EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0235

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/235 ón gComhairle an 21 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/1686 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise atá dírithe in aghaidh ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo

ST/5677/2022/INIT

IO L 40, 21.2.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/235/oj

21.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 40/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/235 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Feabhra 2022

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2016/1686 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise atá dírithe in aghaidh ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1686 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2016 lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise atá dírithe in aghaidh ISIL (Da’esh) agus Al-Qaeda, agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a bhaineann leo (1), agus go háirithe Airteagal 4(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Meán Fómhair 2016, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2016/1686.

(2)

I bhfianaise na bagartha leanúnaí ó ISIL (Da’esh) agus ó Al-Qaeda agus ó dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí a bhaineann leo, ba cheart beirt agus dhá ghrúpa a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/1686 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 255, 21.9.2016, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1686 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil “A. Daoine”:

“A.

Daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3”;

(2)

cuirtear na daoine nádúrtha seo a leanas leis:

“8.

Osama MAHMOOD (dá ngairtear freisin Ustadh Usama Mahmood, Ousama Mahmood); náisiúntacht: Pacastánach (meastar).

9.

Sultan Aziz AZAM (dá ngairtear freisin Aziz Azam, Sultan Aziz, Sultan Azziz Azzam, Sultan Aziz Ezzam); dáta breithe: 1985; áit bhreithe: an Afganastáin; náisiúntacht: Afganastánach.”;

(3)

cuirtear an ceannteideal agus na hiontrálacha seo a leanas leis:

“B.

Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3

1.

Al-Qaeda i bhfo-ilchríoch na hIndia (AQIS) (dá ngairtear freisin Al-Qa’ida i bhfo-ilchríoch na hIndia, Qaedat al-Jihad i bhfo-ilchríoch na hIndia).

2.

Da’esh - Cúige Hind (dá ngairtear freisin Wilayah Hind, Cúige Hind an Stáit Ioslamaigh (ISHP), IS-Wilayat al-Hind, Da’esh - Wilayat al-Hind).”.


Top