This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022H0758
Commission Recommendation (EU) 2022/758 of 27 April 2022 on protecting journalists and human rights defenders who engage in public participation from manifestly unfounded or abusive court proceedings (‘Strategic lawsuits against public participation’)
Moladh (AE) 2022/758 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (“Cúiseanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail”)
Moladh (AE) 2022/758 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (“Cúiseanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail”)
C/2022/2428
IO L 138, 17.5.2022, pp. 30–44
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
17.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 138/30 |
MOLADH (AE) 2022/758 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Aibreán 2022
maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn i mbun rannpháirtíocht an phobail a chosaint ó imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (“Cúiseanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail”)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Sonraítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. |
|
(2) |
Luaitear in Airteagal 10(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach go bhfuil sé de cheart ag gach saoránach den Aontas a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais. Déantar foráil i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”), inter alia, maidir leis an gceart chun meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7), an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an ceart maidir le saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear urraim do shaoirse agus d’iolrachas na meán (Airteagal 11), agus an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa (Airteagal 47). |
|
(3) |
Áirítear leis an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil mar atá leagtha amach in Airteagal 11 den Chairt an ceart tuairimí a bheith ag an duine agus faisnéis agus smaointe a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údarás poiblí agus gan beann ar theorainneacha. Cé nach ceart daingean é, aon teorainn a bhaineann leis an gceart sin, ní mór foráil a dhéanamh le dlí maidir léi, ní mór di bunbhrí an chirt a urramú, agus ní mór gan í a chur i bhfeidhm ach amháin má tá gá léi agus má fhreagraíonn sí go hiarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint (Airteagal 52(1) den Chairt). |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt agus leis na Mínithe a bhaineann leis an gCairt, ba cheart brí agus raon feidhme Airteagal 10 maidir le saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine arna léiriú ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine a thabhairt d’Airteagal 11 den Chairt. Cosnaíonn Airteagal 10 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Laistigh de raon feidhme chur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, ní mór aon srian a bheith leagtha síos sa dlí, ní mór aon srian a bheith riachtanach i sochaí dhaonlathach, agus ní mór é a dhéanamh chun na haidhmeanna dlisteanacha atá leagtha amach in Airteagal 10(2) den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine a bhaint amach. |
|
(5) |
Leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine forchuirtear freisin oibleagáid dhearfach ar stáit chonarthacha saoirse agus iolrachas na meán a chosaint agus timpeallacht fhabhrach a chruthú do rannpháirtíocht sa díospóireacht phoiblí (1). Sonraítear freisin i gcásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine go bhfuil an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh ar cheann de na bunchlocha riachtanacha de shochaí dhaonlathach agus go bhfuil sí infheidhme ní hamháin maidir le faisnéis nó smaointe a fhaightear go fabhrach nó a mheastar a bheith mídhíobhálach nó mar ábhar neamhdhifreálach, ach freisin maidir leo siúd a dhéanann an stát nó aon ghrúpa eile sa daonra a chosc, a shuaitheadh nó cur isteach air (2). Déantar a shoiléiriú ann freisin: “i sochaí dhaonlathach, ní mór do ghrúpaí feachtais, idir bheag agus neamhfhoirmiúil, […] a bheith in ann dul i mbun a ngníomhaíochtaí go héifeachtach” agus “go bhfuil leas láidir an phobail ag baint lena chur ar a gcumas do ghrúpaí agus do dhaoine aonair den sórt sin nach mbaineann leis an bpríomhshruth, cur leis an díospóireacht phoiblí trí fhaisnéis agus smaointe a scaipeadh maidir le hábhair a bhaineann le leas ginearálta an phobail” (3). |
|
(6) |
Bíonn ról tábhachtach ag iriseoirí maidir le díospóireacht phoiblí a éascú agus maidir le faisnéis, tuairimí agus smaointe a thabhairt agus a fháil (4). Tá sé ríthábhachtach go mbeidh an deis riachtanach acu chun cur le díospóireacht oscailte, shaor agus chothrom agus chun cur i gcoinne bréagaisnéise agus trasnaíocht ionramhálach eile, lena n-áirítear ó ghníomhaithe ó thríú tíortha. Ba cheart go mbeadh iriseoirí in ann a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh go héifeachtach chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar iolrachas tuairimí i ndaonlathais Eorpacha. |
|
(7) |
Tá ról tábhachtach freisin ag cosantóirí chearta an duine sna daonlathais Eorpacha, go háirithe maidir le cearta bunúsacha, luachanna daonlathacha, cuimsiú sóisialta, cosaint an chomhshaoil agus an smacht reachta a chaomhnú. Ba cheart dóibh a bheith in ann páirt ghníomhach a ghlacadh i saol an phobail agus a dtuairimí a chur in iúl maidir le cúrsaí beartais agus le próisis chinnteoireachta gan faitíos roimh imeaglú. Tagraíonn cosantóirí chearta an duine do dhaoine aonair nó d’eagraíochtaí atá ag gabháil do chearta bunúsacha agus cearta éagsúla eile a chosaint, lena n-áirítear cearta comhshaoil agus aeráide, cearta na mban, cearta LADTIA, cearta daoine a bhfuil cúlra mionlaigh ciníoch nó eitneach acu, cearta saothair nó saoirsí reiligiúnacha. |
|
(8) |
Éilíonn daonlathas sláintiúil rathúil go mbeidh daoine in ann páirt ghníomhach a ghlacadh i ndíospóireacht phoiblí. D’fhonn rannpháirtíocht fhóinteach a áirithiú, ba cheart daoine a bheith in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis iontaofa, rud a chuireann ar a gcumas a dtuairimí féin a chur le chéile agus a mbreithiúnas féin a fheidhmiú i spás poiblí inar féidir tuairimí éagsúla a chur in iúl gan bhac. |
|
(9) |
Chun an comhshaol seo a chothú, tá sé tábhachtach iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a chosaint ar imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús agus mí-úsáideach i gcoinne rannpháirtíocht an phobail (ar a dtugtar “cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail”, nó “SLAPPanna”, de ghnáth). Na himeachtaí cúirte sin, is follasach gur imeachtaí gan bhunús iad nó imeachtaí atá go hiomlán nó go páirteach gan bhunús, ar imeachtaí iad ina bhfuil gnéithe de mhí-úsáid ag baint leo lena dtugtar bonn cirt leis an toimhde gurb é príomhchuspóir na n-imeachtaí cúirte rannpháirtíocht an phobail a chosc, a shrianadh nó a phionósú. Má léirítear mí-úsáid den sórt sin, is de chineál díréireach, iomarcach nó míréasúnach é an t-éileamh, nó cuid de, go bhfuil éilimh éagsúla ann ón éilitheoir i ndáil le hábhair chomhchosúla, nó imeaglú, ciapadh nó bagairtí ar thaobh an éilitheora nó a n-ionadaithe, sular tionscnaíodh imeacht cúirte ar follasach go bhfuil sé gan bhunús nó mí-úsáideach. Mí-úsáid imeachtaí cúirte atá sna himeachtaí sin agus cuireann siad ualaí neamhriachtanacha ar na cúirteanna toisc nach aidhm leo rochtain a fháil ar cheartas, ach ar chosantóirí a chiapadh agus a chur ina dtost. Cruthaíonn imeachtaí fada ualaí ar chórais náisiúnta cúirteanna. |
|
(10) |
Is féidir imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús agus mí-úsáideach a bheith i bhfoirm réimse leathan mí-úsáidí dlíthiúla, go príomha in ábhair shibhialta nó choiriúla, ach i gcúrsaí dlí riaracháin freisin agus féadfar iad a bhunú ar fhorais éagsúla. |
|
(11) |
Is minic a thionscnaíonn daoine aonair cumhachtacha nó eintitis chumhachtacha (mar shampla grúpaí brústocaireachta, corparáidí agus comhlachtaí stáit) imeachtaí cúirte den sórt sin chun iarracht a dhéanamh díospóireacht phoiblí a chur ina tost. Is minic a bhaineann éagothroime cumhachta idir na páirtithe agus seasamh níos cumhachtaí ag an éilitheoir ná mar atá ag an gcosantóir, mar shampla ó thaobh airgeadais nó polaitíochta de. Cé nach cuid fhíor-riachtanach d’imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil sé gan bhunús nó mí-úsáideach, i gcás ina bhfuil éagothroime cumhachta ann, méadaítear go mór na héifeachtaí díobhálacha chomh maith le héifeachtaí géaraithe imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail. |
|
(12) |
D’fhéadfadh imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach drochthionchar a imirt ar chreidiúnacht agus ar chlú iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine go háirithe, mar aon lena n-acmhainní airgeadais agus eile a ídiú. D’fhéadfadh droch-iarmhairtí síceolaíocha a bheith ag na himeachtaí sin ar na spriocanna a dhíríonn siad orthu agus ar a mbaill teaghlaigh. Imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, cuireann siad cumas iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh i mbaol. Mar thoradh ar imeachtaí den sórt sin, d’fhéadfaí moill a chur ar fhaisnéis faoi ábhar a bhaineann le leas an phobail a fhoilsiú nó é a chosc go hiomlán. D’fhéadfadh sé go mbeadh éifeacht dhíspreagthach níos leithne ag imeachtaí den sórt sin ar obair iriseoirí agus chosantóirí chearta an duine, go háirithe, trí rannchuidiú leis an bhféinchinsireacht in oirchill imeachtaí cúirte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le bochtadh na díospóireachta poiblí chun aimhleasa na sochaí ina hiomláine. Is uirlisí cumhachtacha iad fad na nósanna imeachta, an brú airgeadais agus bagairt na smachtbhannaí coiriúla chun guthanna criticiúla a imeaglú agus a chur ina dtost. |
|
(13) |
Na daoine sin ar a ndíríonn imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, is minic a bhíonn an iliomad imeachtaí cúirte ina gcoinne ag an am céanna agus i roinnt dlínsí éagsúla. De ghnáth bíonn imeachtaí cúirte arna dtionscnamh i ndlínse Ballstáit amháin i gcoinne duine a bhfuil cónaí air i mBallstát eile níos casta agus níos costasaí don chosantóir. Éilitheoirí in imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, féadfaidh siad úsáid a bhaint freisin as uirlisí nós imeachta chun fad agus costas na dlíthíochta a mhéadú, agus cásanna a thabhairt i ndlínse a mheasann siad a bheith fabhrach dá gcás, seachas don chúirt is fearr a bheadh in ann an t-éileamh a éisteacht. |
|
(14) |
Tá úsáid imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach ag dul i méid san Aontas Eorpach. De réir staidéir a rinneadh le déanaí (5), is minice a úsáidtear imeachtaí den sórt sin ar fud na mBallstát anois. |
|
(15) |
Sa Rún uaithi an 25 Samhain 2020 (6), cháin Parlaimint na hEorpa an úsáid a bhaintear as SLAPPanna chun iriseoirí imscrúdaitheacha agus eagraíochtaí meán a chur ina dtost nó a imeaglú agus chun eagla a chruthú maidir leis an tuairisciú a dhéanann siad ar ábhair áirithe, agus d’iarr sí ar an gCoimisiún togra a chur i láthair chun iad a chosc. Ina Rún (7) an 11 Samhain 2021 maidir leis an daonlathas agus saoirse agus iolrachas na meán a neartú san Aontas: an úsáid mhíchuí atá á baint as caingne faoin dlí sibhialta agus coiriúil chun iriseoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an tsochaí shibhialta a chur ina dtost, léirigh Parlaimint na hEorpa arís leitheadúlacht an fheiniméin agus an gá atá le coimircí éifeachtacha dá íospartaigh ar fud an Aontais. |
|
(16) |
Ar Ardán Chomhairle na hEorpa maidir le Cosaint na hIriseoireachta agus Sábháilteacht na n-Iriseoirí a chur chun cinn (8), tuairiscítear freisin líon méadaitheach foláireamh maidir le bagairtí tromchúiseacha ar shábháilteacht iriseoirí agus ar shaoirse na meán san Eoraip, lena n-áirítear an iliomad cásanna den imeaglú breithiúnach. I dTuarascáil Bhliantúil 2021 ó na comhlachais chomhpháirtíochta chuig Ardán Chomhairle na hEorpa chun Cosaint na hIriseoireachta agus Sábháilteacht na nIriseoirí a chur chun cinn, leagtar béim ar an méadú suntasach a tháinig ar fholáirimh a bhaineann le SLAPPanna a tuairiscíodh in 2020 le linn na bliana roimhe sin, maidir le líon na bhfoláireamh agus líon dlínsí na mBallstát lena mbaineann de chuid Chomhairle na hEorpa (9). Sa Mholadh uaithi an 13 Aibreán 2016 maidir le hiriseoireacht agus sábháilteacht iriseoirí agus gníomhaithe eile sna meáin a chosaint (10), mhol an Chomhairle Eorpach dá Ballstáit na bearta reachtacha agus/nó na bearta eile is gá a dhéanamh chun cosc a chur ar úsáid shuaibhreosach, chráiteach nó mhailíseach an dlí agus an phróisis dhlíthiúil chun iriseoirí agus gníomhaithe meán eile a imeaglú agus a chur ina dtost. |
|
(17) |
I dTuarascálacha 2020 (11) agus 2021 (12) ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta, cuirtear i bhfios go láidir go mbíonn bagairtí agus ionsaithe maidir lena bhfoilseacháin agus lena gcuid oibre i bhfoirmeacha éagsúla, lena n-áirítear úsáid SLAPPanna, os comhair roinnt Ballstát, iriseoirí agus daoine eile a bhfuil baint acu le leas an phobail a chosaint. |
|
(18) |
Sampla lom d’úsáid imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail san Aontas is ea an t-iriseoir Daphne Caruana Galizia a raibh, tráth a feallmharaithe, os cionn 40 imeacht cúirte leabhail agus clúmhillte sibhialta agus coiriúil ina coinne a bhain lena cuid oibre imscrúdaithí. |
|
(19) |
Sa Phlean Gníomhaíochta Eorpach um Dhaonlathas (13) a thíolaic an Coimisiún an 3 Nollaig 2020, leagtar béim ar an ról bunúsach atá ag meáin shaora iolraíocha i ndaonlathas chomh maith le tábhacht na sochaí sibhialta. Leagtar béim ann, i measc nithe eile, ar an ról tábhachtach atá ag meáin neamhspleácha iolraíocha chun é a chur ar a gcumas do na saoránaigh cinntí feasacha a dhéanamh, agus sa chomhrac i gcoinne ionramháil faisnéise agus cur isteach ar an spás faisnéise, lena n-áirítear bréagaisnéis. Sa chomhthéacs sin, ghlac an Coimisiún cheana féin Moladh (AE) 2021/1534 maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe meán eile san Aontas Eorpach a áirithiú (14). Is é is aidhm don Mholadh sin dálaí oibre níos sábháilte a áirithiú do ghairmithe uile na meán, saor ó eagla agus ó imeaglú, bíodh sin ar líne nó as líne. I bhfianaise na bagartha atá ag dul i méid ó imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, ar bagairt í ar shaoirse na meán agus ar rannpháirtíocht an phobail, ba cheart don Aontas cur chuige comhleanúnach agus éifeachtach a fhorbairt chun cur i gcoinne imeachtaí den sórt sin. Comhlánaíonn an Moladh seo Moladh (AE) 2021/1534 trí mholtaí sonracha a sholáthar maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Tá níos mó i gceist leis ná cosaint iriseoirí agus gairmithe meán eile agus cuimsíonn a raon feidhme cosantóirí chearta an duine. Leis an Moladh seo, ba cheart aghaidh a thabhairt ar an mbagairt shonrach a bhaineann le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach agus tríd an méid sin a dhéanamh, ba cheart dó tacú le feidhmiú cuí an chórais srianta agus ceartúchán i ndaonlathas sláintiúil. Ba cheart dó treoir a thabhairt do na Ballstáit bearta éifeachtacha, iomchuí agus comhréireacha a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar imeachtaí den sórt sin agus chun a áirithiú sa chomhthéacs sin go gcosnófar iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine go háirithe. Ba cheart a áireamh ar na bearta a mholtar feasacht a mhúscailt agus saineolas a fhorbairt, go háirithe i measc gairmithe dlí agus spriocanna na n-imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, chun a áirithiú go bhfuil tacaíocht ar fáil dóibh siúd a ndíríonn na himeachtaí sin orthu agus chun tacú le faireachán feabhsaithe. |
|
(20) |
Chun foráil a dhéanamh maidir le cosaint éifeachtúil in aghaidh imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach agus chun cosc a chur ar an bhfeiniméan teacht isteach san Aontas, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanann a gcreataí dlíthiúla lena rialaítear imeachtaí sibhialta, coiriúla, tráchtála agus riaracháin faoi seach foráil a dhéanamh maidir leis na coimircí is gá chun aghaidh a thabhairt ar imeachtaí cúirte den sórt sin, agus lánurraim á tabhairt do luachanna daonlathacha agus do chearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun triail chóir a fháil agus an ceart chun tuairimí a nochtadh. Chun cosaint chomhsheasmhach agus éifeachtúil a chur ar fáil i gcoinne imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, ba cheart a bheith d’aidhm ag na Ballstáit a áirithiú go mbeidh díbhe luath ar fáil. Ba cheart é a bheith mar aidhm acu freisin leigheasanna eile a chur ar fáil i gcoinne imeachtaí cúirte mí-úsáideacha, eadhon costais a dhámhachtain, chun gur féidir a ordú d’éilitheoir a thionscain imeachtaí cúirte mí-úsáideacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail costais uile na n-imeachtaí a sheasamh, cúiteamh a íoc i leith damáistí d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a d’fhulaing díobháil mar thoradh ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail, agus an fhéidearthacht pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar an bpáirtí a thionscain imeachtaí cúirte mí-úsáideacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail. Is é an príomhchuspóir atá le deis a thabhairt do na cúirteanna pionóis a ghearradh, éilitheoirí féideartha a dhíspreagadh ó imeachtaí cúirte mí-úsaideacha a thionscnamh in aghaidh rannpháirtíocht an phobail. Ba cheart pionóis den sórt sin a bheith i gcomhréir le gnéithe na mí-úsáide a shainaithnítear. Agus méideanna le haghaidh pionós á socrú, d’fhéadfadh na cúirteanna a chur san áireamh go bhféadfadh éifeacht dhíobhálach nó fhuaraitheach a bheith ag na himeachtaí ar rannpháirtíocht an phobail, lena n-áirítear imeachtaí a bhaineann le cineál an éilimh, má rinne an t-éilitheoir an iliomad imeachtaí nó imeachtaí comhbheartaithe a thionscnamh in ábhair chomhchosúla, agus iarrachtaí a bheith ann an cosantóir a imeaglú, a chiapadh nó a bhagairt. |
|
(21) |
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na Ballstáit coimircí comhchosúla do chásanna intíre a áireamh ina ndlíthe náisiúnta agus a áirítear in ionstraimí de chuid an Aontais a fhéachann le haghaidh a thabhairt ar imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús agus mí-úsáideach, ar imeachtaí iad in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu. Sholáthródh sé sin cosaint chomhsheasmhach agus éifeachtúil in aghaidh imeachtaí cúirte den sórt sin agus rannchuideodh sé le cosc a chur ar an bhfeiniméan dul i méid san Aontas. |
|
(22) |
Ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú sonrach a dhéanamh ar a gcreataí dlíthiúla is infheidhme maidir le clúmhilleadh chun a áirithiú nach féidir le gearánaithe na coincheapa agus na sainmhínithe atá ann cheana a úsáid i gcoinne iriseoirí nó cosantóirí chearta an duine i gcomhthéacs imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. |
|
(23) |
Chun éifeacht fhuarálach ar an díospóireacht phoiblí a chosc, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh pionóis in aghaidh clúmhillte iomarcach ná díréireach. Ba cheart dóibh aird ar leith a thabhairt ar threoirlínte agus ar mholtaí Chomhairle na hEorpa (15) lena dtugtar aghaidh ar an gcreat dlíthiúil le haghaidh clúmhillte, go háirithe an dlí coiriúil. Sa chomhthéacs sin, moltar do na Ballstáit pianbhreitheanna príosúin mar gheall ar chlúmhilleadh a bhaint as a gcreat dlíthiúil. Ina Rún 1577 (2007) (16) d’iarr Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa ar a Bhallstáit ina ndéantar foráil fós maidir le pianbhreitheanna príosúin i leith clúmhillte, fiú mura bhforchuirtear iad go hiarbhír, deireadh a chur leis na pianbhreitheanna sin gan mhoill. Moltar do na Ballstáit freisin tús áite a thabhairt d’úsáid an dlí riaracháin nó shibhialta chun déileáil le cásanna clúmhillte, ar choinníoll nach bhfuil éifeacht chomh pionósach ag na forálacha sin ná na forálacha sa dlí coiriúil (17). |
|
(24) |
Níor cheart déileáil le cásanna clúmhillte ó thaobh an dlí choiriúil de a úsáid ach amháin mar rogha dheireanach agus ba cheart, ina ionad sin, tús áite a thabhairt do fhreagairtí trí dhlí riaracháin nó sibhialta, i gcomhréir le treoir ó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Mhol Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (18) agus an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (19) go mbainfí clúmhilleadh ó reachtanna an dlí choiriúil. Ar an gcaoi chéanna, tá amhras curtha in iúl ag Comhairle na hEorpa sa chomhthéacs sin (20). |
|
(25) |
An ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, déantar an ceart sin a chomhdhlúthú a thuilleadh i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21). Ní ceart daingean é an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint. In Airteagal 85 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, déantar foráil go ndéanfaidh na Ballstáit réiteach de réir dlí idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n-áirítear próiseáil chun críoch iriseoireachta agus chun críoch léirithe acadúil, ealaíne nó liteartha. |
|
(26) |
Ba cheart do na Ballstáit comhlachtaí féinrialála agus comhlachais de ghairmithe dlíthiúla a spreagadh chun a gcaighdeáin dualeolaíochta a ailíniú leis an Moladh seo, lena n-áirítear cóid iompair. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin, mar is ábhartha, go ndéanann na caighdeáin dualeolaíocha lena bhféachtar le gairmithe dlí a dhíspreagadh nó a thoirmeasc ó pháirt a ghlacadh in iompar a d’fhéadfadh a bheith ina mí-úsáid próisis nó ina mí-úsáid ar a bhfreagrachtaí gairmiúla eile i leith shláine an phróisis dhlíthiúil, agus i leith a smachtbhannaí araíonachta comhfhreagracha, go ndéanann siad imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a chumhdach. Ba cheart gníomhaíochtaí iomchuí múscailte feasachta agus oiliúna a bheith ag gabháil leis sin chun cur leis an eolas agus le héifeachtúlacht na gcaighdeán dualeolaíochta atá ann cheana agus atá ábhartha maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. |
|
(27) |
Is príomhghníomhaithe iad gairmithe dlíthiúla in imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, trí ionadaíocht a dhéanamh ar dhlíthithe, daoine aonair a ionchúiseamh nó díospóidí a bhreithniú. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go mbeadh an t-eolas agus na scileanna riachtanacha acu chun é sin a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit tacaíocht a thabhairt do na gairmithe dlí sin agus deiseanna oiliúna a thairiscint dóibh. D’fhéadfadh oiliúint rannchuidiú go substaintiúil lena n-eolas agus lena n-acmhainn a fhorbairt chun imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a bhrath, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil gné tríú tír acu, agus chun freagairt go hiomchuí do na himeachtaí sin. Ba cheart don oiliúint sin aghaidh a thabhairt ar na breithiúna agus ar an bhfoireann bhreithiúnach ar gach leibhéal cúirte, lena n-áirítear breithiúna, ionchúisitheoirí, an chúirt agus foireann oifige na n-ionchúisitheoirí, chomh maith le haon ghairmí ceartais eile a bhfuil baint aige leis na breithiúna nó atá rannpháirteach ar bhealach eile i riaradh an cheartais, gan beann ar an sainmhíniú sa dlí náisiúnta, stádas dlíthiúil nó eagraíocht inmheánach, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, i gcás ina bhféadfadh imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a bheith ann ar an gcéad dul síos. Ba cheart don oiliúint sin dul i ngleic freisin le gairmithe dlí eile amhail dlíodóirí cáilithe. Is féidir cur le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach na hoiliúna trí acmhainneacht oiliúna áitiúla a fhorbairt. |
|
(28) |
Dá leathnófaí an oiliúint sin d’iriseoirí, do chomhaltaí na bpreaschomhairle, do ghairmithe na meán agus do chosantóirí chearta an duine, chabhrófaí leo a shainaithint nuair a bheadh orthu dul i ngleic le himeachtaí cúirte den sórt sin agus scileanna dlí ríthábhachtacha a sholáthar dóibh chun an baol go mbeidís neamhchosanta ar imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a laghdú nó chun eolas níos fearr a thabhairt dóibh chun aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach níos fearr. D’fhéadfadh sé a chur ar a gcumas freisin tabhairt faoi thuairisciú láidir ar SLAPPanna. Ba cheart go ndéanfaí tagairt freisin san oiliúint d’iriseoirí do na caighdeáin eiticiúla agus do na treoirlínte eiticiúla atá leagtha amach ag comhairlí náisiúnta preasa nó meán. Ar mhaithe le cur leis an bhfothú foriomlán acmhainní agus an fhreagairt institiúideach a neartú ar imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, d’fhéadfadh údaráis cosanta sonraí, Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, institiúidí ombudóra agus comhlachtaí rialála stáit sna meáin a bheith páirteach san oiliúint sin. |
|
(29) |
Is maith is féidir le soláthraithe oiliúna dlíthiúla agus comhlachais de ghairmithe dlíthiúla oiliúint a thabhairt maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, chomh maith le cuspóirí na hoiliúna sin a chinneadh agus measúnú a dhéanamh ar an modheolaíocht oiliúna is oiriúnaí. Le hoiliúint a chuireann gairmithe dlí ar fáil do ghairmithe dlí eile, is féidir le gach duine foghlaim mar ghrúpa, taithí a roinnt níos fearr agus muinín fhrithpháirteach a chothú. Ba cheart malartú na gcleachtas ábhartha ar an leibhéal Eorpach a spreagadh, lena n-áirítear le tacaíocht ón gCoimisiún, le rannpháirtíocht an Ghréasáin Eorpaigh um Oiliúint Bhreithiúnach (EJTN). Tá rannpháirtíocht na gcleachtóirí dlí agus a gcomhlachas gairmiúil, idir anailísí riachtanas a ullmhú agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí, fíorthábhachtach chun éifeachtacht agus inbhuanaitheacht na ngníomhaíochtaí oiliúna a áirithiú. |
|
(30) |
Ba cheart don oiliúint aghaidh a thabhairt ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus ar chearta bunúsacha eile, faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus faoin dlí náisiúnta agus ba cheart treoir phraiticiúil a bheith ar áireamh inti maidir le conas cásdlí ábhartha a chur i bhfeidhm, srianta ar chearta bunúsacha agus naisc eatarthu, lena n-áirítear saoirse chun tuairimí a nochtadh, coimircí nós imeachta chomh maith le forálacha ábhartha eile faoin dlí náisiúnta. Ba cheart aird chuí a thabhairt ar lámhleabhar Chomhairle na hEorpa do chleachtóirí dlí maidir leis an gceart chun tuairimí a nochtadh faoi CECD a chosaint (22). |
|
(31) |
Ba cheart aghaidh a thabhairt le hoiliúint, i measc nithe eile, ar chosaint sonraí pearsanta a d’fhéadfaí a úsáid chun imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail a thionscnamh ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar ionramháil faisnéise agus ar chur isteach ar fhaisnéis, lena n-áirítear bréagaisnéis. |
|
(32) |
Ba cheart an creat náisiúnta dlí agus an comhthéacs náisiúnta a chur san áireamh san oiliúint. Ach iad sin a chomhcheangal leis an treoir a d’fhorbair Comhairle na hEorpa, d’fhéadfaí cur leis na cuspóirí foghlama rathúla a bhaineann le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail a thionscnamh ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach agus dea-chleachtais ó Bhallstáit eile ar bhealach struchtúrtha comhleanúnach. Féadfar oiliúint a úsáid freisin chun malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit a chothú. |
|
(33) |
Chun dul i bhfeidhm ar phobal níos leithne agus chun tacaíocht a chothú, ba cheart an leas is fearr is féidir a bhaint as teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear oiliúint ar líne, san oiliúint ar imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Bheadh rochtain ar ríomhacmhainní, ar ábhar atá cothrom le dáta, agus ar uirlisí foghlama neamhspleácha maidir le reachtaíocht agus treoir ábhartha ina gcomhlánú ar na sochair a bhaineann le gníomhaíochtaí oiliúna den sórt sin. |
|
(34) |
Chun sineirgí le tionscnaimh chomhchosúla maidir le hoiliúint a chur ar ghairmithe dlí a chothú, d’fhéadfaí modúil oiliúna ar imeachtaí cúirte maidir le rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a chur san áireamh in oiliúint ar ábhair ghaolmhara, amhail saoirse chun tuairimí a nochtadh agus eitic dhlíthiúil. Ba cheart úsáid na n-ábhar agus na gcleachtas oiliúna atá ann cheana a spreagadh, amhail na hábhair agus na cleachtais sin a chuirtear chun cinn ar an Tairseach Eorpach don ríomh-Cheartas, Sraith Straitéisí Uilíoch Unesco le haghaidh Gníomhaithe Breithiúnacha (23), agus na cúrsaí ar líne ón gclár HELP (Oideachas ar Chearta Daonna do Ghairmithe Dlí) (24), ar clár de chuid Chomhairle na hEorpa é. |
|
(35) |
Dá n-áireofaí imeachtaí cúirte ain aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach sna curaclaim dlí agus iriseoireachta, chuideodh sin le heolas níos fearr a thabhairt do ghairmithe dlí agus d’iriseoirí chun na himeachtaí sin a shainaithint agus eolas sonrach a thabhairt dóibh chun freagairt dá réir, agus tacú le saineolas agus inniúlachtaí gairmiúla a fhorbairt i measc léachtóirí. D’fhéadfadh institiúidí ardoideachais an t-eolas sin a chur ar fáil i gcúrsaí comhlántacha nó i seimineáir chomhlántacha le linn na mblianta deireanacha de chlár céime, mar shampla do mhic léinn dlí agus iriseoireachta. |
|
(36) |
Ba cheart do na Ballstáit tacú le feachtais ardaithe feasachta maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach arna n-eagrú ag eintitis náisiúnta i measc eintitis eile, lena n-áirítear Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. |
|
(37) |
Gníomhaíochtaí cumarsáide ar imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, d’fhéadfadh siad a bheith i bhfoirm foilseachán, teachtaireachtaí, cruinnithe poiblí, comhdhálacha, ceardlann agus seimineáir ghréasáin. |
|
(38) |
Is minic a bhíonn deacrachtaí ag spriocanna na n-imeachtaí in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach teacht ar fhaisnéis faoi na hacmhainní tacaíochta atá ar fáil. Chun gur fusa eintitis nó comhlachtaí a shainaithint atá in ann cúnamh a thabhairt maidir le himeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach agus chun éifeachtacht na tacaíochta i gcoinne imeachtaí den sórt sin a áirithiú, ba cheart faisnéis a bhailiú agus a chur ar fáil ag pointe aonair, saor in aisce agus rochtain éasca a bheith uirthi. Chuige sin, ba cheart do gach Ballstát pointe fócasach náisiúnta amháin a bhunú a bhailíonn agus a roinneann faisnéis maidir leis na hacmhainní atá ar fáil. |
|
(39) |
Ba cheart é a bheith mar bhunsprioc ag gníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach feasacht a chur chun cinn maidir leis an tábhacht a bhaineann le spás poiblí lena gcumasaítear rannpháirtíocht dhaonlathach agus lena dtugtar rochtain do shaoránaigh ar iolrachas tuairimí agus ar fhaisnéis iontaofa, saor ó chlaontacht. |
|
(40) |
Ba cheart feachtais ardaithe feasachta a chomhordú le lárionaid náisiúnta agus le húdaráis inniúla eile chun a n-éifeachtacht a áirithiú. Ba cheart dóibh sineirgí a lorg freisin le feachtais ardaithe feasachta maidir le hábhair chomhoiriúnacha amhail iad siúd a dhíríonn ar dhíospóireacht oscailte, shaor agus chothrom a chothú agus ar chosaint an chirt chun tuairimí a nochtadh, agus ba cheart iad a chomhtháthú le gníomhaíochtaí múscailte feasachta lena gcuirtear rannpháirtíocht ghníomhach shibhialta, iolrachas tuairimí agus rochtain ar fhaisnéis iontaofa chun cinn. Ba cheart dóibh sineirgí a lorg freisin, de réir mar is ábhartha, le forbairt athléimneachta maidir leis na meáin, litearthacht faisnéise, caighdeáin iriseoireachta agus seiceáil fíricí i gcomhthéacs bearta lena dtugtar aghaidh ar bhréagaisnéis, ar ionramháil faisnéise, agus ar chur isteach ón gcoigríoch. D’fhéadfaí a áireamh ar an spriocghrúpa, inter alia, grúpaí sonracha, amhail gairmithe meán, gairmithe dlí agus baill d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, gairmithe cumarsáide, lucht acadúil, meithleacha machnaimh, polaiteoirí, státseirbhísigh, údaráis phoiblí agus corparáidí príobháideacha. |
|
(41) |
Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na Ballstáit a áirithiú, trí mhodh ar bith a mheasann siad a bheith iomchuí, go mbeidh faisnéis ar fáil maidir leis na coimircí nós imeachta agus na coimircí eile faoina gcreataí dlíthiúla náisiúnta, lena n-áirítear faisnéis faoi na heintitis nó na comhlachtaí ar féidir teagmháil a dhéanamh leo chun cúnamh a thabhairt i gcoinne imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. |
|
(42) |
Féadfar a áireamh ar na hacmhainní tacaíochta sin gnólachtaí dlí a dhéanann spriocanna na n-imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a chosaint ar bhonn pro bono, mar aon le clinicí dlíthiúla ollscoileanna a sholáthraíonn an tacaíocht sin, eagraíochtaí a chláraíonn SLAPPanna agus a dhéanann tuairisciú orthu, agus eagraíochtaí a sholáthraíonn cúnamh airgeadais agus cúnamh eile do spriocanna na n-imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. |
|
(43) |
Spriocanna na n-himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, ní mór na hacmhainní cuí a bheith acu chun aghaidh a thabhairt ar imeachtaí den sórt sin. Is gá, dá bhrí sin, cumais a fhorbairt sna Ballstáit chun tacaíocht a chur ar fáil dóibh siúd a ndírítear orthu leis na himeachtaí sin. Ba cheart do na Ballstáit cistiú a thairiscint agus cistiú atá ar fáil ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn d’eagraíochtaí a thugann treoir agus tacaíocht do spriocanna na n-imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. |
|
(44) |
Is gá faireachán níos córasaí a dhéanamh ar imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach chun dul i ngleic leis an bhfeiniméan ar bhealach níos fearr. Ba cheart go n-áireofaí ar na sonraí a bhailítear faisnéis leordhóthanach d’údaráis agus do pháirtithe leasmhara ábhartha eile chun é a chainníochtú agus a thuiscint níos fearr, lena n-áirítear d’fhonn an tacaíocht is gá a sholáthar do spriocanna. Ba cheart do na Ballstáit, agus a socruithe institiúideacha maidir le staitisticí breithiúnach á gcur san áireamh (25), a chur de chúram ar údarás amháin nó níos mó sonraí a bhailiú agus a chomhiomlánú maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a thionscnaítear i gcúirteanna náisiúnta. Féadfaidh na húdaráis sin na sonraí a bhailiú ó pháirtithe leasmhara éagsúla. Chun bailiú sonraí a éascú, féadfaidh na húdaráis a bhfuil sé de chúram orthu sonraí a bhailiú pointí teagmhála a bhunú ionas gur féidir le húdaráis bhreithiúnacha, eagraíochtaí gairmiúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha, cosantóirí chearta an duine, iriseoirí agus páirtithe leasmhara eile sonraí a roinnt maidir le himeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Ba cheart do na Ballstáit a chur de chúram ar cheann de na húdaráis sin comhordú na faisnéise agus tuairisciú na sonraí comhiomlánaithe arna mbailiú ar an leibhéal náisiúnta a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar bhonn bliantúil, ag tosú ag deireadh 2023. Ba cheart do na Ballstáit cuntasacht na sonraí arna mbailiú a áirithiú. Chun na críche sin, ba cheart dóibh a áirithiú go gcloíonn an próiseas bailithe sonraí le caighdeáin ghairmiúla agus go mbeidh neamhspleáchas leordhóthanach ag na húdaráis a bhfuil bailiú sonraí agus staidreamh de chúram orthu. Ba cheart na ceanglais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh. |
|
(45) |
Agus bailiú agus tuairisciú sonraí á gcur de chúram ar na húdaráis, d’fhéadfadh na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar shineirgí a bhunú le hionstraimí ábhartha i réimse an smachta reachta agus cearta bunúsacha a chosaint. Féadfaidh Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, i gcás ina bhfuil siad bunaithe, ról tábhachtach a bheith acu chomh maith le heintitis eile amhail oifigí ombudóra, comhlachtaí comhionannais, nó údaráis inniúla amhail na húdaráis arna n-ainmniú faoi Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), féadfaidh siad a bheith ábhartha freisin. Na pointí fócasacha náisiúnta a thugann forbhreathnú ar acmhainní tacaíochta agus na heintitis nó na húdaráis a bhfuil sé de chúram orthu sonraí a bhailiú agus a thuairisciú, d’fhéadfadh siad a bheith lonnaithe san eagraíocht chéanna, agus na ceanglais agus na critéir a gcuirtear síos orthu sa Mholadh seo á gcur san áireamh. |
|
(46) |
Na húdaráis a bhfuil sé de chúram orthu sonraí a bhailiú, ba cheart dóibh faisnéis maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideacha fhoilsiú i bhformáidí inrochtana ar a suíomhanna gréasáin, agus, de réir mar is ábhartha, trí uirlisí iomchuí eile. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart dóibh a áirithiú go n-urramaítear ina n-iomláine cearta bunúsacha na ndaoine aonair sin a bhfuil baint acu le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, lena n-áirítear an ceart chun príobháideachta agus chun sonraí pearsanta. |
|
(47) |
Chun fad na n-imeachtaí a bhaineann le himeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a shonrú, ba cheart faisnéis chruinn a bhailiú maidir leis na himeachtaí, na gníomhartha nó na caingne a thosaigh agus a tugadh chun críche iad agus na dátaí ar ar tharla siad aon uair is féidir. Ba cheart a áireamh freisin sna sonraí a bhailítear, de réir mar is ábhartha, faisnéis faoi chúlra cáis, mar shampla, i gcás ina ndearnadh imeachtaí atriallacha cúirte roimhe sin i gcoinne an chosantóra chéanna nó an ghearánaí céanna. |
|
(48) |
De réir mar is gá, d’fhéadfadh sainghrúpa an Aontais in aghaidh SLAPPanna a bhunaigh an Coimisiún (27) tacú le critéir inchomparáide a fhorbairt ar fud na mBallstát ar féidir leis na húdaráis a bhfuil de chúram orthu sonraí a bhailiú agus a thuairisciú maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. |
|
(49) |
Tacaíonn sainghrúpa an Aontais in aghaidh SLAPPanna le malartú agus scaipeadh cleachtas agus eolais i measc cleachtóirí maidir le saincheisteanna a bhaineann le SLAPPanna. D’fhéadfadh sé, i measc nithe eile, cúnamh teicniúil a thabhairt d’údaráis chun pointí fócasacha a bhunú, ábhar oiliúna a fhorbairt agus cúnamh dlí a eagrú. |
|
(50) |
Is é is aidhm don Chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), na cearta agus na luachanna a chumhdaítear sna Conarthaí agus sa Chairt a chosaint agus a chur chun cinn. D’fhonn sochaithe daonlathacha atá bunaithe ar an smacht reachta a chothú agus a fhorbairt tuilleadh, foráiltear leis an gclár CERV inter alia go bhféadfaí maoiniú a thabhairt do ghníomhaíochtaí atá nasctha le fothú acmhainní agus le feasacht maidir leis an gCairt, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Foráiltear leis an gClár um Cheartas, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/692 (29), inter alia go bhféadfaí gníomhaíochtaí atá nasctha le hoiliúint bhreithiúnach a chistiú, d’fhonn cultúr coiteann dlíthiúil agus breithiúnach bunaithe ar an smacht reachta a chothú, agus tacú le cur chun feidhme comhsheasmhach éifeachtach ionstraimí dlí an Aontais atá ábhartha i gcomhthéacs an Chláir agus an cur chun feidhme sin a chur chun cinn. |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
ÁBHAR
|
1. |
Leagtar amach sa Mholadh seo treoir do na Ballstáit bearta éifeachtacha, iomchuí agus comhréireacha a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach i gcoinne rannpháirtíocht an phobail agus chun iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a chosaint in aghaidh imeachtaí den sórt sin, agus lánurraim á tabhairt do luachanna daonlathacha agus do chearta bunúsacha. |
NA CREATAÍ IS INFHEIDHME
|
2. |
Mar riail ghinearálta, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéantar foráil lena gcreataí dlíthiúla is infheidhme maidir leis na coimircí is gá chun aghaidh a thabhairt ar imeachtaí cúirte i gcoinne rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach agus lánurraim á tabhairt do luachanna daonlathacha agus do chearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun triail chóir a fháil agus an ceart chun tuairimí a nochtadh. |
|
3. |
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cosaintí nós imeachta ar fáil chun dífhostú luath a dheonú i leith imeachtaí cúirte i gcoinne rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús. Ba cheart é a bheith mar aidhm acu freisin leigheasanna eile a chur ar fáil i gcoinne imeachtaí cúirte mí-úsáideacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail, eadhon costais a dhámhachtain, rud a chiallaíonn gur féidir a ordú d’éilitheoir a thionscain imeachtaí cúirte mí-úsáideacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail costais uile na n-imeachtaí a sheasamh, cúiteamh a íoc i leith damáistí d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach a d’fhulaing díobháil mar thoradh ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail, agus an fhéidearthacht pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar an bpáirtí a thionscain imeachtaí cúirte mí-úsáideacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail. |
|
4. |
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na Ballstáit coimircí comhchosúla le haghaidh cásanna intíre a áireamh ina ndlíthe náisiúnta agus na coimircí sin a áirítear in ionstraimí de chuid an Aontais, ionstraimí a fhéachann le haghaidh a thabhairt ar chásanna in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús agus mí-úsáideach, ar cásanna iad in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu. |
|
5. |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh tionchar gan údar ag a rialacha is infheidhme maidir le clúmhilleadh ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar thimpeallacht meán atá oscailte, saor agus iolraíoch, agus ar rannpháirtíocht an phobail. |
|
6. |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil a rialacha is infheidhme maidir le clúmhilleadh sách soiléir, lena n-áirítear a gcoincheapa, chun an riosca go mbainfí drochúsáid nó mí-úsáid astu a laghdú. |
|
7. |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin nach bhfuil pionóis i gcoinne clúmhillte iomarcach ná díréireach. Ba cheart do na Ballstáit lánaird a thabhairt ar threoirlínte agus ar mholtaí Chomhairle na hEorpa (30) lena dtugtar aghaidh ar an gcreat dlíthiúil don chlúmhilleadh, agus go háirithe ar an dlí coiriúil. Sa chomhthéacs sin, moltar do na Ballstáit pianbhreitheanna príosúin mar gheall ar chlúmhilleadh a bhaint as a gcreat dlíthiúil. Moltar do na Ballstáit leas a bhaint as an dlí riaracháin nó sibhialta chun déileáil le cásanna clúmhillte (31), ar choinníoll nach bhfuil éifeacht ag na forálacha sin atá chomh pionósach céanna leis na forálacha sa dlí coiriúil. |
|
8. |
Ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh nasc leordhóthanach a dhéanamh ina reachtaíocht idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil chun an dá cheart sin a réiteach, mar a cheanglaítear le hAirteagal 85(2) de Rialachán (AE) 2016/679. |
|
9. |
Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go mbreithníonn na rialacha dualeolaíochta lena rialaítear iompar na ngairmithe dlíthiúla agus na smachtbhannaí araíonachta i leith shárú na rialacha sin bearta iomchuí chun imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail a dhíspreagadh ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Ba cheart do na Ballstáit comhlachtaí féinrialála agus comhlachais de ghairmithe dlíthiúla a spreagadh chun a gcaighdeáin dualeolaíochta, lena n-áirítear a gcóid iompair, a ailíniú leis an moladh sin. Moltar freisin feasacht a ardú agus oiliúint iomchuí a chur ar fáil. |
OILIÚINT
|
10. |
Ba cheart do na Ballstáit tacú le deiseanna oiliúna do ghairmithe dlí maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, amhail na breithiúna agus an fhoireann bhreithiúnach ar gach leibhéal cúirte, dlíodóirí cáilithe agus spriocanna féideartha na n-imeachtaí cúirte sin. Ba cheart an oiliúint a bheith dírithe ar shaineolas a fhorbairt chun imeachtaí den sórt sin a bhrath agus chun freagairt mar is iomchuí. |
|
11. |
Ba cheart do na Ballstáit comhlachais de ghairmithe dlíthiúla agus soláthraithe oiliúna dlíthiúla a spreagadh chun oiliúint a thairiscint maidir le conas déileáil le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Spreagfaidh an Coimisiún soláthraithe oiliúna ar an leibhéal Eorpach amhail an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach chun an oiliúint sin a chur ar fáil. Ba cheart baint a bheith ag cleachtóirí dlí agus ag a gcomhlachais ghairmiúla le forbairt, eagrú, stiúradh agus meastóireacht na hoiliúna. |
|
12. |
Ba cheart an oiliúint na gnéithe ábhartha de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine a chuimsiú. Ba cheart a áireamh ann treoir phraiticiúil maidir le conas dlí an Aontais, cásdlí náisiúnta, cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a chur i bhfeidhm, maidir lena fháil amach go gcomhlíonann srianta ar fheidhmiú na saoirse chun tuairimí a nochtadh na ceanglais dá bhforáiltear, faoi seach, in Airteagal 52 den Chairt agus in Airteagal 10(2) den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine chomh maith leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, agus le cearta bunúsacha eile. |
|
13. |
Ba cheart an oiliúint na coimircí nós imeachta i gcoinne imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a chuimsiú freisin, i gcás ina mbeidh fáil orthu, chomh maith le dlínse agus an dlí ábhartha is infheidhme maidir le cearta bunúsacha, ábhair choiriúla, riaracháin, shibhialta agus tráchtála. |
|
14. |
Ba cheart gníomhaíochtaí oiliúna aghaidh a thabhairt freisin ar an oibleagáid atá ar na Ballstáit, faoi Rialachán (AE) 2016/679, réiteach a dhéanamh, de réir dlí, idir cosaint sonraí pearsanta agus an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Ba cheart a chumhdach leo rialacha arna nglacadh ag na Ballstáit chuige sin agus na díolúintí nó na maoluithe sonracha ar Rialachán (AE) 2016/679 is infheidhme maidir le próiseáil sonraí a dhéantar chun críche iriseoireachta nó chun críche léirithe acadúil, ealaíne nó liteartha (32). Ba cheart aird chuí a thabhairt ar na heilimintí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh seo. |
|
15. |
Ba cheart do na Ballstáit smaoineamh ar oiliúint den sórt sin a neadú san oiliúint maidir le saoirse chun tuairimí a nochtadh agus maidir le heitic dhlíthiúil. |
|
16. |
Le hoiliúint d’iriseoirí, do ghairmithe meán eile agus do chosantóirí chearta an duine, ba cheart a gcumas a neartú déileáil le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. San oiliúint sin, ba cheart díriú ar imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a shainaithint, ar an mbealach ina ndéileálfaí leis sa chás go ndíreodh na himeachtaí cúirte sin orthu mar spriocanna, agus na daoine sin a chur ar an eolas faoina gcearta agus faoina n-oibleagáidí ionas go mbeidh siad in ann na bearta is gá a dhéanamh chun iad féin a chosaint i gcoinne imeachtaí den sórt sin. Ba cheart go n-áireofaí san oiliúint d’iriseoirí na caighdeáin eiticiúla agus na treoirlínte atá leagtha amach ag comhairlí náisiúnta preasa nó meán. |
|
17. |
D’fhéadfadh na Ballstáit institiúidí ardoideachais a spreagadh chun eolas a chur san áireamh maidir le conas imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a shainaithint ina gcuraclaim, go háirithe i gcás céimeanna dlí agus iriseoireachta. |
|
18. |
D’fhéadfaí a áireamh san oiliúint teistiméireachtaí ó spriocanna na n-imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an oiliúint malartú taithí a chothú i measc na mBallstát, agus an leas is fearr a bhaint as an eolas a forbraíodh faoi chuimsiú shainghrúpa an Aontais in aghaidh SLAPPanna. |
MÚSCAILT FEASACHTA
|
19. |
Moltar do na Ballstáit tacú le tionscnaimh, lena n-áirítear tionscnaimh de chuid Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, arb é is aidhm dóibh feasacht a mhúscailt agus feachtais faisnéise a eagrú maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Ba cheart béim ar leith a leagan ar aghaidh a thabhairt ar spriocanna féideartha na n-imeachtaí sin. |
|
20. |
Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag gníomhaíochtaí múscailte feasachta míniú a thabhairt ar an tsaincheist maidir le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach ar bhealach simplí agus inrochtana ionas go sainaithneofaí na himeachtaí sin go héasca. |
|
21. |
Le gníomhaíochtaí múscailte feasachta, ba cheart faisnéis a chur ar fáil maidir le struchtúir tacaíochta atá ann cheana, lena n-áirítear tagairt do phointí comhtheagmhála náisiúnta a bhailíonn agus a roinneann faisnéis faoi na hacmhainní atá ar fáil. Leis na hiarrachtaí chun feasacht a ardú, ba cheart forléargas soiléir a thabhairt freisin ar línte dlíthiúla cosanta atá ar fáil faoi na creataí náisiúnta i gcás imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach agus ar an gcaoi a bhféadfaí iad a úsáid go héifeachtach. |
|
22. |
D’fhéadfadh feachtais ardaithe feasachta, lena ndéantar meon diúltach, steiréitíopaí agus réamhchlaonadh a chomhrac, aghaidh a thabhairt ar imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. |
|
23. |
Ba cheart tuiscint níos fearr ar chineál agus ar mhéid an tionchair a bhíonn ag imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a áireamh i ngníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir leis an gceart chun tuairimí a nochtadh atá dírithe ar ghrúpaí sonracha, amhail gairmithe meán, gairmithe dlíthiúla, comhaltaí d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lucht acadúil, meithleacha machnaimh, gairmithe cumarsáide, státseirbhísigh, polaiteoirí, údaráis phoiblí agus corparáidí príobháideacha. |
SÁSRAÍ TACAÍOCHTA
|
24. |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ar thacaíocht aonair neamhspleách ag spriocanna na n-imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit eagraíochtaí a thugann treoir agus tacaíocht do na spriocanna sin a shainaithint agus a neartú. Féadfar a áireamh ar na heagraíochtaí sin comhlachais de ghairmithe dlí, comhairlí meán agus preasagallaimh, bratchomhlachais do chosantóirí chearta an duine, comhlachais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, gnólachtaí dlí a dhéanann spriocanna na n-imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a chosaint ar bhonn pro bono, clinicí dlíthiúla ollscoileanna agus eagraíochtaí neamhrialtasacha eile. |
|
25. |
Ba cheart do gach Ballstát pointe fócasach a bhunú a bhailíonn agus a roinneann faisnéis maidir le gach eagraíocht a thugann treoir agus tacaíocht do spriocanna na n-imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. |
|
26. |
Moltar do na Ballstáit úsáid a bhaint as cistiú náisiúnta agus cistiú an Aontais chun tacaíocht airgeadais a sholáthar agus cistiú atá ar fáil ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn le haghaidh eagraíochtaí a thugann treoir agus tacaíocht do spriocanna na n-imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, go háirithe chun a áirithiú go bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu chun freagairt go tapa ar imeachtaí den sórt sin. |
|
27. |
Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil cúnamh dlí ar fáil do chosantóirí imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach, agus go bhfuil an cúnamh sin ar fáil ar bhealach inacmhainne agus inrochtana. |
|
28. |
Ba cheart do na Ballstáit malartú faisnéise agus dea-chleachtas a éascú idir eagraíochtaí a thugann treoir agus tacaíocht do spriocanna na n-imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. |
SONRAÍ A BHAILIÚ AGUS A THUAIRISCIÚ AGUS FAIREACHÁN A DHÉANAMH
|
29. |
Ba cheart do na Ballstáit, agus a socruithe institiúideacha maidir le staitisticí breithiúnacha á gcur san áireamh, a chur de chúram ar údarás amháin nó níos mó a bheith freagrach, agus lánurraim á tabhairt do cheanglais cosanta sonraí, sonraí ar imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a thionscnaítear ina ndlínse a bhailiú agus a chomhiomlánú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur údarás amháin atá freagrach as an bhfaisnéis a chomhordú agus na sonraí comhiomlánaithe a bailíodh ar an leibhéal náisiúnta a thuairisciú don Choimisiún ar bhonn bliantúil ag tosú ag deireadh 2023, agus na ceanglais cosanta sonraí á n-urramú ina n-iomláine. Foilseoidh an Coimisiún achoimre bhliantúil ar an ionchur a fuarthas. |
|
30. |
I gcás inar gá, d’fhéadfadh sainghrúpa an Aontais in aghaidh SLAPPanna tacú le forbairt agus le húsáid na gcaighdeán agus na dteimpléad maidir le bailiú sonraí. |
|
31. |
Ba cheart an méid seo a leanas a áireamh sna sonraí dá dtagraítear i bpointe 29:
|
|
32. |
Ba cheart don údarás a áirithíonn comhordú, dá dtagraítear i bpointe 29, na sonraí a fhoilsiú i bhformáidí inrochtana ar a shuíomh gréasáin, agus de réir mar is ábhartha trí uirlisí iomchuí eile, agus na socruithe is gá á nglacadh aige chun a áirithiú go gcosnófar cearta na ndaoine sin a bhfuil baint acu le himeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. |
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
|
33. |
Ba cheart do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as an tacaíocht chistiúcháin atá ar fáil ar leibhéal an Aontais chun forálacha sonracha an Mholta seo a chur chun feidhme, agus chun na deiseanna cistiúcháin atá ar fáil d’eintitis phoiblí agus phríobháideacha a chur chun cinn, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe faoin gClár CERV agus faoin gClár um Cheartas. |
|
34. |
Ba cheart do na Ballstáit tuarascáil a tharchur chuig an gCoimisiún, faoi dheireadh 2023 agus ina dhiaidh sin arna iarraidh sin dóibh, i gcomhréir leis na rialacha maidir le cosaint sonraí, tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Mholta seo ina mbeidh na sonraí comhiomlánaithe arna gcomhdhlúthú ar leibhéal na mBallstát. De réir mar is gá, tionólfaidh an Coimisiún plé leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara, i bhfóraim ábhartha, maidir leis na bearta agus na gníomhaíochtaí a dhéantar chun an Moladh a chur i bhfeidhm. |
|
35. |
Tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis an dáta a ghlacfar é, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thionchar an Mholta seo ar éabhlóid imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail Aontas Eorpach ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach. Ar an mbonn sin, cinnfidh an Coimisiún an bhfuil gá le bearta breise chun cosaint leordhóthanach spriocanna na n-imeachtaí sin a áirithiú, agus torthaí Thuarascálacha an Choimisiúin maidir leis an Smacht Reachta agus faisnéis ábhartha eile, lena n-áirítear sonraí seachtracha, á gcur san áireamh. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Aibreán 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Didier REYNDERS
Comhalta den Chomisiún
(1) Féach mar shampla breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 14 Meán Fómhair 2010, Dink v. an Tuirc (iarratais Uimh. 2668/07, 6102/08, 30079/08, 7072/09 agus 7124/09), mír 137. Féach freisin maidir leis na hoibleagáidí dearfacha faoi Airteagal 10 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, an Tuarascáil ón Rannán Taighde den Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, https://www.echr.coe.int/documents/research_report_article_10_eng.pdfI
(2) Féach breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 7 Nollaig 1976, Handyside v. An Ríocht Aontaithe (iarratas uimh. 5493/72), mír 49.
(3) Féach breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 15 Feabhra 2005, Steel and Morris v. An Ríocht Aontaithe (iarratas uimh. 68416/01), mír 89.
(4) Le Moladh CM/Rec(2022)4 ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa maidir le timpeallacht fhabhrach d’iriseoireacht ar ardchaighdeán a chur chun cinn sa ré dhigiteach, foráiltear go ndéanann “[...] iriseoireacht ardchaighdeáin, a bhíonn ag brath ar chaighdeáin na heitice gairmiúla ach a mbíonn foirmeacha éagsúla i gceist léi de réir comhthéacsanna geografacha, dlíthiúla agus sochaíocha, an dá sprioc a shaothrú maidir le gníomhú mar fhoras faire poiblí i sochaithe daonlathacha agus cur le feasacht agus eagnaíocht an phobail”, https://search.coe.int/cm/pages/result_details.aspx?objectid=0900001680a5ddd0. I Rún 2213 (2018) maidir le stádas iriseoirí san Eoraip arna ghlacadh ag Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa, i ndáil le hiriseoirí gairmiúla tagraítear do “mhisean chun faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir le faisnéis ar ábhair spéise ghinearálta nó speisialaithe ar bhealach chomh freagrach agus chomh hoibiachtúil agus is féidir.” https://search.coe.int/cm/pages/result_details.aspx?objectid=0900001680a5ddd0.
(5) Academic network on European citizenship rights, Ad hoc request – SLAPP in the EU context, an 29 Bealtaine 2020, https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/ad-hoc-literature-review-analysis-key-elements-slapp_en.pdf, lch. 4 agus Academic network on European citizenship rights, Strategic Lawsuits Against Public Participation (SLAPP) in the European Union: A comparative study, an 30 Meitheamh 2021, https://ec.europa.eu/info/files/strategic-lawsuits-against-public-participation-slapp-european-union-comparative-study_en.
(6) P9_TA(2020)0320. Sa Rún sin, d’athdhearbhaigh an Pharlaimint téarmaí a Rúin an 28 Márta 2019 (P8_TA(2019)0328).
(7) P9_TA(2021)0451.
(8) Ó bhí 2015 ann, d’éascaigh Ardán Chomhairle na hEorpa faisnéis a thiomsú agus a scaipeadh maidir le himní thromchúiseacha faoi shaoirse agus sábháilteacht iriseoirí i mBallstáit Chomhairle na hEorpa. Déanann eagraíochtaí Rannpháirteacha — eagraíochtaí idirnáisiúnta neamhrialtasacha agus comhlachais iriseoirí a tugadh cuireadh dóibh — foláirimh a eisiúint maidir le sáruithe ar shaoirse na meán agus tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú faoi staid shaoirse na meán agus sábháilteacht iriseoirí san Eoraip. Meastar go ngníomhóidh Ballstáit Chomhairle na hEorpa agus go dtabharfaidh siad aghaidh ar na saincheisteanna agus go gcuirfidh siad bonn eolais faoin Ardán maidir leis na gníomhaíochtaí a rinneadh mar fhreagairt ar na foláirimh. Léiríonn an ráta íseal freagartha i mBallstáit Chomhairle na hEorpa, ar Ballstáit den Aontas iad freisin, go bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta. https://www.coe.int/en/web/media-freedom.
(9) In 2021, foilsíodh 282 rabhadh ar an Ardán chun cosaint na hiriseoireachta agus sábháilteacht na n-iriseoirí a chur chun cinn (coe.int), agus i measc na rabhadh sin, bhain roinnt cásanna díobh le himeaglú breithiúnach, i.e. úsáid mheabhlach, threallach nó chráiteach na reachtaíochta, lena n-áirítear dlíthe maidir le clúmhilleadh, frithsceimhlitheoireacht, slándáil náisiúnta, amhsóireacht nó frith-toisceachais. I dTuarascáil Bhliantúil 2021 ó na heagraíochtaí comhpháirtíochta chuig Ardán Chomhairle na hEorpa maidir le Cosaint na hIriseoireachta agus Sábháilteachta na nIriseoirí a chur chun cinn, tugadh faoi deara gur tháinig méadú in 2020 ar an líon foláireamh agus ar líon dlínsí na mBallstát de chuid Chomhairle na hEorpa lena mbaineann araon — 1680a2440e (coe.int).
(10) Moladh CM/Rec(2016)4 ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir le hiriseoireacht agus sábháilteacht iriseoirí agus gníomhaithe meán eile a chosaint, https://search.coe.int/cm/Pages/result_details.aspx?ObjectId=09000016806415d9#_ftn1.
(11) COM(2020) 580 final an 30 Meán Fómhair 2020.
(12) COM(2021) 700 final an 20 Iúil 2021.
(13) COM(2020) 790 final an 3 Nollaig 2020.
(14) Moladh (AE) 2021/1534 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe meán eile san Aontas Eorpach a áirithiú (IO L 331, 20.9.2021, lch. 8).
(15) Féach, inter alia Rún 1577 ó PACE “Towards decriminalisation of defamation” [I dtreo díchoiriúlú an chlúmhillte] (2007) https://assembly.coe.int/nw/xml/XRef/Xref-XML2HTML-en.asp?fileid=17588&lang=en, Moladh 1814 ó PACE “Towards decriminalisation of defamation” [I dtreo díchoiriúlú an chlúmhillte] (2007) https://assembly.coe.int/nw/xml/XRef/Xref-XML2HTML-en.asp?fileid=17587&lang=en, an staidéar ó Ardrúnaíocht Chomhairle na hEorpa maidir le Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus clúmhilleadh. Staidéar ar chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (2012) https://rm.coe.int/study-on-the-alignment-of-laws-and-practices-concerning-alignment-of-l/16804915c5, agus an ceann is déanaí, staidéar Chomhairle na hEorpa ar chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (2016) https://rm.coe.int/CoERMPublicCommonSearchServices/DisplayDCTMContent?documentId=09000016806ac95b.
(16) Rún 1577 (2007) ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2007 “Towards decriminalisation of defamation” [I dtreo díchoiriúlú an chlúmhillte], https://assembly.coe.int/nw/xml/XRef/Xref-XML2HTML-en.asp?fileid=17588&lang=en.
(17) Féach freisin nóta ginearálta Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine Uimh. 34 Airteagal 19: “Freedoms of opinion and expression”, an 12 Meán Fómhair 2011, https://www2.ohchr.org/english/bodies/hrc/docs/gc34.pdf agus an Tuarascáil Speisialta ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar in Oifig Ionadaí na hEorpa um Shaoirse na Meán, “Legal harassment and abuse of the judicial system against the media”, an 23 Samhain 2021, https://www.osce.org/files/f/documents/c/f/505075_0.pdf
(18) Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, Barúil Ghinearálta Uimh. 34 Airteagal 19: “Freedoms of opinion and expression” , an 12 Meán Fómhair 2011, https://www2.ohchr.org/english/bodies/hrc/docs/gc34.pdf.
(19) An Tuarascáil Speisialta ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar in Oifig Ionadaí na hEorpa um Shaoirse na Meán, “Legal harassment and abuse of the judicial system against the media”, an 23 Samhain 2021, https://www.osce.org/files/f/documents/c/f/505075_0.pdf
(20) Moladh CM/Rec(2016)4 ó Choiste na nAirí chuig na Ballstáit maidir le hiriseoireacht agus sábháilteacht iriseoirí agus gníomhaithe meán eile a chosaint, féach mír 6.
(21) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(22) Lámhleabhar Chomhairle na hEorpa do chleachtóirí dlí maidir leis an gceart chun tuairimí a nochtadh a chosaint faoi CECD (2017), https://rm.coe.int/handbook-freedom-of-expression-eng/1680732814.
(23) Sraith straitéisí uilíoch le haghaidh ghníomhaithe breithiúnacha: caighdeáin dlí idirnáisiúnta maidir le saoirse cainte, rochtain ar fhaisnéis agus sábháilteacht iriseoirí (2021) https://unesdoc.unesco.org/ark:/48223/pf0000378755.
(24) https://www.coe.int/en/web/help/home.
(25) Féach na Treoirlínte maidir le staidreamh breithiúnach de chuid an Choimisiúin Eorpaigh um éifeachtúlacht ceartais (CEPEJ) ag a 12ú cruinniú iomlánach (Strasbourg, 10-11 Nollaig 2008) — CEPEJ-GT-EVAL (coe.int).
(26) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
(27) Clár de ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin agus d’eintitis eile den saghas céanna (europa.eu)
(28) Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle (IO L 156, 5.5.2021, lch. 1).
(29) Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2021/692 rannchuidiú le limistéar Eorpach ceartais a fhorbairt agus an daonlathas, an smacht reachta agus cosaint ceart bunúsach a neartú.
(30) Féach, inter alia Rún 1577 ó PACE “Towards decriminalisation of defamation” [I dtreo díchoiriúlú an chlúmhillte] (2007) https://assembly.coe.int/nw/xml/XRef/Xref-XML2HTML-en.asp?fileid=17588&lang=en, Moladh 1814 ó PACE “Towards decriminalisation of defamation” [I dtreo díchoiriúlú an chlúmhillte] (2007) https://assembly.coe.int/nw/xml/XRef/Xref-XML2HTML-en.asp?fileid=17587&lang=en, an staidéar ó Ardrúnaíocht Chomhairle na hEorpa maidir le Saoirse chun tuairimí a nochtadh agus clúmhilleadh. Staidéar ar chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (2012) https://rm.coe.int/study-on-the-alignment-of-laws-and-practices-concerning-alignment-of-l/16804915c5, agus an ceann is déanaí, staidéar Chomhairle na hEorpa ar chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (2016) https://rm.coe.int/CoERMPublicCommonSearchServices/DisplayDCTMContent?documentId=09000016806ac95b.
(31) Lasmuigh de Chomhairle na hEorpa (féach an fonóta roimhe seo), tá méadú ag teacht ar an éileamh idirnáisiúnta chun clúmhilleadh a dhíchoiriú. Féach nóta ginearálta Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine Uimh. 34 Airteagal 19: “Freedoms of opinion and expression”, an 12 Meán Fómhair 2011, https://www2.ohchr.org/english/bodies/hrc/docs/gc34.pdf agus an Tuarascáil Speisialta ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar in Oifig Ionadaí na hEorpa um Shaoirse na Meán, “Legal harassment and abuse of the judicial system against the media”, an 23 Samhain 2021, https://www.osce.org/files/f/documents/c/f/505075_0.pdf
(32) Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi thrasuí Airteagal 85 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí sa dlí náisiúnta, féach an doiciméad inmheánach oibre, lch. 26.
IARSCRÍBHINN
Gnéithe a d’fhéadfaí a áireamh san oiliúint maidir le héilimh faoi chosaint sonraí i gcomhthéacs imeachtaí cúirte in aghaidh rannpháirtíocht an phobail ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach (ar a dtugtar “cásanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail”, nó “SLAPPanna”, de ghnáth):
|
— |
An reachtaíocht arna glacadh ag na Ballstáit chun réiteach a dhéanamh idir an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena ndéanfar foráil maidir le díolúintí nó maoluithe ó na forálacha atá liostaithe in Airteagal 85(2) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (“RGCS”) i dtaca leis an bpróiseáil a dhéantar chun críoch iriseoireachta nó chun críche léirithe acadúil, ealaíne nó liteartha, más gá sin chun an dá cheart sin a réiteach. |
|
— |
Chun cearta an duine is ábhar do na sonraí a fheidhmiú faoi RGCS, leagtar síos in Airteagal 12(5) RGCS go bhféadfar iarrataí a dhiúltú (nó a ghearradh le táille réasúnta) inar léir go follasach go bhfuil iarrataí ón ábhar sonraí gan bhunús nó iomarcach. |
|
— |
Maidir leis an gceart go ndéanfaí ceartúcháin atá in Airteagal 16 RGCS, ní bhaineann sé ach le cásanna ina bhfuil sonraí pearsanta míchruinn. Ina theannta sin, ní ceart uathoibríoch é go ndéanfaí sonraí neamhiomlána pearsanta a chomhlánú agus braitheann sé ar an gcuspóir atá ag an bpróiseáil. |
|
— |
Chun an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad a fheidhmiú, déantar foráil in RGCS nach mbeidh feidhm ag an gceart sin sa mhéid go bhfuil gá leis an bpróiseáil don cheart ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil (Airteagal 17(3)(a) RGCS). |
|
— |
Mar bhac ar shiopadóireacht fóraim, déantar foráil in Airteagal 79(2) RGCS gur féidir imeachtaí i gcoinne rialaitheora sonraí nó próiseálaí — e.g. iriseoir, cosantóir ceart, gníomhaí na sochaí sibhialta, cuideachta meán, etc. — a thabhairt os comhair na gcúirteanna sa Bhallstát ina bhfuil bunaíocht ag an rialaitheoir nó ag an bpróiseálaí nó, mura rud é gur údarás poiblí de chuid Ballstáit é an rialaitheoir nó an próiseálaí a fheidhmíonn a chumhachtaí poiblí, sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine is ábhar do na sonraí. Ní fhágann an fhoráil sin aon raon feidhme maidir le caingne ina n-éilítear sárú ar rialacha cosanta sonraí os comhair cúirteanna eile gan aon bhaint a bheith acu le próiseáil na sonraí pearsanta, le bunaíocht an iriseora nó na heagraíochta meán, ná le gnáthchónaí an ghearánaí, lena n-áirítear damáistí. |