This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0117
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/117 of 27 January 2022 amending for the 328th time Council Regulation (EC) No 881/2002 imposing certain specific restrictive measures against certain persons and entities associated with the ISIL (Da'esh) and Al-Qaida organisations
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/117 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2022 lena leasaítear den 328ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da’esh) agus Al-Qaida
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/117 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2022 lena leasaítear den 328ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da’esh) agus Al-Qaida
C/2022/604
IO L 19, 28.1.2022, p. 65–66
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
28.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 19/65 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/117 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Eanáir 2022
lena leasaítear den 328ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da’esh) agus Al-Qaida
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da’esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 liostaítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis arna gcumhdach ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin. |
(2) |
An 24 Eanáir 2022, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe iontráil amháin a bhaint de liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Eanáir 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Ar son an Uachtaráin
An tArd-Stiúrthóir
An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, scriostar an iontráil seo a leanas faoin gceannteideal “Daoine nádúrtha”:
“Khalil Ben Ahmed Ben Mohamed Jarraya (script bhunaidh: ) (ailias dea-cháilíochta: (a) Khalil Yarraya; (b) Ben Narvan Abdel Aziz (Dáta breithe: 15.8.1970; áit bhreithe: Sereka, an iar-Iúgslaiv); (c) Abdel Aziz Ben Narvan (Dáta breithe: 15.8.1970; áit bhreithe: Sereka, an iar-Iúgslaiv); ailias ísealcháilíochta: (a) Amro; (b) Omar; (c) Amrou; (d) Amr). Dáta breithe: 8.2.1969. Áit bhreithe: Sfax, an Túinéis. Náisiúntacht: Túinéiseach. Pas uimh. K989895 (pas Túinéiseach, eisithe an 26.7.1995 in Genova, an Iodáil, a chuaigh as feidhm an 25.7.2000). Seoladh: Nuoro, an Iodáil. Faisnéis eile: (a) Díbríodh ón Iodáil go dtí an Túinéis é an 24.2.2015. An dáta ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 25.6.2003.”