Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0096

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/96 ón gCoimisiún an 25 Eanáir 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1859 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraí áirithe a bhailiú (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/322

    IO L 17, 26.1.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/96/oj

    26.1.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 17/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/96 ÓN gCOIMISIÚN

    an 25 Eanáir 2022

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1859 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraí áirithe a bhailiú

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1859 ón gCoimisiún (2) cuirtear oibleagáid ar mhonaróirí, a mhéid a bhaineann le feithiclí tromshaothair nua áirithe, faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na comhaid luachanna camógdheighilte faoin ainm céanna leis an ainm ar an gcomhad jab agus iarmhír .vsum leis ina bhfuil torthaí comhiomlánaithe in aghaidh na próifíle misin ionsamhailte agus dálaí an phálasta a ghintear leis an uirlis ionsamhlúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/2400 (3) ón gCoimisiún ina leagan comhéadan grafach úsáideora (“comhad sonraí sum exec”).

    (2)

    Rinneadh cur chuige céimnithe i leith na hoibleagáide sin le himeacht ama, de réir dháta ionsamhlúcháin na bhfeithiclí; agus na dátaí ionsamhlúcháin is luaithe (an 1 Eanáir 2019 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019) le tuairisciú faoin dáta is déanaí den dá dháta maidir le tuairisciú a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1859 agus faoin dáta sin amháin, chun a chur san áireamh go bhféadfadh sé go mbeadh ar na monaróirí ionsamhlúchán na bhfeithiclí a thagann faoin mbaisc sin a thosú athuair ar chúiseanna nach bhfuil neart acu orthu.

    (3)

    Leis an meastóireacht ar na sonraí a fuarthas maidir leis an gcéad tréimhse tuairiscithe, agus an 30 Meán Fómhair 2020 mar spriocdháta léi, deimhníodh, idir an dá linn, go léiríonn an anailís bunaithe ar an gcéad bhaisc de chomhaid sonraí sum exec a fuarthas faoi Airteagal 1(2), pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1859 torthaí cobhsaí. Ar an gcúis sin, ní gá a thuilleadh oibleagáid a chur ar mhonaróirí na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (b), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1859 a thuairisciú agus ba cheart an pointe sin a scriosadh.

    (4)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1859 a leasú dá réir.

    (5)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Athrú Aeráide,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1859

    In Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1859, scriostar pointe (b).

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Eanáir 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 198, 25.7.2019, lch. 202.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1859 ón gCoimisiún an 6 Samhain 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sonraí áirithe a bhailiú (IO L 286, 7.11.2019, lch. 10).

    (3)  Rialachán (AE) 2017/2400 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2017 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cinneadh a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 agus ar ídiú breosla feithiclí tromshaothair agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún (IO L 349, 29.12.2017, lch. 1).


    Top