Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0201

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/201 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le córais bhainistíochta agus córais tuairiscithe tarluithe atá le bunú ag eagraíochtaí deartha agus táirgthe, agus le nósanna imeachta a gcuireann an Ghníomhaireacht i bhfeidhm iad, agus lena gceartaítear an Rialachán sin

    C/2021/8886

    IO L 33, 15.2.2022, p. 7–40 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/201/oj

    15.2.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 33/7


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/201 ÓN gCOIMISIÚN

    an 10 Nollaig 2021

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le córais bhainistíochta agus córais tuairiscithe tarluithe atá le bunú ag eagraíochtaí deartha agus táirgthe, agus le nósanna imeachta a gcuireann an Ghníomhaireacht i bhfeidhm iad, agus lena gceartaítear an Rialachán sin

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh. 996/2010, (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 552/2004 agus (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 19(1) agus Airteagal 62(13) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún (2) na ceanglais le haghaidh dhearadh agus tháirgeadh na n-aerárthaí sibhialta agus na n-inneall, na lián agus na bpáirteanna a shuiteálfar iontu.

    (2)

    I gcomhréir le pointe 3.1(b) d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139, agus de réir mar is iomchuí don chineál gníomhaíochta a dhéanfaidh an eagraíocht agus do mhéid na heagraíochta féin, ní mór d’eagraíochtaí deartha agus táirgthe formheasta córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta a bhainistiú agus go bhféachfar leis an gcóras sin a fheabhsú go leanúnach.

    (3)

    De bhun Iarscríbhinn 19 “Safety Management” a ghabhann leis an gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta, a síníodh in Chicago an 7 Nollaig 1944 (“Coinbhinsiún Chicago”), cuirfidh na húdaráis inniúla de cheangal ar eagraíochtaí formheasta a dhearann agus a tháirgeann aerárthaí sibhialta, chomh maith leis na hinnill, na liáin agus na páirteanna a shuiteálfar iontu, córas bainistíochta sábháilteachta a chur chun feidhme.

    (4)

    Le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 cuirtear de cheangal cheana ar eagraíochtaí deartha agus táirgthe formheasta roinnt gnéithe den chóras bainistíochta a chomhlíonadh; mar sin féin, ní chumhdaíonn an córas bainistíochta sin na Caighdeáin agus na Cleachtais Mholta (SARPanna) a leagtar síos le haghaidh córas bainistíochta sábháilteachta den sórt sin in Iarscríbhinn 19 a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago. Dá bhrí sin, ba cheart na heilimintí den chóras bainistíochta atá in easnamh a chur leis na ceanglais atá i bhfeidhm cheana.

    (5)

    Chun cur chun feidhme comhréireach a áirithiú, chomh maith le comhsheasmhacht leis an gcur chuige a úsáidtear le haghaidh eagraíochtaí aeracmhainneachta leanúnaí a oibríonn i réimse na heitlíochta ginearálta, níor cheart go gceanglófaí ar eagraíochtaí deartha agus táirgthe, nach sainordaítear a bhformheas faoi Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, gach eilimint den chóras bainistíochta a chomhlíonadh.

    (6)

    Gach eagraíocht, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil a bpríomháit ghnó lasmuigh den Aontas, i gcás go ndearann agus go dtáirgeann siad táirgí agus páirteanna i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, ceanglaítear orthu cheana córas tuairiscithe tarluithe éigeantach agus córas tuairiscithe tarluithe deonach a bhunú. Mar sin féin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a leasú chun a áirithiú go mbeidh an córas tuairiscithe tarluithe sin ailínithe le prionsabail Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

    (7)

    Maille leis sin, ba cheart leasú a dhéanamh ar na ceanglais ar an nGníomhaireacht maidir leis na tascanna a bhaineann leis an deimhniúchán dearaidh, leis an bhformhaoirseacht agus leis an bhforfheidhmiú,

    (8)

    Ba cheart idirthréimhse leordhóthanach a bheith ann le go n-áiritheoidh na heagraíochtaí deartha formheasta go gcomhlíonann siad na rialacha agus na nósanna imeachta nua a thugtar isteach leis an Rialachán seo.

    (9)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo bunaithe ar Thuairim Uimh. 4/2020 (4) ón nGníomhaireacht a tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

    (10)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a leasú dá réir sin.

    (11)

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/699 (5) ón gCoimisiún tugadh ceanglas isteach ar aon sealbhóir a mbeadh deimhniú cineáil nó deimhniú srianta cineáil d’eitleán mór aige sa todhchaí a áirithiú go leanfaidh an clár sláine struchtúraí leanúnaí de bheith bailí i rith shaolré oibríochtúil an eitleáin. Go háirithe, cuireadh pointe 21.A.101(h) le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 lena bhforáiltear go gcomhlíonfaidh roinnt sealbhóirí a bheadh ann ina dhiaidh sin sonraíochtaí deimhniúcháin a sholáthróidh ar a laghad leibhéal sábháilteachta a bheidh coibhéiseach le pointí 26.300, 26.320 agus 26.330 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/640 ón gCoimisiún (6). Tharla earráid trí thagairt a dhéanamh do phointe 26.320, nach ann dó. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a cheartú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 8, cuirtear an mhír 4 seo a leanas leis:

    “4.   De mhaolú ar phointí 21.B.433(d)(1) agus (2) d’Iarscríbhinn I (Cuid 21), féadfaidh eagraíocht deartha ag a bhfuil deimhniú bailí formheasa a eisíodh i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) aon chinneadh maidir le neamh-chomhlíonadh a bhaineann leis na ceanglais in Iarscríbhinn I a tugadh isteach le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/201 (*1) ón gCoimisiún a leasú go dtí an 7 Márta 2025.

    I gcás nach mbeidh clabhsúr curtha ag an eagraíocht ar na cinntí sin faoin 7 Márta 2025, déanfar an deimhniú formheasa a chúlghairm, a theorannú nó a chur ar fionraí ina iomláine nó go páirteach.

    (*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/201 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le córais bhainistíochta agus córais tuairiscithe tarluithe atá le bunú ag eagraíochtaí deartha agus táirgthe, agus le nósanna imeachta a gcuireann an Ghníomhaireacht i bhfeidhm iad, agus lena gceartaítear an Rialachán sin (IO L 33 … 7).”;"

    (2)

    Leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid 21) i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

    Airteagal 2

    Ceartaítear Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón 7 Marta 2023, cé is moite d’Airteagal 2 a mbeidh feidhm aige ón 7 Márta 2022.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Nollaig 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 212, 22.8.2018, lch. 1.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh deimhniúchán aeracmhainneachta agus comhshaoil d’aerárthaí agus do tháirgí gaolmhara, do pháirteanna gaolmhara agus d’fhearais ghaolmhara, agus le haghaidh dheimhniúchán na n-eagraíochtaí deartha agus táirgthe (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO L 122, 24.4.2014, lch. 18).

    (4)  https://www.easa.europa.eu/document-library/opinions

    (5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/699 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2020 lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann leis na treoracha le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach, táirgeadh páirteanna lena n-úsáid le linn cothabhála agus breithniú a dhéanamh ar ghnéithe aosaithe aerárthaí le linn deimhniúcháin (IO L 145, 28.4.2021, lch. 1).

    (6)  Rialachán (AE) 2015/640 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2015 maidir le sonraíochtaí aeracmhainneachta breise le haghaidh cineál áirithe oibríochtaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 (IO L 106, 24.4.2015, lch. 18).


    IARSCRÍBHINN I

    Leasaítear Iarscríbhinn I (Cuid 21) mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chláir:

    Clár

    21.1

    An t-údarás inniúil

    21.2

    Raon feidhme

    ROINN A – CEANGLAIS THEICNIÚLA

    FOCHUID A – FORÁLACHA GINEARÁLTA

    21.A.1

    Raon Feidhme

    21.A.2

    Gealltanas arna dhéanamh ag duine eile seachas an t-iarratasóir, nó ag an sealbhóir, le haghaidh deimhnithe

    21.A.3A

    Córais tuairiscithe

    21.A.3B

    Treoracha maidir le haeracmhainneacht

    21.A.4

    Comhordú idir an dearadh agus an táirgeadh

    21.A.5

    Taifid a choimeád

    21.A.6

    Lámhleabhair

    21.A.7

    Treoracha le haghaidh aeracmhainneacht leanúnach

    21.A.9

    Rochtain agus imscrúdú

    FOCHUID B – DEIMHNITHE CINEÁIL AGUS DEIMHNITHE SRIANTA CINEÁIL

    21.A.11

    Raon Feidhme

    21.A.13

    Incháilitheacht

    21.A.14

    Léiriú ar chumas

    21.A.15

    Cur i bhfeidhm

    21.A.19

    Athruithe a éilíonn deimhniú cineáil nua

    21.A.20

    Léiriú go bhfuil an bonn deimhnithe cineáil, an bonn le haghaidh na sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil agus na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil á gcomhlíonadh

    21.A.21

    Ceanglais maidir le deimhniú cineáil nó deimhniú srianta cineáil a eisiúint

    21.A.31

    Dearadh cineáil

    21.A.33

    Cigireachtaí agus tástálacha

    21.A.35

    Tástálacha eitilte

    21.A.41

    Deimhniú cineáil

    21.A.44

    Oibleagáidí an tsealbhóra

    21.A.47

    Inaistritheacht

    21.A.51

    Fad agus bailíocht leanúnach

    21.A.62

    Infhaighteacht na sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil

    21.A.65

    Sláine struchtúrach leanúnach le haghaidh struchtúir eitleán

    (FOCHUID C – NEAMHBHAINTEACH)

    FOCHUID D – ATHRUITHE AR DHEIMHNITHE CINEÁIL AGUS AR DHEIMHNITHE SRIANTA CINEÁIL

    21.A.90A

    Raon Feidhme

    21.A.90B

    Athruithe caighdeánacha

    21.A.90C

    Athruithe neamhspleácha ar na treoracha maidir le haeracmhainneacht leanúnach

    21.A.91

    Aicmiú na n-athruithe ar dheimhniú cineáil

    21.A.92

    Incháilitheacht

    21.A.93

    Cur i bhfeidhm

    21.A.95

    Ceanglais maidir le mionathrú a fhormheas

    21.A.97

    Ceanglais maidir le mórathrú a fhormheas

    21.A.101

    Bonn an deimhnithe cineáil, bonn na sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil agus na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil do mhórathrú ar dheimhniú cineáil

    21.A.108

    Infhaighteacht na sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil

    21.A.109

    Oibleagáidí agus marcáil EPA

    FOCHUID E – DEIMHNITHE FORLÍONTACHA CINEÁIL

    21.A.111

    Raon Feidhme

    21.A.112A

    Incháilitheacht

    21.A.112B

    Léiriú ar chumas

    21.A.113

    Iarratas ar dheimhniú forlíontach cineáil

    21.A.115

    Ceanglais maidir le mórathrú a fhormheas i bhfoirm deimhniú forlíontach cineáil

    21.A.116

    Inaistritheacht

    21.A.117

    Athruithe ar an gcuid den táirge arna cumhdach le deimhniú forlíontach cineáil

    21.A.118A

    Oibleagáidí agus marcáil EPA

    21.A.118B

    Fad agus bailíocht leanúnach

    21.A.120B

    Infhaighteacht na sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil

    FOCHUID F – TÁIRGEADH GAN FORMHEAS NA hEAGRAÍOCHTA TÁIRGTHE

    21.A.121

    Raon Feidhme

    21.A.122

    Incháilitheacht

    21.A.124

    Cur i bhfeidhm

    21.A.124A

    Modhanna comhlíontachta

    21.A.125A

    Litir an chomhaontaithe a eisiúint

    21.A.125B

    Torthaí agus barúlacha

    21.A.125C

    Fad agus bailíocht leanúnach

    21.A.126

    Córas chigireacht an táirgthe

    21.A.127

    Tástálacha: aerárthaí

    21.A.128

    Tástálacha: innill agus liáin

    21.A.129

    Oibleagáidí na heagraíochta táirgthe

    21.A.130

    Ráiteas comhréireachta

    FOCHUID G – FORMHEAS NA hEAGRAÍOCHTA TÁIRGTHE

    21.A.131

    Raon Feidhme

    21.A.133

    Incháilitheacht

    21.A.134

    Cur i bhfeidhm

    21.A.134A

    Modhanna comhlíontachta

    21.A.135

    Formheas na heagraíochta táirgthe a eisiúint

    21.A.139

    Córas bainistíochta táirgthe

    21.A.143

    Lámhleabhar na heagraíochta táirgthe

    21.A.145

    Acmhainní

    21.A.147

    Athruithe ar an gcóras bainistíochta táirgthe

    21.A.148

    Athrú ar an suíomh

    21.A.149

    Inaistritheacht

    21.A.151

    Téarmaí an fhormheasa

    21.A.153

    Athruithe ar théarmaí an fhormheasa

    21.A.158

    Torthaí agus barúlacha

    21.A.159

    Fad agus bailíocht leanúnach

    21.A.163

    Pribhléidí

    21.A.165

    Oibleagáidí an tsealbhóra

    FOCHUID H – DEIMHNITHE AERACMHAINNEACHTA AGUS DEIMHNITHE SRIANTA AERACMHAINNEACHTA

    21.A.171

    Raon Feidhme

    21.A.172

    Incháilitheacht

    21.A.173

    Aicmiú

    21.A.174

    Cur i bhfeidhm

    21.A.175

    Teanga

    21.A.177

    Leasú nó modhnú

    21.A.179

    Inaistritheacht agus atheisiúint laistigh de na Ballstáit

    21.A.181

    Fad agus bailíocht leanúnach

    21.A.182

    Aitheantas aerárthaí

    FOCHUID I – DEIMHNITHE TORAINN

    21.A.201

    Raon Feidhme

    21.A.203

    Incháilitheacht

    21.A.204

    Cur i bhfeidhm

    21.A.207

    Leasú nó modhnú

    21.A.209

    Inaistritheacht agus atheisiúint laistigh de na Ballstáit

    21.A.211

    Fad agus bailíocht leanúnach

    FOCHUID J– FORMHEAS NA hEAGRAÍOCHTA DEARTHA

    21.A.231

    Raon Feidhme

    21.A.233

    Incháilitheacht

    21.A.234

    Cur i bhfeidhm

    21.A.235

    Eisiúint fhormheas na heagraíochta deartha

    21.A.239

    Córas bainistíochta deartha

    21.A.243

    Lámhleabhar

    21.A.245

    Acmhainní

    21.A.247

    Athruithe ar an gcóras bainistíochta deartha

    21.A.249

    Inaistritheacht

    21.A.251

    Téarmaí an fhormheasa

    21.A.253

    Athruithe ar théarmaí an fhormheasa

    21.A.258

    Torthaí agus barúlacha

    21.A.259

    Fad agus bailíocht leanúnach

    21.A.263

    Pribhléidí

    21.A.265

    Oibleagáidí an tsealbhóra

    FOCHUID K – PÁIRTEANNA AGUS FEARAIS

    21.A.301

    Raon Feidhme

    21.A.303

    Comhlíonadh an gceanglas is infheidhme

    21.A.305

    Formheas páirteanna agus fearas

    21.A.307

    Incháilitheacht páirteanna agus fearas le haghaidh suiteála

    (FOCHUID L – NEAMHBHAINTEACH)

    FOCHUID M – DEISIÚCHÁIN

    21.A.431A

    Raon Feidhme

    21.A.431B

    Deisiúcháin chaighdeánacha

    21.A.432A

    Incháilitheacht

    21.A.432B

    Léiriú ar chumas

    21.A.432C

    Iarratas ar fhormheas le haghaidh dearadh deisiúcháin

    21.A.433

    Ceanglais maidir le dearadh deisiúcháin a fhormheas

    21.A.435

    Aicmiú agus formheas deartha deisiúcháin

    21.A.439

    Táirgeadh páirteanna deisiúcháin

    21.A.441

    Corprú deisiúcháin

    21.A.443

    Teorainneacha

    21.A.445

    Damáiste neamhdheisithe

    21.A.451

    Oibleagáidí agus marcáil EPA

    (FOCHUID N– NEAMHBHAINTEACH)

    FOCHUID O – ÚDARUITHE DE RÉIR ORDÚ UM CHAIGHDEÁN TEICNIÚIL EORPACH

    21.A.601

    Raon Feidhme

    21.A.602A

    Incháilitheacht

    21.A.602B

    Léiriú ar chumas

    21.A.603

    Cur i bhfeidhm

    21.A.604

    Údarú ETSO le haghaidh aonad cumhachta cúnta (APU)

    21.A.605

    Ceanglais maidir le sonraí

    21.A.606

    Ceanglais maidir húdarú ETSO a eisiúint

    21.A.607

    Pribhléidí údarú ETSO

    21.A.608

    Dearbhú deartha agus feidhmíochta (DDP)

    21.A.609

    Oibleagáidí shealbhóirí údaruithe ETSO

    21.A.610

    Formheas le haghaidh diallais

    21.A.611

    Athruithe ar an dearadh

    21.A.619

    Fad agus bailíocht leanúnach

    21.A.621

    Inaistritheacht

    FOCHUID P – CEAD EITILTE

    21.A.701

    Raon Feidhme

    21.A.703

    Incháilitheacht

    21.A.707

    Iarratas ar chead eitilte

    21.A.708

    Dálaí eitilte

    21.A.709

    Iarratas ar fhormheas dálaí eitilte

    21.A.710

    Formheas dálaí eitilte

    21.A.711

    Cead eitilte a eisiúint

    21.A.713

    Athruithe

    21.A.715

    Teanga

    21.A.719

    Inaistritheacht

    21.A.723

    Fad agus bailíocht leanúnach

    21.A.725

    Cead eitilte a athnuachan

    21.A.727

    Oibleagáidí an tsealbhóra ceada eitilte

    FOCHUID Q – SAINAITHINT TÁIRGÍ, PÁIRTEANNA AGUS FEARAS

    21.A.801

    Sainaithint táirgí

    21.A.803

    Láimhseáil na sonraí sainaitheantais

    21.A.804

    Sainaithint páirteanna agus fearas

    21.A.805

    Sainaithint páirteanna criticiúla

    21.A.807

    Sainaithint earraí ETSO

    FOCHUID B – NÓSANNA IMEACHTA LE hADHAIGH NA nÚDARÁS INNIÚIL

    FOCHUID A – FORÁLACHA GINEARÁLTA

    21.B.10

    Doiciméadacht formhaoirseachta

    21.B.15

    Faisnéis don Ghníomhaireacht

    21.B.20

    Freagairt láithreach ar fhadhb sábháilteachta

    21.B.25

    Córas bainistíochta

    21.B.30

    Cúraimí a shannadh d’eintitis cháilithe

    21.B.35

    Athruithe ar an gcóras bainistíochta

    21.B.55

    Taifid a choimeád

    21.B.65

    Fionraí, teorannú agus cúlghairm

    FOCHUID B – DEIMHNITHE CINEÁIL AGUS DEIMHNITHE SRIANTA CINEÁIL

    21.B.70

    Sonraíochtaí deimhniúcháin

    21.B.75

    Coinníollacha speisialta

    21.B.80

    Bonn an deimhnithe cineáil le haghaidh deimhniú cineáil nó deimhniú srianta cineáil

    21.B.82

    Bonn na sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil le haghaidh deimhniú cineáil aerárthaigh nó deimhniú srianta cineáil aerárthaigh

    21.B.85

    Na ceanglais is infheidhme maidir le cosaint an chomhshaoil a ainmniú maidir le deimhniú cineáil nó deimhniú srianta cineáil

    21.B.100

    Leibhéal rannpháirtíochta

    21.B.103

    Deimhniú cineáil nó deimhniú srianta cineáil a eisiúint

    (FOCHUID C – NEAMHBHAINTEACH)

    FOCHUID D – ATHRUITHE AR DHEIMHNITHE CINEÁIL AGUS AR DHEIMHNITHE SRIANTA CINEÁIL

    21.B.105

    Bonn an deimhnithe cineáil, na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil agus bonn na sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil do mhórathrú ar dheimhniú cineáil

    21.B.107

    Formheas le haghaidh deimhniú cineáil a eisiúint

    FOCHUID E – DEIMHNITHE FORLÍONTACHA CINEÁIL

    21.B.109

    Bonn an deimhnithe cineáil, na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil agus deimhniú na sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil do dheimhniú forlíontach cineáil

    21.B.111

    Deimhniú forlíontach cineáil a eisiúint

    FOCHUID F – TÁIRGEADH GAN FORMHEAS NA hEAGRAÍOCHTA TÁIRGTHE

    21.B.115

    Modhanna comhlíontachta

    21.B.120

    Nós imeachta deimhniúcháin tosaigh

    21.B.125

    Torthaí agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha; barúlacha

    21.B.125

    Litir an chomhaontaithe a chothabháil

    21.B.140

    Litir an chomhaontaithe a leasú

    FOCHUID G – FORMHEAS NA hEAGRAÍOCHTA TÁIRGTHE

    21.B.215

    Modhanna comhlíontachta

    21.B.220

    Nós imeachta deimhniúcháin tosaigh

    21.B.221

    Prionsabail formhaoirseachta

    21.B.222

    Clár formhaoirseachta

    21.B.225

    Torthaí agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha; barúlacha

    21.B.240

    Athruithe ar an gcóras bainistíochta táirgthe

    FOCHUID H – DEIMHNITHE AERACMHAINNEACHTA AGUS DEIMHNITHE SRIANTA AERACMHAINNEACHTA

    21.B.320

    Iniúchadh

    21.B.325

    Deimhniú aeracmhainneachta a eisiúint

    21.B.326

    Deimhniú aeracmhainneachta

    21.B.327

    Deimhniú srianta aeracmhainneachta

    FOCHUID I – DEIMHNITHE TORAINN

    21.B.420

    Iniúchadh

    21.B.425

    Deimhniú torainn a eisiúint

    FOCHUID J– FORMHEAS NA hEAGRAÍOCHTA DEARTHA

    21.B.430

    Nós imeachta deimhniúcháin tosaigh

    21.B.431

    Prionsabail formhaoirseachta

    21.B.432

    Clár formhaoirseachta

    21.B.433

    Torthaí agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha; barúlacha

    21.B.435

    Athruithe ar an gcóras bainistíochta deartha

    FOCHUID K – PÁIRTEANNA AGUS FEARAIS

    (FOCHUID L – NEAMHBHAINTEACH)

    FOCHUID M – DEISIÚCHÁIN

    21.B.450

    Bonn an deimhnithe cineáil agus na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil d’fhormheas le haghaidh mórdhearadh deisiúcháin

    21.B.453

    Formheas le haghaidh dearadh deisiúcháin a eisiúint

    (FOCHUID N– NEAMHBHAINTEACH)

    FOCHUID O – ÚDARUITHE DE RÉIR ORDÚ UM CHAIGHDEÁN TEICNIÚIL EORPACH

    21.B.480

    Údarú ETSO a eisiúint

    FOCHUID P – CEAD EITILTE

    21.B.520

    Iniúchadh

    21.B.525

    Cead eitilte a eisiúint

    FOCHUID Q – SAINAITHINT TÁIRGÍ, PÁIRTEANNA AGUS FEARAS

    Foscríbhinní

    Foscríbhinn I – Foirm 1 EASA – Deimhniú Scaoilte Údaraithe

    Foscríbhinn II – Foirm 15a agus 15c EASA – Deimhniú ar Athbhreithniú Aeracmhainneachta

    Foscríbhinn III – Foirm 20a EASA – Cead Eitilte

    Foscríbhinn IV – Foirm 20b EASA – Cead Eitilte (arna heisiúint ag eagraíochtaí formheasta)

    Foscríbhinn V – Foirm 24 EASA – Deimhniú Srianta Aeracmhainneachta

    Foscríbhinn VI – Foirm 25 EASA – Deimhniú Aeracmhainneachta

    Foscríbhinn VII – Foirm 45 EASA – Deimhniú Torainn

    Foscríbhinn VIII – Foirm 52 EASA – Ráiteas Comhréireachta Aerárthaí

    Foscríbhinn IX – Foirm 53 EASA – Deimhniú Scaoilte Iarchothabhála

    Foscríbhinn X – Foirm 55 EASA – Deimhniú Formheasa na hEagraíochta Táirgthe

    Foscríbhinn XI – Foirm 65 EASA – Litir an Chomhaontaithe maidir le táirgeadh gan formheas na heagraíochta táirgthe

    Foscríbhinn XII – Catagóirí na dtástálacha eitilte agus na cáilíochta gaolmhaire don fhoireann tástála eitilte.”;

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.1:

    21.A.1   Raon Feidhme

    Bunaítear leis an bhFochuid seo cearta agus oibleagáidí ginearálta an iarratasóra ar aon deimhniú, agus cearta agus oibleagáidí ginearálta an tsealbhóra ar aon deimhniú, ar deimhniú é a eisíodh nó atá le heisiúint i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo.”;

    (3)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.3A:

    21.A.3A   Córas tuairiscithe

    (a)

    Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus dá ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, gach duine nádúrtha nó dlítheanach a rinne iarratas ar dheimhniú cineáil, deimhniú srianta cineáil, deimhniú forlíontach cineáil, údarú de réir Ordú Eorpach um Chaighdeán Teicniúil Eorpach (ETSO), formheas le haghaidh mórdhearadh deisiúcháin nó aon fhormheas ábhartha eile a mheastar a eisíodh faoin Rialachán seo, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

    1.

    córas a bhunú agus a choinneáil ar bun chun tuarascálacha tarluithe a bhailiú, agus imscrúdú agus anailísiú a dhéanamh orthu chun treochtaí díobhálacha a shainaithint nó chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh agus chun tarluithe a bhfuil sé éigeantach tuairisciú a dhéanamh orthu i gcomhréir le pointe 3 a asbhaint mar aon leis na tarluithe sin a thuairiscítear go deonach. I gcás ina mbeidh an phríomháit ghnó lonnaithe i mBallstát, féadfar córas aonair a bhunú chun ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus a ghníomhartha cur chun feidhme agus ceanglais Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a chomhlíonadh. Áireofar an méid seo a leanas sa chóras tuairiscithe:

    (i)

    tuarascálacha ar chlistí, mífheidhmeanna, lochtanna nó tarluithe eile atá ina gcúis nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí díobhálacha ar aeracmhainneacht leanúnach an táirge, na páirte nó an fhearais a chumhdaítear leis an deimhniú cineáil, deimhniú srianta cineáil, deimhniú forlíontach cineáil, údarú ETSO, formheas le haghaidh mórdhearadh deisiúcháin nó aon fhormheas ábhartha eile a mheastar a eisíodh faoin Rialachán seo, agus faisnéis maidir leis sin;

    (ii)

    earráidí, neasteagmhais agus guaiseacha nach dtagann faoi phointe (i);

    2.

    an fhaisnéis faoin gcóras arna bhunú i gcomhréir le pointe 1 a chur ar fáil d’oibreoirí aitheanta an táirge, na páirte nó an fhearais agus, arna iarraidh sin, d’aon duine atá údaraithe faoi ghníomhartha cur chun feidhme nó tarmligthe eile, agus faisnéis a sholáthar maidir leis an gcaoi le tuarascálacha ar chlistí, mífheidhmeanna, lochtanna nó tarluithe eile dá dtagraítear i bpointe 1(i) a sholáthar, agus faisnéis maidir leo sin;

    3.

    tuairisc a thabhairt don Ghníomhaireacht maidir le haon chliseadh, mífheidhm, locht nó tarlú eile a bhfuil sé ar an eolas fúthu agus a bhaineann le táirge, le páirt nó le fearas atá cumhdaithe ag an deimhniú cineáil, deimhniú srianta cineáil, deimhniú forlíontach cineáil, údarú ETSO, formheas le haghaidh mórdhearadh deisiúcháin nó aon fhormheas ábhartha eile a mheastar a eisíodh faoin Rialachán seo a raibh riocht neamhshábháilte mar thoradh air nó a bhféadfadh riocht neamhshábháilte a bheith mar thoradh air.

    (b)

    Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus dá ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, aon duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil deimhniú formheasa na heagraíochta táirgthe nó a rinne iarratas ar an deimhniú sin faoi Fhochuid G den Roinn seo, nó a tháirgeann táirge, páirt nó fearas faoi Fhochuid F den Roinn seo, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

    1.

    córas a bhunú agus a choinneáil ar bun chun tuarascálacha tarluithe a bhailiú agus measúnú a dhéanamh orthu, lena n-áirítear tuarascálacha ar earráidí, neasteagmhais agus guaiseacha, chun treochtaí díobhálacha a shainaithint nó chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh agus chun tarluithe a bhfuil sé éigeantach tuairisciú a dhéanamh orthu i gcomhréir le pointí 2 agus 3 a asbhaint mar aon leis na tarluithe sin a thuairiscítear go deonach. I gcás eagraíochtaí a bhfuil a bpríomháit ghnó i mBallstát, féadfar córas aonair a bhunú chun ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus a ghníomhartha cur chun feidhme agus ceanglais Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a chomhlíonadh;

    2.

    tuairisceoidh siad don sealbhóir formheasa deartha atá freagrach na cásanna uile inar eisigh an eagraíocht táirgthe táirgí, páirteanna nó fearais agus inar sainaithníodh ina dhiaidh sin diallais a d’fhéadfadh a bheith ann ó na sonraí deartha is infheidhme, agus déanfaidh siad imscrúdú, in éineacht le sealbhóir fhormheas an deartha, chun diallais a shainaithint, ar diallais iad a bhféadfadh staid bhaolach a bheith mar thoradh orthu;

    3.

    tuairisceoidh siad d’údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach i gcomhréir le pointe 21.1 agus don Ghníomhaireacht na diallais a sainaithníodh i gcomhréir le pointe 21.A.3A(b)2 agus a bhféadfadh staid bhaolach a bheith mar thoradh orthu;

    4.

    má ghníomhaíonn an eagraíocht táirgthe mar sholáthróir d’eagraíocht táirgthe eile, tuairisceoidh sí don eagraíocht eile sin na cásanna uile inar eisigh sí táirgí, páirteanna nó fearais chuig an eagraíocht sin agus inar sainaithníodh ina dhiaidh sin aon diallas ó na sonraí deartha is infheidhme.

    (c)

    Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus dá ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, déanfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, agus tuairisciú á dhéanamh aige i gcomhréir le pointí (a)(3), (b)(2), (b)(3) agus (b)(4), cosaint iomchuí a thabhairt do rúndacht an duine a thuairiscíonn an tuarascáil agus do rúndacht an duine nó na ndaoine a luaitear sa tuarascáil.

    (d)

    Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus dá ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, déanfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach na tuarascálacha dá dtagraítear i bpointí (a)(3) agus (b)(3) a thabhairt i bhfoirm agus ar bhealach a bhunóidh an Ghníomhaireacht nó an t-údarás inniúil, faoi seach, agus seolfaidh sé iad a luaithe is féidir agus in aon chás tráth nach déanaí ná 72 uair an chloig tar éis don duine nádúrtha nó dlítheanach a shainaithint go bhféadfadh staid bhaolach a bheith mar thoradh ar an tarlú, mura gcuirfidh imthosca eisceachtúla cosc air sin.

    (e)

    Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus dá ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, más rud é gur tharla tarlú a thuairiscítear faoi phointe (a)(3) nó faoi phointe (b)(3) de thoradh easnaimh sa dearadh nó sa táirgthe, déanfaidh sealbhóir ar dheimhniú cineáil, deimhniú srianta cineáil, deimhniú forlíontach cineáil, formheas le haghaidh mórdhearadh deisiúcháin, údarú ETSO nó aon fhormheas ábhartha eile a mheastar a eisíodh faoin Rialachán seo, nó an eagraíocht táirgthe, de réir mar is iomchuí, an chúis atá leis an easnamh a imscrúdú agus torthaí an imscrúduithe agus aon ghníomhaíocht atá beartaithe aige a dhéanamh nó a mholann sé a dhéanamh chun an t-easnamh sin a réiteach a thuairisciú d’údarás inniúil an Bhallstáit atá freagrach i gcomhréir le pointe 21.1 agus don Ghníomhaireacht.

    (f)

    Má chinneann an t-údarás inniúil go bhfuil gá le gníomhaíocht chun an t-easnamh a réiteach, déanfaidh sealbhóir ar dheimhniú cineáil, deimhniú srianta cineáil, deimhniú forlíontach cineáil, formheas le haghaidh mórdhearadh deisiúcháin, údarú ETSO nó aon fhormheas ábhartha eile a mheastar a eisíodh faoin Rialachán seo, nó an eagraíocht táirgthe, de réir mar is iomchuí, na sonraí ábhartha a chur faoi bhráid an údaráis inniúil arna iarraidh sin dó.

    (*1)  Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 1321/2007 agus (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO L 122, 24.4.2014, lch. 18) ”;"

    (4)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.5:

    21.A.5   Taifid a choimeád

    Gach duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil deimhniú cineáil, deimhniú srianta cineáil, deimhniú forlíontach cineáil, údarú ETSO, formheas deartha nó deisiúcháin, cead eitilte, deimhniú formheasa na heagraíochta táirgthe nó litir an chomhaontaithe faoin Rialachán seo, nó a rinne iarratas orthu, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

    (a)

    nuair a dhearann siad táirge, páirt nó fearas nó nuair a dhéanann siad iad a athrú nó dheisiú, bunóidh siad córas chun taifid a choimeád agus déanfaidh siad an fhaisnéis/na sonraí ábhartha maidir leis an dearadh a chothabháil; cuirfear an fhaisnéis/na sonraí sin ar fáil don Ghníomhaireacht chun an fhaisnéis/na sonraí is gá a sholáthar d’fhonn an méid seo a leanas a áirithiú: aeracmhainneacht leanúnach an táirge, na páirte nó an fhearais, bailíocht leanúnach na sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil, agus comhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir le cosaint an chomhshaoil;

    (b)

    nuair a tháirgeann siad táirge, páirt nó fearas, déanfaidh siad taifead de shonraí an phróisis táirgthe atá ábhartha do chomhréireacht an táirge, na páirte nó na bhfearas leis na sonraí deartha is infheidhme, agus na ceanglais a fhorchuirtear ar a gcomhpháirtithe agus ar a soláthróirí, agus déanfaidh siad na sonraí sin a chur ar fáil dá n-údarás inniúil chun an fhaisnéis is gá a chur ar fáil chun aeracmhainneacht leanúnach an táirge, na páirte nó an fhearais a áirithiú;

    (c)

    maidir le ceadanna eitilte:

    1.

    coimeádfaidh siad na doiciméid a tháirgtear chun dálaí eitilte a bhunú agus chun údar cuí a thabhairt leo, agus cuirfidh siad ar fáil iad don Ghníomhaireacht agus d’údarás inniúil an Bhallstáit chun an fhaisnéis is gá a chur ar fáil chun aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh a áirithiú;

    2.

    nuair a eiseoidh siad cead eitilte faoi phribhléid eagraíochtaí formheasta, déanfaidh siad na doiciméid a ghabhann leis a choimeád, lena n-áirítear taifid chigireachta agus doiciméid a thacaíonn le formheas na ndálaí eitilte agus le heisiúint an cheada eitilte, agus iad a chur ar fáil don Ghníomhaireacht agus dá n-údarás inniúil sa Bhallstát atá freagrach as formhaoirseacht na heagraíochta chun an fhaisnéis is gá a chur ar fáil chun aeracmhainneacht leanúnach an aerárthaigh a áirithiú;

    (d)

    taifid a choinneáil den inniúlacht agus de na cáilíochtaí, dá dtagraítear i bpointí 21.A.139(c), 21.A.145(b), 21.A.145(c), 21.A.239(c), 21.A.245(a) nó 21.A.245(e)(1), agus den phearsanra a bhfuil baint acu leis na feidhmeanna seo a leanas:

    1.

    dearadh nó táirgeadh;

    2.

    faireachán neamhspleách ar chomhlíontacht na heagraíochta leis na ceanglais ábhartha;

    3.

    bainistiú sábháilteachta;

    (e)

    taifid a choinneáil den údarú pearsanra, nuair a fhostaíonn siad pearsanra a dhéanann an méid seo a leanas:

    1.

    pribhléidí na heagraíochta formheasta a fheidhmiú de bhun phointí 21.A.163 agus/nó 21.A.263, de réir mar is iomchuí;

    2.

    an fheidhm neamhspleách a chur i gcrích chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas ábhartha ag an eagraíocht de bhun phointí 21.A.139(e) agus/nó 21.A.239(e), de réir mar is iomchuí;

    3.

    an fheidhm fíorúcháin neamhspleách den léiriú comhlíontachta a dhéanamh de bhun phointe 21.A.239(d)(2).”;

    (5)

    cuirtear isteach an pointe 21.A.9 seo a leanas:

    21.A.9   Rochtain agus imscrúdú

    Aon duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil deimhniú cineáil, deimhniú srianta cineáil, deimhniú forlíontach cineáil, údarú ETSO, athrú deartha nó formheas deisiúcháin, deimhniú aeracmhainneachta, deimhniú torainn, cead eitilte, formheas na heagraíochta deartha, deimhniú formheasa na heagraíochta táirgthe nó litir an chomhaontaithe faoin Rialachán seo, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

    (a)

    rochtain a thabhairt don údarás inniúil ar aon saoráid, táirge, páirt agus fearas, doiciméad, taifead, sonraí, próiseas, nós imeachta nó ar aon ábhar eile chun athbhreithniú a dhéanamh ar aon tuarascáil, chun aon chigireacht a dhéanamh, nó chun aon tástáil eitilte agus talún a dhéanamh nó a fheiceáil, de réir mar is gá, chun a fhíorú go bhfuil na ceanglais is infheidhme de Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme á gcomhlíonadh go leanúnach ag an eagraíocht;

    (b)

    socruithe a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag an údarás inniúil, mar a fhoráiltear i bpointe (a), agus i ndáil le comhpháirtithe, soláthróirí agus fochonraitheoirí an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh freisin.”;

    (6)

    i bpointe 21.A.44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointí 21.A.3A, 21.A.3B, 21.A.4, 21.A.5, 21.A.6, 21.A.7, 21.A.9, 21.A.62 agus 21.A.65 a ghabháil de láimh; agus, chun na críche sin, leanfaidh siad de na ceanglais cháilíochta le haghaidh incháilitheachta faoi phointe 21.A.13 a chomhlíonadh;”;

    (7)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.47:

    21.A.47   Inaistritheacht

    Ní fhéadfar deimhniú cineáil nó deimhniú srianta cineáil nó údarú ETSO le haghaidh aonad cumhachta cúnta a aistriú ach chuig duine nádúrtha nó dlítheanach atá in ann na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 21.A.44 a ghabháil de láimh, agus, chun na críche sin, a bhfuil de chumas aige i gcomhréir le pointe 21.A.14.”;

    (8)

    i bpointe 21.A.109, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 21.A.4, 21.A.5, 21.A.6, 21.A.7, 21.A.9 agus 21.A.108 a ghabháil de láimh;”;

    (9)

    i bpointe 21.A.118A(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

    “1.

    a leagtar síos i bpointí 21.A.3A, 21.A.3B, 21.A.4, 21.A.5, 21.A.6, 21.A.7, 21.A.9, agus 21.A.120B;”;

    (10)

    cuirtear isteach an pointe 21.A.124A seo a leanas:

    21.A.124A   Modh comhlíontachta

    (a)

    Féadfaidh eagraíocht aon mhodh malartach comhlíontachta a úsáid chun comhlíonadh an Rialacháin seo a shuí.

    (b)

    Más mian le heagraíocht modh malartach comhlíontachta a úsáid, soláthróidh sí tuairisc iomlán ar an mbealach sin don údarás inniúil sula mbainfidh sí úsáid as. Áireofar sa tuairisc aon athbhreithniú ar lámhleabhair nó ar nósanna imeachta a d’fhéadfadh a bheith ábhartha, mar aon le míniú ina léirítear an bealach a chomhlíontar an Rialachán seo.

    Féadfaidh an eagraíocht na modhanna malartacha comhlíontachta sin a úsáid faoi réir formheas a fháil roimh ré ón údarás inniúil.”;

    (11)

    i bpointe 21.A.125A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    21.A.125A

    Litir an chomhaontaithe a eisiúint”

    (12)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.125B:

    21.A.125B   Torthaí agus barúlacha

    (a)

    Tar éis dó an fógra torthaí a fháil i gcomhréir le pointe 21.B.125, déanfaidh sealbhóir litir an chomhaontaithe an méid seo a leanas:

    1.

    an bhunchúis nó na bunchúiseanna leis an neamhchomhlíontacht a shainaithint, mar aon le ní nó nithe a chuireann léi;

    2.

    plean gníomhaíochta ceartaithí a shainiú;

    3.

    cur chun feidhme na gníomhaíochta ceartaithí a léiriú chun sástacht an údaráis inniúil.

    (b)

    Déanfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) laistigh den tréimhse a chomhaontófar leis an údarás inniúil sin i gcomhréir le pointe 21.B.125.

    (c)

    Tabharfaidh sealbhóir litir an chomhaontaithe aird chuí ar na barúlacha a fhaightear i gcomhréir le pointe 21.B.125(e). Déanfaidh an eagraíocht taifead de na cinntí a dhéantar i leith na mbarúlacha sin.”;

    (13)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.125C:

    21.A.125C   Fad agus bailíocht leanúnach

    (a)

    Eiseofar litir an chomhaontaithe ar feadh tréimhse teoranta ama nach rachaidh thar bhliain amháin i gcás ar bith. Leanfaidh an litir de bheith bailí ach na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta ag an eagraíocht:

    1.

    go leanann an eagraíocht táirgthe de cheanglais infheidhme na hIarscríbhinne seo a chomhlíonadh;

    2.

    go n-aithníonn an eagraíocht táirgthe nó aon cheann dá comhpháirtithe, dá soláthróirí nó dá fochonraitheoirí go bhféadfaidh an t-údarás inniúil imscrúduithe a dhéanamh i gcomhréir le pointe 21.A.9;

    3.

    go bhfuil an eagraíocht táirgthe in ann fianaise a sholáthar don údarás inniúil lena léirítear go gcoinníonn sí rialú sásúil ar mhonarú táirgí, páirteanna agus fearas faoi litir an chomhaontaithe;

    4.

    nár chúlghair an t-údarás inniúil litir an chomhaontaithe faoi phointe 21.B.65, nár thug an eagraíocht táirgthe suas í, agus nach bhfuil fad na litreach sin dulta in éag.

    (b)

    Ar thabhairt suas, ar chúlghairm nó ar dhul in éag, cuirfear litir an chomhaontaithe ar ais chuig an údarás inniúil.”;

    (14)

    leasaítear pointe 21.A.126(b) mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (5):

    “5.

    na hábhair agus páirteanna a choinnítear siar mar gheall ar diallais ó shonraíochtaí deartha nó táirgthe cineáil, agus atá le breithniú lena suiteáil sa táirge críochnaithe, go bhfuil siad faoi réir nós imeachta formheasta innealtóireachta agus athbhreithnithe monaraíochta. Na hábhair agus na páirteanna sin a measadh iad a bheith feidhmiúil sa nós imeachta sin, go ndéanfar iad a shainaithint agus a athiniúchadh i gceart más gá iad a athoibriú nó a dheisiú. Na hábhair agus páirteanna a diúltaíodh sa nós imeachta sin, go ndéanfar iad a mharcáil agus a dhiúscairt lena áirithiú nach mbeidh siad ionchorpraithe sa táirge deiridh.”;

    (b)

    scriostar pointe (6);

    (15)

    leasaítear pointe 21.A.129 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    21.A.129

    Oibleagáidí na heagraíochta táirgthe”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    “(e)

    comhlíonfaidh sé Fochuid A den Roinn seo.”;

    (c)

    scriostar pointe (f);

    (16)

    cuirtear isteach an pointe 21.A.134A seo a leanas:

    21.A.134A   Modh comhlíontachta

    (a)

    Féadfaidh eagraíocht aon mhodh malartach comhlíontachta a úsáid chun comhlíonadh an Rialacháin seo a shuí.

    (b)

    Más mian le heagraíocht modh malartach comhlíontachta a úsáid, soláthróidh sí tuairisc iomlán ar an mbealach sin don údarás inniúil sula mbainfidh sí úsáid as. Áireofar sa tuairisc aon athbhreithniú ar lámhleabhair nó ar nósanna imeachta a d’fhéadfadh a bheith ábhartha, mar aon le míniú ina léirítear an bealach a chomhlíontar an Rialachán seo.

    Féadfaidh an eagraíocht na modhanna malartacha comhlíontachta sin a úsáid faoi réir formheas a fháil roimh ré ón údarás inniúil..”;

    (17)

    i bpointe 21.A.135, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    21.A.135

    Formheas na heagraíochta táirgthe a eisiúint”

    (18)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.139:

    21.A.139   Córas bainistíochta táirgthe

    (a)

    Déanfaidh an eagraíocht táirgthe córas bainistíochta táirgthe a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun lena n-áirítear gné bainistíochta sábháilteachta mar aon le gné bainistíochta cáilíochta, a mbeidh cuntasacht agus freagrachtaí atá sainithe go soiléir ar fud na heagraíochta ag gabháil léi.

    (b)

    Maidir leis an gcóras bainistíochta táirgthe:

    1.

    beidh sé ag teacht le méid na heagraíochta agus le cineál agus le castacht a gníomhaíochtaí, agus na guaiseacha agus na rioscaí gaolmhara atá ina ngné dhílis de na gníomhaíochtaí sin á gcur san áireamh;

    2.

    déanfar é a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun faoi chuntasacht dhíreach bainisteora aonair arna cheapadh de bhun phointe 21.A.145(c)(1).

    (c)

    Mar chuid de ghné bainistíochta sábháilteachta an chórais bainistíochta táirgthe, déanfaidh an eagraíocht táirgthe an méid seo a leanas:

    1.

    beartas sábháilteachta agus na cuspóirí sábháilteachta gaolmhara comhfhreagracha a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun;

    2.

    príomhphearsanra sábháilteachta a cheapadh i gcomhréir le pointe 21.A.145(c)(2);

    3.

    próiseas um bainistíocht riosca sábháilteachta a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun guaiseacha sábháilteachta a bhaineann lena gníomhaíochtaí eitlíochta a shainaithint, meastóireacht a dhéanamh orthu agus rioscaí gaolmhara a bhainistiú, lena n-áirítear bearta a dhéanamh chun na rioscaí a mhaolú agus chun a n-éifeachtacht a fhíorú;

    4.

    próiseas um dhearbhú sábháilteachta a bhunú, a chur i bhfeidhm agus a choinneáil ar bun lena n-áirítear:

    (i)

    feidhmíocht sábháilteachta na heagraíochta a thomhas agus faireachán a dhéanamh uirthi;

    (ii)

    na hathruithe a bhainistiú i gcomhréir le pointe 21.A.147;

    (iii)

    na prionsabail a bhaineann le feabhas leanúnach a chur ar an ngné bainistíochta sábháilteachta;

    5.

    sábháilteacht a chur chun cinn san eagraíocht mar seo a leanas:

    (i)

    oiliúint agus oideachas;

    (ii)

    cumarsáid;

    6.

    córas tuairiscithe tarluithe a bhunú i gcomhréir le pointe 21.A.3A chun cur leis an bhfeabhsú leanúnach ar shábháilteacht.

    (d)

    Mar chuid de ghné bainistíochta cáilíochta an chórais bainistíochta táirgthe, déanfaidh an eagraíocht táirgthe an méid seo a leanas:

    1.

    áiritheoidh sí go bhfuil gach táirge, páirt nó fearas a tháirgeann an eagraíocht nó a comhpháirtithe, nó a sholáthraítear ó pháirtithe seachtracha nó a chuirtear amach ar fochonradh chuig páirtithe seachtracha, go bhfuil siad i gcomhréir leis na sonraí deartha is infheidhme agus go bhfuil siad i riocht a n-oibrithe go sábháilte, rud a chumasóidh feidhmiú na bpribhléidí a leagtar amach i bpointe 21.A.163;

    2.

    nósanna imeachta rialaithe a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun, de réir mar is iomchuí, laistigh de raon feidhme an fhormheasa maidir leis an méid seo a leanas:

    (i)

    doiciméad a eisiúint, a fhormheas nó a athrú;

    (ii)

    measúnú, iniúchadh agus rialú a dhéanamh ar dhíoltóirí agus fochonraitheoirí;

    (iii)

    a fhíorú go bhfuil táirgí, páirteanna, ábhair agus trealamh atá ag teacht isteach, lena n-áirítear ítimí nua nó úsáidte a sholáthraíonn ceannaitheoirí táirgí, mar a shonraítear sna sonraí deartha is infheidhme;

    (iv)

    sainaithint agus inrianaitheacht;

    (v)

    próisis mhonaraíochta;

    (vi)

    cigireacht agus tástáil, lena n-áirítear tástálacha eitilte táirgthe;

    (vii)

    calabrú uirlisí, díreog agus trealaimh tástála;

    (viii)

    rialú ítimí neamhchomhréireacha;

    (ix)

    an aeracmhainneacht a chomhordú leis an iarratasóir ar fhormheas deartha nó sealbhóir an fhormheasa sin;

    (x)

    taifid a chomhlánú agus a choinneáil;

    (xi)

    inniúlacht agus cáilíochtaí an phearsanra;

    (xii)

    doiciméid eisiúna aeracmhainneachta a eisiúint;

    (xiii)

    láimhsiú, stóráil agus pacáil;

    (xiv)

    iniúchtaí cáilíochta inmheánacha agus na gníomhartha ceartaitheacha a rinneadh dá bharr;

    (xv)

    obair laistigh de na téarmaí formheasa a dhéantar in aon ionad seachas sna saoráidí formheasta;

    (xvi)

    obair a dhéantar tar éis an táirgeadh a bheith déanta ach roimh an seachadadh, chun an t-aerárthach a chothabháil i riocht a oibrithe go sábháilte;

    (xvii)

    cead eitilte a eisiúint agus na dálaí eitilte a ghabhann leis sin a fhormheas;

    3.

    forálacha sonracha a áireamh sna nósanna imeachta rialaithe le haghaidh codanna criticiúla ar bith.

    (e)

    Déanfaidh an eagraíocht táirgthe feidhm faireacháin neamhspleách a bhunú, mar chuid den chóras bainistíochta táirgthe, chun a fhíorú go bhfuil ceanglais ábhartha na hIarscríbhinne seo á gcomhlíonadh ag an eagraíocht, mar aon le leordhóthanacht an chórais bainistíochta táirgthe. Mar chuid den fhaireachán tabharfar aiseolas don duine nó don ghrúpa daoine dá dtagraítear i bpointe 21.A.145(c)(2) agus don bhainisteoir dá dtagraítear i bpointe 21.A.145(c)(1) chun cur chun feidhme na gníomhaíochta ceartaithí a áirithiú, más gá.

    (f)

    Má tá deimhniú eagraíochta breise amháin nó níos mó ag an eagraíocht tairgthe a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/1139, féadfar an córas bainistíochta táirgthe a chomhtháthú leis an gcóras bainistíochta táirgthe a cheanglaítear faoin deimhniú breise nó faoi na deimhnithe breise atá acu.”;

    (19)

    leasaítear pointe 21.A.143 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    21.A.143

    Lámhleabhar na heagraíochta táirgthe”;

    (b)

    leasaítear pointe (a) mar a leanas:

    (i)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

    “(a)

    Déanfaidh an eagraíocht táirgthe lámhleabhar na heagraíochta táirgthe (POE) a bhunú agus a choinneáil ar bun lena gcuirtear ar fáil, go díreach nó trí chrostagairt, an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis an gcóras bainistíochta táirgthe mar a thuairiscítear i bpointe 21.A.139:”;

    (ii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (11):

    “11.

    tuairisc ar an gcóras bainistíochta táirgthe, ar an mbeartas, ar na próisis agus ar na nósanna imeachta dá bhforáiltear i bpointe 21.A.139(c);”;

    (iii)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (12):

    “12.

    liosta de na páirtithe seachtracha dá dtagraítear i bpointe 21.A.139(d)(1);”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    Formheasfaidh an t-údarás inniúil an chéad eisiúint den POE.”;

    (d)

    cuirtear an pointe (c) seo a leanas leis:

    “(c)

    Leasófar an POE de réir mar is gá ionas go bhfanfaidh sé ina thuairisc cothrom le dáta ar an eagraíocht. Cuirfear cóipeanna d’aon leasú ar fáil don údarás inniúil.”;

    (20)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.145:

    21.A.145   Acmhainní

    Léireoidh an eagraíocht táirgthe an méid seo a leanas:

    (a)

    go bhfuil saoráidí, dálaí oibre, trealamh agus uirlisí, próisis agus ábhair ghaolmhara, líon agus inniúlacht na foirne, agus an eagraíocht ghinearálta leordhóthanach chun a hoibleagáidí faoi phointe 21.A.165 a chomhlíonadh;

    (b)

    maidir leis na sonraí uile is gá i dtaca le haeracmhainneacht agus cosaint an chomhshaoil:

    1.

    go bhfuil na sonraí uile is gá ag an eagraíocht táirgthe chun comhréireacht leis na sonraí deartha is infheidhme a chinneadh. Féadfaidh na sonraí sin teacht ón nGníomhaireacht agus ó shealbhóir ag a bhfuil deimhniú cineáil, deimhniú srianta cineáil nó formheas deartha, nó ó iarratasóir ar na deimhnithe sin, agus féadfaidh aon díolúine a deonaíodh ó na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a bheith san áireamh sna sonraí sin;

    2.

    go bhfuil nós imeachta bunaithe ag an eagraíocht táirgthe chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí i dtaca le haeracmhainneacht agus cosaint an chomhshaoil a ionchorprú i gceart ina sonraí táirgthe;

    3.

    go gcoinnítear na sonraí sin cothrom le dáta agus go gcuirtear ar fáil iad don phearsanra uile a dteastaíonn rochtain ar na sonraí sin uathu chun a ndualgais a chomhlíonadh;

    (c)

    maidir leis an mbainistíocht agus leis an bhfoireann:

    1.

    go ndéanfaidh an eagraíocht táirgthe bainisteoir cuntasach a cheapadh a mbeidh an t-údarás aige chun a áirithiú go ndéanfar, laistigh den eagraíocht, an táirgeadh ar fad de réir na gcaighdeán is gá agus go gcomhlíonann an eagraíocht táirgthe go leanúnach ceanglais an chórais bainistíochta táirgthe dá dtagraítear i bpointe 21.A.139, agus na sonraí agus na nósanna imeachta a shainaithnítear in POE dá dtagraítear i bpointe 21.A.143;

    2.

    go ndéanfaidh an bainisteoir cuntasach duine nó grúpa daoine a ainmniú lena áirithiú go gcomhlíonann an eagraíocht ceanglais na hIarscríbhinne seo, agus go déanfar iad a shainaithint, mar aon le méid a n-údaráis; go mbeidh an duine nó an grúpa daoine sin freagrach don bhainisteoir cuntasach agus go mbeidh rochtain dhíreach acu air. Beidh an t-eolas, an cúlra agus an taithí iomchuí ag an duine nó ag an ngrúpa daoine chun a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh;

    3.

    go mbeidh an t-údarás iomchuí tugtha don fhoireann ar gach leibhéal chun go mbeidh siad in ann a gcuid freagrachtaí leithdháilte a chomhlíonadh agus go mbeidh comhordú iomlán agus éifeachtach laistigh den eagraíocht táirgthe maidir le haeracmhainneacht agus le cosaint an chomhshaoil;

    (d)

    maidir le pearsanra deimhnithe atá údaraithe ag an eagraíocht táirgthe chun na doiciméid a eisítear faoi phointe 21.A.163 a shíniú laistigh de raon feidhme théarmaí an fhormheasa:

    1.

    go bhfuil an t-eolas, an cúlra (lena n-áirítear feidhmeanna eile san eagraíocht) agus an taithí iomchuí acu chun a gcuid freagrachtaí leithdháilte a chomhlíonadh;

    2.

    go gcuirtear ar fáil dóibh fianaise de raon feidhme a n-údaraithe.”;

    (21)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.147:

    21.A.147   Athruithe ar an gcóras bainistíochta táirgthe

    Tar éis dheimhniú formheasa na heagraíochta táirgthe a eisiúint, formheasfaidh an t-údarás inniúil, sula gcuirfear chun feidhme é, gach athrú ar an gcóras bainistíochta táirgthe a bhfuil suntasach maidir le léiriú comhréireachta nó le haeracmhainneacht agus saintréithe cosanta comhshaoil an táirge, na páirte nó an fhearais. Déanfaidh an eagraíocht táirgthe iarratas ar fhormheas a chur faoi bhráid an údaráis inniúil lena léirítear go leanfaidh sí de bheith ag comhlíonadh na hIarscríbhinne seo.”;

    (22)

    scriostar pointe 21.A.157;

    (23)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.158:

    21.A.158   Torthaí agus barúlacha

    (a)

    Tar éis dó an fógra torthaí a fháil i gcomhréir le pointe 21.B.225, déanfaidh sealbhóir ar dheimhniú formheasa na heagraíochta táirgthe an méid seo a leanas:

    1.

    an bhunchúis nó na bunchúiseanna leis an neamhchomhlíontacht a shainaithint, mar aon le ní nó nithe a chuireann léi;

    2.

    plean gníomhaíochta ceartaithí a shainiú;

    3.

    cur chun feidhme na gníomhaíochta ceartaithí a léiriú chun sástacht an údaráis inniúil.

    (b)

    Déanfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) laistigh den tréimhse a chomhaontófar leis an údarás inniúil sin i gcomhréir le pointe 21.B.225.

    (c)

    Tabharfaidh sealbhóir deimhnithe formheasa na heagraíochta táirgthe aird chuí ar na barúlacha a fhaightear i gcomhréir le 21.B.225(e). Déanfaidh an eagraíocht taifead de na cinntí a dhéantar i leith na mbarúlacha sin.”;

    (24)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.159:

    21.A.159   Fad agus bailíocht leanúnach

    (a)

    Eiseofar deimhniú formheasa na heagraíochta táirgthe ar feadh tréimhse neamhtheoranta. Leanfaidh an deimhniú de bheith bailí ach na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta ag an eagraíocht táirgthe:

    1.

    go leanann an eagraíocht táirgthe de cheanglais is infheidhme Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a chomhlíonadh;

    2.

    go dtugann an eagraíocht táirgthe nó ceann ar bith dá comhpháirtithe, dá soláthróirí nó dá fochonraitheoirí cead don údarás inniúil na himscrúduithe a dhéanamh i gcomhréir le pointe 21.A.9;

    3.

    go bhfuil an eagraíocht táirgthe in ann fianaise a sholáthar don údarás inniúil lena léirítear go gcoinníonn sí rialú sásúil ar mhonarú táirgí, páirteanna agus fearas faoin bhformheas;

    4.

    nach ndearna an t-údarás inniúil deimhniú formheasa na heagraíochta táirgthe a chúlghairm faoi phointe 21.B.65, nó nach ndearna an eagraíocht táirgthe é a thabhairt suas.

    (b)

    Ar thabhairt suas nó ar chúlghairm, tabharfar deimhniú formheasa na heagraíochta táirgthe ar ais don údarás inniúil.”;

    (25)

    leasaítear pointe 21.A.165 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (d) go (h):

    “(d)

    cuirfidh sé cúnamh ar fáil don sealbhóir ar dheimhniú cineáil nó ar fhormheas eile deartha agus é ag déileáil le haon ghníomhaíocht aeracmhainneachta leanúnacha a bhaineann leis na táirgí, na páirteanna nó na fearais a táirgeadh;

    (e)

    i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag sealbhóir fhormheas na heagraíochta táirgthe, faoi théarmaí an fhormheasa, deimhniú scaoilte iarchothabhála a eisiúint, ní mór a chinntiú, sula n-eiseofar an deimhniú, go ndearnadh an chothabháil is gá ar gach aerárthach críochnaithe agus go bhfuil sé i riocht a oibrithe go sábháilte;

    (f)

    I gcás inarb infheidhme, faoin bpribhléid a leagtar amach i bpointe 21.A.163(e), na coinníollacha a chinneadh faoinar féidir cead eitilte a eisiúint;

    (g)

    más infheidhme, faoin bpribhléid a leagtar amach i bpointe 21.A.163(e), comhlíontacht le pointí 21.A.711 (c) agus (e) a shuí sula n-eiseoidh sé cead eitilte;

    (h)

    comhlíonfaidh sé Fochuid A den Roinn seo.”;

    (b)

    scriostar pointí (i), (j) agus (k);

    (26)

    scriostar pointe 21.A.180;

    (27)

    leasaítear pointe 21.A.181(a) mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

    “(a)

    Eiseofar deimhniú aeracmhainneachta ar feadh tréimhse neamhtheoranta. Leanfaidh sé de bheith bailí ach na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

    “1.

    go leanann an t-aerárthach de bheith ag comhlíonadh na gceanglas maidir leis an dearadh cineáil is infheidhme agus aeracmhainneacht leanúnach; agus”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (4):

    “4.

    nach ndearna an t-údarás inniúil an deimhniú a chúlghairm faoi phointe 21.B.65, nó nach ndearna sealbhóir an deimhnithe é a thabhairt suas.”;

    (28)

    scriostar pointe 21.A.210;

    (29)

    leasaítear pointe 21.A.211(a) mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

    “(a)

    Eiseofar deimhniú torainn ar feadh tréimhse neamhtheoranta. Leanfaidh sé de bheith bailí ach na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(1):

    “1.

    go leanann an t-aerárthach de bheith ag comhlíonadh na gceanglas maidir leis an dearadh cineáil is infheidhme agus aeracmhainneacht leanúnach; agus”;

    (c)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (4):

    “(4)

    nach ndearna an t-údarás inniúil an deimhniú a chúlghairm faoi phointe 21.B.65, nó nach ndearna sealbhóir an deimhnithe é a thabhairt suas.”;

    (30)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.239:

    21.A.239   Córas bainistíochta deartha

    (a)

    Déanfaidh an eagraíocht deartha córas bainistíochta deartha a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun lena n-áirítear gné bhainistíochta sábháilteachta agus gné dearbhaithe deartha a mbeidh cuntasacht agus línte freagrachta atá sainithe go soiléir ar fud na heagraíochta aici.

    (b)

    Maidir leis an gcóras bainistíochta deartha:

    1.

    beidh sé ag teacht le méid na heagraíochta agus le cineál agus le castacht a gníomhaíochtaí, agus na guaiseacha agus na rioscaí gaolmhara atá ina ngné dhílis de na gníomhaíochtaí sin á gcur san áireamh;

    2.

    déanfar é a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun faoi chuntasacht bainisteora aonair arna cheapadh de bhun phointe 21.A.245(a).

    (c)

    Mar chuid de ghné bainistíochta sábháilteachta an chórais bainistíochta deartha, déanfaidh an eagraíocht deartha an méid seo a leanas:

    1.

    beartas sábháilteachta agus na cuspóirí sábháilteachta gaolmhara comhfhreagracha a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun;

    2.

    príomhphearsanra sábháilteachta a cheapadh i gcomhréir le pointe 21.A.245(b);

    3.

    próiseas um bainistíocht riosca sábháilteachta a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun, lena n-áirítear guaiseacha sábháilteachta eitlíochta a thagann as a gníomhaíochtaí a shainaithint, meastóireacht a dhéanamh orthu agus na rioscaí gaolmhara a bhainistiú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a dhéanamh chun na rioscaí a mhaolú agus chun a n-éifeachtacht a fhíorú;

    4.

    próiseas um dhearbhú sábháilteachta a bhunú, a chur i bhfeidhm agus a choinneáil ar bun lena n-áirítear:

    (i)

    feidhmíocht sábháilteachta na heagraíochta a thomhas agus faireachán a dhéanamh uirthi;

    (ii)

    na hathruithe i gcomhréir le pointí 21.A.247(c) agus 21.A.247 a bhainistiú;

    (iii)

    na prionsabail a bhaineann le feabhas leanúnach a chur ar an ngné bainistíochta sábháilteachta;

    5.

    sábháilteacht a chur chun cinn san eagraíocht mar seo a leanas:

    (i)

    oiliúint agus oideachas;

    (ii)

    cumarsáid;

    6.

    córas tuairiscithe tarluithe a bhunú i gcomhréir le pointe 21.A.3A chun cur leis an bhfeabhsú leanúnach ar shábháilteacht.

    (d)

    Mar chuid de ghné dearbhaithe deartha an chórais bainistíochta deartha, déanfaidh an eagraíocht deartha an méid seo a leanas:

    1.

    córas a bhunú, a chur i bhfeidhm agus a choinneáil ar bun chun rialú agus maoirseacht a dhéanamh ar dhearadh, agus ar athruithe agus deisiúcháin ar dhearadh, ar tháirgí, ar pháirteanna agus ar fhearais atá clúdaithe ag téarmaí an fhormheasa; maidir leis an gcóras sin:

    (i)

    áireofar leis feidhm aeracmhainneachta atá freagrach as a áirithiú go gcomhlíonann dearadh táirgí, páirteanna agus fearas, nó athruithe ar dhearadh agus deisiú, an bonn deimhnithe cineáil is infheidhme, an bonn deimhnithe is infheidhme i ndáil le sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil agus na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil;

    (ii)

    áiritheoidh sé go gcomhlíonann an eagraíocht deartha a cuid freagrachtaí mar is ceart i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo agus le téarmaí an fhormheasa a eisítear faoi phointe 21.A.251;

    2.

    feidhm fíorúcháin neamhspleách a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun ar ar a bonn a léiríonn an eagraíocht deartha go bhfuil na ceanglais is infheidhme maidir le haeracmhainneacht, na sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil agus cosaint an chomhshaoil á gcomhlíonadh;

    3.

    an bealach a shonrú ina dtugann an córas bainistíochta deartha cuntas ar inghlacthacht na bpáirteanna nó na bhfearas a dhearann a chomhpháirtithe nó a fhochonraitheoirí nó na cúraimí a dhéanann siad de réir na modhanna atá faoi réir nósanna imeachta i scríbhinn.

    (e)

    Déanfaidh an eagraíocht deartha feidhm faireacháin neamhspleách a bhunú mar chuid den chóras bainistíochta deartha chun a fhíorú go bhfuil ceanglais ábhartha na hIarscríbhinne seo á gcomhlíonadh ag an eagraíocht mar aon le leordhóthanacht an chórais bainistíochta deartha. Mar chuid den fhaireachán tabharfar aiseolas don duine nó don ghrúpa daoine dá dtagraítear i bpointe 21.A.245(b) agus don bhainisteoir dá dtagraítear i bpointe 21.A.245(a) chun cur chun feidhme na gníomhaíochta ceartaithí a áirithiú, más gá.

    (f)

    Má tá deimhniú eagraíochta breise amháin nó níos mó ag an eagraíocht deartha a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/1139, féadfar an córas bainistíochta deartha a chomhtháthú leis an gcóras bainistíochta deartha a cheanglaítear faoin deimhniú breise nó faoi na deimhnithe breise;”

    (31)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.243:

    21.A.243   Lámhleabhar

    (a)

    Mar chuid den chóras bainistíochta deartha, cruthóidh an eagraíocht deartha lámhleabhar agus cuirfidh sí ar fáil don Ghníomhaireacht é, lámhleabhar ina ndéantar cur síos go díreach nó trí chrostagairt, ar an eagraíocht, ar a beartais, a próisis agus a nósanna imeachta ábhartha, ar an gcineál oibre deartha, agus ar na catagóirí táirgí, páirteanna agus fearas a bhfuil formheas na heagraíochta deartha ag an eagraíocht deartha ina leith, mar a shainaithnítear i dtéarmaí an fhormheasa arna eisiúint i gcomhréir le pointe 21.A.251 agus, i gcás inarb ábhartha, na comhéadain lena comhpháirtithe nó a fochonraitheoirí agus rialú a comhpháirtithe nó a fochonraitheoirí.

    Má tá tástálacha eitilte le déanamh, bunófar lámhleabhar maidir le hoibríochtaí tástála eitilte lena saineofar beartais agus nósanna imeachta na heagraíochta maidir le tástálacha eitilte agus cuirfear ar fáil don Ghníomhaireacht é. Áireofar an méid seo a leanas sa lámhleabhar maidir le hoibríochtaí tástála eitilte:

    1.

    tuairisc ar phróisis na heagraíochta maidir le tástálacha eitilte, lena n-áirítear a rannpháirtíocht sa phróiseas chun cead eitilte a eisiúint;

    2.

    an beartas foirne, lena n-áirítear comhdhéanamh, inniúlacht, airgeadra agus teorainneacha ama eitilte, i gcomhréir le Foscríbhinn XII, i gcás inarb infheidhme;

    3.

    nósanna imeachta maidir le daoine nach baill foirne iad a iompar agus maidir le hoiliúint tástála eitilte, i gcás inarb infheidhme;

    4.

    beartas maidir leis an mbainistiú riosca agus sábháilteachta agus modheolaíochtaí gaolmhara;

    5.

    nósanna imeachta chun na huirlisí agus an trealamh atá le hiompar ar bord a shainaithint;

    6.

    liosta de na doiciméid is gá a chur ar fáil don tástáil eitilte.

    (b)

    I gcás ina ndéanfaidh eagraíochtaí comhpháirtíochta nó fochonraitheoirí aon pháirt nó fearas a dhearadh nó aon athrú ar na táirgí, beidh sa lámhleabhar ráiteas maidir leis an gcaoi a mbeidh an eagraíocht deartha in ann a léiriú, maidir le gach páirt agus fearas, comhlíontacht i gcomhréir le pointe 21.A.239 (d)(2), agus beidh ann, go díreach nó trí chrostagairt, tuairiscí agus faisnéis ar na gníomhaíochtaí deartha agus ar eagrú na n-eagraíochtaí comhpháirtíochta nó na bhfochonraitheoirí sin, de réir mar is gá chun an ráiteas a bhunú.

    (c)

    Leasófar an lámhleabhar de réir mar is gá chun go bhfanfaidh sé ina thuairisc cothrom le dáta ar an eagraíocht, agus cuirfear cóipeanna de na leasuithe ar fáil don Ghníomhaireacht.

    (d)

    Déanfaidh an eagraíocht deartha ráiteas a leagan síos agus a choinneáil ar bun maidir le cáilíochtaí agus taithí na foirne bainistíochta agus daoine eile san eagraíocht atá freagrach as cinntí a dhéanamh lena ndéanfar difear don aeracmhainneacht, do shonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil agus do chúrsaí a bhaineann le cosaint an chomhshaoil. Cuirfidh sí an ráiteas sin faoi bhráid an údaráis inniúil”;

    (32)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.245:

    21.A.245   Acmhainní

    (a)

    Ceapfaidh an eagraíocht ceannasaí ar an eagraíocht deartha a mbeidh údarás aige chun a áirithiú, laistigh den eagraíocht, go ndéanfar na gníomhaíochtaí deartha ar fad de réir na gcaighdeán is gá agus go gcomhlíonfaidh an eagraíocht deartha go leanúnach ceanglais an chórais bainistíochta deartha dá dtagraítear i bpointe 21.A.239 agus na nósanna imeachta a shonraítear sa lámhleabhar dá dtagraítear i bpointe 21.A.243.

    (b)

    Ainmneoidh agus sonróidh ceannasaí na heagraíochta deartha méid an údaráis atá ag na daoine seo a leanas:

    1.

    ceann na feidhme aeracmhainneachta;

    2.

    ceann na feidhme faireacháin neamhspleách;

    3.

    ag brath ar mhéid na heagraíochta agus ar chineál agus ar chastacht a cuid gníomhaíochtaí, aon duine nó aon ghrúpa daoine eile a bhfuil gá leo chun a áirithiú go gcomhlíonann an eagraíocht ceanglais na hIarscríbhinne seo.

    (c)

    De mhaolú ar phointe 21.A.245(b)(1), féadfar an fheidhm aeracmhainneachta dá dtagraítear i bpointe 21.A.239(d)(1)(i) a dhéanamh faoi mhaoirseacht dhíreach cheannasaí na heagraíochta deartha i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

    1.

    i gcás ina mbeidh raon feidhme ghníomhaíochtaí/obair na heagraíochta deartha, mar a shainaithnítear i dtéarmaí an fhormheasa arna eisiúint faoi phointe 21.A.251, teoranta do mhionathruithe agus/nó do mhiondeisiúcháin;

    2.

    ar feadh tréimhse teoranta ama nuair nach bhfuil ceann ainmnithe ar an bhfeidhm aeracmhainneachta ag an eagraíocht deartha agus go bhfuil feidhmiú na feidhme sin faoi mhaoirseacht dhíreach cheannasaí na heagraíochta deartha i gcomhréir le raon feidhme agus leibhéal ghníomhaíochtaí na heagraíochta.

    (d)

    Déanfaidh an duine nó an grúpa daoine a ainmneofar de bhun phointe (b) an méid seo a leanas:

    1.

    beidh siad freagrach do cheannasaí na heagraíochta deartha agus beidh rochtain dhíreach aige orthu;

    2.

    beidh an t-eolas, an cúlra agus an taithí iomchuí acu chun a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh.

    (e)

    Áiritheoidh an eagraíocht deartha na nithe seo a leanas:

    1.

    gur leor líon agus taithí na foirne sna ranna teicniúla ar fad agus gur tugadh an t-údarás iomchuí dóibh chun a gcuid freagrachtaí leithdháilte a chomhlíonadh agus saoráidí, trealamh agus cóiríocht atá leordhóthanach chun go mbeidh an fhoireann in ann aeracmhainneacht, sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil agus ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil a chomhlíonadh i ndáil leis an táirge;

    2.

    go bhfuil comhordú iomlán éifeachtach idir na ranna agus laistigh de na ranna maidir le haeracmhainneacht, sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil agus ábhair a bhaineann le cosaint an chomhshaoil.”;

    (33)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.247:

    21.A.247   Athruithe ar an gcóras bainistíochta deartha

    Tar éis fhormheas na heagraíochta deartha a eisiúint, formheasfaidh an Ghníomhaireacht, sula gcuirfear chun feidhme é, gach athrú ar an gcóras bainistíochta deartha a bhfuil suntasach maidir le léiriú comhlíontachta nó aeracmhainneacht, oiriúnacht oibríochtúil agus cosaint chomhshaoil an táirge, na páirte nó an fhearais. Déanfaidh an eagraíocht deartha iarratas ar fhormheas a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta ina léireofar, ar bhonn na n-athruithe atá beartaithe ar an lámhleabhar, go leanfaidh sí de bheith ag comhlíonadh na hIarscríbhinne seo.;”

    (34)

    scriostar pointe 21.A.257;

    (35)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.258:

    21.A.258   Torthaí agus barúlacha

    (a)

    Tar éis dó an fógra torthaí a fháil i gcomhréir le pointe 21.B.433, déanfaidh sealbhóir fhormheas na heagraíochta deartha an méid seo a leanas:

    1.

    an bhunchúis nó na bunchúiseanna leis an neamhchomhlíontacht a shainaithint, mar aon le ní nó nithe a chuireann léi;

    2.

    plean gníomhaíochta ceartaithí a bhunú;

    3.

    cur chun feidhme gníomhaíochta ceartaithí a léiriú chun sástacht na Gníomhaireachta.

    (b)

    Déanfar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) laistigh den tréimhse a chomhaontóidh an Ghníomhaireacht i gcomhréir le pointe 21.B.433.

    (c)

    Tabharfaidh sealbhóir fhormheas na heagraíochta deartha aird chuí ar na barúlacha a fhaightear i gcomhréir le pointe 21.B.433(e). Déanfaidh an eagraíocht taifead de na cinntí a dhéantar i leith na mbarúlacha sin.”;

    (36)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.259:

    21.A.259   Fad agus bailíocht leanúnach

    (a)

    Eiseofar formheas na heagraíochta deartha ar feadh tréimhse neamhtheoranta. Leanfaidh an deimhniú de bheith bailí ach na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta ag an eagraíocht deartha:

    1.

    go leanann an eagraíocht deartha de Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a chomhlíonadh; go gcuirtear san áireamh forálacha phointe 21.B.433 den Iarscríbhinn seo maidir le láimhseáil torthaí;

    2.

    go n-aithníonn sealbhóir fhormheas na heagraíochta deartha nó aon cheann dá chomhpháirtithe nó dá fhochonraitheoirí go bhféadfaidh an t-údarás inniúil imscrúduithe a dhéanamh i gcomhréir le pointe 21.A.9;

    3.

    go bhfuil an eagraíocht deartha in ann fianaise a sholáthar don Ghníomhaireacht lena léirítear go gcoinníonn córas bainistíochta deartha na heagraíochta rialú agus maoirseacht shásúil ar dhearadh táirgí, agus ar dheisiúcháin agus athruithe a dhéantar orthu faoin bhformheas;

    4.

    nach ndearna an Ghníomhaireacht an deimhniú a chúlghairm faoi phointe 21.B.65, nó nach ndearna an eagraíocht deartha é a thabhairt suas.

    (b)

    Ar thabhairt suas nó ar chúlghairm, tabharfar an deimhniú ar ais don Ghníomhaireacht.”;

    (37)

    i bpointe 21.A.263(c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:

    “(c)

    Beidh sealbhóir fhormheas na heagraíochta deartha i dteideal, laistigh de raon feidhme théarmaí an fhormheasa arna n-eisiúint faoi phointe 21.A.251 agus faoi nósanna imeachta ábhartha an chórais bainistíochta deartha:”;

    (38)

    leasaítear pointe 21.A.265 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

    “(c)

    cinnteoidh sé go gcomhlíonann dearadh na dtáirgí, nó na hathruithe nó na deisiúcháin a dhéantar orthu, an bonn deimhnithe cineáil is infheidhme, an bonn deimhnithe is infheidhme i ndáil le sonraí maidir le hoiriúnacht oibríochtúil, agus na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil, agus nach bhfuil aon ghnéithe neamhshábháilte acu;”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

    “(h)

    déanfaidh sé na sonraí agus faisnéis arna n-eisiúint faoi údarás na heagraíochta deartha formheasta laistigh de raon feidhme théarmaí an fhormheasa arna mbunú ag an nGníomhaireacht a ainmniú leis an ráiteas seo a leanas: “Formheastar ábhar teicniúil an doiciméid seo faoi údarás tag. EASA DOA. 21J.[XXXX]“;”

    (c)

    cuirtear isteach pointe (i) seo a leanas:

    “(i)

    comhlíonfaidh sé Fochuid A den Roinn seo.”;

    (39)

    leasaítear pointe 21.A.451 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(1)(i):

    “(i)

    a leagtar síos i bpointe 21.A.3A, 21.A.3B, 21.A.4, 21.A.5, 21.A.6, 21.A.7, 21.A.9, 21.A.439, 21.A.441 agus 21.A.443;”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)(1):

    “1.

    na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 21.A.4, 21.A.5 agus 21.A.7 a ghabháil de láimh;”;

    (40)

    i bpointe 21.A.604, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    de mhaolú ar phointí 21.A.9, 21.A.603, 21.A.610 agus 21.A.621, beidh feidhm ag na pointí seo a leanas: pointe 21.A.15, 21.A.20, 21.A.21, 21.A.31, 21.A.33, 21.A.44, 21.A.47, 21.B.75 agus 21.B.80. Mar sin féin, eiseofar údarú ETSO i gcomhréir le pointe 21.A.606 in ionad an deimhnithe cineáil;”;

    (41)

    leasaítear pointe 21.A.609 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

    “(b)

    i gcás gach múnla de gach earra ar eisíodh údarú ETSO ina leith, déanfaidh sé tacar cothrom le dáta de shonraí teicniúla iomlána agus de thaifid theicniúla iomlána a ullmhú agus a choinneáil ar bun i gcomhréir le pointe 21.A.5;”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (f):

    “(f)

    déanfaidh sé na pointí 21.A.3A, 21.A.3B, 21.A.4 agus 21.A.9 a chomhlíonadh;”;

    (42)

    scriostar pointe 21.A.615;

    (43)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 21.A.619:

    21.A.619   Fad agus bailíocht leanúnach

    (a)

    Eiseofar údarú ETSO ar feadh tréimhse neamhtheoranta. Leanfaidh sé de bheith bailí, faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha uile seo a leanas:

    1.

    go leanfaidh an t-iarratasóir de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha arna leagan síos nuair a deonaíodh údarú ETSO;

    2.

    go bhfuil na hoibleagáidí a shonraítear i bpointe 21.A.609 fós á gcomhlíonadh ag sealbhóir údarú ETSO;

    3.

    go n-aithníonn ETSO nó aon cheann dá chomhpháirtithe, dá sholáthróirí nó dá fhochonraitheoirí go bhféadfaidh an t-údarás inniúil imscrúduithe a dhéanamh i gcomhréir le pointe 21.A.9;

    4.

    gur cruthaíodh nach n-eascraíonn guaiseacha do-ghlactha sa tseirbhís as an airteagal ETSO;

    5.

    nach ndearna an Ghníomhaireacht formheas ETSO a chúlghairm faoi phointe 21.B.65, nó nach ndearna an sealbhóir é a thabhairt suas.

    (b)

    Ar thabhairt suas nó ar chúlghairm, tabharfar formheas ETSO ar ais don Ghníomhaireacht.”;

    (44)

    scriostar pointe 21.A.705;

    (45)

    i bpointe 21.A.711, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    21.A.711

    Cead eitilte a eisiúint”;

    (46)

    scriostar pointe 21.A.721;

    (47)

    i bpointe 21.A.723, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

    “(a)

    Eiseofar cead eitilte ar feadh uastréimhse 12 mhí agus leanfaidh sé de bheith bailí faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha seo a leanas:

    1.

    go leanann an eagraíocht de bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha agus na srianta a ghabhann leis an gcead eitilte mar a leagtar amach i bpointe 21.A.711(e);

    2.

    go n-aithníonn an sealbhóir nó aon cheann dá chomhpháirtithe, dá sholáthróirí nó dá fhochonraitheoirí go bhféadfaidh an t-údarás inniúil imscrúduithe a dhéanamh i gcomhréir le pointe 21.A.9;

    3.

    nach ndearna an t-údarás inniúil an cead eitilte a chúlghairm faoi phointe 21.B.65, nó nach ndearna an sealbhóir é a thabhairt suas;

    4.

    go bhfanann an t-aerárthach ar an gclár céanna.”;

    (48)

    scriostar pointe 21.A.729;

    (49)

    i bpointe 21.B.103, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    21.B.103

    deimhniú cineáil nó deimhniú srianta cineáil a eisiúint”;

    (50)

    i bpointe 21.B.107, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    21.B.107

    Formheas le haghaidh deimhniú cineáil a eisiúint”;

    (51)

    i bpointe 21.B.111, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    21.B.111

    Deimhniú forlíontach cineáil a eisiúint”;

    (52)

    scriostar pointe 21.B.150;

    (53)

    scriostar pointe 21.B.260;

    (54)

    i bpointe 21.B.425, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    21.B.425

    Deimhniú torainn a eisiúint”;

    (55)

    i bpointe 21.B.453, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    21.B.453

    Formheas le haghaidh dearadh deisiúcháin a eisiúint”;

    (56)

    scriostar pointí 21.B.430 agus 21.B.445;

    (57)

    i Roinn B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhochuid J::

    FOCHUID J – FORMHEAS NA hEAGRAÍOCHTA DEARTHA

    21.B.430   Nós imeachta deimhniúcháin tosaigh

    (a)

    Tar éis dó iarratas a fháil ar eisiúint tosaigh fhormheas na heagraíochta deartha, fíoróidh an t-údarás inniúil go gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais is infheidhme,

    (b)

    Tionólfar cruinniú le ceannasaí na heagraíochta deartha uair amháin ar a laghad le linn an imscrúdaithe le haghaidh deimhniú tosaigh chun a áirithiú go dtuigeann an duine sin a ról agus an chuntasacht a ghabhann leis.

    (c)

    Déanfaidh an t-údarás inniúil taifead de na torthaí ar fad atá eisithe, ar na gníomhaíochtaí clabhsúir mar aon leis na moltaí maidir le formheas na heagraíochta deartha a eisiúint.

    (d)

    Déanfaidh an t-údarás inniúil na torthaí ar fad a ardaíodh le linn an fhíoraithe a dhearbhú don iarratasóir i scríbhinn. I gcás deimhniú tosaigh, ní mór na torthaí go léir a cheartú chun sástacht an údaráis inniúil sula bhféadfar formheas na heagraíocht deartha a eisiúint.

    (e)

    Nuair a bheidh sé sásta go gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais is infheidhme, eiseoidh an t-údarás inniúil formheas na heagraíochta deartha.

    (f)

    Áireofar le formheas na heagraíochta deartha uimhir thagartha an deimhnithe ar bhealach a shonróidh an Ghníomhaireacht.

    (g)

    Eiseofar an deimhniú ar feadh tréimhse neamhtheoranta. Na pribhléidí agus raon feidhme na ngníomhaíochtaí a bhfuil an eagraíocht deartha formheasta ina leith, lena n-áirítear aon teorainn de réir mar is infheidhme, déanfar iad a shonrú i dtéarmaí an fhormheasa a ghabhann leis formheas na heagraíochta deartha.

    21.B.431   Prionsabail formhaoirseachta

    Fíoróidh an t-údarás inniúil an bhfuil na ceanglais is infheidhme fós á gcomhlíonadh ag na heagraíochtaí deimhnithe

    (a)

    Maidir leis an bhfíorú:

    1.

    tacófar leis an bhfíorú trí dhoiciméadacht atá beartaithe go sonrach chun treoir a sholáthar do phearsanra atá freagrach as formhaoirseacht maidir lena bhfeidhmeanna a dhéanamh;

    2.

    soláthróidh sé torthaí na ngníomhaíochtaí formhaoirseachta do na heagraíochtaí lena mbaineann;

    3.

    beidh sé bunaithe ar mheasúnuithe, ar iniúchtaí, ar chigireachtaí agus, más gá, ar chigireachtaí gan fhógra;

    4.

    soláthróidh sé don údarás inniúil an fhianaise is gá i gcás ina bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta, lena n-áirítear na bearta dá bhforáiltear i bpointe 21.B.433.

    (b)

    Bunóidh an t-údarás inniúil raon feidhme na formhaoirseachta a leagtar amach i bpointe (a) agus torthaí na ngníomhaíochtaí formhaoirseachta a rinneadh roimhe sin agus na tosaíochtaí sábháilteachta á gcur san áireamh.

    (c)

    Baileoidh agus próiseálfaidh an t-údarás inniúil aon fhaisnéis a mheastar a bheith riachtanach chun gníomhaíochtaí formhaoirseachta a dhéanamh.

    21.B.432   Clár formhaoirseachta

    (a)

    Déanfaidh an t-údarás inniúil clár formhaoirseachta a bhunú agus a choinneáil ar bun, clár lena gcumhdófar na gníomhaíochtaí formhaoirseachta is gá chun pointe 21.B.431(a) chomhlíonadh.

    (b)

    Cuirfear san áireamh sa chlár formhaoirseachta cineál sonrach na heagraíochta, castacht a gníomhaíochtaí, torthaí na ngníomhaíochtaí deimhniúcháin nó formhaoirseachta a rinneadh roimhe sin, nó iad araon, agus beidh sé bunaithe ar an measúnú ar na rioscaí gaolmhara. Áireofar leis na nithe seo a leanas, laistigh de gach timthriall pleanála formhaoirseachta:

    1.

    measúnuithe, iniúchtaí agus cigireachtaí, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:

    (i)

    measúnuithe ar chórais bhainistíochta agus iniúchtaí ar phróisis;

    (ii)

    iniúchtaí táirge ar shampla ábhartha de dhearadh agus de dheimhniú na dtáirgí, na bpáirteanna agus na bhfearas a thagann faoi raon feidhme obair na heagraíochta;

    (iii)

    an obair a dhéantar a shampláil;

    (iv)

    cigireachtaí gan fhógra;

    2.

    cruinnithe a thionóltar idir ceannasaí na heagraíochta deartha agus an t-údarás inniúil chun a áirithiú go bhfanann an dá pháirtí ar an eolas maidir le gach saincheist shuntasach.

    (c)

    Ní rachaidh an timthriall pleanála formhaoirseachta thar 24 mhí.

    (d)

    D’ainneoin phointe (c), féadfar síneadh a chur leis an timthriall pleanála formhaoirseachta go 36 mhí más rud é gur shuigh an t-údarás inniúil gur tharla na nithe seo a leanas i rith na 24 mhí roimhe sin:

    1.

    gur léirigh an eagraíocht gur féidir léi guaiseacha sábháilteachta eitlíochta a shainaithint go héifeachtach agus na rioscaí gaolmhara a bhainistiú;

    2.

    gur léirigh an eagraíocht comhlíontacht le pointe 21.A.247 ar bhonn leanúnach agus go bhfuil smacht iomlán aici ar na hathruithe uile ar an gcóras bainistíochta deartha;

    3.

    nár eisíodh aon toradh leibhéal 1;

    4.

    gur cuireadh gach gníomhaíocht cheartaitheach chun feidhme laistigh den tréimhse ama ar ghlac an t-údarás inniúil léi nó gur chuir sé síneadh léi dá bhforáiltear i bpointe 21.B.433(d).

    D’ainneoin phointe (c), féadfar síneadh breise a chur leis an timthriall pleanála formhaoirseachta go dtí 48 mhí ar a mhéad más rud é, sa bhreis ar na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (d)(1) go (d)(4), go bhfuil córas éifeachtach leanúnach bunaithe ag an eagraíocht chun tuairisciú don údarás inniúil ar fheidhmíocht sábháilteachta agus ar chomhlíontacht rialála na heagraíochta féin, agus go bhfuil an t-údarás inniúil tar éis é a fhormheas.

    (e)

    Féadfar an timthriall pleanála formhaoirseachta a ghiorrú má tá fianaise ann go bhfuil laghdú tagtha ar fheidhmíocht sábháilteachta na heagraíochta.

    (f)

    Áireofar leis an gclár formhaoirseachta na dátaí atá measúnuithe, iniúchtaí, cigireachtaí agus cruinnithe le déanamh, agus na dátaí a rinneadh measúnuithe, iniúchtaí, cigireachtaí agus cruinnithe iarbhír.

    (g)

    Tar éis don údarás inniúil gach timthriall pleanála formhaoirseachta a chur i gcrích, eiseoidh sé tuarascáil mholta maidir le hathnuachan an fhormheasa, ina léireofar torthaí na formhaoirseachta.

    21.B.433   Torthaí agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha; barúlacha

    (a)

    Beidh córas i bhfeidhm ag an údarás inniúil chun anailís a dhéanamh ar thorthaí maidir lena dtábhacht ó thaobh sábháilteachta de.

    (b)

    Eiseoidh an t-údarás inniúil toradh leibhéal 1 nuair a bhraitear aon neamhchomhlíontacht i ndáil le ceanglais is infheidhme Rialachán (AE) 2018/1139 agus lena ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, le nósanna imeachta agus lámhleabhair na heagraíochta, nó le deimhniú na heagraíochta deartha, lena n-áirítear téarmaí an fhormheasa, rud a d’fhéadfadh neamhchomhlíontachtaí neamhrialaithe agus staid a d’fhéadfadh a bheith contúirteach a bheith mar thoradh air.

    Áireofar leis na torthaí leibhéal 1 na nithe seo a leanas freisin:

    1.

    aon mhainneachtain rochtain a thabhairt don údarás inniúil ar shaoráidí na heagraíochta dá dtagraítear i bpointe 21.A.9 le linn gnáthuaireanta oibriúcháin agus tar éis dhá iarraidh i scríbhinn;

    2.

    formheas na heagraíochta deartha a fháil nó a bhailíocht a choinneáil ar bun trí fhalsú a dhéanamh ar an bhfianaise dhoiciméadach a cuireadh isteach;

    3.

    aon fhianaise ar mhíchleachtas nó ar úsáid chalaoiseach fhormheas na heagraíochta deartha;

    4.

    mainneachtain ceannasaí na heagraíochta deartha a cheapadh de bhun phointe 21.A.245(a).

    (c)

    Eiseoidh an t-údarás inniúil toradh leibhéal 2 nuair a bhraitear aon neamhchomhlíontacht i ndáil le ceanglais is infheidhme Rialachán (AE) 2018/1139 agus lena ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, le nósanna imeachta agus lámhleabhair na heagraíochta, nó leis an deimhniú, lena n-áirítear téarmaí an fhormheasa, ar neamhchomhlíontacht í nach n-aicmítear ina thoradh leibhéal 1.

    (d)

    I gcás ina mbraitear toradh le linn formhaoirseachta nó ar aon bhealach eile, gan dochar d’aon ghníomhaíocht bhreise a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1139 agus lena ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, déanfaidh an t-údarás inniúil an toradh a chur in iúl i scríbhinn don eagraíocht agus iarrfaidh sé gníomhaíocht cheartaitheach chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíontacht nó na neamhchomlíontachtaí a sainaithníodh. I gcás ina mbainfidh toradh leibhéal 1 go díreach le táirge, cuirfidh an t-údarás inniúil é sin in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an t-aerárthach cláraithe.

    1.

    Má tá aon toradh leibhéal 1 ann, déanfaidh an t-údarás inniúil na nithe seo a leanas:

    (i)

    tréimhse cur chun feidhme maidir le gníomhaíocht cheartaitheach a dheonú don eagraíocht, ar tréimhse í atá iomchuí do chineál an toraidh, agus nach mairfidh ar dtús níos mó ná 21 lá oibre, i gcás ar bith. Tosóidh an tréimhse sin ó dháta na cumarsáide i scríbhinn lena gcuirtear an toradh in iúl don eagraíocht a iarrann gníomhaíocht cheartaitheach chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíontacht nó na neamhchomhlíontachtaí a sainaithníodh;

    (ii)

    measúnú a dhéanamh ar an bplean gníomhaíochta ceartaithí agus ar an bplean cur chun feidhme atá beartaithe ag an eagraíocht, agus má chinntear leis measúnú gur leor iad chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíontacht nó na neamhchomhlíontachtaí, glacfaidh sé leo;

    (iii)

    mura gcuireann an eagraíocht plean gníomhaíochta ceartaithí inghlactha isteach, nó má theipeann uirthi an ghníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh laistigh den tréimhse ama a nglacann an t-údarás inniúil léi, féadfaidh an t-údarás inniúil gníomhaíocht láithreach iomchuí a dhéanamh chun gníomhaíochtaí na heagraíochta lena mbaineann a thoirmeasc nó a theorannú agus, más iomchuí, féadfaidh sé gníomhaíocht a dhéanamh chun formheas na heagraíochta deartha a chúlghairm nó é a theorannú nó a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach, ag brath ar mhéid an toradh leibhéal 1, go dtí go n-éireoidh le gníomhaíocht cheartaitheach ón eagraíocht.

    2.

    Má tá aon toradh leibhéal 2 ann, déanfaidh an t-údarás inniúil na nithe seo a leanas:

    (i)

    tréimhse cur chun feidhme maidir le gníomhaíocht cheartaitheach a dheonú don eagraíocht, ar tréimhse í atá iomchuí do chineál an toraidh, agus nach mairfidh ar dtús níos mó ná 3 mhí, i gcás ar bith. Tosóidh an tréimhse sin ó dháta na cumarsáide i scríbhinn lena gcuirtear an toradh a iarrann gníomhaíocht cheartaitheach in iúl. Ag deireadh na tréimhse sin, agus faoi réir chineál an toraidh, féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh a chur leis an tréimhse 3 mhí ar choinníoll gur chomhaontaigh an t-údarás inniúil plean gníomhaíochta ceartaithí;

    (ii)

    measúnú a dhéanamh ar an ngníomhaíocht cheartaitheach agus ar an bplean cur chun feidhme atá beartaithe ag an eagraíocht, agus má chinntear leis an measúnú gur leor iad chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíontacht nó ar na neamhchomhlíontachtaí, glacfaidh sé leo;

    (iii)

    má theipeann ar an eagraíocht plean gníomhaíochta ceartaithí inghlactha a chur isteach, nó má theipeann uirthi an ghníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh laistigh den tréimhse ama ar ghlac an t-údarás inniúil léi nó ar chuir an t-údarás inniúil síneadh léi, ardófar an toradh go leibhéal 1 agus déanfar beart mar a leagtar síos i bpointe (d)(1).

    (e)

    Féadfaidh an t-údarás inniúil barúlacha a eisiúint maidir le haon cheann de na cásanna seo a leanas nach n-éilíonn leo torthaí leibhéal 1 ná leibhéal 2:

    1.

    i gcás aon mhír ar measadh a feidhmíocht a bheith neamhéifeachtach;

    2.

    i gcás ina sainaithnítear go bhfuil sé d’acmhainn ag mír a bheith ina cúis le neamhchomhlíontacht faoi phointí (b) nó (c);

    3.

    nuair a bhíonn moltaí nó feabhsuithe ina n-ábhar spéise ar mhaithe le feidhmíocht sábháilteachta fhoriomlán na heagraíochta.

    Cuirfear na barúlacha a eisítear faoin bpointe seo in iúl i scríbhinn don eagraíocht agus déanfaidh an t-údarás inniúil iad a thaifeadadh.

    21.B.435   Athruithe ar an gcóras bainistíochta deartha

    (a)

    Tar éis dó iarratas a fháil ar athrú suntasach ar an gcóras bainistíochta deartha, fíoróidh an t-údarás inniúil go gcomhlíonann an eagraíocht ceanglais is infheidhme Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme, sula n-eiseofar an formheas.

    (b)

    Bunóidh an t-údarás inniúil na coinníollacha faoina bhféadfaidh an eagraíocht oibriú le linn an athraithe ach amháin má chinneann an t-údarás inniúil gur gá formheas na heagraíochta deartha a chur ar fionraí.

    (c)

    Nuair is deimhin leis go bhfuil ceanglais is infheidhme Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme á gcomhlíonadh ag an eagraíocht, formheasfaidh an t-údarás inniúil an t-athrú.

    (d)

    Gan dochar d’aon bheart forfheidhmiúcháin breise, má chuireann an eagraíocht athrú suntasach ar an gcóras bainistíochta deartha chun feidhme gan formheas an údaráis inniúil a fháil de bhun phointe (c), déanfaidh an t-údarás inniúil a mheas an gá deimhniú na heagraíochta a chur ar fionraí, a theorannú nó a chúlghairm.

    (e)

    I gcás athruithe neamhshuntasacha ar an gcóras bainistíochta deartha, áireoidh an t-údarás inniúil an t-athbhreithniú ar na hathruithe sin lena fhormhaoirseacht leanúnach i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i bpointe 21.B.431. Má aimsítear aon neamhchomhlíontacht, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoi don eagraíocht, iarrfaidh sé tuilleadh athruithe, agus gníomhóidh sé i gcomhréir le pointe 21.B.433.”;

    (58)

    i bpointe 21.B.453, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil

    21.B.453

    Formheas le haghaidh dearadh deisiúcháin a eisiúint”;

    (59)

    i bpointe 21.B.480, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

    21.B.480

    Údarú ETSO a eisiúint”;

    (60)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn VIII:

    “Foscríbhinn VIII

    Ráiteas comhréireachta aerárthaí— Foirm 52 EASA

    RÁITEAS COMHRÉIREACHTA AERÁRTHAÍ

    1.

    Stát na monaraíochta

    2.

    [BALLSTÁT] (1) Ball den Aontas Eorpach (2)

    3.

    Uimhir thagartha an ráitis:

    4.

    Eagraíocht

    5.

    An cineál aerárthaigh

    6.

    Uimhir thagartha an deimhnithe cineáil:

    7.

    Clárú nó marc an aerárthaigh

    8.

    Uimhir aitheantais na heagraíochta táirgthe:

    9.

    Mionsonraí an innill/an liáin (3)

    10.

    Mionathruithe agus/nó feasacháin cothabhála (3)

    11.

    Treoracha maidir le haeracmhainneacht

    12.

    Lamháltais

    13.

    Díolúintí, tarscaoiltí nó maoluithe (3)

    14.

    Barúlacha

    15.

    Deimhniú aeracmhainneachta

    16.

    Ceanglais bhreise

    17.

    Ráiteas comhréireachta

    Deimhnítear leis seo go bhfuil an t-aerárthach i gcomhréir go hiomlán leis an dearadh a ndearnadh deimhniú cineáil air agus leis na nithe atá i mbloic 9, 10, 11, 12 agus 13.

    Tá an t-aerárthach i riocht a oibrithe go sábháilte.

    Rinneadh tástáil shásúil ar an aerárthach le linn eitilte.

    18.

    Arna shíniú ag

    19.

    Ainm

    20.

    Dáta (l/m/b)

    21.

    Tagairt formheasa na heagraíocht táirgthe

    Foirm 52 EASA — Eagrán 3

    (1)

    Nó “EASA”, más é EASA an t-údarás inniúil.

    (2)

    Scriostar seo i gcás Stát nach Ballstát den Aontas é nó EASA.

    (3)

    Scrios de réir mar is gá.

    Treoracha maidir le húsáid “Ráiteas comhréireachta aerárthaí – Foirm 52 EASA”

    1.   CUSPÓIR AGUS RAON FEIDMHE

    1.1.

    Tá tuairisc maidir le húsáid an ráitis comhréireachta aerárthaí arna eisiúint ag eagraíocht táirgthe a tháirgeann faoi Chuid 21, Roinn A Fochuid F, ar fáil i bpointe 21.A.130 agus sna modhanna gaolmhara inghlactha comhlíontachta (AMC).

    1.2.

    Is é is cuspóir don ráiteas comhréireachta aerárthaí (Foirm 52 EASA) arna eisiúint faoi Chuid 21 Roinn A Fochuid G go mbeidh an sealbhóir ar dheimhniú iomchuí formheasa na heagraíochta táirgthe in ann deimhniú aonair aeracmhainneachta aerárthaí a fháil agus, má iarrtar é, deimhniú torainn a fháil ó údarás inniúil Bhallstát an chláraithe.

    2.   GINEARÁLTA

    2.1.

    Ní mór don ráiteas comhréireachta cloí leis an múnla, lena n-áirítear na blocuimhreacha agus suíomh gach bloic. Féadfar méid gach bloic a athrú, áfach, chun go n-oirfeadh sé don iarratas aonair, ach ní féidir é a athrú a mhéid a d’fhágfadh sé nach bhféadfaí an ráiteas comhréireachta a aithint. Má bhíonn aon amhras ann, téigh i gcomhairle leis an údarás inniúil.

    2.2.

    Ní mór an ráiteas comhréireachta a bheith réamhphriontáilte nó ríomhghinte, ach i gceachtar cás, ní mór na línte agus na carachtair a bheith soiléir agus inléite. Ceadaítear foclaíocht réamhphriontáilte i gcomhréir leis an múnla atá i gceangal leis seo, ach ní cheadaítear aon ráiteas deimhniúcháin eile.

    2.3.

    D’fhéadfaí an ráiteas críochnaithe a phriontáil le meaisín/ríomhaire nó é a bheith lámhscríofa, agus é scríofa i mbloclitreacha ar mhaithe le soléiteacht. Glactar leis an ráiteas a bheith scríofa i mBéarla agus, i gcás inarb ábhartha, teanga oifigiúil amháin nó níos mó de chuid an Bhallstáit eisiúna.

    2.4.

    Coinneoidh an eagraíocht táirgthe fhormheasta cóip den ráiteas agus de na ceangaltáin tagartha uile.

    3.   COMHLÁNÚ AN RÁITIS COMHRÉIREACHTA AG AN TIONSCNÓIR

    3.1.

    Ní mór iontráil a bheith i ngach bloc le go mbeidh an doiciméad ina ráiteas bailí.

    3.2.

    Ní fhéadfar ráiteas comhréireachta a eisiúint d’údarás inniúil an Bhallstáit chláraithe mura ndéanfar dearadh an aerárthaigh agus a tháirgí suiteáilte a fhormheas.

    3.3.

    Féadfar an fhaisnéis a cheanglaítear i mbloic 9, 10, 11, 12, 13 agus 14 a thabhairt trí thagairt a dhéanamh do na doiciméid sin ar leithligh atá ar taifead ag an eagraíocht táirgthe, mura gcomhaontóidh an t-údarás inniúil a mhalairt.

    3.4.

    Níl sé beartaithe go n-áireofar sa ráiteas comhréireachta na hítimí trealaimh sin a d’fhéadfadh a bheith gá a fheistiú chun na rialacha oibríochtúla is infheidhme a chomhlíonadh. Mar sin féin, d’fhéadfaí roinnt de na hítimí aonair sin a áireamh i mbloc 10 nó sa dearadh cineáil formheasta. Dá bhrí sin, meabhraítear d’oibreoirí gur fúthu féin atá sé a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha oibríochtúla is infheidhme dá n-oibríochtaí féin.

    Bloc 1

    Iontráil ainm Stát na monatóireachta.

    Bloc 2

    An t-údarás inniúil a eisíonn an ráiteas comhréireachta faoina údarás.

    Bloc 3

    Ní mór sraithuimhir uathúil a réamhphriontáil sa bhloc seo le haghaidh rialú ráiteas agus críocha inrianaitheachta. Déantar eisceacht i gcás doiciméad ríomhghinte: ní gá an uimhir a réamhphriontáil i gcás ina bhfuil an ríomhaire clársceidealaithe chun uimhir uathúil a tháirgeadh agus a phriontáil.

    Bloc 4

    Ainm iomlán agus seoladh na heagraíochta a eisíonn an ráiteas. Féadfar an bloc seo a réamhphriontáil. Ceadaítear lógónna, etc., más féidir an lógó, etc., a chur sa bhloc.

    Bloc 5

    Cineál an aerárthaigh ina iomláine mar a shonraítear ar an deimhniú cineáil agus ar an mbileog sonraí a ghabhann leis.

    Bloc 6

    Uimhreacha tagartha an deimhnithe cineáil agus eisiúint don aerárthach is ábhar don tástáil.

    Bloc 7

    Má tá an t-aerárthach cláraithe, is é an marc sin an marc clárúcháin. Mura bhfuil an t-aerárthach cláraithe, is é an marc sin an marc atá inghlactha ag údarás inniúil an Bhallstáit agus, más infheidhme, údarás inniúil tríú tír.

    Bloc 8

    An uimhir aitheantais arna sannadh ag an eagraíocht táirgthe chun críoch rialaithe agus inrianaitheachta agus tacaíochta táirgí. Tugtar “sraithuimhir na heagraíochta táirgthe” nó “uimhir an chruthaitheora” ar an uimhir sin uaireanta.

    Bloc 9

    An cineál innill agus an cineál liáin nó lián ina iomláine mar a shonraítear ar an deimhniú cineáil sonrach agus ar an mbileog sonraí a ghabhann leis. Ní mór uimhir aitheantais na heagraíochta táirgthe agus an suíomh lena mbaineann a lua freisin.

    Bloc 10

    Athruithe formheasta deartha ar shainmhíniú an aerárthaigh.

    Bloc 11

    Liosta de na treoracha uile is infheidhme maidir le haeracmhainneacht (nó a chomhionann) agus dearbhú comhlíontachta, mar aon le tuairisc ar mhodh comhlíontachta an aerárthaigh aonair is ábhar don tástáil, lena n-áirítear táirgí agus páirteanna, fearais agus trealamh atá suiteáilte. Aon am is gá maidir le comhlíonadh, ní mór sin a lua.

    Bloc 12

    Diallais neamhbheartaithe ón dearadh cineáil formheasta, dá ngairtear uaireanta“lamháltais”, “éagsúlachtaí” nó “neamhchomhréireachtaí”.

    Bloc 13

    Ní fhéadfar ach díolúintí, tarscaoiltí nó maoluithe a comhaontaíodh a chur san áireamh anseo.

    Bloc 14

    Nótaí. Aon ráiteas, faisnéis, sonraí áirithe nó teorainn a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’aeracmhainneacht an aerárthaigh is ábhar don tástáil. Mura bhfuil aon fhaisnéis ná sonraí den sórt sin ann, luaigh “NÍ ANN DÓIBH”.

    Bloc 15

    Cuir isteach “deimhniú aeracmhainneachta”, nó “deimhniú srianta aeracmhainneachta”, mar a iarradh.

    Bloc 16

    Ní mór riachtanais bhreise amhail riachtanais a chuir tír allmhairiúcháin in iúl a lua sa bhloc seo.

    Bloc 17

    Tá bailíocht an ráitis comhréireachta faoi réir chomhlánú iomlán na mbloc uile atá ar an bhfoirm. Ní mór do shealbhóir deimhnithe formheasa na heagraíochta táirgthe cóip den tuarascáil ar an tástáil eitilte a choinneáil ar taifead, maille le haon fhabht taifeadta agus aon sonraí ceartúcháin. Ní mór don phearsanra deimhnithe iomchuí agus do bhall foirne eitilte an tuairisc a shíniú chun a dheimhniú go bhfuil sí sásúil, e.g. an píolóta tástála nó an t-innealtóir tástála eitilte. Is iad na tástálacha eitilte a dhéantar na tástálacha a shainmhínítear faoi ghné bainistíochta cáilíochta an chórais táirgthe, mar a bhunaítear le pointe 21.A.139, go háirithe pointe 21.A.139(d)(1)(vi), lena áirithiú go bhfuil an t-aerárthach i gcomhréir leis na sonraí deartha is infheidhme, agus go bhfuil sé i riocht a oibrithe go sábháilte.

    Maidir le liosta na n-ítimí a soláthraíodh (nó a cuireadh ar fáil) chun gnéithe an ráitis seo a bhaineann le hoibriú sábháilte an aerárthaigh a shásamh, ní mór do shealbhóir dheimhniú formheasa na heagraíochta táirgthe an liosta sin a choinneáil ar taifead.

    Bloc 18

    An duine atá údaraithe ag sealbhóir an fhormheasa táirgthe chun an ráiteas comhréireachta a shíniú i gcomhréir le pointe 21.A.145(d), féadfaidh sé déanamh amhlaidh. Ní féidir é a shíniú le stampa rubair.

    Bloc 19

    Ní mór ainm an duine a shíníonn an ráiteas a chlóscríobh nó a phriontáil i bhfoirm inléite.

    Bloc 20

    Ní mór an dáta a síneofar an ráiteas comhréireachta a chur in iúl.

    Bloc 21

    Ní mór tagairt formheasa an údaráis inniúil a lua.

    ;

    (61)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn X:

    “Foscríbhinn X

    Deimhniú formheasa na heagraíochta táirgthe — Foirm 55 EASA

    Deimhnithe formheasa na heagraíochta táirgthe dá dtagraítear i bhFochuid G d’Iarscríbhinn I (Cuid 21)

    [BALLSTÁT] (1)

    Ballstát den Aontas Eorpach (2)

    DEIMHNIÚ FORMHEASA NA hEAGRAÍOCHTA TÁIRGTHE

    Tagairt: [CÓD AN BHALLSTÁIT (1)].21G.XXXX

    De bhun Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún atá i bhfeidhm go fóill, agus faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear thíos, deimhníonn [ÚDARÁS INNIÚIL AN BHALLSTÁIT] leis seo go bhfuil:

    [AINM AGUS SEOLADH NA CUIDEACHTA]

    ina eagraíocht táirgthe i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) Roinn A de Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, go bhfuil sí formheasta chun na táirgí, páirteanna agus fearais a liostaítear sa sceideal formheasa atá i gceangal leis seo a tháirgeadh agus na deimhnithe gaolmhara a eisiúint trí úsáid a bhaint as na tagairtí thuas.

    COINNÍOLLACHA:

    1.

    Tá an formheas seo teoranta don fhormheas a shonraítear i dtéarmaí an fhormheasa faoi iamh.

    2.

    Tá an formheas sin faoi réir chomhlíonadh na nósanna imeachta a shonraítear i lámhleabhar na heagraíochta táirgthe formheasta.

    3.

    Tá an formheas sin bailí fad is atá an eagraíocht táirgthe formheasta fós i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012.

    4.

    Faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha sin thuasluaite, leanfaidh an formheas seo de bheith bailí ar feadh tréimhse neamhtheoranta mura mbeidh an formheas tugtha suas, nó formheas eile curtha ina ionad, nó é curtha ar fionraí nó cúlghairthe roimh sin.

    Dáta na heisiúna bunaidh: …

    Dáta an athbhreithnithe seo: …

    Uimhir an athbhreithnithe: …

    Arna shíniú ag: …

    Le haghaidh an údaráis inniúil: [SAINAITHINT AN ÚDARÁIS INNIÚIL (1)]

    Foirm 55a EASA — Eagrán 3

    (1)

    Nó “EASA”, más é EASA an t-údarás inniúil.

    (2)

    Scriostar seo i gcás Stát nach Ballstát den Aontas é.

    [BALLSTÁT] (1)

    Ballstát den Aontas Eorpach (2)

    Téarmaí an fhormheasa

    TA: [CÓD AN BHALLSTÁIT (1)].21G.XXXX

    Tá an doiciméad seo mar chuid d’uimhir formheasa na heagraíochta táirgthe [CÓD AN BHALLSTÁIT (1)].21G.XXXX a eisíodh chuig:

    Ainm na Cuideachta:

    Roinn 1. RAON FEIDHME NA hOIBRE:

    AN RUD A THÁIRGTEAR

    TÁIRGÍ/CATAGÓIRÍ

     

     

     

     

     

     

     

     

     

     

    Chun sonraí agus teorainneacha a fháil, féach Lámhleabhar na hEagraíochta Táirgthe, Roinn xxx

    Roinn 2. SUÍOMHANNA:

    Roinn 3. PRIBHLÉIDÍ:

     

    Tá an eagraíocht táirgthe i dteideal na bpribhléidí a leagtar síos i bpointe 21.A.163 a fheidhmiú, laistigh de théarmaí an fhormheasa agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhaineann le Lámhleabhar an hEagraíochta Táirgthe, faoi réir an méid seo a leanas:

    [coinnigh an téacs is infheidhme amháin]

    Sula ndéanfar dearadh an táirge a fhormheas, ní fhéadfar Foirm 1 EASA a eisiúint ach amháin chun críoch comhréireachta.

    Ní fhéadfar ráiteas comhréireachta a eisiúint i gcás aerárthach neamhcheadaithe.

    Féadfar cothabháil a dhéanamh, go dtí go gceanglaítear na rialacháin chothabhála a chomhlíonadh, i gcomhréir le Roinn xxx de Lámhleabhar na hEagraíochta Táirgthe

    Féadfar ceadanna eitilte a eisiúint de réir Roinn yyy de Lámhleabhar na hEagraíocht Táirgthe

    Dáta na heisiúna bunaidh:

    Arna shíniú ag:

    Dáta an athbhreithnithe seo:

     

    Uimhir an athbhreithnithe:

    Le haghaidh [SAINAITHINT AN ÚDARÁIS INNIÚIL(1)]

    Foirm 55b EASA — Eagrán 3

    (1)

    Nó “EASA”, más é EASA an t-údarás inniúil.

    (2)

    Scriostar seo i gcás Stát nach Ballstát den Aontas é.

    (62)

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn XI:

    “Foscríbhinn XI

    Litir an chomhaontaithemaidir le táirgeadh gan formheas na heagraíochta táirgthe – Foirm 65 EASA

    Litir an chomhaontaithe dá dtagraítear i bhFochuid F d’Iarscríbhinn I (Cuid 21)

    [BALLSTÁT] (1)

    Ballstát den Aontas Eorpach (2)

    LITIR AN CHOMHAONTAITHE MAIDIR LE TÁIRGEADH GAN FORMHEAS NA hEAGRAÍOCHTA TÁIRGTHE

    [AINM AN IARRATASÓRA]

    [TRÁDAINM (murab ionann é agus ainm an iarratasóra)]

    [SEOLADH POIST IOMLÁN AN IARRATASÓRA]

    Dáta [Lá, Mí, Bliain]

    Tagairt: [CÓD AN BHALLSTÁIT (2)].21F.XXXX

    [Ainm an Iarratasóra], a chara,

    Rinneadh meastóireacht ar chóras chigireacht an táirgthe agus fuarthas go gcomhlíonann sé Roinn A, Fochuid A agus Fochuid F d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) de Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún.

    Dá bhrí sin, faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear thíos, aontaímid go bhféadfar comhréireacht na dtáirgí, na bpáirteanna agus na bhfearas a luaitear thíos a léiriú faoi Roinn A, Fochuid F d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012.

    Líon na nAonad

    Uimhir pháirte

    Sraithuimhir

     

     

    AERÁRTHAÍ

    PÁIRTEANNA

    Tá feidhm ag na coinníollacha seo a leanas maidir leis litir an chomhaontaithe seo:

    (1)

    Tá an litir bailí fad is atá [Ainm na Cuideachta] fós i gcomhréir le Roinn A, Fochuid A agus Fochuid F d’Iarscríbhinn I (Cuid 21) de Rialachán (AE) Uimh. 748/2012.

    (2)

    Ceanglaítear léi go gcomhlíonfar na nósanna imeachta a shonraítear i dtagairt lámhleabhair/dáta eisiúna [Ainm na Cuideachta]…

    (3)

    Tiocfaidh deireadh léi an…

    (4)

    An ráiteas comhréireachta arna eisiúint ag [Ainm na Cuideachta] faoi phointe 21.A.130 de Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, déanfaidh údarás eisiúna litir an chomhaontaithe seo é a bhailíochtú i gcomhréir le nós imeachta… den lámhleabhar dá dtagraítear.

    (5)

    Cuirfidh [Ainm na Cuideachta] údarás eisiúna litir an chomhaontaithe seo ar an eolas láithreach faoi aon athrú ar chóras chigireacht an táirgthe a d“fhéadfadh difear a dhéanamh don chigireacht, don chomhréireacht nó d’aeracmhainneacht na dtáirgí agus na bpáirteanna a liostaítear sa litir seo.

    Le haghaidh an údaráis inniúil: [SAINAITHINT AN ÚDARÁIS INNIÚIL (1)(2)]

    Dáta agus síniú

    Foirm 65 EASA — Eagrán 3

    (1)

    Nó “EASA”, más é EASA an t-údarás inniúil.

    (2)

    Scriostar seo i gcás Stát nach Ballstát den Aontas é.
    .

    (*1)  Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 1321/2007 agus (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO L 122, 24.4.2014, lch. 18) ”;”


    IARSCRÍBHINN II

    In Iarscríbhinn I (Cuid 21), pointe 21.A.101, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

    “(h)

    I gcás eitleáin mhóra atá faoi réir phointe 26.300 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/640 ón gCoimisiún (*1), comhlíonfaidh an t-iarratasóir sonraíochtaí deimhniúcháin a sholáthraíonn ar a laghad leibhéal sábháilteachta atá coibhéiseach le pointí 26.300 agus 26.330 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/640, cé is moite d’iarratasóirí ar dheimhnithe forlíontacha cineáil nach gceanglaítear orthu pointe 26.303 a chur san áireamh.


    (*1)  Rialachán (AE) 2015/640 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2015 maidir le sonraíochtaí breise aeracmhainneachta i dtaca le cineál ar leith oibríochtaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 (IO L 106, 24.4.2015, lch. 18).””


    Top