Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0202

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/202 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2022 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/709

IO L 33, 15.2.2022, pp. 41–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/202/oj

15.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 33/41


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/202 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Feabhra 2022

lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 8 de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bhí an Coimisiún le liosta an Aontais de bhianna núíosacha a údaraíodh nó ar tugadh fógra ina leith faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a bhunú faoin 1 Eanáir 2018.

(2)

Bunaíodh liosta an Aontais de bhianna núíosacha a údaraíodh nó ar tugadh fógra ina leith faoi Rialachán (CE) Uimh. 258/97 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (3).

(3)

Tá earráidí sainaitheanta ag an gCoimisiún san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Tá gá le ceartuithe chun soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt d’oibreoirí gnó bia agus d’údaráis inniúla na mBallstát, agus ar an gcaoi sin áiritheofar go gcuirfear chun feidhme go cuí agus go n-úsáidfear go cuí liosta an Aontais de bhianna núíosacha.

(4)

D’údaraigh údarás inniúil Phoblacht na Seice an bia núíosach “Cistus incanus L. Pandalis (luibh)” faoi choinníollacha úsáide áirithe de bhun Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 258/97. Fágadh ar lár go hearráideach i sonraíochtaí an bhia núíosaigh seo gurb é atá sa bhia núíosach na codanna sofheicthe triomaithe agus gearrtha (péacáin óga le codanna adhmadacha) de Cistus incanus L. Pandalis. Ina theannta sin, faisnéis mhionsonraithe ar chomhdhéanamh maidir leis an mbia núíosach a chuir an t-iarratasóir isteach mar fhaisnéis chomhlántach, faisnéis nár cuireadh san áireamh sa tuairim a thug údarás inniúil Phoblacht na Seice agus nach bhfuil ag teastáil le haghaidh an mheasúnaithe ar shábháilteacht nó le haghaidh shaintréithriú an táirge, cuireadh leis na sonraíochtaí go hearráideach í. Ba cheart mar sin an fhaisnéis sin a bhaint. Dá bhrí sin, ba cheart na sonraíochtaí a bhaineann le “Cistus incanus L. Pandalis (luibh)” i dTábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a cheartú.

(5)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1318 ón gCoimisiún (4), ceartaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha atá údaraithe chun an bia núíosach “L-Meitiolfóláit Chailciam” a chur san áireamh, bia a fágadh ar lár go hearráideach i liosta an Aontais nuair a bunaíodh an liosta tosaigh, cé gur údaraigh údarás inniúil na hÉireann é faoi choinníollacha áirithe in Eanáir 2008 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 258/97. Na coinníollacha úsáide a bhaineann le “L-Meitiolfóláit Chailciam” a úsáid i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), a cuireadh san áireamh i liosta an Aontais, níor cuireadh naíonáin agus leanaí óga san áireamh i ngrúpaí na n-úsáideoirí a ndírítear orthu sna coinníollacha sin, cé gur údaraíodh an úsáid sin leis an údarú bunaidh. Mar sin, is gá an iontráil le haghaidh “L-Meitiolfóláit Chailciam” i dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a cheartú.

(6)

Na teorainneacha sonraíochta le haghaidh mearcair (≤ 1,0 mg/kg) agus platanaim (≤ 2 mg/kg) a bhaineann le “L-Meitiolfóláit Chailciam” agus a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1318, tagraíonn siad do na teorainneacha i sonraíochtaí an bhia núíosaigh sin atá údaraithe mar fhoinse fóláite i mbainne foirmle do naíonáin, i mbainne foirmle leantach do naíonáin, i mbia gránachbhunaithe próiseáilte agus i mbia do naíonáin le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/571 ón gCoimisiún (6). Na teorainneacha sonraíochta de ≤ 1,5 mg/kg le haghaidh mearcair agus ≤ 10 mg/kg le haghaidh platanaim, áfach, d’údaraigh údarás inniúil na hÉireann iad ar dtús in 2008 freisin, bunaithe ar thuairim fhabhrach maidir le sábháilteacht an bhia núíosaigh ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht (7). Dá bhrí sin, is gá Tábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a cheartú dá réir.

(7)

Ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ina bhfuil liosta an Aontais de bhianna núíosacha a cheartú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceartaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair bia núíosaigh (IO L 43, 14.2.1997, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1318 ón gCoimisiún an 9 Lúnasa 2021 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha, Cinneadh 2008/968/CE ón gCoimisiún lena n-údaraítear ola ar mhórán aigéid aracadónaigh ó Mortierella alpina a chur ar an margadh mar chomhábhar bia núíosach, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/484 lena n-údaraítear lachta-N-teatrós a chur ar an margadh mar bhia núíosach (IO L 286, 10.8.2021, lch. 5).

(5)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/571 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2021 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an liosta de shubstaintí a fhéadfar a chur le bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach, bia do naíonáin agus bia gránachbhunaithe próiseáilte (IO L 120, 8.4.2021, lch. 1).

(7)   EFSA Journal [Iris EFSA] (2004) 135, lgh. 1-20.


IARSCRÍBHINN

Ceartaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh “L-Meitiolfóláit Chailciam”:

(a)

i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe):

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

L-Meitiolfóláit Chailciam

Catagóir bhia shonraithe

Uasleibhéil (arna sloinneadh mar aigéad fólach)

Maidir leis an mbia núíosach a ainmniú ar lipéadú na n-earraí bia ina bhfuil sé, is é ‘L-Meitiolfóláit Chailciam’ an t-ainmniú a bheidh air”.

 

Bianna chun críoch speisialta míochaine agus bia ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

Bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

Bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna do naíonáin agus do leanaí óga mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE

I gcomhréir le Treoir 2002/46/CE

Bia treisithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006

agus

(b)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí):

Bia Núíosach Údaraithe

Sonraíochtaí

L-Meitiolfóláit Chailciam

Tuairisc:

Táirgtear an bia núíosach trí bhíthin sintéis cheimiceach ón aigéad fólach.

Is púdar criostalach é a bhfuil dath idir bán agus leathbhuí éadrom air agus atá geall le bheith gan bholadh, é measartha intuaslagtha in uisce agus beagán intuaslagtha nó dothuaslagtha i bhformhór na dtuaslagóirí orgánacha.

Sainmhíniú:

Foirmle cheimiceach: C20H23CaN7O6

Ainm córasach: N-{4-[[((6S)-2-aimín-1,4,5,6,7,8-heicsihidri-5-meitil-4-ocsa-6-peiridinil)meitil]aimín]beansóil}-aigéad L-glútamach, salann cailciam.

Uimhreacha CAS: 129025-21-4 (Salann cailciam le cóimheas neamhshonraithe de L-5-MTHF/Ca2+) agus 151533-22-1 (Salann cailciam le cóimheas sonraithe 1:1 de L-5-MTHF/Ca2+).

An meáchan móilíneach: 497,5 daltún

Comhchiallaigh: L-meitiolfóláit, cailciam; L-5-meitilteitrihidreafólach, salann cailciam [(L-5-MTHF-Ca)]; Aigéad (6S)-5-meitilteitrihidreafólach, salann cailciam [(6S)-5-MTHF-Ca]; Aigéad (6S)-5-meitil-5,6,7,8-teitrihidreipóitil-L-glútamach, salann cailciam, agus aigéad L-5-meitilteitrihidreafólach (L-5-MTHF) gan an cion sonraithe.

An fhoirmle struchtúrach:

Image 1

Saintréithe

Íonacht: > 95 % (Bonn tirim)

Uisce: ≤ 17,0 %

Cailciam (ar bhonn ainhidriúil agus saor ó thuaslagóirí): 7,0 - 8,5 %

D-meitiolfoláit chailciam (6R, αS isimer): ≤ 1,0 %

Fóláití agus substaintí gaolmhara eile: ≤ 2,5 %

Eatánól: ≤ 0,5 %

Éilleáin

Naíonáin agus leanaí óga

An pobal ginearálta, seachas naíonáin agus leanaí óga

Luaidhe: ≤ 1 mg/kg

Luaidhe: ≤ 1 mg/kg

Bórón: ≤ 10 mg/kg

Bórón: ≤ 10 mg/kg

Caidmiam: ≤ 0,5 mg/kg

Caidmiam: ≤ 0,5 mg/kg

Mearcair ≤ 1,0 mg/kg

Mearcair ≤ 1,5 mg/kg

Arsanaic ≤ 1,5 mg/kg

Arsanaic ≤ 1,5 mg/kg

Platanam ≤ 2 mg/kg

Platanam ≤ 10 mg/kg

Critéir mhicribhitheolaíochta:

Áireamh iomlán aeróbach inmharthana: ≤ 1 000 CFU/g

Áireamh iomlán an ghiosta agus an mhúscáin: ≤ 100 CFU/g

CFU: Aonaid Déanta Choilíneachta”

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh “Cistus incanus L. Pandalis (luibh)” i dTábla 2 (Sonraíochtaí):

Bia Núíosach Údaraithe

Sonraíochtaí

Cistus incanus L. Pandalis (luibh)’

Tuairisc:

Cistus incanus L. Pandalis (luibh); speiceas ar le fine Cistaceae é agus atá dúchasach sa réigiún Meánmhuirí, Leithinis Chalkidiki.

Is é atá sa bhia núíosach na codanna sofheicthe triomaithe agus gearrtha (péacáin óga le codanna adhmadacha) de Cistus incanus L. Pandalis”


Top