EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022L2556

Treoir (AE) 2022/2556 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE, 2014/65/AE, (AE) 2015/2366 agus (AE) 2016/2341 a mhéid a bhaineann le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil le haghaidh na hearnála airgeadais (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/42/2022/REV/1

IO L 333, 27.12.2022, p. 153–163 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2556/oj

27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 333/153


TREOIR (AE) 2022/2556 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Nollaig 2022

lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE, 2014/65/AE, (AE) 2015/2366 agus (AE) 2016/2341 a mhéid a bhaineann le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil le haghaidh na hearnála airgeadais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) agus Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is gá don Aontas aghaidh a thabhairt go leordhóthanach agus go cuimsitheach ar rioscaí digiteacha do gach eintiteas airgeadais a eascraíonn as úsáid mhéadaithe na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) i soláthar agus i dtomhailt seirbhísí airgeadais, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le poitéinseal an airgeadais dhigitigh a bhaint amach, i dtéarmaí nuálaíocht a spreagadh agus iomaíocht i dtimpeallacht dhigiteach atá slán a chur chun cinn.

(2)

Bíonn eintitis airgeadais ag brath go mór ar úsáid teicneolaíochtaí digiteacha ina ngnó laethúil. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach athléimneacht oibríochtúil a n-oibríochtaí digiteacha a áirithiú in aghaidh riosca TFC. Tá an gá sin tar éis éirí níos géire fós mar gheall ar an méadú ar theicneolaíochtaí ceannródaíocha sa mhargadh, go háirithe ar theicneolaíochtaí lena gcumasaítear léirithe digiteacha ar luach nó ar chearta a aistriú agus a stóráil go leictreonach, trí úsáid a bhaint as mórleabhar dáilte nó teicneolaíocht chomhchosúil (criptea-shócmhainní), agus mar gheall ar an méadú ar sheirbhísí a bhaineann leis na sócmhainní sin.

(3)

Ar leibhéal an Aontais, déantar foráil faoi láthair maidir leis na ceanglais a bhaineann le bainistiú riosca TFC san earnáil airgeadais i dTreoracha 2009/65/CE (4), 2009/138/CE (5), 2011/61/AE (6), 2013/36/AE (7), 2014/59/AE (8), 2014/65/AE (9), (AE) 2015/2366 (10) agus (AE) 2016/2341 (11) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Tá na ceanglais sin éagsúil agus bíonn siad neamhiomlán ó am go chéile. I gcásanna áirithe, níor tugadh aghaidh ar riosca TFC ach go hintuigthe mar chuid den riosca oibriúcháin, agus i gcásanna eile níor tugadh aghaidh air ar chor ar bith. Déantar na saincheisteanna sin a leigheas trí ghlacadh Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ba cheart, dá bhrí sin, na Treoracha sin a leasú chun an chomhsheasmhacht leis an Rialachán sin a áirithiú. Achtaítear leis an Treoir seo tacar leasuithe atá riachtanach chun soiléire dhlíthiúil agus comhsheasmhacht a thabhairt i ndáil le cur i bhfeidhm ceanglas éagsúil maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil ag eintitis airgeadais údaraithe agus a ndéantar maoirseacht orthu i gcomhréir leis na Treoracha sin, ar ceanglais iad atá riachtanach chun a gcuid gníomhaíochtaí a shaothrú agus chun seirbhísí a sholáthar, agus ar an gcaoi sin déantar feidhmíocht rianúil an mhargaidh inmheánaigh á ráthú. Is gá leordhóthanacht na gceanglas sin i ndáil le forbairtí sa mhargadh a áirithiú, agus comhréireacht a spreagadh, go háirithe maidir le méid na n-eintiteas airgeadais agus leis na córais shonracha a bhfuil siad faoina réir, agus costais chomhlíonta a laghdú a bheith mar aidhm acu.

(4)

I réimse na seirbhísí baincéireachta, le Treoir 2013/36/AE, ní leagtar amach faoi láthair ach rialacha ginearálta inmheánacha agus forálacha maidir le riosca oibriúcháin a bhfuil ceanglais iontu maidir le pleananna teagmhasacha agus leanúnachais gnó a úsáidtear go hintuigthe mar bhonn chun aghaidh a thabhairt ar riosca TFC. Mar sin féin, chun aghaidh a thabhairt ar riosca TFC go sainráite agus go soiléir, ba cheart na ceanglais maidir le pleananna teagmhasacha agus leanúnachais gnó a leasú chun pleananna leanúnachais gnó agus pleananna freagartha agus pleananna athshlánaithe a bhaineann le riosca TFC a áireamh freisin, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/2554. Thairis sin, níl riosca TFC áirithe ach go hintuigthe, mar chuid den riosca oibriúcháin, sa phróiseas athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta (SREP) a dhéanann na húdaráis inniúla, agus tá na critéir chun measúnú a dhéanamh air sainithe faoi láthair sna Treoirlínte maidir le Measúnú Riosca TFC faoin bpróiseas athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta (SREP) arna eisiúint ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Chun soiléireacht dhlíthiúil a sholáthar agus chun a áirithiú go ndéanann maoirseoirí banc rioscaí TFC a shainaithint go héifeachtach, agus go ndéanann siad faireachán ar a bhainistiú ag eintitis airgeadais, i gcomhréir leis an gcreat nua maidir le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach, ba cheart raon feidhme SREP a leasú freisin chun tagairt a dhéanamh do na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/2554 go sainráite agus chun go háirithe na rioscaí arna nochtadh le mórthuairiscí teagmhais a bhaineann le TFC agus leis na torthaí ó thástáil ar athléimneacht dhigiteach oibríochtúil a dhéanann eintitis airgeadais i gcomhréir leis an Rialachán sin a chumhdach.

(5)

Tá athléimneacht dhigiteach oibríochtúil bunriachtanach chun feidhmeanna criticiúla agus croílínte gnó eintitis airgeadais a chaomhnú i gcás ina ndéanfar réiteach i leith na hinstitiúide sin, agus sa chaoi sin, chun míshocracht san fhíorgheilleagar agus sa chóras airgeadais a sheachaint. Is féidir le mórtheagmhais bac a chur ar an acmhainneacht atá ag eintiteas airgeadais leanúint de bheith ag feidhmiú agus is féidir leo cuspóirí réitigh a chur i mbaol. Is den bhunriachtanas freisin iad socruithe conarthacha áirithe maidir le húsáid seirbhísí TFC chun leanúnachas oibríochtúil a áirithiú agus chun na sonraí is gá a chur ar fáil i gcás réitigh. Chun go mbeidh sí ailínithe le cuspóirí chreat an Aontais maidir le hathléimneacht oibríochtúil, ba cheart Treoir 2014/59/AE a leasú dá réir sin, d’fhonn a áirithiú go ndéanfar faisnéis a bhaineann leis an athléimneacht oibríochtúil a chur san áireamh i gcomhthéacs na pleanála réitigh agus an mheasúnaithe ar inréiteacht na n-eintiteas airgeadais.

(6)

Leagtar amach le Treoir 2014/65/AE rialacha níos déine maidir le riosca TFC do ghnólachtaí infheistíochta agus d’ionaid trádála a ghabhann do thrádáil algartamach. Tá feidhm ag ceanglais nach bhfuil chomh mionsonraithe céanna maidir le seirbhísí tuairiscithe sonraí agus stórtha trádála. Chomh maith leis sin, níl i dTreoir 2014/65/AE ach tagairtí teoranta do shocruithe rialaithe agus cosanta le haghaidh córais próiseála faisnéise agus do na córais, acmhainní agus nósanna imeachta iomchuí a úsáid chun leanúnachas agus rialtacht seirbhísí gnó a áirithiú. Thairis sin, ba cheart an Treoir sin a ailíniú le Rialachán (AE) 2022/2554 a mhéid a bhaineann le leanúnachas agus rialtacht i soláthar seirbhísí infheistíochta agus i bhfeidhmiú gníomhaíochtaí infheistíochta, san athléimneacht oibríochtúil, in acmhainneacht córas trádála, agus in éifeachtacht na socruithe leanúnachais gnó agus i mbainistiú riosca.

(7)

Leagtar amach le Treoir (AE) 2015/2366, rialacha sonracha maidir le rialuithe slándála TFC agus gnéithe maolaithe chun críocha údarú a fháil chun seirbhísí íocaíochta a sholáthar. Ba cheart na rialacha údarúcháin sin a leasú chun iad a ailíniú le Rialachán (AE) 2022/2554. Thairis sin, chun an t-ualach riaracháin a laghdú agus chun castacht agus ceanglais tuairiscithe dhúblacha a sheachaint, ba cheart do na rialacha tuairiscithe teagmhas sa Treoir sin scor d’fheidhm a bheith acu maidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta a rialaítear faoin Treoir sin agus atá faoi réir Rialachán (AE) 2022/2554 freisin, agus ar an gcaoi sin fágfar gur féidir leis na soláthraithe seirbhísí íocaíochta sin tairbhiú de shásra tuairiscithe teagmhas aonair, lán-chomhchuibhithe i ndáil le gach teagmhas oibríochtúil nó slándála a bhaineann le híocaíocht, beag beann ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann teagmhais den sórt sin le TFC.

(8)

Le Treoracha 2009/138/CE agus (AE) 2016/2341 cumhdaítear riosca TFC go páirteach laistigh dá bhforálacha ginearálta maidir le rialachas agus bainistiú riosca, rud a fhágann go mbíonn ceanglais áirithe le sonrú trí ghníomhartha tarmligthe le tagairtí sonracha do riosca TFC nó dá n-uireasa. Ar an gcaoi céanna, níl feidhm ach ag rialacha an-ghinearálta maidir le bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha faoi réir Threoir 2011/61/AE agus cuideachtaí bainistíochta atá faoi réir Threoir 2009/65/CE. Ba cheart na Treoracha sin a ailíniú leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/2554 maidir le bainistiú córas agus uirlisí TFC.

(9)

In go leor cásanna, leagadh síos ceanglais bhreise riosca TFC cheana féin i ngníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme, a glacadh ar bhonn dréachtchaighdeáin theicniúla rialála agus dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag an Údarás Maoirseachta Eorpach inniúil. Ós rud é gurb é atá i bhforálacha Rialachán (AE) 2022/2554 feasta an creat dlithiúil maidir le riosca TFC, ba cheart cumhachtuithe áirithe chun gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh i dTreoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE agus 2014/65/AE a leasú chun na forálacha riosca TFC a bhaint de raon feidhme na gcumhachtuithe sin..

(10)

Chun a áirithiú go gcuirtear an creat nua maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil le haghaidh na hearnála airgeadais i bhfeidhm go comhsheasmhach, ba cheart do na Ballstáit forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a chur i bhfeidhm ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2554.

(11)

Glacadh Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE, 2014/65/AE, (AE) 2015/2366 agus (AE) 2016/2341 ar bhonn Airteagal 53(1) nó Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) nó ar bhonn na nAirteagal sin araon. Cuireadh na leasuithe sa Treoir seo i ngníomh reachtach aonair mar gheall ar idircheangailteacht ábhar agus cuspóirí na leasuithe. Dá thoradh sin, ba cheart an Treoir seo a ghlacadh ar bhonn Airteagal 53(1) agus Airteagal 114 CFAE araon.

(12)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach mar go bhfuil baint acu le comhchuibhiú na gceanglas atá sna Treoracha cheana féin, agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(13)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (14), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2009/65/CE

Leasaítear Airteagal 12 de Threoir 2009/65/CE mar a leanas:

(1)

sa dara fomhír de mhír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

tá nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta, socruithe rialaithe agus cosanta fónta aici chun sonraí leictreonacha a phróiseáil, lena n-áirítear maidir le córais gréasán agus faisnéise a bhunaítear agus a bhainistítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), chomh maith le sásraí rialaithe inmheánaigh leormhaithe, lena n-áirítear, go háirithe, rialacha maidir le hidirbhearta pearsanta ag a fostaithe nó maidir le hinfheistíochtaí in ionstraimí airgeadais a shealbhú nó a bhainistiú chun infheistiú a dhéanamh ar a cuntas féin agus lena n-áiritheofar, ar a laghad, go bhféadfar gach idirbheart a bhaineann le GCUI a athchruthú de réir a bhunúis, na bpáirtithe a bhaineann leis, a chineáil, an ama agus na háite ina ndearnadh é agus go ndéanfar sócmhainní GCUI atá á mbainistiú ag an gcuideachta bainistíochta a infheistiú i gcomhréir le rialacha an chiste nó leis na hionstraimí corpraithe agus leis na forálacha dlíthiúla atá i bhfeidhm;

(*1)  Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1).”;"

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Gan dochar d’Airteagal 116, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 112a, bearta lena sonrófar an méid seo a leanas:

(a)

na nósanna imeachta agus na socruithe dá dtagraítear i bpointe (a) den dara fomhír de mhír 1, seachas na nósanna imeachta agus na socruithe a bhaineann le córais gréasán agus faisnéise;

(b)

na struchtúir agus na ceanglais eagraíochtúla chun coinbhleachtaí leasa dá dtagraítear i bpointe (b) den dara fomhír de mhír 1 a íoslaghdú.”.

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir 2009/138/CE

Leasaítear Treoir 2009/138/CE mar seo a leanas:

(1)

in Airteagal 41, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Déanfaidh gnóthais árachais agus athárachais bearta réasúnacha chun leanúnachas agus rialtacht a áirithiú i bhfeidhmiú a ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear pleananna teagmhasacha a fhorbairt. Chuige sin, úsáidfidh na gnóthais córais, acmhainní agus nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach, agus déanfaidh siad, go háirithe, córais gréasán agus faisnéise a bhunú agus a bhainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2)

(*2)  Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1).”;"

(2)

in Airteagal 50(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

“(a)

gnéithe na gcóras dá dtagraítear in Airteagal 41, Airteagal 44, go háirithe na réimsí a liostaítear in Airteagal 44(2), agus Airteagail 46 agus 47, seachas na gnéithe a bhaineann le bainistiú riosca teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide;

(b)

na feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagail 44, 46, 47 agus 48, seachas feidhmeanna a bhaineann le bainistiú riosca teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide.”.

Airteagal 3

Leasú ar Threoir 2011/61/AE

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 18 de Threoir 2011/61/AE:

“Airteagal 18

Prionsabail ghinearálta

1.   Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar BCIManna go mbainfidh siad úsáid, i gcónaí, as acmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha agus iomchuí atá riachtanach chun CIManna a bhainistiú mar is ceart.

Go sonrach, cuirfidh údaráis inniúla Bhallstát baile BCIM, ag féachaint freisin do chineál na CIManna atá á mbainistiú ag BCIM, de cheangal ar BCIM go mbeidh nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta, socruithe rialaithe agus cosanta fónta aige chun sonraí leictreonacha a phróiseáil, lena n-áirítear maidir leis na córais gréasán agus faisnéise a bhunaítear agus a bhainistítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), chomh maith le sásraí rialaithe inmheánaigh leormhaithe, lena n-áirítear, go háirithe, rialacha maidir le hidirbhearta pearsanta ag a fhostaithe nó maidir le hinfheistíochtaí a shealbhú nó a bhainistiú chun infheistiú a dhéanamh ar a chuntas féin agus lena n-áiritheofar, ar a laghad, go bhféadfar gach idirbheart a bhaineann le CIManna a athchruthú de réir a bhunúis, na bpáirtithe a bhaineann leis, a chineáil, agus an ama agus na háite ina ndearnadh é agus go ndéanfar sócmhainní CIManna atá á mbainistiú ag BCIM a infheistiú i gcomhréir le rialacha CIM nó leis na hionstraimí corpraithe agus leis na forálacha dlíthiúla atá i bhfeidhm.

2.   Trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 56 agus faoi réir choinníollacha Airteagail 57 agus 58, glacfaidh an Coimisiún bearta lena sonrófar na nósanna imeachta agus na socruithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, seachas na nósanna imeachta agus na socruithe a bhaineann le córais gréasán agus faisnéise.

Airteagal 4

Leasuithe ar Threoir 2013/36/AE

Leasaítear Treoir 2013/36/AE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 65(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(vi):

“(vi)

tríú páirtithe a ndearna na heintitis dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv) feidhmeanna nó gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú chucu, lena n-áirítear soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí dá dtagraítear i gCaibidil V de Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4);

(*4)  Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333 , 27.12.2022, lch. 1).”;"

(2)

in Airteagal 74(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Beidh ag institiúidí socruithe daingne rialachais, lena n-áirítear struchtúr soiléir eagraíochtúil a mbeidh ag gabháil leis freagrachtaí dea-shainithe, trédhearcacha agus comhsheasmhacha, próisis éifeachtacha chun rioscaí a bhfuil siad neamhchosanta orthu nó a bhféadfaidís a bheith neamhchosanta orthu a shainaithint, a bhainistiú, a thuairisciú agus faireachán a dhéanamh orthu, sásraí rialaithe inmheánaigh leormhaithe, lena n-áirítear nósanna imeachta riaracháin agus cuntasaíochta fónta, córais gréasán agus faisnéise a bhunaítear agus a bhainistítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554, agus beartais luacha saothair agus cleachtais atá comhsheasmhach le bainistiú riosca fónta agus éifeachtach agus a chuirfidh bainistiú riosca fónta agus éifeachtach chun cinn.”;

(3)

in Airteagal 85, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Áiritheoidh údaráis inniúla go mbeidh beartais agus pleananna teagmhasacha agus leanúnachais gnó leordhóthanacha ag institiúidí, lena n-áirítear beartais agus pleananna leanúnachais gnó TFC agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC don teicneolaíocht a úsáideann siad chun faisnéis a chur in iúl, agus go mbunaítear, go mbainistítear agus go dtástáiltear na pleananna sin i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2022/2554, ionas gur féidir leis na hinstitiúidí leanúint de bheith ag feidhmiú i gcás dian-mhíshocracht gnó agus aon chaillteanais a thabhófar mar thoradh ar an míshocracht sin a theorannú.”;

(4)

in Airteagal 97(1), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(d)

rioscaí a nochtar le tástáil ar athléimneacht dhigiteach oibríochtúil i gcomhréir le Caibidil IV de Rialachán (AE) 2022/2554.”.

Airteagal 5

Leasuithe ar Threoir 2014/59/AE

Leasaítear Treoir 2014/59/AE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

“(c)

léiriú ar conas a d’fhéadfaí feidhmeanna criticiúla agus croílínte gnó a dheighilt go dlíthiúil agus go heacnamaíoch, a mhéid is gá, ó fheidhmeanna eile chun leanúnachas agus athléimneacht dhigiteach oibríochtúil a áirithiú i gcás mhainneachtain na hinstitiúide;”;

(b)

i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (q):

“(q)

tuairisc ar oibríochtaí agus ar chórais bhunriachtanacha chun feidhmiú leanúnach phróisis oibríochtúla na hinstitiúide a chothabháil, lena n-áirítear córais gréasán agus faisnéise dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5);

(*5)  Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1).”;"

(c)

i mír 9, cuirtear an fhomhír seo a leanas léi:

“I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, déanfaidh ÚBE na caighdeáin theicniúla rialála a athbhreithniú agus, más iomchuí, iad a thabhairt cothrom le dáta chun, inter alia, forálacha Chaibidil II de Rialachán (AE) 2022/2554 a chur san áireamh.”;

(2)

leasaítear an Iarscríbhinn mar a leanas:

(a)

i Roinn A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (16):

“(16)

socruithe agus bearta riachtanacha chun feidhmiú leanúnach phróisis oibríochtúla na hinstitiúide a chothabháil, lena n-áirítear córais gréasán agus faisnéise a bhunaítear agus a bhainistítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554;”;

(b)

leasaítear Roinn B mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (14):

“(14)

sainaitheantas úinéirí na gcóras a shainaithnítear i bpointe (13), comhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse a bhaineann leo, agus aon bhogearraí agus aon chórais nó aon cheadúnais, lena n-áirítear mapáil i leith a n-eintiteas dlítheanach, a n-oibríochtaí criticiúla agus a gcroílínte gnó chomh maith le sainaitheantas soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí criticiúla mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (23), de Rialachán (AE) 2022/2554 ;”;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(14a)

na torthaí ó thástáil na n-institiúidí ar athléimneacht dhigiteach oibríochtúil faoi Rialachán (AE) 2022/2554;”;

(c)

leasaítear Roinn C mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (4):

“(4)

a mhéid atá na comhaontuithe seirbhíse, lena n-áirítear socruithe conarthacha maidir le húsáid seirbhísí TFC, a dhéanann an institiúid a chothabháil, a mhéid atá siad stóinseach agus lán-infheidhmithe i gcás réiteach na hinstitiúide;”;

(ii)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(4a)

athléimneacht dhigiteach oibríochtúil na gcóras gréasán agus faisnéise a thacaíonn le feidhmeanna agus le croílínte gnó na hinstitiúide, agus tuairiscí mórtheagmhais a bhaineann le TFC agus na torthaí ó thástáil ar athléimneacht dhigiteach oibríochtúil faoi Rialachán (AE) 2022/2554 á gcur san áireamh;”.

Airteagal 6

Leasuithe ar Threoir 2014/65/AE

Leasaítear Treoir 2014/65/AE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Déanfaidh gnólacht infheistíochta bearta réasúnacha chun leanúnachas agus rialtacht a áirithiú i bhfeidhmiú seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta. Chuige sin, bainfidh an gnólacht infheistíochta úsáid as córais iomchuí chomhréireacha, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (‘TFC’) a bhunaítear agus a bhainistítear i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6), chomh maith le hacmhainní agus nósanna imeachta iomchuí comhréireacha.

(*6)  Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch. 1).”;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír agus an tríú fomhír de mhír 5:

“Beidh nósanna imeachta fónta riaracháin agus cuntasaíochta, sásraí rialaithe inmheánaigh agus nósanna imeachta éifeachtacha le haghaidh measúnú riosca ag gnólacht infheistíochta.

Gan dochar do chumas na n-údarás inniúil rochtain ar chumarsáid a éileamh i gcomhréir leis an Treoir seo agus le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, beidh sásraí fónta slándála i bhfeidhm ag gnólacht infheistíochta chun a áirithiú, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/2554, go mbeidh slándáil agus fíordheimhniú na modhanna aistrithe faisnéise ann, chun riosca éilliú sonraí agus rochtain neamhúdaraithe a íoslaghdú agus chun sceitheadh faisnéise a chosc, agus ar an gcaoi sin rúndacht na sonraí a chaomhnú ag gach tráth.”;

(2)

leasaítear Airteagal 17 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Beidh córais éifeachtacha agus rialuithe riosca atá oiriúnach don ghnó a oibríonn sé i bhfeidhm ag gnólacht infheistíochta a ghabhann do thrádáil algartamach chun a áirithiú go mbeidh a chórais trádála athléimneach agus go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach aige i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil II de Rialachán (AE) 2022/2554, go mbeidh siad faoi réir tairseacha trádála agus teorainneacha iomchuí agus go gcuirfear cosc leo ar orduithe earráideacha a sheoladh nó ar na córais a bheith ag feidhmiú ar shlí eile ar bhealach a d’fhéadfadh margadh mí-ordúil a chruthú nó cur leis.

Beidh córais éifeachtacha agus rialuithe riosca i bhfeidhm freisin ag gnólacht den sórt sin chun a áirithiú nach féidir na córais trádála a úsáid chun aon chríche atá contrártha do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 nó do rialacha ionaid trádála a bhfuil nasc aige leis.

Beidh socruithe éifeachtacha leanúnachais gnó i bhfeidhm ag an ngnólacht infheistíochta chun déileáil le haon chliseadh ar a chórais trádála, lena n-áirítear beartas agus pleananna leanúnachais gnó TFC agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2022/2554, agus áiritheoidh sé go ndéanfar tástáil iomlán agus faireachán ceart ar a chórais chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais ghinearálta a leagtar síos sa mhír seo agus aon cheanglais shonracha a leagtar síos i gCaibidlí II agus IV de Rialachán (AE) 2022/2554.”;

(b)

i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

na mionsonraí a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla a leagtar síos i míreanna 1 go 6, seachas iad sin a bhaineann le bainistiú riosca TFC atá le forchur ar ghnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta éagsúla, le gníomhaíochtaí infheistíochta, seirbhísí coimhdeacha nó teaglamaí díobh sin, trína leagfar amach sna sonraíochtaí i ndáil leis na ceanglais eagraíochtúla a leagtar síos i mír 5 ceanglais shonracha maidir le rochtain dhíreach ar an margadh agus maidir le rochtain urraithe ar bhealach ina n-áiritheofar go mbeidh na rialuithe a chuirtear i bhfeidhm maidir le rochtain urraithe coibhéiseach ar a laghad leo sin a chuirtear i bhfeidhm maidir le rochtain dhíreach ar an margadh;”;

(3)

in Airteagal 47, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

chun bheith feistithe go leordhóthanach chun na rioscaí a bhfuil sé neamhchosanta orthu a bhainistiú, lena n-áirítear chun riosca TFC a bhainistiú i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) 2022/2554, chun socruithe agus córais iomchuí a chur chun feidhme ar mhaithe leis na rioscaí suntasacha dá oibriú a shainaithint agus chun bearta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun na rioscaí sin a mhaolú;”;

(b)

scriostar pointe (c);

(4)

leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ceanglóidh na Ballstáit ar mhargadh rialáilte a athléimneacht oibríochtúil a bhunú agus a choinneáil ar bun i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil II de Rialachán (AE) 2022/2554 chun a áirithiú go mbeidh a chórais trádála athléimneach, go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach acu chun déileáil le buaicmhéideanna orduithe agus teachtaireachtaí, go mbeidh siad in ann trádáil ordúil a áirithiú faoi choinníollacha ina mbeidh dálaí diana anáis sa mhargadh, go mbeidh tástáil iomlán déanta orthu chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha sin agus go mbeidh siad faoi réir socruithe éifeachtacha leanúnachais gnó, lena n-áirítear beartas agus pleananna leanúnachais gnó TFC agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2022/2554, chun leanúnachas a sheirbhísí a áirithiú má tharlaíonn aon chliseadh ar a chórais trádála.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

“6.   Ceanglóidh na Ballstáit ar mhargadh rialáilte córais, nósanna imeachta agus socruithe éifeachtacha a bheith i bhfeidhm, agus áirítear leis sin go gceanglóidh siad ar chomhaltaí nó ar rannpháirtithe tástáil iomchuí ar algartaim a dhéanamh agus timpeallachtaí a sholáthar chun tástáil den sórt sin a éascú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCaibidlí II agus IV de Rialachán (AE) 2022/2554, chun a áirithiú nach féidir le córais trádála algartamaí dálaí trádála mí-ordúla ar an margadh a chruthú nó cur leo agus le bainistiú a dhéanamh ar aon dálaí trádála mí-ordúla a eascraíonn as córais trádála algartamaí den sórt sin, lena n-áirítear córais chun an cóimheas maidir le horduithe gan forghníomhú go hidirbhearta a d’fhéadfadh comhalta nó rannpháirtí a chur isteach a theorannú, chun bheith in ann an sreabhadh orduithe a mhoilliú i gcás ina mbeidh riosca ann go sárófar acmhainneacht an chórais agus chun íosmhéid an tic a d’fhéadfaí a fhorghníomhú ar an margadh a theorannú agus a forfheidhmiú.”;

(c)

leasaítear mír 12 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)

“(a)

na ceanglais chun a áirithiú go mbeidh córais trádála margaí rialáilte athléimneach agus go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach acu, seachas na ceanglais a bhaineann le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach;”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

“(g)

na ceanglais chun a áirithiú go ndéanfar tástáil iomchuí ar algartaim, seachas tástáil ar athléimneacht dhigiteach oibríochtúil, chun a áirithiú nach féidir le córais trádála algartamaí lena n-áirítear córais trádála algartamaí ardmhinicíochta, dálaí trádála mí-ordúla ar an margadh a chruthú nó cur leo.”.

Airteagal 7

Leasuithe ar Threoir (AE) 2015/2366

Leasaítear Treoir (AE) 2015/2366 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):

“(j)

seirbhísí arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí teicniúla, lena dtacaítear le soláthar seirbhísí íocaíochta, gan na cistí atá le haistriú a bheith á sealbhú acu aon tráth, lena n-áirítear próiseáil agus stóráil sonraí, seirbhísí iontaoibhe agus cosanta príobháideachta, fíordheimhniú sonraí agus eintiteas, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus soláthar gréasán cumarsáide, soláthar agus cothabháil teirminéal agus gléasanna arna n-úsáid le haghaidh seirbhísí íocaíochta, gan seirbhísí tionscanta íocaíochta ná seirbhísí faisnéise cuntais san áireamh;”;

(2)

leasaítear Airteagal 5(1) mar a leanas:

(a)

leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

tuairisc ar shocruithe rialachais agus ar shásraí rialaithe inmheánaigh an iarratasóra, lena n-áirítear nósanna imeachta riaracháin, bainistithe riosca agus cuntasaíochta chomh maith le socruithe chun seirbhísí TFC a úsáid i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7), lena léirítear go bhfuil na socruithe rialachais agus na sásraí rialaithe inmheánaigh comhréireach, iomchuí, fónta agus leormhaith;

(*7)  Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (IO L 333, 27.12.2022, lch.1).”;"

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f)

tuairisc ar an nós imeachta atá i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar theagmhas slándála agus gearáin ó chustaiméirí a bhaineann le cúrsaí slándála, agus chun iad a láimhseáil agus obair leantach a dhéanamh ina leith, lena n-áirítear sásra tuairiscithe teagmhais lena gcuirtear san áireamh na hoibleagáidí atá ar an institiúid íocaíochta maidir le fógra a thabhairt, a leagtar síos i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2022/2554;”;

(iii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

“(h)

tuairisc ar shocruithe leanúnachais gnó lena n-áirítear sainaithint shoiléir na n-oibríochtaí criticiúla, beartas agus pleananna leanúnachais gnó éifeachtacha agus pleananna freagartha agus athshlánaithe TFC agus nós imeachta chun leormhaitheas agus éifeachtúlacht na bpleananna sin a thástáil agus a athbhreithniú go rialta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

“Leis na bearta rialaithe slándála agus na bearta maolaithe dá dtagraítear i bpointe (j) den chéad fhomhír, léireofar conas a n-áirithítear ardleibhéal athléimneachta digití oibríochtúla i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (AE) 2022/2554 leo, go háirithe i ndáil le slándáil teicniúil agus cosaint sonraí, lena n-áirítear i gcás na mbogearraí agus na gcóras TFC a úsáideann an t-iarratasóir nó na gnóthais dá seachfhoinsíonn sé a chuid oibríochtaí uile nó cuid díobh. Áireofar leis na bearta sin na bearta slándála a leagtar síos in Airteagal 95(1) den Treoir seo. Cuirfear san áireamh leis na bearta sin treoirlínte ÚBE maidir le bearta slándála, dá dtagraítear in Airteagal 95(3) den Treoir seo, nuair a bheidh siad i bhfeidhm.”;

(3)

in Airteagal 19(6), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Ní dhéanfar seachfhoinsiú feidhmeanna oibríochtúla tábhachtacha, lena n-áirítear córais TFC, ar bhealach a ndéanfaidh dochar ábhartha do cháilíocht rialú inmheánach na hinstitiúide íocaíochta agus do chumas na n-údarás inniúil faireachán agus athrianú a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí uile a leagtar síos sa Treoir seo ag an institiúid íocaíochta.”;

(4)

in Airteagal 95(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Tá an chéad fhomhír gan dochar do chur i bhfeidhm Chaibidil II de Rialachán (AE) 2022/2554 maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

soláthraithe seirbhísí íocaíochta dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (d) d’Airteagal 1(1) den Treoir seo,

(b)

soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntais dá dtagraítear in Airteagal 33(1) den Treoir seo,

(c)

institiúidí íocaíochta atá díolmhaithe de bhun Airteagal 32(1) den Treoir seo; agus

(d)

institiúidí airgid leictreonaigh a thairbhíonn de tharscaoileadh dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Threoir 2009/110/CE.”;

(5)

in Airteagal 96, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“7.   Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag míreanna 1 go 5 den Airteagal seo maidir le:

(a)

soláthraithe seirbhísí íocaíochta dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (d) d’Airteagal 1(1) den Treoir seo;

(b)

soláthraithe seirbhísí faisnéise cuntais dá dtagraítear in Airteagal 33(1) den Treoir seo,

(c)

institiúidí íocaíochta atá díolmhaithe de bhun Airteagal 32(1) den Treoir seo; agus

(d)

institiúidí airgid leictreonaigh a thairbhíonn de tharscaoileadh dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Threoir 2009/110/CE.”;

(6)

in Airteagal 98, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

“5.   I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, déanfaidh ÚBE na caighdeáin theicniúla rialála a athbhreithniú agus, más iomchuí, tabharfaidh sé cothrom le dáta ar bhonn rialta iad chun, inter alia, forbairtí nuálaíochta agus teicneolaíocha agus forálacha Chaibidil II de Rialachán (AE) 2022/2554 a chur san áireamh.”.

Airteagal 8

Leasú ar Threoir (AE) 2016/2341

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21(5) de Threoir (AE) 2016/2341:

“5.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh IORPanna bearta réasúnacha chun leanúnachas agus rialtacht a áirithiú i bhfeidhmiú a ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear pleananna teagmhasacha a fhorbairt. Chuige sin, úsáidfidh IORPanna córais, acmhainní agus nósanna imeachta atá iomchuí agus comhréireach, agus go háirithe, agus déanfaidh siad, go háirithe, córais gréasán agus faisnéise a bhunú agus a bhainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8), i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 9

Trasuí

1.   Na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 17 Eanáir 2025. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón 17 Eanáir 2025.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 11

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, an 14 Nollaig 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO C 343, 26.8.2021, lch. 1.

(2)  IO C 155, 30.4.2021, lch. 38.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Samhain 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 28 Samhain 2022.

(4)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais chomhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).

(5)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(6)  Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha agus lena leasaítear Treoracha 2003/41/CE agus 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lch. 1).

(7)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(8)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus do réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(9)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(10)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(11)  Treoir (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (IO L 354, 23.12.2016, lch. 37).

(12)  Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(13)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(14)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


Top