Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0110

Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh

ST/15090/2021/INIT

IO L 21, 31.1.2022, pp. 165–186 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 31/01/2022

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/110/oj

31.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 21/165


RIALACHÁN (AE) 2022/110 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Eanáir 2022

lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear, le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), go nglacfar bearta caomhnaithe agus an chomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch a bhíonn ar fáil á cur san áireamh, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, tuarascálacha arna dtarraingt suas ag an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF), mar aon le comhairle a fhaightear ó Chomhairlí Comhairleacha a bhunaítear do na limistéir gheografacha ábhartha nó do na réimsí inniúlachta ábhartha agus do mholtaí comhpháirteacha arna ndéanamh ag na Ballstáit.

(2)

Tá sé de dhualgas ar an gComhairle bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt, lena n-áirítear coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis sin, de réir mar is iomchuí. Foráiltear le hAirteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 gur cheart deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit ar dhóigh lena n-áirithítear cobhsaíocht choibhneasta gníomhaíochtaí iascaireachta gach Ballstáit le haghaidh gach stoic éisc nó gach iascaigh.

(3)

Foráiltear le hAirteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 gurb é cuspóir an chomhbheartais iascaigh (CBI) ráta saothraithe na huastáirgeachta inbhuanaithe (MSY) a bhaint amach faoi 2015 i gcás inar féidir agus, ar bhonn forchéimnitheach incriminteach faoi 2020 ar a dhéanaí maidir leis na stoic uile.

(4)

Ba cheart na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) a bhunú, dá bhrí sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ar bhonn na comhairle eolaíche atá ar fáil, agus gnéithe bitheolaíocha agus socheacnamaíocha á gcur san áireamh agus cóir chothrom idir earnálacha iascaireachta á háirithiú ag an am céanna, agus aird á tabhairt ar na tuairimí a cuireadh in iúl le linn an chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara.

(5)

Foráiltear le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, i gcás stoic atá faoi réir pleananna ilbhliantúla sonracha, go bhfuil na deiseanna iascaireachta le bunú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna pleananna sin.

(6)

Le Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaíodh an plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir thiar (“an plean”) agus tháinig sé i bhfeidhm an 16 Iúil 2019. Is é is aidhm don phlean a áirithiú go ndéanfaidh saothrú beo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a choinneáil ar bun os cionn leibhéil atá in ann an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1022, ba cheart deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic a liostaítear in Airteagal 1 den Rialachán sin a shocrú chun go mbainfear amach uastáirgeacht inbhuanaithe maidir le básmhaireacht iascaireachta ar bhonn forchéimnitheach incriminteach faoi 2020 más féidir, agus faoin 1 Eanáir 2025 ar a dhéanaí. Ba cheart deiseanna iascaireachta a shloinneadh mar uasiarracht iascaireachta incheadaithe do thrálaeir agus do bháid spiléireachta atá socraithe i gcomhréir leis an gcóras iarrachta iascaireachta a leagtar síos in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1022 chomh maith le huasteorainneacha gabhála don séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) agus don séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) arna socrú i gcomhréir le comhairle eolaíoch.

(8)

Ba é an chomhairle a thug STECF go dteastaíonn breis gníomhaíochtaí práinne agus laghduithe suntasacha i ráta básmhaireachta iascaireachta le haghaidh trálaer chun spriocanna uastáirgeachta inbhuanaithe a bhaint amach i gcás stoic éisc na Meánmhara Thiar. Don bhliain 2022, ba cheart uasiarracht incheadaithe trálaer, i gcomhréir le hAirteagal 7(3)(b) den phlean, a laghdú 6 % i gcomparáid le bonnlíne 2015-2017, a bheidh le baint as an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a socraíodh do 2021 le Rialachán (AE) 2021/90 ón gComhairle (3) agus as an laghdú breise iarrachta arna bhunú ar leibhéal údaráis na hIodáile.

(9)

Ba é an chomhairle a thug STECF go dteastaíonn breis gníomhaíochtaí práinne, go háirithe chun básmhaireacht iascaireachta a bhainistiú le haghaidh báid spiléireachta ghrinnill, chun spriocanna uastáirgeachta inbhuanaithe a bhaint amach i gcás stoic éisc na Meánmhara Thiar. Do 2022, tá sé riachtanach uasiarracht incheadaithe bád spiléireachta a bhunú, i gcomhréir le hAirteagal 7(5) den phlean, bunaithe ar an iarracht iascaireachta arna sloinneadh mar líon laethanta iascaireachta idir an 1 Eanáir 2015 agus an 31 Nollaig 2017. Ba cheart nár dochar an uasiarracht incheadaithe bád spiléireachta don uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bheidh le bunú do 2023.

(10)

In 2020, mhol STECF go gcaithfí básmhaireacht iascaireachta an tséacla ghoirm agus dhearg i bhFho-Limistéir Gheografacha (FLGanna) 1-5-6-7 agus in FLGanna 8-9-10-11 a laghdú go mór chun MSY a bhaint amach faoi 2025 ar a dhéanaí. Ba é an chomhairle chéanna a thug Coiste Comhairleach Eolaíoch maidir le hIascaigh (CCE) de chuid an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) i leith básmhaireacht iascaireachta an tséacla ghoirm agus dhearg in FLG 2. Thairis sin, mheas STECF go raibh bithmhais an tséacla ghoirm agus dhearg ag dul i laghad. In 2021, chuir STECF in iúl nár tháinig aon athrú ar bhásmhaireacht iascaireachta an speicis sin agus go raibh gá, dá bhrí sin, le tuilleadh bearta bainistíochta. I bhfianaise na comhairle eolaíche agus staid na stoc a bheith gan athrú, i gcomhréir le hAirteagal 7(3)(b) den phlean, is iomchuí an córas iarrachta a chomhlánú le huasteorainneacha gabhála agus uasteorainn gabhála sonrach a bhunú don séacla gorm agus dearg in FLGanna 1-2-5-6-7 agus uasteorainn gabhála sonrach don séacla gorm agus dearg in FLGanna 8-9-10-11.

(11)

In 2020, chuir STECF in iúl go raibh meath ag teacht ar bhithmhais an tséacla mhóir dheirg in FLGanna 8-9-10-11. In 2021, chuir STECF in iúl nár tháinig aon athrú ar bhásmhaireacht iascaireachta an speicis sin agus go raibh an bhithmhais ag meathlú i gcónaí. I bhfianaise na comhairle eolaíche agus staid na stoc a bheith gan athrú, i gcomhréir le hAirteagal 7(3)(b) den Phlean, is iomchuí an córas iarrachta a chomhlánú le huasteorainneacha gabhála agus uasteorainn gabhála sonrach a bhunú don séacla mór dearg in FLGanna 8-9-10-11.

(12)

Ag an 42ú cruinniú a bhí ag CGIM in 2018, ghlac sé Moladh CGIM/42/2018/1 lena mbunaítear bearta bainistithe le haghaidh na heascainne Eorpaí (Anguilla anguilla) sa Mheánmhuir (folimistéir gheografacha CGIM 1 go 27). Áirítear leis na bearta sin teorainneacha gabhála nó iarrachta agus tréimhse choiscthe bhliantúil ar feadh 3 mhí as a chéile atá le sainiú ag gach Ballstát i gcomhréir le cuspóirí caomhnaithe Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle (4), plean nó pleananna náisiúnta bainistíochta le haghaidh na heascainne Eorpaí agus le patrúin imirce aimseartha na heascainne Eorpaí sa Bhallstát sin. I gcás ina raibh pleananna bainistíochta náisiúnta lena mbaineann laghduithe iarrachta nó gabhála 30 % ar a laghad i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an Mholta sin, níor cheart na teorainneacha gabhála nó iarrachta iascaireachta a bunaíodh agus a cuireadh chun feidhme cheana a shárú. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcosc maidir le huiscí muirí uile na Meánmhara agus maidir le huiscí goirt amhail inbhir, murlaigh chósta agus uiscí trasdultacha, i gcomhréir leis an Moladh sin. Tá an tréimhse choiscthe nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta, toisc, mura bhfuil sé i bhfeidhm, gur cheart na leibhéil ghabhála nó iarrachta iascaireachta a laghdú chun athbhunú na stoc a áirithiú. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(13)

Ag an 44ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2021, ghlac sé Moladh CGIM/44/2021/20 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil le haghaidh saothrú inbhuanaithe stoc peiligeach beag i Muir Aidriad (folimistéir gheografacha CGIM 17 agus 18), moladh lenar tugadh isteach uasleibhéal gabhála agus uasteorainn ghaolmhar acmhainneachta cabhlaigh le haghaidh soithí peas-saighne agus trálaeir pheiligeacha a dhíríonn ar pheiligigh bheaga. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(14)

Ag an 44ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2021, ghlac sé Moladh CGIM/44/2021/6 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um iascaigh tráil inbhuanaithe a dhíríonn ar an séacla mór dearg agus ar an séacla gorm agus dearg i Muir na Leiveainte, lena leasaítear Moladh CGIM/42/2018/3 (folimistéir gheografacha CGIM 24, 25, 26 agus 27), moladh lenar tugadh isteach stop sealadach le hiarracht iascaireachta arna sloinneadh i líon uasta soithí iascaireachta. Leis an Moladh sin, cuireadh síneadh bliana leis na bearta sin atá ann cheana. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(15)

Ag an 44ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2021, ghlac sé Moladh CGIM/44/2021/8 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um iascaigh tráil inbhuanaithe a dhíríonn ar an séacla mór dearg agus ar an séacla gorm agus dearg sa Mhuir Iónach, lena leasaítear Moladh CGIM/42/2018/4 (folimistéir gheografacha CGIM 19, 20, agus 21), moladh lenar tugadh isteach stop sealadach le hiarracht iascaireachta arna sloinneadh i líon uasta soithí iascaireachta. Leis an Moladh sin, cuireadh síneadh bliana leis na bearta sin atá ann cheana. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(16)

Ag an 44ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2021, ghlac sé Moladh CGIM/44/2021/7 maidir le bearta bainistíochta um iascaigh tráil inbhuanaithe a dhíríonn ar an séacla mór dearg agus ar an séacla gorm agus dearg i gCaolas na Sicile, lena leasaítear Moladh CGIM/43/2019/6 (folimistéir gheografacha CGIM 12, 13, 14, 15 agus 16), moladh lenar tugadh isteach stop sealadach le hiarracht iascaireachta arna sloinneadh i líon uasta soithí iascaireachta. Leis an Moladh sin, cuireadh síneadh bliana leis na bearta sin atá ann cheana. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(17)

Ag an 43ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2019, ghlac sé Moladh CGIM/43/2019/5 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um iascaigh ghrinnill inbhuanaithe i Muir Aidriad (folimistéir gheografacha CGIM 17 agus 18), moladh lenar tugadh isteach córas iarrachta iascaireachta agus uasteorainn ghaolmhar acmhainneachta cabhlaigh maidir le stoic ghrinnill áirithe. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(18)

Ag an 44ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2021, ghlac sé Moladh CGIM/44/2021/1 maidir le gcóras iarrachta iascaireachta a bhunú le haghaidh príomhiascaigh ghrinnill i Muir Aidriad (folimistéir gheografacha CGIM 17 agus 18), moladh lenar tugadh isteach uaslíon incheadaithe laethanta iascaireachta, de réir cineál tráil agus roinn cabhlaigh maidir le stoic ghrinnill áirithe. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(19)

Agus saintréithe chabhlach na Slóivéine agus an tionchar beag atá acu ar stoic pheiligeacha bheaga agus speicis ghrinnill á gcur san áireamh, is iomchuí na patrúin iascaireachta atá ann cheana a chaomhnú agus rochtain chabhlach na Slóivéine a áirithiú ar íosmhéid speiceas peiligeach beag agus cuóta íosta iarrachta le haghaidh speicis ghrinnill.

(20)

Ag an 43ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2019, ghlac sé Moladh CGIM/43/2019/4 chomh maith maidir le plean bainistíochta i dtaca le saothrú inbhuanaithe an choiréalaigh dheirg (Corallium rubrum) sa Mheánmhuir (folimistéir gheografacha CGIM 1 go 27), moladh lenar tugadh isteach stop sealadach le hiarracht iascaireachta arna sloinneadh i líon uasta údaruithe iascaireachta, agus teorainneacha saothraithe maidir leis an gcoiréalach dearg. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(21)

Ag an 44ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2021, ghlac sé Moladh CGIM/44/2021/4 maidir le plean bainistíochta i dtaca le saothrú inbhuanaithe an deargáin i Muir Alboran, lena leasaítear Moladh CGIM/43/2019/2 (folimistéir gheografacha CGIM 1, 2 agus 3), moladh lenar tugadh isteach teorainn ghabhála agus iarrachta bunaithe ar an meánleibhéal údaraithe agus a cuireadh i bhfeidhm i gcaitheamh na tréimhse 2010 go dtí 2015. Leis an Moladh sin, cuireadh síneadh bliana leis na bearta sin atá ann cheana. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(22)

Ag an 44ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2021, ghlac sé Moladh CGIM/44/2021/11 maidir le bearta bainistíochta i dtaca le húsáid feistí comhthiomsaithe éisc ar ancaire in iascaigh dorád coiteann sa Mheánmhuir, lena leasaítear Moladh CGIM/43/2019/1 (folimistéir gheografacha CGIM 1 go 27), lenar tugadh isteach stop sealadach le hiarracht iascaireachta arna sloinneadh i líon uasta soithí iascaireachta a dhíríonn ar an dorád coiteann. Leis an Moladh sin, cuireadh síneadh bliana leis na bearta sin atá ann cheana. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(23)

Ag an 43ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2019, ghlac sé Moladh GFCM/43/2019/3 lena leasaítear Moladh CGIM/41/2017/4 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil i dtaca le hiascaigh turbard sa Mhuir Dhubh (folimistéar CGIM 29). Tugadh isteach leis an Moladh sin Gabháil Iomlán Incheadaithe (TAC) réigiúnach uasdátaithe agus scéim cionroinnte cuótaí maidir leis an turbard chomh maith le bearta caomhnaithe, go háirithe tréimhse choiscthe 2 mhí agus teorainn 180 lá sa bhliain leis an líon laethanta iascaireachta. Tá na bearta breise sin nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta, toisc, mura bhfuil na bearta sin i bhfeidhm, gur cheart na leibhéil TAC maidir leis an turbard a laghdú chun athbhunú na stoc a áirithiú. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais.

(24)

I gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch a chuir CGIM ar fáil, is gá an leibhéal básmhaireachta iascaireachta atá ann faoi láthair a choinneáil chun inbhuanaitheacht an stoic salán sa Mhuir Dhubh a áirithiú. Is iomchuí mar sin leanúint de chuóta uathrialach a shocrú maidir leis an stoc sin.

(25)

Ba cheart na deiseanna iascaireachta a bhunú ar bhonn na comhairle eolaíche atá ar fáil agus gnéithe bitheolaíocha agus socheacnamaíocha á gcur san áireamh agus cóir chothrom idir earnálacha iascaireachta á háirithiú ag an am céanna, agus i bhfianaise na dtuairimí a cuireadh in iúl le linn an chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara.

(26)

Tá úsáid na ndeiseanna iascaireachta atá ar fáil do shoithí iascaireachta an Aontais a leagtar amach sa Rialachán seo faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 34 den Rialachán sin, maidir le gabhálacha agus iarracht iascaireachta a thaifeadadh agus maidir le fógra a thabhairt faoi shonraí i ndáil le hídiú deiseanna iascaireachta. Is gá, dá bhrí sin, na cóid atá le húsáid ag na Ballstáit a shonrú agus sonraí á gcur chuig an gCoimisiún maidir le stoic éisc a thabhairt i dtír atá faoi réir an Rialacháin seo.

(27)

Tá úsáid na ndeiseanna iascaireachta atá ar fáil ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais a leagtar amach sa Rialachán seo faoi réir Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) lena gcuirtear chun feidhme forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM.

(28)

Le Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle (7), tugadh coinníollacha breise isteach maidir le TACanna a bhainistiú ó bhliain go bliain, lena n-áirítear, faoi Airteagal 3 agus Airteagal 4 den Rialachán sin, forálacha solúbthachta le haghaidh TACanna réamhchúraim agus anailíseacha. Faoi Airteagal 2 den Rialachán sin, bíonn sé le cinneadh ag an gComhairle, agus TACanna á socrú aici, cé na stoic nach mbeidh feidhm ag Airteagal 3 nó Airteagal 4 den Rialachán sin maidir leo, go háirithe ar bhonn stádas bitheolaíoch na stoc. Níos déanaí fós, tugadh sásra solúbthachta ó bhliain go bliain isteach le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis na stoic uile atá faoi réir oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá bhrí sin, chun solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de phrionsabal shaothrú céillí freagrach na n-acmhainní bitheolaíocha muirí, rud a chuirfeadh bac ar ghnóthú chuspóirí CBI agus a chuirfeadh meath ar stádas bitheolaíoch na stoc, ba cheart a leagan síos nach mbeidh feidhm ag Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le TACanna anailíseacha ach amháin i gcás nach mbaintear leas as an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(29)

Ionas nach gcuirfear isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus chun slí bheatha iascairí an Aontais a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2022. Ar chúiseanna práinne, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe.

(30)

Ba cheart na deiseanna iascaireachta a úsáid agus dlí an Aontais á chomhlíonadh go hiomlán,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Socraítear leis an Rialachán seo deiseanna iascaireachta atá ar fáil sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh le haghaidh 2022 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais ag saothrú na stoc éisc seo a leanas:

(a)

an eascann Eorpach (Anguilla anguilla), an coiréalach dearg (Corallium rubrum) agus an dorád coiteann (Coryphaena hippurus) sa Mheánmhuir, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(b);

(b)

an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea), an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) agus an lannach riabhach (Mullus barbatus) sa Mheánmhuir thiar, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(c);

(c)

an t-ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) agus an sairdín (Sardina pilchardus) i Muir Aidriad, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(d);

(d)

an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus), an sól coiteann (Solea solea), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), an lannach riabhach (Mullus barbatus) i Muir Aidriad, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(d);

(e)

an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) i gCaolas na Sicile mar a shainmhínítear in Airteagal 4(e), sa Mhuir Iónach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(f) agus i Muir na Leiveainte mar a shainmhínítear in Airteagal 4(g);

(f)

an deargán (Pagellus bogaraveo) i Muir Alboran, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(h);

(g)

an salán (Sprattus sprattus) agus an turbard (Scophthalmus maximus) sa Mhuir Dhubh, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(i).

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le hiascaigh áineasa i gcás ina dtagraítear go sainráite do na hiascaigh sin sna forálacha ábhartha.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Ina dteannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “uiscí idirnáisiúnta” uiscí atá lasmuigh de cheannasacht nó de dhlínse aon Stáit;

(b)

ciallaíonn “iascaigh áineasa” gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála, lena saothraítear beo-acmhainní uisceacha muirí, le haghaidh áineasa, turasóireachta nó spóirt;

(c)

ciallaíonn “gabháil iomlán incheadaithe” (TAC):

(i)

in iascaigh atá faoi réir na díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá dtagraítear in Airteagal 15(4) go (7) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, an chainníocht éisc a fhéadtar a thabhairt i dtír as gach stoc gach bliain;

(ii)

i ngach iascach eile, an chainníocht éisc a fhéadtar a ghabháil as gach stoc i gcaitheamh tréimhse bliana;

(d)

ciallaíonn “cuóta” cion TAC a chionroinntear ar an Aontas nó ar Bhallstát;

(e)

ciallaíonn “cuóta uathrialach de chuid an Aontais” teorainn ghabhála a chionroinntear go huathrialach ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais in éagmais TAC comhaontaithe;

(f)

ciallaíonn “cuóta anailíseach” cuóta uathrialach de chuid an Aontais ar ina leith atá measúnú anailíseach ar fáil;

(g)

ciallaíonn “measúnú anailíseach” meastóireacht chainníochtúil ar threochtaí i gcás stoc ar leith, atá bunaithe ar shonraí maidir le bitheolaíocht agus saothrú an stoic sin, a sonraíodh le hathbhreithniú eolaíoch na sonraí sin go raibh siad de cháilíocht leordhóthanach chun comhairle eolaíoch a sholáthar i ndáil le roghanna maidir le gabhálacha amach anseo;

(h)

ciallaíonn “feiste um chomhbhailiú éisc” (FAD) aon trealamh ar ancaire atá ar snámh ar dhromchla na farraige arb é is aidhm dó éisc a mhealladh.

Airteagal 4

Limistéir iascaireachta

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe limistéir seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “folimistéir gheografacha CGIM” na limistéir a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(b)

ciallaíonn “an Mheánmhuir” uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1 go 27, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(c)

ciallaíonn “an Mheánmhuir thiar” uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(d)

ciallaíonn “Muir Aidriad” uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 17 agus 18, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(e)

ciallaíonn “Caolas na Sicile” uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 12, 13, 14, 15 agus 16, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(f)

ciallaíonn “an Mhuir Iónach” uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 19, 20 agus 21, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(g)

ciallaíonn “Muir na Leiveainte” uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 24, 25, 26 agus 27, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(h)

ciallaíonn “Muir Alboran” uiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1 go 3, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011;

(i)

ciallaíonn “an Mhuir Dhubh” uiscí i bhfolimistéar geografach CGIM 29, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011.

TEIDEAL II

DEISEANNA IASCAIREACHTA

CAIBIDIL I

An Mheánmhuir

Airteagal 5

An eascann Eorpach

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile shoithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an eascann Eorpach (Anguilla anguilla), eadhon iascaigh spriocdhírithe, theagmhasacha agus áineasa, in uiscí muirí uile na Meánmhara, lena n-áirítear fionnuiscí agus uiscí goirt trasdultacha, amhail murlaigh agus inbhir.

2.   Toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais iascaireacht a dhéanamh ar an eascann Eorpach in uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta na Meánmhara ar feadh tréimhse 3 mhí as a chéile a chinnfidh gach Ballstát. Beidh an tréimhse choiscthe iascaireachta comhsheasmhach leis na cuspóirí caomhnaithe a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007, leis na pleananna náisiúnta bainistíochta atá i bhfeidhm agus le patrúin imirce aimseartha na heascainne Eorpaí sna Ballstáit lena mbaineann. Déanfaidh na Ballstáit an tréimhse a chinntear a chur in iúl don Choimisiún tráth nach déanaí ná mí amháin roimh theacht i bhfeidhm na tréimhse coiscthe agus i gcás ar bith roimh an 31 Eanáir 2022.

3.   Ní sháróidh na Ballstáit na huasteorainneacha gabhála nó iarrachta iascaireachta le haghaidh na heascainne Eorpaí a bhunaítear agus a chuirtear chun feidhme trí bhíthin a bpleananna náisiúnta bainistíochta, a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 2 agus Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007.

Airteagal 6

An coiréalach dearg

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile shoithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais i ndáil le saothrú an choiréalaigh dheirg (Corallium rubrum), eadhon iascaigh spriocdhírithe agus áineasa sa Mheánmhuir.

2.   Le haghaidh iascaigh spriocdhírithe, maidir leis an líon uasta údaruithe iascaireachta agus uaschainníochtaí stoc coiréalach dearg a shaothraíonn soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus a shaothraítear trí ghníomhaíochtaí an Aontais, ní rachaidh an líon sin thar na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

3.   Toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais atá faoi réir mhír 2 an coiréalach dearg a thrasloingsiú ar muir.

4.   Maidir le hiascaigh áineasa, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun toirmeasc a chur ar an gcoiréalach dearg a ghabháil agus a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír.

Airteagal 7

An dorád coiteann

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí tráchtála uile shoithí de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena n-úsáidtear feistí um chomhbhailiú éisc chun an dorád coiteann (Coryphaena hippurus) a ghabháil in uiscí idirnáisiúnta na Meánmhara.

2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn II an líon uasta soithí iascaireachta a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar an dorád coiteann.

CAIBIDIL II

An Mheánmhuir Thiar

Airteagal 8

Stoic ghrinnill

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile shoithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar stoic ghrinnill dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/1022, sa Mheánmhuir thiar.

2.   Leagtar amach an uasiarracht iascaireachta incheadaithe do thrálaeir agus do bháid spiléireachta in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo. Déanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1022.

3.   Leagtar amach an chionroinnt uasteorainneacha gabhála ar na Ballstáit do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí an Aontais sa Mheánmhuir Thiar in Iarscríbhinn III.

4.   Forálacha speisialta maidir le cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta:

(a)

Beidh cionroinnt deiseanna iascaireachta ag na Ballstáit, mar a leagtar amach iad sa Rialachán seo, faoi réir na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(b)

Ní dochar cionroinnt deiseanna iascaireachta ar na Ballstáit, mar a leagtar amach iad sa Rialachán seo, do na nithe seo a leanas:

malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

asbhaintí agus ath-chionrannta arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

gabhálacha breise arna gceadú faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

cainníochtaí arna gcoinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó arna n-aistriú faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagal 105, Airteagal 106 agus Airteagal 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 9

Tarchur sonraí

Déanfaidh na Ballstáit na sonraí maidir le hiarracht iascaireachta a thaifeadadh agus a tharchur chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/1022.

Nuair a chuirfidh an Ballstáit sonraí maidir le hiarracht iascaireachta faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis an Airteagal seo, úsáidfidh siad cóid na ngrúpaí iarrachta iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

CAIBIDIL III

Muir Aidriad

Airteagal 10

Stoic pheiligeacha bheaga

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile shoithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an sairdín (Sardina pilchardus) agus an t-ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) i Muir Aidriad.

2.   Ní shárófar leis an uasleibhéal gabhálacha na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn IV uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta, arna sloinneadh mar kW, GT agus líon soithí iascaireachta an Aontais a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic pheiligeacha bheaga.

Airteagal 11

Stoic ghrinnill

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile shoithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus), an sól coiteann (Solea solea), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris) agus an lannach riabhach (Mullus barbatus) i Muir Aidriad.

2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn IV an uasiarracht iascaireachta incheadaithe agus an uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta le haghaidh stoic ghrinnill faoi raon feidhme an Airteagail.

3.   Féadfaidh Ballstát a chionroinnt iarrachta iascaireachta mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a leasú trí laethanta iascaireachta a aistriú idir grúpaí iarrachta iascaireachta ón limistéar geografach céanna agus/nó den chineál céanna trealaimh, ar choinníoll go gcuirfidh sé i bhfeidhm fachtóir coinbhéartachta náisiúnta lena dtacaíonn an chomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil.

4.   Déanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 12

Tarchur sonraí

Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagal 33 agus Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le tabhairt i dtír na gcainníochtaí stoc arna ngabháil, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

CAIBIDIL IV

An Mhuir Iónach, Muir na Leiveainte agus Caolas na Sicile

Airteagal 13

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile shoithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus), sa Mhuir Iónach, i Muir na Leiveainte agus i gCaolas na Sicile.

2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn V an líon uasta soithí tráil ghrinnill a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill.

CAIBIDIL V

Muir Alboran

Airteagal 14

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le hiascaireacht tráchtála le spiléir agus le línte láimhe a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais lena ngabhtar an deargán (Pagellus bogaraveo) i Muir Alboran.

2.   Ní shárófar leis an uasleibhéal gabhálacha na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

CAIBIDIL VI

An Mhuir Dhubh

Airteagal 15

Deiseanna iascaireachta le haghaidh an tsaláin a chionroinnt

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí uile shoithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an salán (Sprattus sprattus) sa Mhuir Dhubh.

2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn VII cuóta uathrialach an Aontais i dtaca leis an salán, cionroinnt an chuóta sin ar na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis sin.

Airteagal 16

Deiseanna iascaireachta le haghaidh an turbaird a chionroinnt

1.   Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile shoithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile an Aontais lena ngabhtar an turbard (Scophthalmus maximus) sa Mhuir Dhubh.

2.   Leagtar amach in Iarscríbhinn VII an ghabháil iomlán incheadaithe le haghaidh an turbaird is infheidhme in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh agus cionroinnt na gabhála iomláine incheadaithe sin ar na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis sin.

Airteagal 17

Bainistíocht iarrachta iascaireachta le haghaidh an turbaird

Maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar thurbaird faoi chuimsiú Airteagal 16, gan beann ar fhad foriomlán na soithí, ní dhéanfaidh siad aon iascaireacht do thréimhse níos faide ná 180 lá iascaireachta in aghaidh na bliana.

Airteagal 18

Tréimhse choiscthe le haghaidh an turbaird

Toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais aon ghníomhaíocht iascaireachta a dhéanamh, lena n-áirítear an turbaird a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a thabhairt i dtír agus a dhíol den chéad uair, in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh ón 15 Aibreán go dtí an 15 Meitheamh.

Airteagal 19

Forálacha speisialta maidir le deiseanna iascaireachta sa Mhuir Dhubh a chionroinnt

1.   Ní dochar cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta ar na Ballstáit, mar a leagtar amach iad in Airteagal 15 agus Airteagal 16 den Rialachán seo, do na nithe seo a leanas:

(a)

malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)

asbhaintí agus ath-chionrannta arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009; agus

(c)

asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagal 105 agus Airteagal 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.   Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina n-úsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 20

Tarchur sonraí

Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagal 33 agus Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le tabhairt i dtír cainníochtaí stoc saláin agus stoc turbaird arna ngabháil in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.

TEIDEAL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Eanáir 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(2)  Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (IO L 172, 26.6.2019, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2021/90 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2021 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 31, 29.1.2021, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear bearta chun stoc na heascainne Eorpaí a athbhunú (IO L 248, 22.9.2007, lch. 17).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise maidir le TACanna agus cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3).


IARSCRÍBHINN I

NA DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS PHLEAN BAINISTÍOCHTA ILBHLIANTÚIL AN CHOIMISIÚIN GHINEARÁLTA IASCAIGH DON MHEÁNMHUIR MAIDIR LEIS AN gCOIRÉALACH DEARG SA MHEÁNMHUIR

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an líon uasta údaruithe iascaireachta incheadaithe agus uasleibhéal cainníochtaí saothraithe le haghaidh an choiréalaigh dheirg sa Mheánmhuir.

Is tagairtí d’fholimistéir gheografacha (FLGanna) an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Corallium rubrum

COL

An coiréalach dearg


Tábla 1

An líon uasta údaruithe iascaireachta (1)

Na Ballstáit

An coiréalach dearg COL

an Ghréig

12

an Spáinn

0 (2)

an Fhrainc

32

an Chróit

28

an Iodáil

40


Tábla 2.

Uasleibhéal cainníochtaí saothraithe arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

Speiceas:

An coiréalach dearg

Corallium rubrum

Limistéar:

Uiscí an Aontais sa Mheánmhuir - FLGanna 1-27

COL/GF1-27

an Ghréig

1,844

 

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

an Spáinn

0  (2)

 

an Fhrainc

1,400

 

an Chróit

1,226

 

an Iodáil

1,378

 

An tAontas

5,848

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar/Níl aon chomhaontú ann ina leith


(1)  Líon na soithí agus/nó tumairí, nó péire is tumaire amháin ag a bhfuil soitheach amháin, a údarófar chun coiréalach dearg a shaothrú.

(2)  De réir an toirmisc ama d’iascaigh an choiréalaigh dheirg atá bunaithe in uiscí na Spáinne.


IARSCRÍBHINN II

IARRACHT IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS BHAINISTIÚ STOIC AN DORÁID CHOITINN SA MHEÁNMHUIR

Leagtar amach sa tábla san Iarscríbhinn seo líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar an dorád coiteann in uiscí idirnáisiúnta na Meánmhara.

Is tagairtí d’uiscí idirnáisiúnta na Meánmhara iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Coryphaena hippurus

DOL

An dorád coiteann

An líon uasta údaruithe iascaireachta le haghaidh soithí a bhíonn ag iascaireacht in uiscí idirnáisiúnta (1)

An Ballstát

An dorád coiteann DOL

an Iodáil

797

Málta

130


(1)  Ní fhéadfar an cuóta seo a iascach ach idir an 15 Lúnasa agus an 31 Nollaig 2022 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011.


IARSCRÍBHINN III

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS BHAINISTIÚ NA STOC GRINNILL SA MHEÁNMHUIR THIAR

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an uasiarracht iascaireachta incheadaithe (in aghaidh laethanta iascaireachta) de réir stocghrúpaí, mar a shainítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2019/1022, agus na huasteorainneacha gabhála agus fad foriomlán na soithí le haghaidh gach cineál tráil (1) agus báid spiléireachta grinnill lena ndéantar iascaireacht ar na stoic ghrinnill sa Mheánmhuir thiar.

Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/1022 agus in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Aristaeomorpha foliacea

ARS

An séacla mór dearg

Aristeus antennatus

ARA

An séacla gorm agus dearg

Merluccius merluccius

HKE

An colmóir Eorpach

Mullus barbatus

MUT

An lannach riabhach

Nephrops norvegicus

NEP

Gliomach na hIorua

Parapenaeus longirostris

DPS

An rós-séacla domhainmhara

An uasiarracht iascaireachta incheadaithe in aghaidh laethanta iascaireachta

(a)

Trálaeir i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1-2-5-6-7) (2)

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

an Spáinn

an Fhrainc

an Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

An lannach riabhach in FLGanna 1, 5, 6 agus 7; An colmóir in FLGanna 1, 5, 6 agus 7; An rós-séacla domhainmhara in FLGanna 1, 5 agus 6; Gliomach na hIorua in FLGanna 5 agus 6.

< 12 m

1 921

0

0

EFF1/MED1_TR1

≥ 12 m agus < 18 m

20 641

0

0

EFF1/MED1_TR2

≥ 18 m agus < 24 m

38 728

4 372

0

EFF1/MED1_TR3

≥ 24 m

13 640

5 320

0

EFF1/MED1_TR4

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

an Spáinn

an Fhrainc

an Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

An séacla gorm agus dearg in FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7.

< 12 m

0

0

0

EFF2/MED1_TR1

≥ 12 m agus < 18 m

968

0

0

EFF2/MED1_TR2

≥ 18 m agus < 24 m

9 805

0

0

EFF2/MED1_TR3

≥ 24 m

7 871

0

0

EFF2/MED1_TR4

(b)

Trálaeir ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8-9-10-11) (3)

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

an Spáinn

an Fhrainc

an Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

An lannach riabhach in FLGanna 8, 9, 10 agus 11; An colmóir in FLGanna 8, 9, 10 agus 11; An rós-séacla domhainmhara in FLGanna 9, 10 agus 11; Gliomach na hIorua in FLGanna 9 agus 10.

< 12 m

0

177

2 534

EFF1/MED2_TR1

≥ 12 m agus < 18 m

0

709

38 110

EFF1/MED2_TR2

≥ 18 m agus < 24 m

0

177

25 629

EFF1/MED2_TR3

≥ 24 m

0

177

3 421

EFF1/MED2_TR4

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

an Spáinn

an Fhrainc

an Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

An séacla mór dearg sna FLGanna 8, 9, 10 agus 11.

< 12 m

0

0

419

EFF2/MED2_TR1

≥ 12 m agus < 18 m

0

0

3 091

EFF2/MED2_TR2

≥ 18 m agus < 24 m

0

0

2 489

EFF2/MED2_TR3

≥ 24 m

0

0

333

EFF2/MED2_TR4

(c)

Báid spiléireachta i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (na FLGanna 1-2-5-6-7)

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

an Spáinn

an Fhrainc

an Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

An lannach riabhach in FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7; An colmóir in FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7

< 12 m

9 433

6 432

0

EFF1/MED1_LL1

≥ 12 m agus < 18 m

2 148

93

0

EFF1/MED1_LL2

≥ 18 m agus < 24 m

74

0

0

EFF1/MED1_LL3

≥ 24 m

29

0

0

EFF1/MED1_LL4

(d)

Báid spiléireachta ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8-9-10-11)

Stocghrúpa

Fad foriomlán na soithí

an Spáinn

an Fhrainc

an Iodáil

Cód an ghrúpa iarrachta iascaireachta

An lannach riabhach in FLGanna 8, 9, 10 agus 11; An colmóir in FLGanna 8, 9, 10 agus 11

< 12 m

0

1 650

33 187

EFF1/MED2_LL1

≥ 12 m agus < 18 m

0

51

4 748

EFF1/MED2_LL2

≥ 18 m agus < 24 m

0

0

26

EFF1/MED2_LL3

≥ 24 m

0

0

0

EFF1/MED2_LL4

Uasteorainn gabhála

(e)

deiseanna iascaireachta don séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1-2-5-6-7) arna sloinneadh mar uasleibhéal gabhálacha i dtonaí beomheáchain

Speiceas:

An séacla gorm agus dearg

(Aristeus antennatus)

Limistéar:

FLGanna 1, 2, 5, 6, 7

(ARA/GF1-7)

An Spáinn

872

 

 

An Fhrainc

56

 

 

An Iodáil

0

 

 

An tAontas

928

 

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

Uasleibhéal gabhálacha

(f)

Deiseanna iascaireachta don séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) agus don séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) in Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, sa Mhuir Thoirian agus in Oileán na Sairdíne (FLGanna 8-9-10-11) arna sloinneadh mar uasleibhéal gabhálacha i dtonaí beomheáchain

Speiceas:

An séacla gorm agus dearg

(Aristeus antennatus)

Limistéar:

FLGanna 9-10-11

(ARA/GF9-11)

an Spáinn

0

 

 

an Fhrainc

9

 

 

an Iodáil

250

 

 

An tAontas

259

 

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

Uasleibhéal gabhálacha

Speiceas:

An séacla mór dearg

(Aristaeomorpha foliacea)

Limistéar:

FLG 8-9-10-11

(ARS/GF9-11)

an Spáinn

0

 

 

an Fhrainc

5

 

 

an Iodáil

365

 

 

An tAontas

370

 

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

Uasleibhéal gabhálacha


(1)  TBB, OTB, PTB, TBN, TBS, TB, OTM, PTM, TMS, TM, OTT, OT, PT, TX, OTP, TSP.

(2)  De bhreis ar an uasiarracht iascaireachta incheadaithe thuasluaite do thrálaeir, féadfaidh na Ballstáit cionroinnt bhreise laethanta iascaireachta a dheonú do shoithí a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu laistigh de 2 % den iarracht iascaireachta ar an mBallstát sin le haghaidh na roinne cabhlaigh lena mbaineann. Féadfaidh Ballstát déanamh amhlaidh, ar choinníoll an méid seo a leanas:

a)

go n-úsáideann na soithí sin trál a bhfuil soc-fhoirceann méide mogaill chearnógaigh 45 mm aige chun gabhálacha colmóirí óga a laghdú 25 % ar a laghad; nó

b)

go n-úsáideann na soithí sin trál a bhfuil mogallmhéid a shoc-fhoircinn de mhogallmhéid 50 mm d’iascaigh dhomhainfharraige chun gabhálacha séaclaí gorma agus dearga atá níos lú ná 25 mm ar fhad carapáis (CL) i bhfolimistéir gheografacha 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11 a laghdú 25 % ar a laghad agus gabhálacha na séaclaí móra dearga sna folimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 níos lú ná 35 mm CL a laghdú 25 % ar a laghad; nó

c)

go n-úsáideann na soithí sin trealamh an-roghnaíoch rialáilte, agus is é an toradh a bheidh ar na sonraíochtaí teicniúla sin, i gcomhréir leis an staidéar eolaíoch a rinne STECF, laghdú 25 % ar a laghad ar líon na n-iasc óg nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceitheoirí gach speicis grinnill i gcomparáid le 2020; nó

d)

tá limistéir choiscthe shealadacha glactha ag an mBallstát lena mbaineann chun gabhálacha iasc óg de speicis ghrinnill nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceitheacha de gach speiceas grinnill a laghdú faoi 25 % ar a laghad.

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an liosta de na soithí iascaireachta lena mbaineann cionroinnt bhreise laethanta iascaireachta den sórt sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra ar leithligh freisin don Choimisiún gach mí faoin gcionroinnt bhreise.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 15 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí, gach faisnéis atá ar fáil a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i míreanna a), b), c) nó d).

Ríomhfar 2 % den iarracht iascaireachta ó chionroinnt iarrachta na roinne cabhlaigh lena mbaineann amhail ó dháta fhógra an Bhallstáit lena mbaineann.

(3)  De bhreis ar an uasiarracht iascaireachta incheadaithe thuasluaite do thrálaeir, féadfaidh Ballstát cionroinnt bhreise laethanta iascaireachta a dheonú do shoithí a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu laistigh de 2 % den iarracht iascaireachta ar an mBallstát sin le haghaidh na roinne cabhlaigh lena mbaineann. Féadfaidh Ballstát déanamh amhlaidh, ar choinníoll: an méid seo a leanas:

a)

go n-úsáideann na soithí sin trál a bhfuil soc-fhoirceann méide mogaill chearnógaigh 45 mm aige chun gabhálacha colmóirí óga a laghdú 25 % ar a laghad; nó

b)

go n-úsáideann na soithí sin trál a bhfuil mogallmhéid a shoc-fhoircinn de mhogallmhéid 50 mm d’iascaigh dhomhainfharraige chun gabhálacha séaclaí gorma agus dearga atá níos lú ná 25 mm CL i bhfolimistéir gheografacha 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11 a laghdú 25 % ar a laghad agus ghabhálacha na séaclaí móra dearga sna folimistéir gheografacha 8, 9, 10 agus 11 níos lú ná 35 mm CL a laghdú 25 % ar a laghad; nó

c)

go n-úsáideann na soithí sin trealamh an-roghnaíoch rialáilte, agus is é an toradh a bheidh ar na sonraíochtaí teicniúla sin, i gcomhréir leis an staidéar eolaíoch a rinne STECF, laghdú 25 % ar a laghad ar líon na n-iasc óg nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceitheoirí gach speicis grinnill i gcomparáid le 2020; nó

d)

tá limistéir choiscthe shealadacha glactha ag an mBallstát lena mbaineann chun gabhálacha iasc óg de speicis ghrinnill nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceitheacha de gach speiceas grinnill a laghdú faoi 25 % ar a laghad.

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an liosta de na soithí iascaireachta lena mbaineann cionroinnt bhreise laethanta iascaireachta den sórt sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra ar leithligh don Choimisiún gach mí faoin gcionroinnt bhreise.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 15 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí, gach faisnéis atá ar fáil a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i míreanna a), b), c) nó d).

Ríomhfar 2 % den iarracht iascaireachta ó chionroinnt iarrachta na roinne cabhlaigh lena mbaineann amhail ó dháta fhógra an Bhallstáit lena mbaineann.


IARSCRÍBHINN IV

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I MUIR AIDRIAD

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo na deiseanna iascaireachta de réir stoic nó grúpaí iarrachta soithí agus na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear líon uasta soithí iascaireachta an Aontais a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar pheiligigh bheaga.

Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Engraulis encrasicolus

ANE

An t-ainseabhaí

Merluccius merluccius

HKE

An colmóir Eorpach

Mullus barbatus

MUT

An lannach riabhach

Nephrops norvegicus

NEP

Gliomach na hIorua

Parapenaeus longirostris

DPS

An rós-séacla domhainmhara

Sardina pilchardus

PIL

An sairdín

Solea solea

SOL

An sól coiteann

1.   Stoic pheiligeacha bheaga - FLGanna 17 agus 18

Uasleibhéal gabhálacha arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

Speiceas:

Speicis pheiligeacha bheaga (an t ainseabhaí agus an sairdín)

Engraulis encrasicolus and Sardina pilchardus

Limistéar:

Uiscí an Aontais agus uiscí Idirnáisiúnta folimistéir CGIM 17 agus 18

(SP1/GF1718)

an Iodáil

35 394

 (1)

Uasleibhéal gabhálacha

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

an Chróit

56 304

TAC

Ní bhaineann le hábhar

Uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta na dtrálaer agus na soithí peas-saighne a bhíonn ag iascaireacht go gníomhach do pheiligigh bheaga

An Ballstát

Trealamh

Líon soithí

kW

OT

an Chróit

PS

249

77 145,52

18 537,72

an Iodáil

PTM-OTM-PS

685

134 556,7

25 852

an tSlóivéin (2)

PS

4

433,7

38,5

2.   Stoic ghrinnill – FLGanna 17 agus 18

An uasiarracht iascaireachta incheadaithe (in aghaidh laethanta iascaireachta) de réir cineálacha tráil agus roinn cabhlaigh lena ndéantar iascaireacht ar stoic ghrinnill in FLGanna 17 agus 18 (Muir Aidriad).

 

 

 

 

 

Laethanta Iascaireachta 2022

An cineál trealaimh

Limistéar geografach

An stoc lena mbaineann

Fad foriomlán na soithí

Cód an ghrúpa iarrachta

AN IODÁIL

AN CHRÓIT

AN tSLÓIVÉIN (3)

Tráil (OTB)

Folimistéir CGIM 17-18

An lannach riabhach; An colmóir; An rós-séacla domhainmhara, agus gliomach na hIorua

< 12 m

EFF/MED3_OTB_TR1

3 521

10 388

 

≥ 12 m agus < 24 m

EFF/MED3_OTB_TR2

79 139

24 202

 

≥ 24 m

EFF/MED3_OTB_TR3

6 934

2 173

 

Tráil bhíoma (TBB)

Folimistéar CGIM 17

An sól coiteann

< 12 m

EFF/MED3_TBB_TR1

200

0

 

≥ 12 m agus < 24 m

EFF/MED3_TBB_TR2

3 747

0

 

≥ 24 m

EFF/MED3_TBB_TR3

3 726

0

 

Uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta na soithí tráil ghrinnill agus tráil bhíoma a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill

An Ballstát

Trealamh

Líon soithí

kW

OT

an Chróit

OTB

495

79 867,99

13 267,99

an Iodáil

OTB-TBB

1 363

260 618,37

47 148

an tSlóivéin (*1)

OTB

11

1 813,00

168,67


(1)  Maidir leis an tSlóivéin, tá na cainníochtaí bunaithe ar leibhéal na ngabhálacha in 2014, suas le méid nár cheart dó dul thar 300 tona.

(2)  Ní bheidh feidhm ag an bhforáil faoi mhír 28 de CGIM/44/2020/20 maidir le cabhlaigh náisiúnta ina bhfuil níos lú ná 10 soitheach idir soithí peas-saighne agus trálaeir pheiligeacha a bhíonn ag iascaireacht go gníomhach do pheiligigh bheaga, mar a taifeadadh sa chlár náisiúnta agus i gclár CGIM araon in 2014. Sa chás sin, féadfaidh méadú nach mó ná 50 faoin gcéad teacht ar acmhainneacht an chabhlaigh ghníomhaigh i dtaca le líon na soithí agus le holltonnáiste (OT) agus/nó olltonnáiste cláraithe (OTC) agus kW.

(3)  Ní sháróidh an tSlóivéin an teorainn iarrachta 3 000 lá iascaireachta in aghaidh na bliana i gcomhréir le mír 13 de CGIM/43/2019/5.

(*1)  Ní bheidh feidhm ag forálacha mhír 9(c) agus mhír 28 de CGIM/43/2019/5 maidir le cabhlaigh náisiúnta ag a mbíonn trealamh OTB á oibriú agus a bhíonn ag iascaireacht ar feadh níos lú ná 1 000 lá le linn na tréimhse tagartha atá luaite i mír 9(c). Ní thiocfaidh méadú níos mó ná 50 faoin gcéad, maidir leis an tréimhse thagartha, ar acmhainneacht iascaireachta an chabhlaigh ghníomhaigh ag a mbíonn trealamh OTB á oibriú.


IARSCRÍBHINN V

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS SA MHUIR IÓNACH, I MUIR NA LEIVEAINTE AGUS I gCAOLAS NA SICILE

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill sa Mhuir Iónach, i Muir na Leiveainte agus i gCaolas na Sicile.

Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Aristaeomorpha foliacea

ARS

An séacla mór dearg

Aristeus antennatus

ARA

An séacla gorm agus dearg

(a)

An líon uasta soithí tráil ghrinnill údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh sa Mhuir Iónach (FLGanna 19-20-21)

An Ballstát

An séacla mór dearg in uiscí an Aontais in FLGanna 19, 20 agus 21

An séacla gorm agus dearg in uiscí an Aontais in FLGanna 19, 20 agus 21

an Ghréig

263

263

an Iodáil

410

410

Málta

15

15

(b)

An líon uasta soithí a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh i Muir na Leiveainte (FLGanna 24-25-26-27)

An Ballstát

An séacla mór dearg in uiscí an Aontais in FLGanna 24-25-26-27

An séacla gorm agus dearg in uiscí an Aontais in FLGanna 24-25-26-27

an Iodáil

80

80

an Chipir

6

6

(c)

An líon uasta soithí tráil ghrinnill a údarófar chun iascaireacht a dhéanamh i gCaolas na Sicile (FLGanna 12-13-14-15-16)

An Ballstát

An séacla mór dearg in uiscí an Aontais in FLGanna 12-13-14-15-16

An séacla gorm agus dearg in uiscí an Aontais in FLGanna 12-13-14-15-16

an Spáinn

2

2

an Iodáil

320

320

an Chipir

1

1

Málta

15

15


IARSCRÍBHINN VI

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I MUIR ALBORAN

Uasleibhéal gabhálacha a dhéanfar le spiléir agus le línte láimhe arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain

Speiceas:

An deargán

Pagellus bogaraveo

Zone:

Uiscí an Aontais i Muir Alboran - FLGanna 1-3

SBR/GF1-3

an Spáinn

225

 

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An tAontas

225

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar/Níl aon chomhaontú ann ina leith


IARSCRÍBHINN VII

DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS SA MHUIR DHUBH

Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo TACanna agus cuótaí arna sloinneadh i dtonaí beomheáchain de réir stoic agus, i gcás inarb iomchuí, de réir na gcoinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo.

Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.

Chun críocha na hIarscríbhinne seo, cuirtear an tábla comparáideach seo a leanas ar fáil, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Sprattus sprattus

SPR

An salán

Scophthalmus maximus

TUR

An turbard


Speiceas:

An salán

Sprattus sprattus

Limistéar:

Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh - FLG 29

(SPR/F3742C)

an Bhulgáir

8 032,50

 

Cuóta anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

an Rómáin

3 442,50

 

An tAontas

11 475

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar/Níl aon chomhaontú ann ina leith


Species:

An turbard

Scophthalmus maximus

Limistéar:

Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh– FLG 29

(TUR/F3742C)

an Bhulgáir

75

 

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

an Rómáin

75

 

An tAontas

150

 (*1)

TAC

857

 


(*1)  Ní cheadófar aon ghníomhaíocht iascaireachta, lena n-áirítear trasloingsiú, coinneáil ar bord, tabhairt i dtír agus céad díol ón 15 Aibreán go dtí an 15 Meitheamh 2022.


Top