Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0003

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/3 ón gCoimisiún an 4 Eanáir 2022 lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1018 lena leagtar síos liosta lena n-aicmítear tarluithe san eitlíocht shibhialta atá le tuairisciú ar bhonn éigeantach de réir Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/1

    IO L 1, 5.1.2022, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/3/oj

    5.1.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 1/3


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/3 ÓN gCOIMISIÚN

    an 4 Eanáir 2022

    lena gceartaítear leaganacha áirithe teanga d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1018 lena leagtar síos liosta lena n-aicmítear tarluithe san eitlíocht shibhialta atá le tuairisciú ar bhonn éigeantach de réir Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 4(5) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Sna leaganacha Bulgáirise, Eastóinise agus Slóivéinise d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1018 ón gCoimisiún (2), tá earráid i roinn 3, pointe 17 maidir le raon feidhme na forála.

    (2)

    Ba cheart, dá bhrí sin, na leaganacha Bulgáirise, Eastóinise agus Slóivéinise d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1018 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

    (3)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir le tuairim an Choiste arna bunú le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    (ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Eanáir 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 122, 24.4.2014, lch. 18.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1018 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2015 lena leagtar síos liosta lena n-aicmítear tarluithe san eitlíocht shibhialta atá le tuairisciú ar bhonn éigeantach de réir Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 163, 30.6.2015, lch. 1).

    (3)  Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).


    Top