Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0193

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/193 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 926/2014 lena leagtar síos foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha maidir leis an bhfaisnéis a bhfuil fógra le tabhairt ina leith agus an ceart bunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar á bhfeidhmiú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/7654

IO L 31, 14.2.2022, pp. 4–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/193/oj

14.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 31/4

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/193 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Samhain 2021

lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 926/2014 lena leagtar síos foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha maidir leis an bhfaisnéis a bhfuil fógra le tabhairt ina leith agus an ceart bunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar á bhfeidhmiú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (1), agus go háirithe Airteagal 35(6), Airteagal 36(6) agus Airteagal 39(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 926/2014 ón gCoimisiún (2) na foirmeacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta caighdeánacha le haghaidh fógraí maidir leis an gceart bunaíochta a fheidhmiú agus leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar ag institiúidí creidmheasa.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/192 ón gCoimisiún (3) tá ceanglais nua faisnéise tugtha isteach i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1151/2014 ón gCoimisiún (4). Ba cheart na ceanglais nua faisnéise sin a léiriú i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 926/2014, agus ba cheart na foirmeacha caighdeánacha agus na teimpléid chaighdeánacha a leagtar síos sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a thabhairt cothrom le dáta dá réir. Thairis sin, ba cheart tagairtí dlíthiúla áirithe i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 926/2014 a nuashonrú chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú.

(3)

Is gá feabhas a chur ar an tsoiléireacht i gcumarsáid an bhrainse maidir le pasanna. Ba cheart a shonrú, dá bhrí sin, go n-iarrfar an fhaisnéis is déanaí atá ar fáil maidir le cistí dílse ar leibhéal tuairiscithe aonair agus ar leibhéal tuairiscithe comhdhlúite na hinstitiúide creidmheasa, i gcás inarb infheidhme agus i gcás ina bhfuil faisnéis ar an leibhéal comhdhlúite ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit baile.

(4)

Tá sé tábhachtach sábháilteacht taiscí a áirithiú agus deimhneacht fhíorasach agus iontaofacht na faisnéise airgeadais a sholáthraíonn an institiúid chreidmheasa a fheabhsú. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, go dtabharfaidh an institiúid creidmheasa fógra dá húdarás inniúil maidir le foirceannadh beartaithe ar oibriú brainse. Ba cheart go leagfaí amach san fhógra sin na bearta atá déanta, nó atá á ndéanamh, chun a áirithiú nach mbeidh taiscí ná cistí inaisíoctha eile ón bpobal ina seilbh ag an mbrainse a thuilleadh tar éis fhoirceannadh oibriú an bhrainse sin.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 926/2014 a leasú dá réir.

(6)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE).

(7)

Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 926/2014

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 926/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Bainfidh údaráis inniúla an Bhallstáit baile úsáid as an bhfoirm a leagtar síos in Iarscríbhinn II chun fógra pas brainse a chur in iúl d’údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh in éineacht le cóip den fhógra pas brainse agus leis an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil maidir le cistí dílse agus an fhoirm atá leagtha síos in Iarscríbhinn III á húsáid acu. Tabharfar fógra faoin bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil maidir le cistí dílse na hinstitiúide creidmheasa a chuireann isteach an fógra pas ar an leibhéal aonair agus ar an leibhéal comhdhlúite araon chuig údarás inniúil an Bhallstáit baile, i gcás inarb infheidhme agus ina bhfuil sí ar fáil.”;

(2)

in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Bainfidh institiúidí creidmheasa úsáid as an bhfoirm atá leagtha síos in Iarscríbhinn IV chun fógra a thabhairt faoi athrú a bhaineann le foirceannadh beartaithe ar oibriú an bhrainse. I gcás ina dtógann brainse institiúide creidmheasa taiscí agus cistí inaisíoctha eile, nó inar thóg sé iad, cuirfidh an institiúid creidmheasa lena mbaineann ráiteas ina liostaítear na bearta a rinneadh nó atá á ndéanamh chun a áirithiú nach gcoinneoidh an institiúid creidmheasa taiscí nó cistí inaisíoctha ón bpobal tríd an mbrainse tar éis fhoirceannadh an bhrainse sin.”;

(3)

Cuirtear an téacs atá san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinní I go VI.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN

(1)   IO L 176, 27.6.2013, lch. 338.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 926/2014 ón gCoimisiún an 27 Lúnasa 2014 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le foirmeacha, teimpléid agus nósanna imeachta caighdeánacha le haghaidh fógraí maidir leis an gceart bunaíochta a fheidhmiú agus leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 254, 28.8.2014, lch. 2).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/192 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1151/2014 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis nach mór fógra a thabhairt ina leith agus an ceart bunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a chur ar fáil á bhfeidhmiú (féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1151/2014 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2014 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála maidir leis an bhfaisnéis a mbeidh fógra le tabhairt ina leith agus an ceart bunaíochta agus an tsaoirse chun seirbhísí a chur ar fáil á gcleachtadh (IO L 309, 30.10.2014, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN I

Foirm chun fógra pas brainse nó fógra maidir le hathrú ar shonraí brainse a chur isteach

I gcás ina dtugann institiúidí creidmheasa fógra d’údaráis inniúla na mBallstát baile agus na mBallstát óstach maidir le hathruithe ar shonraí brainse, ní chomhlánóidh institiúidí creidmheasa ach na codanna den fhoirm ina bhfuil an fhaisnéis atá athraithe.

1.   Sonraí teagmhála

An cineál fógra

Fógra tosaigh maidir le pas brainse

Fógra maidir le hathrú ar shonraí brainse

An Ballstát óstach ina bhfuil an brainse le bunú:

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

Ainm agus cód tagartha náisiúnta na hinstitiúide creidmheasa mar atá ar fáil i gclár na hinstitiúide creidmheasa arna choimeád ag an Údarás Baincéireachta Eorpach:

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

LEI na hinstitiúide creidmheasa:

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

Seoladh na hinstitiúide creidmheasa sa Bhallstát óstach óna bhféadfar doiciméid a fháil:

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

An phríomháit ghnó atá beartaithe don bhrainse sa Bhallstát óstach:

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

An dáta a bhfuil sé beartaithe ag an mbrainse a ghníomhaíochtaí a thosú:

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

Ainm an teagmhálaí sa bhrainse:

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

Uimhir theileafóin:

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

Ríomhphost:

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

2.   Clár oibríochtaí

2.1.   Na cineálacha gnó atá beartaithe

2.1.1.

Tuairisc ar phríomhchuspóirí agus ar straitéis ghnó an bhrainse agus míniú ar an gcaoi a rannchuideoidh an brainse le straitéis na hinstitiúide agus, i gcás inarb infheidhme, le straitéis a grúpa

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

2.1.2.

Tuairisc ar na sprioc-chustaiméirí agus ar na sprioc-chontrapháirtithe

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

2.1.3.

Liosta de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE a bhfuil sé beartaithe ag an institiúid creidmheasa iad a dhéanamh sa Bhallstát óstach mar aon le léiriú ar na gníomhaíochtaí a bheidh ina bpríomhghnó sa Bhallstát óstach, lena n-áirítear an dáta tosaigh atá beartaithe do gach gníomhaíocht (chomh cruinn agus is féidir).

Uimh.

Gníomhaíocht

Gníomhaíochtaí a bhfuil sé beartaithe ag an institiúid creidmheasa tosú ar iad a chur i gcrích (líon isteach le ‘S’)/nó scor dá gcur i gcrích (líon isteach le ‘C’)

Gníomhaíochtaí arb é a bheidh iontu an príomhghnó

An dáta tosaigh beartaithe nó dáta scoir beartaithe do gach gníomhaíocht

1.

Taiscí agus cistí inaisíoctha eile a ghlacadh

2.

Iasachtú lena n-áirítear, inter alia: creidmheas tomhaltóirí, comhaontuithe creidmheasa maidir le maoin dhochorraithe, fachtóireacht, bíodh iontaoibh i gceist nó ná bíodh, maoiniú idirbheart tráchtála (lena n-áirítear forghéilleadh);

3.

Léasú airgeadais

4.

Seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4, pointe (3) de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)

4a.

Seirbhísí lenar féidir airgead a chur i gcuntas íocaíochta chomh maith leis na hoibríochtaí go léir atá ag teastáil chun cuntas íocaíochta a fheidhmiú

4b.

Seirbhísí lenar féidir aistarraingtí airgid a dhéanamh ó chuntas íocaíochta chomh maith leis na hoibríochtaí go léir atá ag teastáil chun cuntas íocaíochta a fheidhmiú

4c.

Idirbhearta íocaíochta a fhorghníomhú, lena n-áirítear aistrithe cistí ar chuntas íocaíochta le soláthraí seirbhíse íocaíochta an úsáideora nó le soláthraí seirbhíse íocaíochta eile:

dochair dhíreacha a fhorghníomhú, lena n-áirítear dochair dhíreacha aonuaire

idirbhearta íocaíochta a fhorghníomhú trí chárta íocaíochta nó trí ghléas dá shamhail

aistrithe creidmheasa a fhorghníomhú, lena n-áirítear buanorduithe

4d. (*)

Idirbhearta íocaíochta a fhorghníomhú i gcás ina gcumhdaítear na cistí faoi líne chreidmheasa d’úsáideoir seirbhíse íocaíochta:

4e. (**)

Ionstraimí íocaíochta a eisiúint

Idirbhearta íocaíochta a fháil

4f.

Seoltán airgid

4g.

Seirbhísí tionscanta íocaíochta

4h.

Seirbhísí faisnéise cuntas

5.

Modhanna eile íocaíochta a eisiúint agus a riar (e.g. seiceanna taistil agus dréachtaí baincéireachta) sa mhéid nach dtagann gníomhaíocht den sórt sin faoi phointe 4.

6.

Ráthaíochtaí agus gealltanais

7.

Trádáil dilseánaigh nó trádáil do chuntas custaiméirí in aon cheann de na nithe seo a leanas:

7a.

Ionstraimí margaidh airgid (e.g. seiceanna, billí, deimhnithe taisce)

7b.

Malairt eachtrach

7c.

Todhchaíochtaí agus roghanna airgeadais

7d.

Ionstraimí malairte agus ionstraimí rátaí úis

7e.

Urrúis inaistrithe;

8.

Rannpháirtíocht in eisiúintí urrús agus soláthar seirbhísí a bhaineann le saincheisteanna den sórt sin

9.

Comhairle do ghnóthais maidir le struchtúr caipitil, straitéis thionsclaíoch agus ceisteanna gaolmhara agus comhairle mar aon le seirbhísí a bhaineann le cumaisc agus ceannach gnóthas

10.

Bróicéireacht airgid

11.

Bainistíocht punainne agus comhairle

12.

Urrúis a chumhdach agus a riar

13.

Seirbhísí teistiméireachta creidmheasa;

14.

Seirbhísí slánchumhdaigh

15.

Eisiúint airgid leictreonaigh

2.1.4.

Liosta na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí a bhfuil sé beartaithe ag an institiúid creidmheasa a dhéanamh sa Bhallstát baile, agus dá bhforáiltear i Roinn A agus Roinn B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), nuair a dhéantar tagairt do na hionstraimí airgeadais dá bhforáiltear i Roinn C d’Iarscríbhinn I den Treoir sin

Ionstraimí airgeadais

Seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta

Seirbhísí coimhdeacha

A 1

A 2

A 3

A 4

A 5

A 6

A 7

A 8

A9

B 1

B 2

B 3

B 4

B 5

B 6

B 7

C1

C2

C3

C4

C5

C6

C7

C8

C9

C10

C11

Nóta 1:

Tagairtí don roinn agus do na huimhreacha ítime in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE atá i gceannteidil rónna agus colún (e.g. Tagraíonn A1 do phointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn I)

2.2.   Eagrúchán struchtúrach an bhrainse

2.2.1.

Tuairisc ar eagrúchán struchtúrach an bhrainse, lena n-áirítear línte tuairiscithe feidhmiúla agus dlíthiúla agus suíomh agus ról an bhrainse laistigh de struchtúr corparáideach na hinstitiúide agus, i gcás inarb infheidhme, de struchtúr corparáideach a grúpa

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

Féadfar tacú leis an tuairisc le doiciméid ábhartha, amhail cairt eagraíochtúil

2.2.2.

Tuairisc ar na socruithe rialachais agus sásraí inmheánacha rialúcháin an bhrainse, lena n-áirítear an fhaisnéis seo a leanas:

2.2.2.1.

Nósanna imeachta bainistithe riosca an bhrainse agus sonraí maidir le bainistiú priacail leachtachta na hinstitiúide, agus i gcás inarb infheidhme, maidir le bainistiú priacail leachtachta a grúpa

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

2.2.2.2.

Aon teorainn a bhfuil feidhm aici maidir le gníomhaíochtaí an bhrainse, go háirithe maidir lena ghníomhaíochtaí iasachtaithe

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

2.2.2.3.

Mionsonraí faoi shocruithe inmheánacha iniúchóireachta an bhrainse, lena n-áirítear sonraí an duine atá freagrach as na socruithe sin agus, i gcás inarb infheidhme, mionsonraí an iniúchóra sheachtraigh

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

2.2.2.4.

Socruithe an bhrainse in aghaidh sciúradh airgid lena n-áirítear sonraí an duine a cheapfar chun comhlíonadh na socruithe sin a áirithiú

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

2.2.2.5.

Rialuithe ar sheachfhoinsiú agus socruithe eile le tríú páirtithe i dtaca leis na gníomhaíochtaí a dhéantar sa bhrainse atá cumhdaithe ag údarú na hinstitiúide

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

2.2.3.

I gcás ina bhfuiltear ag súil go ndéanfaidh an brainse ceann amháin nó níos mó de na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochtaí a shainmhínítear in’Airteagal 4(1), pointe, de Threoir 2014/65/AE, tuairisc ar na socruithe seo a leanas:

2.2.3.1.

Socruithe chun airgead agus sócmhainní cliant a chosaint

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

2.2.3.2.

Na socruithe maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 24, 25, 27 agus 28 de Threoir 2014/65/AE agus na bearta arna nglacadh dá mbun ag údaráis inniúla ábhartha an Bhallstáit is óstach

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

2.2.3.3.

Cód iompair inmheánach lena n-áirítear rialuithe ar dhéileáil cuntas pearsanta

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

2.2.3.4.

Sonraí an duine atá freagrach as déileáil le gearáin maidir le seirbhísí infheistíochta agus gníomhaíochtaí an bhrainse

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

2.2.3.5.

Sonraí an duine atá ceaptha chun comhlíonadh socruithe an bhrainse maidir le seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a áirithiú

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

2.2.4.

Sonraí maidir le taithí ghairmiúil na ndaoine atá freagrach as bainistiú an bhrainse

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

2.3.   Faisnéis eile

2.3.1.

Plean airgeadais ina mbeidh réamhaisnéisí ar chlár comhardaithe agus ar chuntas brabúis agus caillteanais lena gcumhdaítear tréimhse trí bliana, ina mbeidh na toimhdí foluiteacha

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

Is féidir an fhaisnéis sin a sholáthar mar cheangaltán a ghabhann leis an bhfógra

2.3.2.

Ainm agus sonraí teagmhála scéimeanna ráthaíochta taiscí an Aontais agus scéimeanna cosanta infheisteoirí sa Bhallstát a bhfuil an institiúid ina ball de agus a chumhdaíonn gníomhaíochtaí agus seirbhísí an bhrainse, mar aon le cumhdach uasta na scéime cosanta infheisteoirí

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

2.3.3.

Sonraí shocruithe TF an bhrainse

[le comhlánú ag an institiúid creidmheasa]

IARSCRÍBHINN II

Foirm chun fógra pas brainse a chur in iúl

Údaráis inniúla an Bhallstáit baile

Ainm na roinne ábhartha:

Seoladh ríomhphoist ginearálta na roinne ábhartha (más ann dó);

Ainm an duine teagmhála:

Uimhir theileafóin:

Ríomhphost:

Seoladh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh:

[Dáta]

Tagairt:

Cumarsáid maidir le fógra pas brainse

Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa chumarsáid:

ainm agus cód tagartha náisiúnta na hinstitiúide creidmheasa mar atá ar fáil i gclár na hinstitiúide creidmheasa arna choimeád ag ÚBE;

LEI na hinstitiúide creidmheasa;

údaráis inniúla atá freagrach as údarú na hinstitiúide creidmheasa agus as maoirseacht uirthi;

ráiteas maidir le rún na hinstitiúide creidmheasa gníomhaíochtaí a dhéanamh i gcríoch an Bhallstáit óstaigh, lena n-áirítear an dáta a bhfaightear an fógra faoi phas brainse ina bhfuil faisnéis a mheastar a bheith iomlán agus ceart;

ainm agus sonraí teagmhála na ndaoine atá freagrach as bainistiú an bhrainse;

ainm agus sonraí teagmhála scéimeanna ráthaíochta taiscí an Aontais agus scéimeanna cosanta infheisteoirí an Aontais a bhfuil an institiúid ina ball díobh agus lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí agus seirbhísí an bhrainse.]

[Sonraí teagmhála]

IARSCRÍBHINN III

Foirm chun méid agus comhdhéanamh na gcistí dílse agus na gceanglas cistí dílse a chur in iúl

1.   Méid agus comhdhéanamh na gcistí dílse ar an leibhéal aonair agus comhdhlúite (más infheidhme agus nuair atá siad ar fáil)

Ainm na hinstitiúide creidmheasa: ________________________________________________________________

Dáta tagartha (Leibhéal aonair): _________________________________________________________

Dáta tagartha (Leibhéal comhdhlúite – i gcás inarb infheidhme agus ina bhfuil sé ar fáil): ____________________________

Mír

Tagairtí d’fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá sna tagairtí uile  (3)

Leibhéal aonair

Méid

(ina mhilliúin EUR)

Leibhéal comhdhlúite

(i gcás inarb infheidhme agus ina bhfuil sé ar fáil)

Méid

(ina mhilliúin EUR)

Cistí dílse

Airteagail 4(1), pointe (118), agus Airteagal 72

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 010 i dTeimpléad 1 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún  (4)]

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 010 i dTeimpléad 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

Caipiteal leibhéal 1

Airteagal 25

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 015 i dTeimpléad 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 015 i dTeimpléad 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

Caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1

Airteagal 50

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 020 i dTeimpléad 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 020 i dTeimpléad 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

Caipiteal Breise Leibhéal 1

Airteagal 61

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 530 i dTeimpléad 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 530 i dTeimpléad 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

Caipiteal leibhéal 2

Airteagal 71

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 750 i dTeimpléad 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 750 i dTeimpléad 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

2.   Ceanglais cistí dílse

Ainm na hinstitiúide creidmheasa: ________________________________________________________________

Dáta tagartha (Leibhéal aonair): _________________________________________________________

Dáta tagartha (Leibhéal comhdhlúite – i gcás inarb infheidhme agus ina bhfuil sé ar fáil): ____________________________

Mír

Tagairtí d’fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 atá sna tagairtí uile.

Leibhéal aonair

Méid

(ina mhilliúin EUR)

Leibhéal comhdhlúite

(i gcás inarb infheidhme agus ina bhfuil sé ar fáil)

Méid

(ina mhilliúin EUR)

Méid iomlán na risíochta ar phriacal

Airteagail 92(3), 95, 96 agus 98.

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 010 i dTeimpléad 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 010 i dTeimpléad 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail le haghaidh creidmheasa, creidmheas contrapháirtí agus priacail chaolúcháin agus seachadtaí saor in aisce

Airteagal 92(3), pointe (a) agus pointe (f)

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 040 i dTeimpléad 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 040 i dTeimpléad 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

Méid iomlán na risíochta ar phriacal maidir le socraíocht/seachadadh

Airteagal 92(3), pointe (c) (ii), agus Airteagal 92(4), pointe (b)

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 490 i dTeimpléad 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 490 i dTeimpléad 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

Méid iomlán na risíochta ar phriacal maidir le suíomh, malairt eachtrach agus priacail tráchtearraí

Airteagal 92(3), pointe (b)(i), pointe (c)(i) agus pointe (c)(iii), agus Airteagal 92(4), pointe (b)

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 520 i dTeimpléad 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 520 i dTeimpléad 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

Méid iomlán na risíochta ar phriacal maidir le riosca oibríochtúil

Airteagal 92(3), pointe (e), agus Airteagal 92(4), pointe (b)

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 590 i dTeimpléad 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 590 i dTeimpléad 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

Méid breise na risíochta ar phriacal mar gheall ar fhorchostais sheasta

Airteagal 95(2), Airteagal 96(2), Airteagal 97 agus Airteagal 98(1), pointe (a)

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 630 i dTeimpléad 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 630 i dTeimpléad 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

Méid iomlán na risíochta ar phriacal maidir le coigeartú luachála creidmheasa

Airteagal 92(3), pointe (d)

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 640 i dTeimpléad 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 640 i dTeimpléad 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

Méid iomlán na risíochta ar phriacal maidir le risíochtaí móra sa leabhar trádála

Airteagal 92(3), pointe (b)(ii), agus Airteagail 395 go 401

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 680 i dTeimpléad 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 680 i dTeimpléad 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

Méideanna eile risíochta ar phriacal

Airteagail 3, 458, 459 agus 500 agus méideanna risíochta ar phriacal nach féidir a shannadh do cheann de na hítimí eile ar an tábla seo

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 690 i dTeimpléad 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

[an dáta mar a tuairiscíodh é i ró 690 i dTeimpléad 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014]

IARSCRÍBHINN IV

Foirm maidir le fógra a thabhairt faoi athrú a bhaineann le foirceannadh beartaithe ar oibriú brainse

Ainm an duine teagmhála san institiúid creidmheasa nó sa bhrainse:

Uimhir theileafóin:

Ríomhphost:

Seoladh údaráis inniúla an Bhallstáit baile:

Seoladh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh:

[Dáta]

[Tagairt:]

Athrú a chur isteach a bhaineann le foirceannadh beartaithe ar oibriú brainse

[Beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra:

ainm agus cód tagartha náisiúnta na hinstitiúide creidmheasa mar atá ar fáil i gclár na hinstitiúide creidmheasa arna choimeád ag ÚBE;

LEI na hinstitiúide creidmheasa;

ainm an bhrainse ar chríoch an Bhallstáit óstaigh;

údaráis inniúla atá freagrach as údarú na hinstitiúide creidmheasa agus as maoirseacht uirthi;

ráiteas maidir le rún na hinstitiúide creidmheasa oibriú an bhrainse a fhoirceannadh i gcríoch an Bhallstáit óstaigh agus an dáta faoina mbeidh éifeacht leis an bhfoirceannadh;

ainm agus sonraí teagmhála na ndaoine a bheidh freagrach as an bpróiseas chun oibriú an bhrainse a fhoirceannadh;

sceideal measta don fhoirceannadh beartaithe;

faisnéis faoin bpróiseas chun deireadh a chur leis an gcaidreamh gnó le custaiméirí brainse.]

i gcás ina soláthraíonn an brainse gníomhaíocht N. 1 (taiscí agus cistí inaisíoctha eile a thógáil) faoi roinn 2.1.3 d’Iarscríbhinn I, ráiteas ón institiúid creidmheasa ina léirítear na bearta a rinneadh nó atá á ndéanamh lena áirithiú nach gcoinneodh an brainse taiscí nó cistí inaisíoctha ón bpobal tríd an mbrainse tar éis oibriú an bhrainse sin a fhoirceannadh.

[Sonraí teagmhála]

IARSCRÍBHINN V

Foirm chun fógra pas seirbhísí a chur isteach

1.   Sonraí teagmhála

An cineál fógra

Fógra pas seirbhísí

An Ballstát óstach ina bhfuil sé beartaithe ag an institiúid a cuid gníomhaíochtaí a dhéanamh:

Ainm agus cód tagartha náisiúnta na hinstitiúide creidmheasa mar atá ar fáil i gclár na hinstitiúide creidmheasa arna choimeád ag ÚBE:

LEI na hinstitiúide creidmheasa:

Seoladh cheannoifig na hinstitiúide creidmheasa:

Ainm an teagmhálaí san institiúid creidmheasa:

Uimhir theileafóin:

Ríomhphost:

2.   Liosta de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE a dhéanfaidh an institiúid creidmheasa sa Bhallstát óstach mar aon le léiriú ar na gníomhaíochtaí a bheidh ina bpríomhghnó den institiúid creidmheasa sa Bhallstát óstach, lena n-áirítear an dáta tosaigh atá beartaithe do gach gníomhaíocht (chomh cruinn agus is féidir)

Uimh.

Gníomhaíocht

Gníomhaíochtaí a bhfuil sé beartaithe ag an institiúid creidmheasa iad a dhéanamh (le comhlánú le ‘X’)

Gníomhaíochtaí arb é a bheidh iontu an príomhghnó

Dáta tosaigh beartaithe do gach gníomhaíocht

1.

Taiscí agus cistí inaisíoctha eile a ghlacadh

2.

Iasachtú lena n-áirítear, inter alia: creidmheas tomhaltóirí, comhaontuithe creidmheasa maidir le maoin dhochorraithe, fachtóireacht, bíodh iontaoibh i gceist nó ná bíodh, maoiniú idirbheart tráchtála (lena n-áirítear forghéilleadh);

3.

Léasú airgeadais

4.

Seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4, pointe (3) de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5)

4a

Seirbhísí lenar féidir airgead a chur i gcuntas íocaíochta chomh maith leis na hoibríochtaí go léir atá ag teastáil chun cuntas íocaíochta a fheidhmiú

4b

Seirbhísí lenar féidir aistarraingtí airgid a dhéanamh ó chuntas íocaíochta chomh maith leis na hoibríochtaí go léir atá ag teastáil chun cuntas íocaíochta a fheidhmiú

4c

Idirbhearta íocaíochta a fhorghníomhú, lena n-áirítear aistrithe cistí ar chuntas íocaíochta le soláthraí seirbhíse íocaíochta an úsáideora nó le soláthraí seirbhíse íocaíochta eile:

dochair dhíreacha a fhorghníomhú, lena n-áirítear dochair dhíreacha aonuaire

idirbhearta íocaíochta a fhorghníomhú trí chárta íocaíochta nó trí ghléas dá shamhail

aistrithe creidmheasa a fhorghníomhú, lena n-áirítear buanorduithe

4d (*)

Idirbhearta íocaíochta a fhorghníomhú i gcás ina gcumhdaítear na cistí faoi líne chreidmheasa d’úsáideoir seirbhíse íocaíochta:

dochair dhíreacha a fhorghníomhú, lena n-áirítear dochair dhíreacha aonuaire

idirbhearta íocaíochta a fhorghníomhú trí chárta íocaíochta nó trí ghléas dá shamhail

aistrithe creidmheasa a fhorghníomhú, lena n-áirítear buanorduithe

4e (**)

Ionstraimí íocaíochta a eisiúint

Idirbhearta íocaíochta a fháil

4f

Seoltán airgid

4g

Seirbhísí tionscanta íocaíochta

4h

Seirbhísí faisnéise cuntas

5.

modhanna eile íocaíochta a eisiúint agus a riar (e.g. seiceanna taistil agus dréachtaí baincéireachta) sa mhéid nach dtagann gníomhaíocht den sórt sin faoi phointe 4

6.

Ráthaíochtaí agus gealltanais

7.

Trádáil dilseánaigh nó trádáil do chuntas custaiméirí in aon cheann de na nithe seo a leanas:

7a

ionstraimí margaidh airgid (e.g. seiceanna, billí, deimhnithe taisce)

7b

malairt eachtrach

7c

todhchaíochtaí agus roghanna airgeadais

7d

ionstraimí malairte agus ionstraimí rátaí úis

7e

urrúis inaistrithe

8.

Rannpháirtíocht i saincheisteanna urrús agus soláthar seirbhísí a bhaineann le saincheisteanna den sórt sin

9.

Comhairle do ghnóthais maidir le struchtúr caipitil, straitéis thionsclaíoch agus ceisteanna gaolmhara agus comhairle mar aon le seirbhísí a bhaineann le cumaisc agus ceannach gnóthas

10.

Bróicéireacht airgid

11.

Bainistíocht punainne agus comhairle

12.

Urrúis a chumhdach agus a riar

13.

Seirbhísí teistiméireachta creidmheasa;

14.

Seirbhísí slánchumhdaigh

15.

Eisiúint airgid leictreonaigh

3.   liosta na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí a bhfuil sé beartaithe ag an institiúid creidmheasa iad a dhéanamh sa Bhallstát baile, seirbhísí agus gníomhaíochtaí dá bhforáiltear i Roinn A agus Roinn B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, nuair a dhéantar tagairt do na hionstraimí airgeadais dá bhforáiltear i Roinn C den Iarscríbhinn sin

Ionstraimí airgeadais

Seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta

Seirbhísí coimhdeacha

A 1

A 2

A 3

A 4

A 5

A 6

A 7

A 8

A9

B 1

B 2

B 3

B 4

B 5

B 6

B 7

C1

C2

C3

C4

C5

C6

C7

C8

C9

C10

C11

Nóta 1:

Tagairtí don roinn agus do na huimhreacha ítime in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE atá i gceannteidil rónna agus colún (e.g. Tagraíonn A1 do Roinn A, pointe 1, d’Iarscríbhinn I)

IARSCRÍBHINN VI

Foirm chun fógra pas seirbhísí a chur in iúl

Údaráis inniúla an Bhallstáit baile:

Ainm na roinne ábhartha:

Seoladh ríomhphoist ginearálta na roinne ábhartha (más ann dó);

Ainm an duine teagmhála:

Uimhir theileafóin:

Ríomhphost:

Seoladh údaráis inniúla an Bhallstáit óstaigh:

[Dáta]

Tagairt:

Fógra pas seirbhísí a chur in iúl

Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa chumarsáid:

ainm agus cód tagartha náisiúnta na hinstitiúide creidmheasa atá ar fáil i gclár na hinstitiúide creidmheasa arna choimeád ag ÚBE;

LEI na hinstitiúide creidmheasa;

údaráis inniúla atá freagrach as údarú na hinstitiúide creidmheasa agus as maoirseacht uirthi;

ráiteas maidir le rún na hinstitiúide creidmheasa gníomhaíochtaí a dhéanamh i gcríoch an Bhallstáit óstaigh i bhfeidhmiú na saoirse chun seirbhísí a sholáthar.]

[Sonraí teagmhála]

(1)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(*)  An áirítear deonú creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 18(4) de Threoir (AE) 2015/2366 leis an ngníomhaíocht dá dtagraítear i bpointe 4d?

☐ áirítear ☐ ní áirítear

(**)  An áirítear deonú creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 18(4) de Threoir (AE) 2015/2366 leis an ngníomhaíocht dá dtagraítear i bpointe 4e?

☐ áirítear ☐ ní áirítear

(2)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí de réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 191, 28.6.2014, lch. 1).

(5)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

Top