EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0147

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/147 ón gComhairle an 3 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha a dhírítear i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1188

ST/5225/2022/INIT

IO L 25, 4.2.2022, p. 1–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 19/07/2022; Arna aisghairm le 32022R1230

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/147/oj

4.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 25/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/147 ÓN gCOMHAIRLE

an 3 Feabhra 2022

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha a dhírítear i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1188

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sriantacha sonracha a dhírítear i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 19 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1188 (2), lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001, lena mbunaítear liosta nuashonraithe na ndaoine, na ngrúpaí, agus na n-eintiteas a bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir leo (“an liosta”).

(2)

I gcás inarbh fhéidir go praiticiúil é, chuir an Chomhairle ráitis ar fáil do na daoine, na grúpaí agus na heintitis ar fad ar na cúiseanna ar cuireadh ar an liosta iad.

(3)

Trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chuir an Chomhairle na daoine, na grúpaí agus na heintitis atá ar an liosta ar an eolas gur chinn sí iad a choinneáil ar an liosta sin. Chomh maith leis sin, chuir an Chomhairle in iúl do na daoine, na grúpaí agus na heintitis sin lena mbaineann go bhféadfaí ráiteas a iarraidh ar na cúiseanna a bhí ag an gComhairle iad a chur ar an liosta i gcás nár tugadh ráiteas den sórt sin dóibh cheana.

(4)

Tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar an liosta faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001. Agus an t-athbhreithniú sin á dhéanamh aici, chuir an Chomhairle na barúlacha a chuir na daoine lena mbaineann faoina bráid san áireamh chomh maith leis an bhfaisnéis nuashonraithe a fuarthas ó na húdaráis náisiúnta inniúla maidir le stádas na ndaoine aonair agus na n-eintiteas atá liostaithe ar an leibhéal náisiúnta.

(5)

Tá an Chomhairle tar éis a fhíorú go bhfuil údaráis inniúla, dá dtagraítear in Airteagal 1(4) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle (3), tar éis cinntí a dhéanamh i dtaca le gach duine, gach grúpa agus gach eintiteas atá ar an liosta lena léirítear go raibh baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1(2) agus (3) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES. Tá an Chomhairle tar éis a chinneadh freisin gur cheart go leanfadh na daoine, na grúpaí agus na heintitis a bhfuil feidhm ag Airteagal 2, Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir leo de bheith faoi réir na mbeart sriantach sonrach dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001.

(6)

Chinn an Chomhairle nach bhfuil forais ann a thuilleadh chun duine amháin a choinneáil ar liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a bhfuil feidhm ag Airteagal 2, Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES maidir leo.

(7)

Ba cheart an liosta a nuashonrú dá réir, agus ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1188 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Déantar, leis seo, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1188 a aisghairm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Feabhra 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  IO L 344, 28.12.2001, lch. 70.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1188 ón gComhairle an 19 Iúil 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha a dhírítear i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/138 (IO L 258, 20.7.2021, lch. 14).

(3)  Comhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO L 344, 28.12.2001, lch. 93).


IARSCRÍBHINN

LIOSTA NA nDAOINE, NA nGRÚPAÍ AGUS NA nEINTITEAS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1

I.   DAOINE

1.

ABDOLLAHI, Hamed (ar a dtugtar freisin Mustafa Abdullahi) a rugadh an 11.8.1960 san Iaráin. Uimhir an phas: D9004878.

2.

AL-NASSER Abdelkarim Hussein Mohamed, a rugadh in Al Ihsa (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

3.

AL-YACOUB Ibrahim Salih Mohammed, a rugadh an 16.10.1966 in Tarut (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

4.

ARBABSIAR Manssor (ar a dtugtar freisin Mansour Arbabsiar), a rugadh an 6.3.1955 nó an 15.3.1955 san Iaráin. Náisiúnach de chuid na hIaráine agus de chuid SAM, uimhir an phas: C2002515 (an Iaráin); uimhir an phas: 477845448 (SAM). Uimhir aitheantais náisiúnta: 07442833, dáta éaga 15.3.2016 (ceadúnas tiomána SAM).

5.

ASADI Assadollah (ar a dtugtar freisin Assadollah Asadi), a rugadh an 22.12.1971 in Tehran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas taidhleoireachta Iaránaigh: D9016657.

6.

BOUYERI Mohammed (ar a dtugtar freisin Abu ZUBAIR, ar a dtugtar freisin SOBIAR, ar a dtugtar freisin Abu ZOUBAIR), a rugadh an 8.3.1978 in Amstardam (an Ísiltír).

7.

EL HAJJ Hassan Hassan, a rugadh an 22.3.1988 in Zaghdraiya, Sidon, an Liobáin, saoránach de chuid Cheanada. Uimhir an phas: JX446643 (Ceanada).

8.

HASHEMI MOGHADAM Saeid, a rugadh an 6.8.1962 in Tehran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas: D9016290, bailí go dtí an 4.2.2019.

9.

IZZ-AL-DIN Hasan (ar a dtugtar freisin GARBAYA, Ahmed, ar a dtugtar freisin Sa’id, ar a dtugtar freisin SALWWAN, Samir), an Liobáin, a rugadh in 1963 sa Liobáin, saoránach de chuid na Liobáine.

10.

MELIAD Farah, a rugadh an 5.11.1980 in Sydney (an Astráil), saoránach de chuid na hAstráile. Uimhir an phas: M2719127 (an Astráil).

11.

MOHAMMED Khalid Sheikh (ar a dtugtar freisin ALI, Salem, ar a dtugtar freisin BIN KHALID, Fahd Bin Adballah, ar a dtugtar freisin HENIN, Ashraf Refaat Nabith, ar a dtugtar freisin WADOOD, Khalid Adbul), a rugadh an 14.4.1965 nó an 1.3.1964 sa Phacastáin, uimhir an phas 488555.

12.

SHAHLAI Abdul Reza (ar a dtugtar freisin Abdol Reza Shala’i, ar a dtugtar freisin Abd-al Reza Shalai, ar a dtugtar freisin Abdorreza Shahlai, ar a dtugtar freisin Abdolreza Shahla’i, ar a dtugtar freisin Abdul-Reza Shahlaee, ar a dtugtar freisin Hajj Yusef, ar a dtugtar freisin Haji Yusif, ar a dtugtar freisin, Hajji Yasir, ar a dtugtar freisin Hajji Yusif, ar a dtugtar freisin Yusuf Abu-al-Karkh), a rugadh thart ar 1957 san Iaráin. Seoltaí: (1) Kermanshah, an Iaráin, (2) Bunáit Mhíleata Mehran, cúige Ilam, an Iaráin.

13.

SHAKURI Ali Gholam, a rugadh thart ar 1965 in Tehran na hIaráine.

II.   GRÚPAÍ AGUS EINTITIS

1.

“Abu Nidal Organisation” — “ANO” (ar a dtugtar freisin “Fatah Revolutionary Council”, ar a dtugtar freisin “Arab Revolutionary Brigades”, ar a dtugtar freisin “Black September”, ar a dtugtar freisin “Revolutionary Organisation of Socialist Muslims”).

2.

“Al-Aqsa Martyrs’ Brigade”.

3.

“Al-Aqsa e.V”.

4.

“Babbar Khalsa”.

5.

“Communist Party of the Philippines”, lena n-áirítear “New People’s Army” — “NPA”, na hOileáin Fhilipíneacha.

6.

Stiúrthóireacht na Slándála Inmheánaí in Aireacht Faisnéise agus Slándála na hIaráine.

7.

“Gama’a al-Islamiyya” (ar a dtugtar freisin “Al-Gama’a al-Islamiyya”) “Islamic Group” — “IG”).

8.

“İslami Büyük Doğu Akıncılar Cephesi” — “IBDA-C” (“Great Islamic Eastern Warriors Front”).

9.

“Hamas”, lena n-áirítear ‘Hamas-Izz al-Din-al-Qassem’.

10.

“Hizballah Military Wing” (ar a dtugtar freisin “Hezbollah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizbullah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizbollah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hezballah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hisbollah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizbu’llah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Hizb Allah Military Wing”, ar a dtugtar freisin “Jihad Council” (agus gach aonad a thuairiscíonn di, lena n-áirítear an Eagraíocht Slándála Seachtraí)).

11.

“Hizbul Mujahideen” — “HM”.

12.

“Khalistan Zindabad Force” — “KZF”.

13.

“Kurdistan Workers’ Party” — “PKK” (ar a dtugtar freisin “KADEK”, ar a dtugtar freisin “KONGRA-GEL”).

14.

“Liberation Tigers of Tamil Eelam” — “LTTE”.

15.

“Ejército de Liberación Nacional” (“an tArm um Shaoradh Náisiúnta”).

16.

“Palestinian Islamic Jihad” — “PIJ”.

17.

“Popular Front for the Liberation of Palestine” — “PFLP”.

18.

“Popular Front for the Liberation of Palestine — General Command” (ar a dtugtar freisin “PFLP — General Command”).

19.

“Devrimci Halk Kurtuluș Partisi-Cephesi” — “DHKP/C” (ar a dtugtar freisin “Devrimci Sol” (“Revolutionary Left”), ar a dtugtar freisin “Dev Sol”) (“Revolutionary People’s Liberation Army/Front/Party”).

20.

“Sendero Luminoso” — “SL” (“an Chonair Lonrach”).

21.

“Teyrbazen Azadiya Kurdistan” — “TAK” (ar a dtugtar freisin “Kurdistan Freedom Falcons”, ar a dtugtar freisin “Kurdistan Freedom Hawks”).

Top