Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2016/898 agus (AE) 2018/982 a chur i bhfeidhm láithreach mar gheall ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse ina bhféadfar stoic na mbreiseán beathaithe atá ann cheana a úsáid. |
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/898
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/898 mar a leanas:
(1) |
sa teideal, cuirtear na focail “sealbhóir an údaraithe Novus Europe NV” in ionad na bhfocal “sealbhóir an údaraithe Novus Europe SA/NV”; |
(2) |
san Iarscríbhinn, an dara colún, “Ainm shealbhóir an údaraithe”, cuirtear na focail “Novus Europe NV” in ionad na bhfocal “Novus Europe SA/NV”. |
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/982
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/982 mar a leanas:
(1) |
sa teideal, cuirtear na focail “sealbhóir an údaraithe Novus Europe NV” in ionad na bhfocal “sealbhóir an údaraithe Novus Europe N.A/S.V.”; |
(2) |
san Iarscríbhinn, an dara colún, “Ainm shealbhóir an údaraithe”, cuirtear na focail “Novus Europe NV” in ionad na bhfocal “Novus Europe N.A./S.V”. |
Airteagal 3
Bearta idirthréimhseacha
Stoic na mbreiseán atá ann cheana agus atá i gcomhréir leis na forálacha arna gcur i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfar leanúint de na stoic sin a chur ar an margadh agus a úsáid go dtí go mbeidh siad ídithe.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/898 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2016 maidir le húdarú ullmhóid Bacillus licheniformis (ATCC 53757) agus a einsím phróitéalaíoch (EC 3.4.21.19) mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus le haghaidh mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga, agus le haghaidh éin ornáideacha (sealbhóir an údaraithe Novus Europe SA/NV) (IO L 152, 9.6.2016, lch. 11).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/982 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2018 maidir le hullmhóid d’aigéad beansóch, formáit chailciam agus aigéad fúmarach a údarú mar bhreiseán beathaithe do shicíní lena ramhrú agus do shicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe Novus Europe N.A./S.V.) (IO L 176, 12.7.2018, lch. 13).