This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022L2438
Commission Implementing Directive (EU) 2022/2438 of 12 December 2022 amending Directive 93/49/EEC and Implementing Directive 2014/98/EU as regards Union regulated non-quarantine pests on propagating material of ornamental plants, fruit plant propagating material and fruit plants intended for fruit production
Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2438 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2022 lena leasaítear Treoir 93/49/CEE agus Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE a mhéid a bhaineann le lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais ar ábhar iomadaithe plandaí ornáideacha, ar ábhar iomadaithe plandaí torthaí agus ar phlandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí
Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2438 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2022 lena leasaítear Treoir 93/49/CEE agus Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE a mhéid a bhaineann le lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais ar ábhar iomadaithe plandaí ornáideacha, ar ábhar iomadaithe plandaí torthaí agus ar phlandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí
C/2022/9217
IO L 319, 13.12.2022, pp. 54–65
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
13.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 319/54 |
TREOIR CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2438 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Nollaig 2022
lena leasaítear Treoir 93/49/CEE agus Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE a mhéid a bhaineann le lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais ar ábhar iomadaithe plandaí ornáideacha, ar ábhar iomadaithe plandaí torthaí agus ar phlandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 98/56/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le margú ábhair iomadaithe plandaí ornáideacha (1), agus go háirithe Airteagal 5(5) de,
Ag féachaint do Threoir 2008/90/CE ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le margú ábhair iomadaithe plandaí torthaí agus plandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí (2), agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 (3) ón gCoimisiún bunaítear liosta de lotnaidí coraintín de chuid an Aontais, lotnaidí coraintín de chuid criosanna cosanta agus lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais. Leagtar amach ceanglais ann maidir le plandaí áirithe, táirgí plandaí agus réada eile a thabhairt isteach san Aontas agus a aistriú laistigh de, chun teacht isteach, bunú agus scaipeadh na lotnaidí sin i gcríoch an Aontais a chosc. |
|
(2) |
Rinneadh leasú le déanaí ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2285 ón gCoimisiún (4) chun stádas fíteashláintíochta lotnaidí áirithe a thabhairt cothrom le dáta agus, i gcás inarb iomchuí, na bearta sonracha i gcoinne na lotnaidí sin a leasú. Ar mhaithe le comhsheasmhacht maidir leis na leasuithe a bhaineann leis na lotnaidí sin, ba cheart na gnéithe nua a léiriú freisin i dTreoir 93/49/CEE ón gCoimisiún (5) agus i dTreoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE ón gCoimisiún (6). |
|
(3) |
Liostaíodh Pseudomonas syringae pv. actinidiae Takikawa, Serizawa, Ichikawa, Tsuyumu & Goto i gCuid D d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 i ndáil le hábhar iomadaithe plandaí ornáideacha, mar comhlíonann sé na ceanglais chun bheith liostaithe mar lotnaid neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, tá údar maith leis an lotnaid sin a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 93/49/CEE. |
|
(4) |
Liostaíodh Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld i gCodanna D agus J d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 i ndáil le hábhar iomadaithe plandaí ornáideacha agus ábhar iomadaithe plandaí torthaí agus plandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí faoi seach, mar comhlíonann sé na ceanglais chun bheith liostaithe mar lotnaid neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, tá údar maith leis an lotnaid sin a liostú san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 93/49/CEE agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE. |
|
(5) |
Is gá freisin bearta a áireamh i dTreoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE i gcoinne Phytophthora ramorum (aonraígh de chuid an Aontais) Werres, De Cock & Man in ‘t Veld a bheith ar phlandaí áirithe le haghaidh plandú a úsáidtear mar ábhar iomadaithe plandaí torthaí agus mar phlandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí. |
|
(6) |
Liostaíodh Candidatus Phytoplasma australiense Davis et al. mar lotnaid choraintín de chuid an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 agus baineadh den liosta de lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin é. Dá bhrí sin, ba cheart an lotnaid sin a bhaint den liosta de lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE agus ba cheart í a bhaint d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin i ndáil le hábhar iomadaithe plandaí torthaí agus le plandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí Fragaria L. |
|
(7) |
I dTreoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE, leagtar amach an ceanglas go bhfuil ábhar réamhbhunúsach, bunúsach, deimhnithe agus Conformitas Agraria Communitatis (CAC) saor ó na lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Treoir sin, agus faoi réir cheanglais Iarscríbhinn IV, trí amharc-chigireacht sna saoráidí, sna páirceanna agus sna luchtóga, a mhéid a bhaineann leis an ngéineas nó leis an speiceas lena mbaineann. |
|
(8) |
Chun comhsheasmhacht le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a áirithiú a mhéid a bhaineann leis na limistéir a shuitear a bheith saor ó lotnaidí, ba cheart eisceacht ón gceanglas maidir le hamharc-chigireacht, sampláil agus tástáil a dhéanamh ar ábhar réamhbhunúsach, bunúsach, deimhnithe agus CAC a thabhairt isteach i dTreoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE. |
|
(9) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/925 ón gCoimisiún (7), údaraíodh Ballstáit áirithe, ar bhonn sealadach, le hábhar réamhbhunúsach a dheimhniú a bhaineann le speicis áirithe plandaí torthaí agus a tháirgtear sa pháirc oscailte faoi dhálaí nach bhfuil feithid-díonach. Chuaigh an t-údarú a tugadh don Fhrainc ina leith sin in éag an 31 Nollaig 2018. Dá bhrí sin, an chuid “Ceanglais maidir leis an láithreán táirgthe, an láthair táirgthe nó limistéar” i gCuid 4 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE, i ndáil le hábhair réamhbhunúsacha Cydonia oblonga Mill., ba cheart an chuid sin a scriosadh chun a léiriú go ndeachaigh bailíocht an údaraithe sin in éag. |
|
(10) |
Ó glacadh Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE, léirigh taithí na mBallstát, maidir leis na bearta i gcoinne Candidatus Phytoplasma pyri Seemüller & Schneider chun luchtóga iomlána d’ábhar iomadaithe plandaí torthaí agus plandaí torthaí a dhícháiliú ó bheith á margú nuair a bhraitear ábhar iomadaithe agus plandaí torthaí siomptómacha sa láithreán táirgthe, go bhfuil na bearta sin neamhréireach leis an riosca fíteashláintíochta faoi seach. Ba cheart Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE a leasú chun comhsheasmhacht a áirithiú leis na bearta athbhreithnithe bainistithe riosca i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 i gcoinne Candidatus Phytoplasma pyri Seemüller & Schneider. Ba cheart aon ábhar iomadaithe siomptómach agus plandaí torthaí siomptómacha a bhaint óna bhfréamh agus a scriosadh láithreach. |
|
(11) |
I gcomhréir le hAirteagal 32 de Threoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE, ceadaítear do na Ballstáit margú ábhair iomadaithe agus plandaí torthaí a thairgtear ó mháthairphlandaí réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe nó ó ábhar CAC a bhí ann roimh an 1 Eanáir 2017 a údarú ina gcríoch féin, go dtí an 31 Nollaig 2022, fiú amháin mura gcomhlíonann an t-ábhar sin ná na plandaí torthaí sin ceanglais na Treorach Cur Chun Feidhme sin. Léirigh taithí na mBallstát maidir leis an reachtaíocht a chur chun feidhme nach gcumhdaítear deimhniú síolta agus síológ i raon scéim deimhniúcháin an Aontais maidir le hábhar iomadaithe agus plandaí torthaí. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta idirthréimhseacha atá ann faoi láthair maidir le síolta agus síológa a tháirgeadh, agus maidir leis sin amháin, mar gheall ar an am is gá chun na hábhair sin a oiriúnú do cheanglais na Treorach sin. Chun aon chur isteach ar thrádáil na n-ábhar sin a sheachaint, ba cheart síneadh a chur leis an dáta sin go dtí an 31 Nollaig 2029. |
|
(12) |
Ba cheart ainm luibheolaíoch Prunus amygdalus Batsch a athrú go Prunus dulcis (Mill.) D. A. Webb chun forbairtí in ainmníocht tacsanomaíoch a chur san áireamh. |
|
(13) |
Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 93/49/CEE agus Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE a leasú faoi seach. |
|
(14) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Threoir 93/49/CEE
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 93/49/CEE i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo.
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE
Leasaítear Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE mar a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: “5. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis an méid a leanas:
|
|
(2) |
In Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: “5. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis an méid a leanas:
|
|
(3) |
In Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: “5. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis an méid a leanas:
|
|
(4) |
In Airteagal 26, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: “2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis an méid a leanas:
|
|
(5) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 32: “Airteagal 32 Bearta idirthréimhseacha I gcás síolta agus síológa arna dtáirgeadh as máthairphlandaí réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe nó as ábhar CAC a bhí ann roimh an 1 Eanáir 2017, agus atá deimhnithe go hoifigiúil nó a chomhlíonann na coinníollacha le bheith deimhnithe mar ábhar CAC roimh an 31 Nollaig 2029, féadfaidh na Ballstáit margú na síolta agus na síológ sin a cheadú go dtí an 31 Nollaig 2029. Nuair a dhéantar iad a mhargú, sainaithneofar na hábhair sin le tagairt don Airteagal seo ar an lipéad, agus le doiciméad.”; |
|
(6) |
Leasaítear Iarscríbhinní, I, II, IV agus V i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo. |
Airteagal 3
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 30 Meitheamh 2023 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 5
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 226, 13.8.1998, lch. 16.
(2) IO L 267, 8.10.2008, lch. 8.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2285 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 a mhéid a bhaineann le liostú lotnaidí, toirmeasc agus ceanglas chun plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thabhairt isteach san Aontas agus a aistriú laistigh de agus lena n-aisghairtear Cinntí 98/109/CE agus 2002/757/CE agus Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) 2020/885 agus (AE) 2020/1292. (IO L 485, 22.12.2021, lch. 173).
(5) Treoir 93/49/CEE ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 1993 lena leagtar amach an sceideal ina sonraítear na coinníollacha atá le comhlíonadh ag ábhar iomadaithe plandaí ornáideacha agus plandaí ornáideacha de bhun Threoir 91/682/CEE ón gComhairle (IO L 250, 7.10.1993, lch. 9).
(6) Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2014 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/90/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais shonracha i ndáil le géinis agus speicis plandaí torthaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann léi, ceanglais shonracha a bheidh le comhlíonadh ag soláthróirí agus rialacha mionsonraithe maidir le cigireachtaí oifigiúla (IO L 298, 16.10.2014, lch. 22).
(7) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/925 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2017 lena n-údaraítear Ballstáit áirithe, ar bhonn sealadach, le hábhar réamhbhunúsach a dheimhniú a bhaineann le speicis áirithe plandaí torthaí agus a tháirgtear sa pháirc faoi dhálaí nach bhfuil feithid-díonach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Feidhme (AE) 2017/167 (IO L 140, 31.5.2017, lch. 7).
IARSCRÍBHINN I
Leasuithe ar Threoir 93/49/CEE
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 93/49/CEE mar a leanas:
|
(1) |
idir an iontráil maidir le “Erwinia amylovora (Burrill) Winslow et al. [ERWIAM]” agus an iontráil maidir le “Pseudomonas syringae pv. persicae (Prunier, Luisetti &. Gardan) Young, Dye & Wilkie [PSDMPE]”, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:
|
|
(2) |
idir an iontráil maidir le “Lecanosticta acicola (von Thümen) Sydow [SCIRAC]” agus an iontráil maidir le “Plasmopara halstedii (Farlow) Berlese & de Toni [PLASHA]”, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas:
|
IARSCRÍBHINN II
Leasuithe ar Threoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE
Leasaítear Treoir Cur Chun Feidhme 2014/98/AE mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn I, san iontráil maidir le “Fragaria L.”, sa dara colún, scriostar an iontráil “Candidatus Phytoplasma australiense Davis et al. [PHYPAU]”; |
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn II mar a leanas:
|
|
(3) |
Leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:
|
|
(4) |
in Iarscríbhinn V cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró “Prunus amygdalus, P. armeniaca, P. domestica, P. persica agus P. salicina”: “ Prunus armeniaca L., Prunus domestica L., Prunus dulcis (Mill.) D. A. Webb, Prunus persica (L.) Batsch agus Prunus salicina Lindl.”. |
(*1) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/925 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2017 lena n-údaraítear Ballstáit áirithe, ar bhonn sealadach, le hábhar réamhbhunúsach a dheimhniú a bhaineann le speicis áirithe plandaí torthaí agus a tháirgtear sa pháirc faoi dhálaí nach bhfuil feithid-díonach, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/167 (IO L 140, 31.5.2017, lch. 7)”;”