This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0103
Commission Regulation (EU) 2022/103 of 24 January 2022 establishing a fisheries closure for cod in Norwegian waters of 1 and 2 for vessels flying the flag of a Member State of the European Union
Rialachán (AE) 2022/103 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2022 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh trosc in uiscí na hIorua in 1 agus 2 i gcás soithí faoi bhratach Bhallstáit den Aontas Eorpach
Rialachán (AE) 2022/103 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2022 lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh trosc in uiscí na hIorua in 1 agus 2 i gcás soithí faoi bhratach Bhallstáit den Aontas Eorpach
C/2022/421
IO L 18, 27.1.2022, pp. 1–3
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2021
|
27.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 18/1 |
RIALACHÁN (AE) 2022/103 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Eanáir 2022
lena mbunaítear iamh iascaigh le haghaidh trosc in uiscí na hIorua in 1 agus 2 i gcás soithí faoi bhratach Bhallstáit den Aontas Eorpach
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2021. |
|
(2) |
De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta a cionroinneadh le haghaidh 2021 ídithe ag gabhálacha an stoic troisc in uiscí na hIorua in 1 agus 2 a rinne soithí faoi bhratach Ballstáit den Aontas Eorpach nó soithí atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach. |
|
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ídiú cuótaí
Maidir leis an gcuóta iascaireachta a chionroinntear ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i gcomhair an stoic troisc in uiscí na hIorua in 1 agus 2 le haghaidh 2021 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Toirmisc
Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar iascaireacht an stoic sin dá dtagraítear in Airteagal 1 ag a bhfuil bratach Bhallstáit den Aontas Eorpach ar foluain acu nó atá cláraithe i mBallstát den Aontas Eorpach. Go sonrach, beidh toirmeasc ar éisc ón stoc sin a ghabh na soithí sin a choinneáil ar bord, a athlonnú, a thrasloingsiú, nó a thabhairt i dtír tar éis an dáta sin.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Eanáir 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 31, 29.1.2021, lch. 31).
IARSCRÍBHINN
|
Uimh. |
25/TQ92 |
|
Ballstát |
An tAontas Eorpach (Na Ballstáit uile) |
|
Stoc |
COD/1N2AB. |
|
Speiceas |
Trosc (Gadus morhua) |
|
Limistéar |
Uiscí na hIorua in 1 agus 2 |
|
Dáta deiridh |
18 Nollaig 2021 |