This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022L0277
Commission Delegated Directive (EU) 2022/277 of 13 December 2021 amending, for the purpose of adapting to technical and scientific progress, Annex III to Directive 2011/65/EU of the European Parliament and of the Council as regards an exemption for the use of mercury in single capped (compact) fluorescent lamps for general lighting purposes < 30 W with a lifetime equal to or above 20000 h (Text with EEA relevance)
Treoir Tarmligthe (AE) 2022/277 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20000 u nó níos mo ná sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Treoir Tarmligthe (AE) 2022/277 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20000 u nó níos mo ná sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2021/8956
IO L 43, 24.2.2022, p. 35–37
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
24.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 43/35 |
TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/277 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Nollaig 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20 000 u nó níos mo ná sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (b), di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir 2011/65/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir. |
(2) |
Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. |
(3) |
Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. |
(4) |
De réir Threoir Tharmligthe 2014/14/AE (2), dheonaigh an Coimisiún díolúine maidir le húsáid mearcair, ina bhfuil cion uasta 3,5 mg, i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20 000 u nó níos mo ná sin (“an díolúine”), a liostaítear anois mar dhíolúine 1(g) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 31 Nollaig 2017, i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2014/14/AE. |
(5) |
Úsáidtear mearcair i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun solas ultraivialait a tháirgeadh, solas a thiontaítear ansin ina sholas infheicthe ag an mbratú fluaraiseach ar an mbolgán lampa. |
(6) |
An 28 Meitheamh 2016, fuair an Coimisiún iarratas ar athnuachan na díolúine (“an t-iarratas ar athnuachan”) laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, iarratas a tugadh cothrom le dáta le hiarratas athnuaite an 17 Eanáir 2020. I gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, fanann an díolúine bailí go dtí go nglacfar cinneadh ar an iarratas ar athnuachan. |
(7) |
Cinneadh sa mheastóireacht ar an iarratas ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil ionadaigh atá iontaofa go leormhaith agus atá saor ó mhearcair ar fáil i gcomhair na gcineálacha lampa a chumhdaítear leis an díolúine agus go bhfuil an t-ionadú indéanta ó thaobh na heolaíochta de agus ar bhonn teicniúil. Thairis sin, cinneadh sa mheastóireacht sin gur léir gur mhó na tairbhí a bhaineann le hionadú ná aon tionchar diúltach. Áiríodh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara sa mheastóireacht i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe. |
(8) |
Ós rud é nach gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (a), de Threoir 2011/65/AE, ba cheart an díolúine a chúlghairm. |
(9) |
Ba cheart dáta éaga a shocrú maidir leis an díolúine sin i gcomhréir le hAirteagal 5(6) de Threoir 2011/65/AE. Bíodh go bhfuil sciar beag de na cineálacha lampa (3) a chumhdaítear leis an díolúine sin faoi réir na gcritéar éicidhearthóireachta a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún (4), atá infheidhme ón 1 Meán Fómhair 2021, agus nach gcuirfear ar an margadh a thuilleadh iad dá bhrí sin, ní dhéantar difear d’fhormhór mór na lampaí a chumhdaítear leis an díolúine reatha leis na critéir faoin Rialachán Éicidhearthóireachta thuasluaite. Dá bhrí sin, is é an dáta éaga uasta is féidir, 18 mí tar éis an chinnidh, ba cheart a shocrú maidir le hiontráil iomlán na díolúine chun costais shocheacnamaíocha atá níos airde ná mar is gá a sheachaint ar rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil baint dhíreach acu le hionadú na catagóire deiridh sin. |
(10) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.
Airteagal 2
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.
(2) Treoir Tharmligthe 2014/14/AE ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, a mhéid a bhaineann le díolúine chun 3,5 mg mearcair in aghaidh an lampa i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20 000 u nó níos mo ná sin (IO L 4, 9.1.2014, lch. 71).
(3) Ón 1 Meán Fómhair 2021, cumhdaítear dlúthshoilse fluaraiseacha ag a bhfuil gléas rialaithe comhtháite (CFLi) leis an iontráil “Foinsí eile solais faoin raon feidhme nach luaitear thuas” i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún.
(4) Mar a luaitear in Aithris 9 agus Aithris 10 de Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún, níl aon cheanglas sonrach éicidhearthóireachta maidir le cion mearcair le socrú sa Rialachán sin.
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 1(g):
Díolúine |
Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta |
|
“1(g) |
Chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20 000 u nó níos mo ná sin: 3,5 mg |
In éag an 24 Lúnasa 2023” |