EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0255

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/255 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle maidir le síneadh a chur leis na bearta díolúine sealadacha ó na rialacha maidir le húsáid sliotán i ngeall ar ghéarchéim COVID-19

C/2021/9105

IO L 42, 23.2.2022, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/255/oj

23.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 42/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/255 ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Nollaig 2021

lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle maidir le síneadh a chur leis na bearta díolúine sealadacha ó na rialacha maidir le húsáid sliotán i ngeall ar ghéarchéim COVID-19

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle an 18 Eanáir 1993 maidir le rialacha comhchoiteanna chun sliotáin a leithdháileadh in aerfoirt an Chomhphobail (1), agus go háirithe Airteagal 10a(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá ardú seasta tagtha ar na leibhéil aerthráchta sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) in 2021 i gcomparáid leis na seachtainí céanna tar éis thús ghéarchéim COVID-19 in 2020, rud a léiríonn go bhfuil an téarnamh ag leanúint ar aghaidh. De réir na réamhaisnéise ó Eurocontrol, meastar go mbainfidh an meán-aerthrácht bliantúil leibhéal amach a bheidh cothrom le 89 % in 2022, ar bhonn an cháis réamhaisnéise is réadúla.

(2)

Níl an ráta téarnaimh céanna ar an aerthrácht i ngach réigiún den domhan agus i roinnt tíortha tá feidhm fós ag bearta sláintíochta sriantacha a ghlac na húdaráis phoiblí chun scaipeadh COVID-19 a mhaolú, bearta a laghdaíonn an t-éileamh tomhaltais go fóill. Thairis sin, is ábhar éiginnteachta fós iad éabhlóid COVID-19 agus athraitheacha contúirteacha nua a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

(3)

Níl neart ag aeriompróirí ar na himthosca sin agus is freagairt riachtanach nó dhlisteanach ar na himthosca sin go gcuirfeadh aeriompróirí aersheirbhísí ar ceal dá dtairbhe, ar bhonn deonach nó ar bhonn éigeantach, i gcomhréir leis an éileamh síorathraitheach.

(4)

De bhun Airteagal 8(2) de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 10(2), ní mór d’aeriompróirí 80 % ar a laghad d’aon sraith sliotán a leithdháiltear orthu a úsáid, nó caillfidh siad an tosaíocht stairiúil do na sliotáin sin, an riail “úsáid é nó caill é” mar a thugtar air. I bhfianaise ghéarchéim COVID-19, agus chun sláinte airgeadais na n-aeriompróirí a chosaint agus chun an tionchar diúltach ar an gcomhshaol atá ag eitiltí folmha nó eitiltí atá beagnach folamh a sheachaint, eitiltí nach n-oibrítear ach chun sliotáin ábhartha aerfoirt a choinneáil, cuireadh an riail “úsáid é nó caill é” ar fionraí ón 1 Márta 2020 go dtí an 27 Márta 2021, agus laghdaíodh í go 50 % ón 28 Márta 2021 go dtí an 26 Márta 2022.

(5)

Cé go bhfuil méadú leanúnach ar leibhéil aerthráchta LEE in 2021, tá siad fós faoi bhun leibhéil tráchta 2019. Léiríonn sonraí Eurocontrol go raibh an t-aerthrácht i nDeireadh Fómhair 2021 27 % níos lú ná leibhéil 2019, san iomlán.

(6)

Ar bhonn na réamhaisnéise 7 mbliana ó Eurocontrol an 15 Deireadh Fómhair 2021, sa chás is dóchúla, is in 2022 a bhainfeadh na leibhéil tráchta meán bliantúil amach a bheadh cothrom le 89 % de na leibhéil chomhfhreagracha le haghaidh 2019. Ar bhonn na réamhaisnéisí míosúla ó Eurocontrol atá ar fáil don bhliain 2021 agus ar bhonn an mheáin bhliantúil Eurocontrol atá ar fáil don bhliain 2022, meastar go mbeidh an leibhéal aerthráchta le linn thréimhse sceidealaithe shamhradh 2022 idir 85 % agus breis agus 89 % de leibhéil 2019. Mar sin féin, ní bhainfí leibhéil 2019 amach ach faoi dheireadh 2023. Dá bhrí sin, tá sé réasúnta glacadh leis go leanfaidh an laghdú i gcomparáid le leibhéil aerthráchta 2019 le linn thréimhse sceidealaithe shamhradh 2022.

(7)

Léiríonn na sonraí a thiomsaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) agus an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) gur toradh ar thionchar ghéarchéim COVID-19 é an laghdú leanúnach ar an aerthrácht. Léirítear sna sonraí atá ar fáil go bhfuil comhghaol idir líon na gcásanna atá ag teacht chun cinn agus freagairtí na mBallstát agus tríú tíortha don líon sin atá ag teacht chun cinn, freagairtí a dhéantar trí bhearta a ghlacadh a mbíonn tionchar acu ar aerthaisteal agus a mbíonn laghdú ar aerthrácht mar thoradh orthu. Bearta den sórt sin, ar féidir iad a chur chun feidhme nó a bhaint ar fhógra an-ghearr, cuireann siad le timpeallacht éiginnteachta agus bíonn tionchar diúltach acu ar mhuinín na dtomhaltóirí agus ar an iompraíocht áirithinte. Is léir ón méid sin gurb é tionchar ghéarchéim COVID-19 is cúis leis an laghdú leanúnach ar an aerthrácht.

(8)

Cé go léiríonn sonraí ó ECDC an 30 Meán Fómhair 2021 go bhfuil 61,1 % den daonra iomlán i LEE vacsaínithe go hiomlán, léiríonn sonraí ó shuíomh gréasáin EDS go bhfuil an ráta vacsaínithe fós go híseal i líon mór tíortha. Thairis sin, tá éiginnteacht fós ann maidir le hathraitheacha contúirteacha nua a d’fhéadfadh teacht chun cinn i réigiúin éagsúla. Dá bhrí sin, ní bheidh an ráta téarnaimh céanna i gceist le haghaidh leibhéil an aerthráchta ar fud an domhain.

(9)

D’fhéadfadh na Ballstáit agus tríú tíortha leanúint de fhreagairt do na hathraitheacha nua trí bhearta a chur i bhfeidhm arbh fhéidir go mbeadh tionchar mór acu ar an aerthrácht. Dá bhrí sin, tá sé réasúnta go mbeadh coinne fós le líon suntasach cealuithe, go háirithe ar bhealaigh chun tíortha mar a bhfuil bearta sláintíochta an-dian i bhfeidhm nó mar a bhfuil na rátaí vacsaínithe fós íseal, mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19 le linn na tréimhse sceidealaithe samhraidh seo chugainn. Mar thoradh air sin, ní féidir coinne a bheith ann go gcomhlíonfaidh aeriompróirí an gnáthráta úsáide sliotán, is é sin 80 %, ar gach bealach.

(10)

Dá bhrí sin, is gá síneadh a chur leis an tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 10a(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 chun tréimhse sceidealaithe shamhradh 2022 ón 27 Márta 2022 go dtí an 29 Deireadh Fómhair 2022 a chumhdach.

(11)

Bhí éagsúlacht an-mhór idir aeriompróirí faoi leith ó thaobh na sonraí maidir le cealuithe eitiltí, lódfhachtóirí, agus méid agus úsáid an chabhlaigh, rud a bhí ag brath ar a samhail ghnó agus ar an margadh a ndéanann siad freastal air. Ar an meán bhí treocht fheabhsaithe le sonrú ó Mhárta 2021 go dtí Iúil 2021 ar bhonn na sonraí a cuireadh isteach maidir le 16 iompróir AE agus 16 iompróir neamh-AE. Ní raibh treocht na dtáscairí a ndéantar faireachán orthu chomh dearfach sin i gcás na n-aeriompróirí a sholáthraíonn seirbhísí ar bhealaigh cianaistir mar a gcuireann bearta sláintíochta isteach go mór ar thaisteal na bpaisinéirí, rud a thugann údar breise le síneadh a chur leis an tréimhse díolúine sliotán a leagtar síos le hAirteagal 10a(3).

(12)

Na comharthaí dóchais maidir le téarnamh an aerthaistil san iomlán i margadh LEE, athoscailt margaí tábhachtacha idirnáisiúnta (mar shampla Stáit Aontaithe Mheiriceá ó Shamhain 2021), agus an feabhsú ar éascaíocht an taistil sna tíortha a thugann aitheantas don deimhniú COVID-19, is údar cuí an méid sin ar fad an ráta úsáide sliotán a mhéadú go 64 %.

(13)

Léiríonn na sonraí maidir le réamháirithintí go mbíonn na paisinéirí fós ag cur eitiltí in áirithe níos gaire don dáta imeachta in 2021 ná mar a chuiridís in 2019. Mar sin féin, tá feabhas ag teacht ar an treocht de réir a chéile.

(14)

Ba cheart ráta úsáide na sliotán a shocrú ar leibhéal a chuireann leis an gcuspóir díolúine a thabhairt d’aeriompróirí sna himthosca reatha, agus a chuireann faoin am céanna leis an gcuspóir úsáid éifeachtúil acmhainn na n-aerfort a áirithiú. Ba cheart, leis an ráta úsáide sliotán, athruithe struchtúracha níos fadtéarmaí sa mhargadh agus in iompraíocht na dtomhaltóirí a chur san áireamh freisin, ionas go mbeidh an margadh in ann oiriúnú de réir a chéile d’athruithe san éileamh agus acmhainn a chur ar fáil le haghaidh thréimhse sceidealaithe shamhradh 2023. Thairis sin, má dhéantar roinnt acmhainne aerfoirt a scaoileadh i ngeall ar an ráta úsáide nua sin, ní dócha go gcuirfear isteach go mór ar oibríochtaí ná ar líonraí na n-aeriompróirí, ach sin mar a bheadh i gcás ráta úsáide níos airde.

(15)

Sa chás réamhaisnéise aerthráchta is dóchúla ó Eurocontrol, suitear an leibhéal aerthráchta i dtréimhse sceidealaithe shamhradh 2022 ar leibhéal a bheidh níos airde ná 85 % agus a d’fhéadfadh dul thar 89 %. Dá bhrí sin, tugann an ráta úsáide 64 % corrlach teagmhasach réasúnta fós do na haeriompróirí i gcás inar ghá eitiltí a bheadh beartaithe a chur ar ceal faoi ghearrfhógra.

(16)

Na leibhéil tráchta atá níos ísle i dtreo réigiúin eile den domhan, ní gá iad a chur san áireamh sa ráta úsáide nó is féidir díolúine leordhóthanach ón riail “úsáid é nó caill é” a dheonú ar na bealaí lena mbaineann faoi Airteagal 10(4), pointe (e) de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93.

(17)

Cé go nglactar leis go ginearálta go n-oibreodh aeriompróirí chomh luath agus a bheadh éileamh ann arís, tá an baol ann mar gheall ar thairseach úsáide níos ísle a bheith ann go ndéanfadh roinnt iompróirí oibríochtaí ag aerfoirt áirithe a theorannú go dtí an leibhéal íosta is gá chun cearta stairiúla sna sliotáin sin a choinneáil, rud a rachadh chun dochair d’iomaitheoirí, d’oibreoirí aerfoirt agus do thomhaltóirí. Maolófar na rioscaí sin le ráta úsáide 64 %.

(18)

Chun críocha na deimhneachta dlíthiúla, go háirithe le haghaidh na gcomhordaitheoirí sliotán agus na n-aeroibreoirí, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 10a de Rialachán (CEE) Uimh. 95/93, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   I ndáil le sliotáin nár cuireadh ar fáil don chomhordaitheoir lena n-ath-leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 10(2a), le linn na tréimhse ón 28 Márta 2021 go dtí an 29 Deireadh Fómhair 2022 agus chun críocha Airteagal 8(2) agus Airteagal 10(2), má léiríonn aeriompróir chun sástacht an chomhordaitheora gur oibrigh sé an tsraith sliotán i dtrácht, faoi mar a d’imréitigh an comhordaitheoir é, ar feadh ar a laghad 50 % den am le linn na tréimhse sceidealaithe ón 28 Márta 2021 go dtí an 30 Deireadh Fómhair 2021, agus 50 % den am le linn na tréimhse sceidealaithe ón 31 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 26 Márta 2022, agus 64 % den am le linn na tréimhse sceidealaithe ón 27 Márta 2022 go dtí an 29 Deireadh Fómhair 2022, beidh an t-aeriompróir i dteideal na sraithe sliotán céanna don chéad tréimhse sceidealaithe choibhéiseach eile.

I ndáil leis an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, is é a bheidh sna luachanna céatadáin dá dtagraítear in Airteagal 10(4) agus in Airteagal 14(6), pointe (a), 50 % le haghaidh na tréimhse sceidealaithe ón 28 Márta 2021 go dtí an 30 Deireadh Fómhair 2021, 50 % le haghaidh na tréimhse sceidealaithe ón 31 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 26 Márta 2022, agus 64 % le haghaidh na tréimhse sceidealaithe ón 27 Márta 2022 go dtí an 29 Deireadh Fómhair 2022.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 14, 22.1.1993, lch. 1.


Top