Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0076

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/76 ón gCoimisiún an 22 Meán Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear coigeartuithe ar chomhéifeachtaí K-fhachtóir i ndáil le “sreabhadh trádála laethúil” (K-DTF) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/6731

IO L 13, 20.1.2022, pp. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/76/oj

20.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 13/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/76 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Meán Fómhair 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear coigeartuithe ar chomhéifeachtaí K-fhachtóir i ndáil le “sreabhadh trádála laethúil” (K-DTF)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 15(5), an tríú fomhír, i gcomhar le hAirteagal 15(5), pointe (c), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ríomhtar an sreabhadh trádála laethúil (DTF) bunaithe ar mhéid na n-idirbheart. Leis na himthosca as a n-eascraíonn méideanna níos airde trádála, d’fhéadfadh sé go gcuirfí iallach ar ghnólachtaí infheistíochta atá ag déileáil ar a gcuntas féin, lena n-áirítear cruthaitheoirí margaidh, a ngníomhaíochtaí trádála a laghdú. D’fhéadfadh riosca maidir le leachtacht mhargaidh laghdaithe a bheith mar thoradh air sin, rud a d’fhéadfadh a bheith díobhálach don chobhsaíocht airgeadais. Dá bhrí sin, mar thoradh ar na himthosca sin, ba cheart comhéifeachtaí K-DTF a choigeartú ar bhealach nach ndéantar gníomhaíochtaí trádála a dhídhreasú. I gcás ina mbeidh méid níos ísle trádála ann mar thoradh ar imthosca, ní bheidh feidhm ag na breithnithe sin agus dá bhrí sin, níor cheart na coigeartuithe ar chomhéifeachtaí a bheith bunaithe ach ar na méideanna trádála a tharlaíonn le linn tréimhsí ina bhfuil ardleibhéal luaineachta.

(2)

I gcás ina bhfuil ceanglais K-DTF i ndálaí anáis sa mhargadh róshriantach agus díobhálach don chobhsaíocht airgeadais, ba cheart an chomhéifeacht dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2019/2033 a choigeartú chun a bheith níos lú ná an ceann dá bhforáiltear i dTábla 1 den Airteagal sin, d’fhonn a sheachaint go mbeadh K-DTF ina dhídhreasacht le haghaidh trádála.

(3)

Ós rud é go ndéantar tagairt in Airteagal 15(5), pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/2033 do dhálaí anáis sa mhargadh dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/578 ón gCoimisiún (2), ba cheart am tosaithe agus críochnaithe na dtréimhsí ina bhfuil dálaí anáis sa mhargadh a bheith i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/578 maidir le dálaí anáis sa mhargadh arna sainaithint ag ionad trádála.

(4)

Chun K-DTF coigeartaithe a ríomh, ba cheart a chumhdach leis na dálaí anáis sa mhargadh cásanna ina mbeidh tionchar suntasach ag athruithe gearrthéarmacha ar an méid trádála agus ar an bpraghas maidir le K-DTF a ríomh. Toisc go bhféadfadh sé go mairfeadh dálaí anáis sa mhargadh go ceann tréimhse neamhchinntithe ama, lena n-áirítear tréimhsí chomh gearr le cúpla nóiméad, ba cheart na comhéifeachtaí oiriúnaithe a bheith in ann luach an tsreafa trádála laethúil a tharlaíonn le linn tréimhsí d’aon fhad éagsúil a léiriú.

(5)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.

(6)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Coigeartuithe ar chomhéifeachtaí K-DTF

1.   Na coigeartuithe ar chomhéifeachtaí K-DTF dá dtagraítear i dTábla 1 d’Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2019/2033 i gcás inar cosúil, i ndálaí anáis sa mhargadh dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/578, go bhfuil ceanglais K-DTF róshriantach agus díobhálach don chobhsaíocht airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 15(5), pointe (c), de Rialachán (AE) 2019/2033, déanfar iad a chinneadh ag úsáid na foirmle seo a leanas:

(a)

le haghaidh chomhéifeacht trádálacha K-DTF in airgead tirim:

Cadj = C * (DTFexcl/DTFincl)

nuair:

Cadj

=

comhéifeacht oiriúnaithe

C

=

comhéifeacht i dTábla 1 d’Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2019/2033

DTFexcl

=

DTF na dtrádálacha in airgead tirim arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) 2019/2033, gan luach aon trádála in airgead tirim a tharla i ndálaí anáis sa mhargadh dá dtagraítear in Airteagal 2 a áireamh; agus

DTFincl

=

DTF na dtrádálacha in airgead tirim arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) 2019/2033, lena n-áirítear luach aon trádála in airgead tirim a tharlaíonn i ndálaí anáis sa mhargadh dá dtagraítear in Airteagal 2.

(b)

le haghaidh chomhéifeacht díorthach K-DTF:

Cadj = C * (DTFexcl/DTFincl)

nuair:

Cadj

=

comhéifeacht oiriúnaithe

C

=

comhéifeacht i dTábla 1 d’Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2019/2033

DTFexcl

=

DTF na ndíorthach arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) 2019/2033, gan luach aon díorthaigh a tharla i ndálaí anáis sa mhargadh dá dtagraítear in Airteagal 2 a áireamh; agus

DTFexcl

=

DTF na ndíorthach arna thomhas i gcomhréir le hAirteagal 33 de Rialachán (AE) 2019/2033, lena n-áirítear luach aon díorthaigh a tharlaíonn i ndálaí anáis sa mhargadh dá dtagraítear in Airteagal 2.

Ní áireofar i ríomh DTFexcl ach luach an tsreafa trádála laethúil a bhaineann le hionstraimí airgeadais nó le hionstraimí airgeadais foluiteacha arna dtrádáil ar dheighleog trádála laistigh den ionad trádála ábhartha le linn teagmhas a measann an t-ionad trádála sin gur tharla dála anáis sa mhargadh ina leith.

Airteagal 2

Tréimhse ina bhfuil dálaí anáis sa mhargadh

Chun críocha Airteagal 1, ciallaíonn teagmhas ina bhfuil dálaí anáis sa mhargadh cás ina gcomhlíontar na paraiméadair dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/578 agus ina mbíonn méideanna méadaithe trádála mar thoradh ar na dálaí anáis sin sa mhargadh.

Is é an t-am a shainaithin an t-ionad trádála i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/578 a bheidh mar am tosaithe agus críochnaithe an teagmhais i ndálaí anáis sa mhargadh.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 314, 5.12.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/578 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na ceanglais ar chomhaontuithe agus scéimeanna cruthaithe margaidh (IO L 87, 31.3.2017, lch. 183).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


Top