This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022L0279
Commission Delegated Directive (EU) 2022/279 of 13 December 2021 amending, for the purposes of adapting to scientific and technical progress, Annex III to Directive 2011/65/EU of the European Parliament and of the Council as regards an exemption for the use of mercury in other discharge lamps for special purposes (Text with EEA relevance)
Treoir Tarmligthe (AE) 2022/279 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí díluchtaithe eile chun críoch speisialta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Treoir Tarmligthe (AE) 2022/279 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí díluchtaithe eile chun críoch speisialta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/8979
IO L 43, 24.2.2022, p. 41–43
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
24.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 43/41 |
TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/279 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Nollaig 2021
lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí díluchtaithe eile chun críoch speisialta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a), di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir 2011/65/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin. |
(2) |
Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. |
(3) |
Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. |
(4) |
Le Cinneadh 2010/571/AE (2), dheonaigh an Coimisiún, i measc nithe eile, díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí díluchtaithe eile chun críoch speisialta nach luaitear go sonrach (“an díolúine”), a liostaítear anois mar dhíolúine 4(f) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 21 Iúil 2016, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an dara fomhír, pointe (a), den Treoir sin. |
(5) |
Baineann an fheidhm atá ag mearcair i lampaí díluchtaithe gáis chun críoch speisialta leis an bpróiseas chun solas a ghiniúint d’fhonn leictreachas a thiontú go solas. |
(6) |
An 15 Eanáir 2015, fuair an Coimisiún líon iarratas chun an díolúine a athnuachan (“na hiarratais ar athnuachan”) atá laistigh den teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE. I gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, beidh an díolúine bailí go dtí go mbeidh cinneadh glactha ar an iarraidh ar athnuachan. |
(7) |
Léiríodh sa mheasúnú ar na hiarratais ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht na n-ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil ionadú nó díothú mearcair sna feidhmeanna lena mbaineann leis an díolúine dodhéanta go teicniúil faoi láthair. I bhfianaise na bhféidearthachtaí an díolúine a theorannú amach anseo le hionadú, is iomchuí, áfach, an athnuachan ar an díolúine a dheonú ar feadh tréimhse de 3 bliana agus sin amháin. Ba é ba chonclúid don mheastóireacht freisin gur féidir na feidhmeanna atá incháilithe le haghaidh athnuachan ar an díolúine a shainiú a thuilleadh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (a), de Threoir 2011/65/AE mar gheall ar a bhfeidhmiúlacht shonrach agus a gceantar feidhme sonrach, eadhon gal-lampaí mearcair ardbhrú a úsáidtear i dteilgeoirí, a úsáidtear le haghaidh soilsiú gairneoireachta a eisíonn solas atá sa speictream ultraivialaite. I gcomhair na bhfeidhmeanna sonracha sin, ba cheart an díolúine a athnuachan ar feadh uastréimhse de 5 bliana. Áiríodh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara sa mheastóireacht i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe. |
(8) |
Tá an díolúine i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ar an gcaoi sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi. |
(9) |
I bhfianaise thorthaí na n-iarrachtaí leanúnacha chun teacht ar ionadú iontaofa, ní dócha go mbeidh drochthionchair ag tréimhse na díolúine ar an nuálaíocht. |
(10) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.
Airteagal 2
(1) Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
(2) Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.
(2) Cinneadh 2010/571/AE ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2010 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúintí i gcomhair feidhmeanna a bhfuil luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinil pholabróimínithe nó éitir dhéfheiníle pholabróimínithe (IO L 251, 25.9.2010, lch. 28).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 4(f):
“Díolúine |
Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta |
|
4(f) -I |
Mearcair i lampaí díluchtaithe eile chun críoch speisialta nach luaitear go sonrach san Iarscríbhinn seo |
In éag an 24 Feabhra 2025 |
4(f) -II |
Mearcair i ngal-lampaí mearcair ardbhrú a úsáidtear i dteilgeoirí i gcás inar gá aschur ≥ 2000 lúman ANSI |
In éag an 24 Feabhra 2027 |
4(f) -III |
Mearcair i ngal-lampaí sóidiam ardbhrú a úsáidtear i soilsiú gairneoireachta |
In éag an 24 Feabhra 2027 |
4(f) -IV |
Mearcair i lampaí a eisíonn solas atá sa speictream ultraivialait |
In éag an 24 Feabhra 2027” |