This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0017
Commission Regulation (EU) 2022/17 of 4 January 2022 establishing a fisheries closure for herring in Union and Norwegian waters of 4 north of 53°30′ N for vessels flying the flag of France
Rialachán (AE) 2022/17 ón gCoimisiún an 4 Eanáir 2022 lena mbunaítear iamh iascach le haghaidh scadán in uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua in 4 lastuaidh de 53°30′ T i gcás soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu
Rialachán (AE) 2022/17 ón gCoimisiún an 4 Eanáir 2022 lena mbunaítear iamh iascach le haghaidh scadán in uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua in 4 lastuaidh de 53°30′ T i gcás soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu
C/2022/34
IO L 5, 10.1.2022, p. 3–5
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/12/2021
10.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 5/3 |
RIALACHÁN (AE) 2022/17 ÓN gCOIMISIÚN
an 4 Eanáir 2022
lena mbunaítear iamh iascach le haghaidh scadán in uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua in 4 lastuaidh de 53°30′ T i gcás soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), agus go háirithe Airteagal 36(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle (2) cuótaí le haghaidh 2021. |
(2) |
De réir na faisnéise a fuair an Coimisiún, tá an cuóta le haghaidh 2021 ídithe ag gabhálacha an stoic scadán in uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua in 4 lastuaidh de 53°30′ T ag soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu nó atá cláraithe sa Fhrainc. |
(3) |
Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar ghníomhaíochtaí áirithe iascaireachta a bhaineann leis an stoc sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ídiú cuótaí
Maidir leis an gcuóta iascaireachta a chionroinntear ar an bhFrainc le haghaidh an stoic scadán in uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua in 4 lastuaidh de 53°30′ T le haghaidh 2021 dá dtagraítear san Iarscríbhinn, measfar é a bheith ídithe ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Toirmisc
1. Cuirfear toirmeasc, ón dáta a leagtar amach san Iarscríbhinn, ar an stoc sin a iascach dá dtagraítear in Airteagal 1 ag soithí a bhfuil bratach na Fraince ar foluain acu nó atá cláraithe sa Fhrainc. Beidh toirmeasc go háirithe ar iasc a lorg, ar threalamh iascaireachta a chur ar uisce, a úsáid nó a tharraingt chun iascach a dhéanamh ar an stoc sin.
2. Maidir le hiasc nó táirgí iascaigh, ón stoc a ghabh na soithí sin, a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a phróiseáil ar bord, a aistriú, a chur i gcaighean, a ramhrú agus a thabhairt i dtír, leanfaidh sin de bheith údaraithe le haghaidh gabhálacha a tógadh roimh an dáta sin.
3. Maidir le gabhálacha de thaisme speiceas ón stoc sin a ghabhann na soithí sin, tabharfar ar bord na soithí iascaireachta agus coinneofar ar bord iad, déanfar iad a thaifeadadh, a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Eanáir 2022.
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 31, 29.1.2021, lch. 31).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
IARSCRÍBHINN
Uimh. |
22/TQ92 |
Ballstát |
An Fhrainc |
Stoc |
HER/4AB. (lena n-áirítear HER/*4N-S62) |
Speiceas |
Scadán (Clupea harengus) |
Limistéar |
Uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua in 4 lastuaidh de 53°30′ T |
Dáta deiridh |
8.12.2021 |