Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0079

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/79 ón gCoimisiún an 19 Eanáir 2022 lena leagtar síos rialacha le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le taifeadadh, tarchur agus cur i láthair sonraí cur chun feidhme ar leibhéal na hoibríochta

C/2022/166

IO L 13, 20.1.2022, pp. 24–36 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 20/01/2022

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/79/oj

20.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 13/24


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/79 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Eanáir 2022

lena leagtar síos rialacha le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le taifeadadh, tarchur agus cur i láthair sonraí cur chun feidhme ar leibhéal na hoibríochta

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (1), go háirithe Airteagal 46(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 46(3) de Rialachán (AE) 2021/1139 (“Rialachán CEMID”), bunaítear creat le haghaidh bainistíocht roinnte trína cheangal ar údaráis bhainistíochta na mBallstát sonraí cur chun feidhme ábhartha ar leibhéal na hoibríochta a sholáthar don Choimisiún. Ar na sonraí ba cheart a chuimsiú sna sonraí sin tá príomh-shaintréithe gach tairbhí agus gach oibríochta lena dtacaíonn an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe faoi bhainistíocht roinnte. Comhlíontar leis an gceanglas sin an ceanglas a bhunaítear in Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) i dtaca le tarchur na sonraí carnacha le haghaidh gach cláir.

(2)

Chun comhsheasmhacht agus iomláine na sonraí a áirithiú, i gcás na n-údarás bainistíochta agus an Choimisiúin araon, is gá formáid choiteann a chur ar fáil maille le sonraíochtaí teicniúla agus rialacha coiteanna i dtaca le cur i láthair na sonraí sin.

(3)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart iad a theacht i bhfeidhm go pras, chun éascaíocht a dhéanamh do thaifeadadh comhsheasmhach na sonraí ó thús chur chun feidhme an chláir ar aghaidh.

(4)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Choiste um an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar amach leis an Rialachán seo rialacha maidir le taifeadadh, tarchur agus cur i láthair na sonraí cur chun feidhme ar leibhéal na hoibríochta dá dtagraítear in Airteagal 46(3) de Rialachán (AE) 2021/1139 (“sonraí cur chun feidhme”).

Airteagal 2

Sonraí cur chun feidhme a thaifeadadh agus a tharchur

Déanfaidh na hÚdaráis Bhainistíochta taifeadadh ar na sonraí cur chun feidhme, agus déanfaidh siad na sonraí sin a sholáthar don Choimisiún, i gcás gach oibríocht lena dtacaítear faoi bhainistíocht roinnte i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 3

Sonraí a chur i láthair

Déanfaidh na hÚdaráis Bhainistíochta na sonraí cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 2 a chur i láthair i gcomhréir leis na sonraíochtaí dá bhforáiltear sna táblaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 247, 13.7.2021, lch. 1

(2)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).


IARSCRÍBHINN I

AN FHORMÁID CHUN NA SONRAÍ A THARCHUR

Tábla 1

Tuairisc maidir leis an oibríocht

Réimse

Ábhar an réimse

Cineál Réimse

Fad an réimse

Formáid na stórála

Barúil

Nasc le hIarscríbhinn VII de Rialachán na bhForálacha Coiteanna

01

CCI

téacs

15

 

Cód coiteann aitheantais an chláir.

Ní bhaineann le hábhar i gcás bainistiú díreach ná bainistiú indíreach

 

02

Aitheantóir Uathúil na hOibríochta

téacs

255

 

Ag teastáil i gcás gach oibríocht lena dtacaíonn CEMID.

Tábla 1, réimse 13. Tábla 4, réimse 6.

Tábla 5, réimsí 11, 12.

03

Tuairisc ar an oibríocht

téacs

255

 

Ag teastáil i gcás gach oibríocht lena dtacaíonn CEMID.

 

04

Uimhir choiteann cláir cabhlaigh (CFR)

téacs fada

63 999

 

I gcás inarb ábhartha.

Uimhir choiteann cláir cabhlaigh (CFR) de réir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún (1)

soitheach amháin in aghaidh na hoibríochta: Uimhir CFR

breis agus soitheach amháin in aghaidh na hoibríochta: Uimhreacha CFR mar luachanna carachtardheighilte (CSV). Is leathstad “;” a úsáidfear mar dheighilteoir.

Ná húsáidtear spásanna bána ná comharthaí athfhriotail.

 

05

An earnáil lena rannchuidíonn an oibríocht

téacs

2

 

Féach an cód in Iarscríbhinn II, Tábla 1.

Ní féidir a roghnú ach aon rogha amháin.

 

06

Cuspóir sonrach

téacs

5

 

Maidir le bainistíocht roinnte: féach an ainmníocht in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán CEMID.

Maidir le bainistiú díreach agus indíreach: féach an ainmníocht sa chlár oibre a glacadh de bhun Airteagal 10 de Rialachán CEMID.

 

07

Cód NUTS (aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh)

téacs

5

 

Ná húsáidtear ach leaganacha NUTS atá bailí le linn na tréimhse clársceidealaithe, i.e. Aicmiú NUTS 2021 nó aicmiú NUTS is déanaí ná sin. Féach Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1755 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2019 nó https://ec.europa.eu/eurostat/web/nuts/background

Ná húsáidtear spásanna. NUTS 3 de réir réamhshocrú, NUTS 2 go dtí an leibhéal náisiúnta de réir mar is iomchuí má bhaineann an oibríocht le mór-réigiún nó le hiomlán an Bhallstáit. “TCX1” le haghaidh oibríochtaí i dtríú tíortha.

 

08

Ainm an tairbhí

téacs

255

 

 

 

09

Cód tairbhí

téacs

250

 

Cód uathúil.

Maidir le bainistíocht roinnte: arna bhunú ar an gcóras iarratas náisiúnta.

 

10

An cineál tairbhí

téacs

2

 

Féach an cód in Iarscríbhinn II, Tábla 2.

Ní féidir a roghnú ach aon rogha amháin.

 

11

Inscne an tairbhí nó an duine nádúrtha

téacs

2

 

Féach an cód in Iarscríbhinn II, Tábla 3.

Ní féidir a roghnú ach aon rogha amháin.

 

12

An líon daoine atá páirteach go díreach san oibríocht

uimhir

 

slánuimhir fhada

Eisiatar conraitheoirí agus daoine nó fostaithe nach bhfuil ag glacadh páirt dhíreach san oibríocht.

 

13

An líon comhpháirtithe atá páirteach san oibríocht

uimhir

 

slánuimhir fhada

 

 

14

Comhpháirtí cinn

téacs

2

 

Féach an cód in Iarscríbhinn II, Tábla 4.

 

15

Tásc maidir le cé acu a bhaineann an oibríocht le hiascaireacht farraige, le hiascaireacht intíre, nó leis an dá chineál iascaireachta

téacs

2

 

Féach an cód in Iarscríbhinn II, Tábla 5.

 

16

Staid dul chun cinn na hoibríochta

téacs

2

 

Féach an cód in Iarscríbhinn II, Tabla 6.

Tábla 1, réimse 13. Tábla 4, réimse 6. Tábla 5, réimsí 11, 12.

Tábla 9, réimsí 11, 12, 13, 14.

17

Suim iomlán an chostais incháilithe (EUR)

uimhir

 

dúbailte

Ná húsáidtear comhartha airgeadra

 

18

Suim iomlán an chostais poiblí incháilithe (EUR)

uimhir

 

dúbailte

Ná húsáidtear comhartha airgeadra

Tábla 1, réimse 8.

Tábla 4, réimse 4.

19

Tacaíocht CEMID (EUR)

uimhir

 

dúbailte

Ná húsáidtear comhartha airgeadra

Tábla 1, réimse 9.

20

Dáta formheasa iarratais ar thacaíocht

dáta

 

ll/mm/bbbb

 

 

21

Suim iomlán an chaiteachais incháilithe (EUR)

uimhir

 

dúbailte

Ná húsáidtear comhartha airgeadra

 

22

Suim iomlán an chaiteachais phoiblí incháilithe (EUR)

uimhir

 

dúbailte

Ná húsáidtear comhartha airgeadra

Tábla 1, réimse 11.

Tábla 4, réimse 5.

23

Caiteachas incháilithe CEMID (EUR)

uimhir

 

dúbailte

Ná húsáidtear comhartha airgeadra

 

24

Dáta na híocaíochta deiridh leis an tairbhí

dáta

 

ll/mm/bbbb

 

 

25

Cineál idirghabhála

téacs

2

 

Maidir le bainistíocht roinnte: Féach na cóid in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán CEMID.

Maidir le bainistiú díreach agus indíreach: féach na cóid in Iarscríbhinn II, Tábla 9.

Tábla 4, réimse 3.

26

Cineál oibríochta

téacs

2

 

Féach an cód in Iarscríbhinn II, Tábla 7.

 

27

Méadú ar olltonnáiste soithigh iascaireachta faoi Airteagal [19(3)] de Rialachán CEMID

uimhir

 

dúbailte

An méid olltonnáiste breise

Fágtar folamh i gcás nach bhfuil baint ag an oibríocht le hAirteagal [19(3)].

 

28

Tuairisc ar an roinn chabhlaigh atá ábhartha maidir le réimse 27

téacs

255

 

Más ábhartha, tuairisc ar na ranna cabhlaigh ar dá dtionscnamh an t-olltonnáiste arna leithdháileadh ar an soitheach a thairbhíonn den oibríocht mar a thíolactar sa tuarascáil bhliantúil dá bhforáiltear faoi Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomhréir le treoirlínte COM(2014) 545 ón gCoimisiún.

 

29

Oibríocht atá ábhartha maidir le hiascaireacht chósta ar mhionscála

téacs

2

 

Ní cheadaítear ach 01 nó 02.

Féach an cód in Iarscríbhinn II, Tábla 4.

 

30

Oibríocht atá ábhartha maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír

téacs

2

 

Ní cheadaítear ach 01 nó 02.

Féach an cód in Iarscríbhinn II, Tábla 4.

 

31

Oibríocht atá ábhartha maidir leis an athrú aeráide

téacs

2

 

Ní cheadaítear ach 01 nó 02.

Féach an cód in Iarscríbhinn II, Tábla 4.

 

32

Oibríocht atá ábhartha maidir leis an neamh-idirdhealú

téacs

2

 

Ní cheadaítear ach 01 nó 02.

Féach an cód in Iarscríbhinn II, Tábla 4.

 

33

Oibríocht atá ábhartha maidir leis an gcomhionannas inscne

téacs

2

 

Ní cheadaítear ach 01 nó 02.

Féach an cód in Iarscríbhinn II, Tábla 4.

 

34

Oibríocht atá ábhartha maidir le cearta daoine faoi mhíchumas

téacs

2

 

Ní cheadaítear ach 01 nó 02.

Féach an cód in Iarscríbhinn II, Tábla 4.

 

35

Cineál tacaíochta

téacs

2

 

Féach an cód in Iarscríbhinn II, Tábla 8.

Ní féidir a roghnú ach aon rogha amháin.

 

36

An bhfuair an tairbhí tacaíocht CEMI/CEMID roimhe seo?

téacs

2

 

Ní cheadaítear ach 01 nó 02.

Féach an cód in Iarscríbhinn II, Tábla 4.

 


Tábla 2

Táscairí is infheidhme maidir leis an oibríocht

Réimse

Ábhar an réimse

Cineál

Fad

Formáid

Barúil

Nasc le hIarscríbhinn VII de Rialachán na bhForálacha Coiteanna:

1

CCI

téacs

15

 

Nasc le Tábla I (príomh-shaintréith)

 

2

Aitheantóir Uathúil na hOibríochta

téacs

255

 

Nasc le Tábla I (príomh-shaintréith)

Tábla 1, réimse 13. Tábla 4, réimse 6.

Tábla 5, réimsí 11, 12.

37

Cóid na dtáscairí toraidh coiteanna is infheidhme maidir leis an oibríocht (úsáidtear an oiread rónna agus is ábhartha)

téacs

6

 

Féach na cóid in Iarscríbhinn II, Tábla 10

Tábla 9, réimse 5.

38

Luach bonnlíne

uimhir

 

dúbailte

 

Tábla 9, réimsí 11, 13.

39

Toradh táscach de réir ionchas an tairbhí (aon ró amháin in aghaidh an táscaire)

uimhir

 

dúbailte

 

Tábla 9, réimse 12.

40

Toradh ex post (aon ró amháin in aghaidh an táscaire)

uimhir

 

dúbailte

An luach a fhaightear ar chríochnú don tionscadal.

Tábla 9, réimse 14.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2017 maidir le clár cabhlaigh iascaireachta an Aontais (IO L 34, 9.2.2017, lch. 9).


IARSCRÍBHINN II

SONRAÍ CUR CHUN FEIDHME A CHUR I LÁTHAIR

Tábla 1

Earnáil lena dtacaíonn an oibríocht (Iarscríbhinn I, Tábla 1, réimse 5)

Cód

Tuairisc

01

Iascaigh

02

An dobharshaothrú

03

Próiseáil

04

An turasóireacht

05

An comhshaol

06

Muirí (seachas iascaireacht agus dobharshaothrú)

07

Earnáil chomhtháite nó ilearnáil

08

Eile


Tábla 2

An cineál tairbhí  (1) (Iarscríbhinn I, Tábla 1, réimse 10)

Cód

Tuairisc

01

Eagraíocht táirgeoirí

02

Comhlachas na n-eagraíochtaí táirgeoirí

03

Eagraíocht idirchraoibhe

04

Fiontar príobháideach – micrifhiontar

05

Fiontar príobháideach – FBM (fiontar beag nó meánmhéide)

06

Fiontar príobháideach – mór

07

Comhlacht poiblí

08

Ionad taighde / ollscoil / eolaithe

09

Eagraíocht neamhrialtasach / comhlachas

10

Institiúid oideachais

11

Grúpa gníomhaíochta áitiúil

12

Eintiteas gan pearsantacht dhlítheanach

13

Eagraíocht idirnáisiúnta

14

Comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Choimisiúin

15

Daoine nádúrtha

16

Eile


Tábla 3

Inscne an tairbhí nó an duine nádúrtha (Iarscríbhinn I, Tábla 1, réimse 11)

Cód

Tuairisc

01

Duine nádúrtha – fireann

02

Duine nádúrtha – baineann

03

Duine nádúrtha – inscne neamhshainithe

04

Breis agus aon duine nádúrtha amháin, teaghlach

05

Breis agus aon duine nádúrtha amháin, ar fireann a bhformhór

06

Breis agus aon duine nádúrtha amháin, ar baineann a bhformhór

07

Ní bhaineann le hábhar. (i gcás daoine dlítheanacha)


Tábla 4

Cóid le haghaidh réimsí “Tá/Níl” (Iarscríbhinn I, Tábla 1, réimsí 29-34 agus 36)

Cód

Tuairisc

01

Is ea / Tá

02

Ní hea / Níl


Tábla 5

Tásc maidir le cé acu a bhaineann an oibríocht le hiascaireacht farraige, le hiascaireacht intíre nó leis an dá chineál iascaireachta (Iarscríbhinn I, Tábla 1, réimse 15)

Cód

Tuairisc

01

Iascaireacht farraige

02

Iascaireacht intíre

03

An dá chineál

04

Ní bhaineann le hábhar


Tábla 6

Staid dul chun cinn na hoibríochta (Iarscríbhinn I, Tábla 1, réimse 16)

Cód

Tuairisc

00

An oibríocht roghnaithe

01

An oibríocht curtha chun feidhme go páirteach ach, tá sí ar fionraí/tá scortha go hiomlán di

02

An oibríocht á cur chun feidhme

03

An oibríocht curtha chun feidhme go hiomlán (ach ní hionann sin agus gur cinnte gur íocadh costais uile na hoibríochta leis an tairbhí)

04

An oibríocht tugtha chun críche


Tábla 7

An cineál oibríochta (Iarscríbhinn I, Tábla 1, réimse 26)

Cód

Tuairisc

01

Infheistíocht i laghdú ar úsáid fuinnimh agus san éifeachtúlacht fuinnimh

02

Infheistíocht i gcórais fuinnimh inathnuaite

03

Infheistíocht i dtrealamh táirgthe ar bord

04

Infheistíocht i gcórais ar bord chun loingseoireacht nó rialú inneall a fheabhsú

05

Infheistíocht i mbonneagar fisiciúil i gcalafoirt iascaireachta atá ann cheana nó in áiteanna nua ina dtugtar gabhálacha i dtír nó in áiteanna atá ann cheana

06

An chéad soitheach iascaireachta a fháil

07

Infheistíocht chun inrianaitheacht a fheabhsú

08

Pleananna táirgthe agus margaíochta eagraíochtaí táirgeoirí a ullmhú agus a chur chun feidhme

09

Gníomhaíochtaí margaíochta

10

Seirbhísí comhairleoireachta

11

Infheistíochtaí chun tacú le forbairt ghnó (forbairt straitéiseach, riarachán, trealamh)

12

Oibríochtaí eile a bhaineann le héagsúlú gnó ach nach mbaineann le hiascaigh, leis an dobharshaothrú, ná leis an nuálaíocht

13

Scéimeanna árachais

14

Oiliúint chun scileanna a fheabhsú agus caipiteal daonna a fhorbairt

15

Teagmhais

16

Méadú feasachta, cumarsáid leis an bpobal i gcoitinne

17

Forbairt acmhainne

18

Forbairt na nuálaíochta margaíochta

19

Forbairt na nuálaíochta próisis

20

Forbairt na nuálaíochta táirgthe

21

Staidéir agus taighde

22

Comhroinnt eolais

23

Comhar

24

Leanúnachas éiceolaíoch aibhneacha a athbhunú

25

Athstocáil speiceas uiscí

26

Bruscar muirí a aisghabháil agus/nó a dhiúscairt

27

Seirbhísí comhshaoil

28

Infheistíochtaí sonracha i bhfeabhsú gnáthóg uiscí agus na bithéagsúlachta

29

Scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta

30

Scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta

31

Cúiteamh

32

Infheistíochtaí táirgiúla i gcomhair an dobharshaothraithe inbhuanaithe

33

Roghnaíocht trealaimh ionas gur lú gabhálacha nach dteastaíonn a dhéanfar

34

Modhnú trealaimh chun na tionchair ar na gnáthóga a laghdú an oiread is féidir

35

Roghnaíocht trealaimh i ndáil le speicis atá i mbaol, le speicis atá faoi bhagairt agus le speicis atá faoi chosaint

36

Úsáid na ngabhálacha a dhéantar de thaisme

37

Bainistíocht agus faireachán limistéar Natura 2000 (oibríochtaí boga)

38

Infheistíochtaí in athbhunú limistéar Natura 2000

39

Bainistíocht agus faireachán limistéar muirí faoi chosaint (oibríochtaí boga)

40

Infheistíochtaí in athbhunú limistéar muirí faoi chosaint

41

Truailliú/éilliú a laghdú agus a chosc

42

Úsáid an uisce agus cáilíocht an uisce a fheabhsú

43

Infheistíochtaí le haghaidh rialú agus forfheidhmiú i gcomhair údaráis phoiblí

44

Infheistíochtaí le haghaidh rialú agus forfheidhmiú i gcomhair gnóthaíocht phríobháideach

45

Comhordú ar bhreathnóireacht

46

Sonraí a bhailiú

47

Infheistíocht sa teicneolaíocht faisnéise – crua-earraí

48

Infheistíocht sa teicneolaíocht faisnéise – bogearraí

49

Forbairt agus cothabháil teicneolaíochta faisnéise

50

Cóimeáil agus scaipeadh sonraí

51

Cigireachtaí

52

Infheistíocht i leas ainmhithe

53

An cháilíocht bhia agus an tsábháilteacht sláinteachais

54

Infheistíochtaí i dtrealamh sábháilteachta

55

Infheistíochtaí i ndálaí oibre

56

Tionscadail phíolótacha

57

Forbairt shoch-chultúrtha

58

Rialachas

59

Beochan agus forbairt acmhainne

60

Gníomhaíochtaí ullmhúcháin

61

Bainistíocht

62

Cúnamh faoi Bhainistiú Díreach

63

Meastóireacht

64

Eile (sóisialta)

65

Eile (gnóthaí comhshaoil)

66

Eile (eacnamaíoch)


Tábla 8

An cineál tacaíochta (Iarscríbhinn I, Tábla 1, réimse 35)

Cód

Tuairisc

01

Deontais

02

Ionstraimí airgeadais

03

Cumasc de dheontais agus d’ionstraimí airgeadais

04

Duaiseanna

05

Conraitheoireacht (Bainistiú díreach)


Tábla 9

Na cineálacha idirghabhálacha maidir le tacaíocht faoi bhainistiú díreach agus indíreach (Iarscríbhinn I. Tábla 1, réimse 25)

Cód

Tuairisc

17

Rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan

18

Beartas muirí

19

Comhairle eolaíochta

20

Rialú agus forfheidhmiú

21

Ranníocaíochtaí deonacha le heagraíochtaí idirnáisiúnta

22

Bearta caomhnaithe

23

Comhairlí comhairleacha

24

Cumarsáid

25

Faisnéis maidir leis an margadh


Tábla 10

Táscairí toraidh coiteanna (Iarscríbhinn I. Tábla 2, réimse 37)

Cód

Tuairisc

Aonad tomhais

CR01

Acmhainneacht nua táirgeachta

tonaí/bliain

CR02

Táirgeacht dobharshaothraithe arna coimeád

tonaí/bliain

CR03

Gnólachtaí arna gcruthú

an líon eintiteas

CR04

Gnólachtaí ag a bhfuil láimhdeachas ard

an líon eintiteas

CR05.1

Acmhainneacht na soithí arna dtarraingt siar

Olltonnáiste

CR05.2

Acmhainneacht na soithí arna dtarraingt siar

kW

CR06

Poist arna gcruthú

an líon daoine

CR07

Poist arna gcoimeád

an líon daoine

CR08

Daoine a thairbhíonn

an líon daoine

CR09.1

Limistéar ar a dtugtar aghaidh le hoibríochtaí a rannchuidíonn le dea-stádas comhshaoil agus lena ndéantar an bhithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint, a chaomhnú agus a athchóiriú

km2

CR09.2

Limistéar ar a dtugtar aghaidh le hoibríochtaí a rannchuidíonn le dea-stádas comhshaoil agus lena ndéantar an bhithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint, a chaomhnú agus a athchóiriú

km2

CR10

Gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le dea-stádas comhshaoil, lena n-áirítear athchóiriú agus caomhnú an dúlra, cosaint na n-éiceachóras, an bhithéagsúlacht, sláinte agus leas ainmhithe

an líon gníomhaíochtaí

CR11

Eintitis lena méadaítear an inbhuanaitheacht shóisialta

an líon eintiteas

CR12

Éifeachtacht an chórais maidir le “sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid”

scála: ard, meánach, íseal

CR13

Gníomhaíochtaí comhair idir geallsealbhóirí

an líon gníomhaíochtaí

CR14

Nuálaíochtaí arna gcumasú

an líon táirgí nua, seirbhísí nua, próiseas nua, samhlacha gnó nua nó modhanna nua

CR15

Modhanna rialaithe arna suiteáil nó arna bhfeabhsú

an líon modhanna

CR16

Eintitis a thairbhíonn de ghníomhaíochtaí poiblíochta agus faisnéise

an líon eintiteas

CR17

Eintitis a fheabhsaíonn éifeachtúlacht acmhainní i dtáirgeadh agus/nó i bpróiseáil

an líon eintiteas

CR18.1

Tomhaltas fuinnimh a bhfuil laghdú astaíochtaí CO2 mar thoradh air

kWh/tona

CR18.2

Tomhaltas fuinnimh a bhfuil laghdú astaíochtaí CO2 mar thoradh air

lítir/h

CR19

Gníomhaíochtaí chun acmhainneacht rialachais a fheabhsú

an líon gníomhaíochtaí

CR20

Infheistíocht arna spreagadh

EUR

CR21

Tacair sonraí agus comhairle arna gcur ar fáil

uimhir

CR22

Úsáid ardán sonraí agus faisnéise

an líon amharc ar leathanaigh


(1)  An comhpháirtí cinn, má tá níos mó ná aon tairbhí amháin ag an oibríocht.


Top