Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022H0554

Moladh (AE) 2022/554 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2022 maidir le haithint cáilíochtaí na ndaoine atá ar a dteitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin

C/2022/2319

IO L 107I, 6.4.2022, pp. 1–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2022/554/oj

6.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

LI 107/1


MOLADH (AE) 2022/554 ÓN GCOIMISIÚN

an 5 Aibreán 2022

maidir le haithint cáilíochtaí na ndaoine atá ar a dteitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De thoradh an ionsaithe mhíleata agus an ionraidh rinne an Rúis, gan chúis, ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022, agus a cháin an tAontas Eorpach go neamhbhalbh, tá an tAontas Eorpach ag dul i ngleic le hinsreabhadh daoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh agus atá ag lorg cosanta, insreabhadh nach bhfacthas a leithéid cheana. An líon daoine a easáitíodh óna dtithe agus a raibh orthu teitheadh ón Úcráin, tá sé ag thart ar cheithre mhilliún faoi láthair.

(2)

Ina theachtaireacht ‘Dlúthpháirtíocht na hEorpa le dídeanaithe agus leo siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin’ an 8 Márta 2022 (1), leag an Coimisiún amach an tacaíocht shubstaintiúil a chuir an tAontas Eorpach ar fáil chun cuidiú le daoine atá ar a dteitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin, mar aon leis na Ballstáit a ghlacann na daoine sin isteach. Áirítear leis sin cabhair dhaonnúil dhíreach, cúnamh cosanta sibhialta éigeandála agus tacaíocht ag an teorainn, mar aon le stádas dlíthiúil soiléir ionas gur féidir leo siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh cosaint láithreach a fháil san Aontas.

(3)

Ina theachtaireacht ‘Fáilte a chur rompu siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin: An Eoraip a ullmhú go bhfreastalóidh sé ar na riachtanais’ an 23 Márta 2022 (2), leag an Coimisiún amach bearta chun cuidiú le daoine atá ar a dteitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin agus chun a áirithiú go dtabharfar rochtain éifeachtach ar a gcearta dóibh. Áirítear ar na bearta sin ní hamháin bearta a dhéanfaí ar an bpointe chun tearmann, cabhair dhaonnúil agus rochtain ar chúram sláinte a chur ar fáil, ach ina theannta sin gníomhaíocht chun a áirithiú go ndéanfar daoine a lánpháirtiú go réidh sna tíortha óstacha agus go mbeidh rochtain acu ar oideachas, ar thithíocht agus ar phoist. Údaráis rialtais, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus oibrithe deonacha sna Ballstáit, go háirithe sna tíortha ina dtagann daoine isteach ar an gcéad dul síos (an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic agus an Ungáir) ach sna tíortha cinn scríbe deiridh freisin, tá siad ag déanamh a ndíchill chun tacaíocht agus cosaint a chur ar fáil do dhaoine atá ar a dteitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin.

(4)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle (3) lenar gníomhachtaíodh an sásra cosanta sealadach a leagtar amach i dTreoir 2001/55/CE (4), tugtar stádas dlíthiúil soiléir do dhaoine atá ar a dteitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin a luaithe a thagann siad isteach san Aontas Eorpach. Ar an gcéad dul síos, mairfidh an chosaint shealadach bliain amháin, agus d’fhéadfaí í a athnuachan go huathoibríoch faoi dhó go ceann 6 mhí gach uair faoi seach. Áirítear le cosaint shealadach cead cónaithe, tacaíocht leasa agus cúram sláinte, agus rochtain ar thithíocht, ar oideachas agus ar fhostaíocht.

(5)

Luaitear in Airteagal 12 de Threoir 2001/55/CE nach mór do na Ballstáit údarú a thabhairt do dhaoine atá faoi cosaint shealadach dul i mbun ‘gníomhaíochtaí fostaíochta nó féinfhostaíochta, faoi réir rialacha is infheidhme maidir leis an ngairm’ agus i ngníomhaíochtaí amhail deiseanna oideachais do dhaoine fásta, gairmoiliúint agus taithí phraiticiúil san ionad oibre.

(6)

Is gné lárnach den chosaint shealadach é an ceart rochtana ar an margadh saothair. Is léir ón taithí a fuarthas go dtí seo go mbíonn ar dhaoine nach náisiúnaigh den Aontas iad, go háirithe dídeanaithe, poist a ghlacadh atá faoi bhun a gcuid cáilíochtaí (5). Trí shásra aitheantais mear simplí a chur ar fáil, rannchuidítear go mór lena áirithiú gur féidir le daoine atá faoi cosaint shealadach a bheith ag obair i bpoist a bhfuil siad cáilithe dóibh. Ar an gcaoi sin, éascaítear a lánpháirtiú agus baintear úsáid níos fearr as a gcuid scileanna, rud a théann chun tairbhe don duine aonair agus don phobal óstach araon. Áirítear freisin go bhfaigheann daoine taithí agus scileanna ábhartha le linn a dtréimhse cosanta sealadaí, rud a chuireann lena gcuid cáilíochtaí agus iad ag filleadh ar an tír dhúchais.

(7)

I bplean gníomhaíochta an Choimisiúin um imeascadh agus cuimsiú le haghaidh 2021-2027 (6), aithnítear go bhfuil sé ríthábhachtach aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí a fuarthas i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus an inchomparáideacht le cáilíochtaí AE a mhéadú má táthar chun dídeanaithe agus imircigh a chuimsiú sa mhargadh saothair ar bhealach níos tapa agus níos cothroime. Aithnítear sa phlean freisin go bhfuil go leor imirceach agus dídeanaithe atá ard-oilte rócháilithe dá bpost, go háirithe mná, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le dímheas a gcuid scileanna. Maidir leis na nósanna imeachta chun cáilíochtaí eachtrannacha a aithint, spreagann an plean gníomhaíochta na Ballstáit chun a áirithiú go mbeidh na nósanna imeachta sin tapa, cothrom, trédhearcach agus inacmhainne.

(8)

Má tá sé socraithe ag Ballstát gairm ar leith a rialáil (7), beidh ar dhaoine atá faoi cosaint shealadach aitheantas a fháil ar a gcuid cáilíochtaí gairmiúla chun dul i mbun gníomhaíochtaí rialaithe fostaíochta nó féinfhostaíochta sa ghairm sin. D’fhéadfadh grúpaí éagsúla gairmeacha a bheith i gceist, cuir i gcás gairmeacha sláinte, múinteoireachta, dlí, sóisialta nó ceirdeanna, ag brath ar an mBallstát sonrach. Tugtar aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla na náisiúnach tríú tír ar an leibhéal náisiúnta, agus cuirtear dlí agus nósanna imeachta an Bhallstáit óstaigh i bhfeidhm mura bhfuil feidhm ag comhaontuithe idirnáisiúnta.

(9)

I gcás gairmeacha neamhrialáilte, ní de réir an dlí a rialaítear na ceanglais fostaíochta agus d’fhéadfadh na ceanglais a bheith an-sonrach nó an-ghinearálta. I gcás na ngairmeacha sin níl aon bhacainn rialála ann maidir le duine a fhostú nach bhfuil a chuid cáilíochtaí aitheanta agus níl aon phróiseas amháin ann chun aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí chun dul isteach i ngairmeacha neamhrialáilte (8).

(10)

Bíonn ganntanas ag Ballstáit agus réigiúin áirithe i roinnt gairmeacha i raon éiceachórais thionsclaíocha (9), lena n-áirítear i roinnt gairmeacha rialáilte. Is cuidiú é aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla chun dul i ngleic le cuid de na ganntanais sin agus chun margadh saothair níos cothroime a bhaint amach.

(11)

Ba cheart an t-aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla a chomhlánú le creat a fhágfaidh gur féidir na gairmeacha a fheidhmiú sa chleachtas, go seachnaítear bacainní maorlathacha agus go gcuirtear comhairle ar fáil dóibh siúd a bhfuil gá acu leis.

(12)

I gcás daoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh, ní hé aitheantas a gcuid cáilíochtaí an chéad rud a bheidh ag déanamh imní dóibh. Mar sin féin, tá sé tábhachtach comharthaíocht agus faisnéis bhunúsach a chur ar fáil ionas go mbeidh an fhaisnéis sin ag daoine nuair a bheidh sí ag teastáil uathu. Chomh maith leis an bhfaisnéis atá na Ballstáit a chur ar fáil, chuir an Coimisiún an leathanach gréasáin ‘Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin’ ar bun (10).

(13)

Sa bhreis ar náisiúnaigh de chuid na hÚcráine, foráiltear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle nach mór do na Ballstáit cosaint shealadach nó cosaint leordhóthanach a chur i bhfeidhm faoin dlí náisiúnta i ndáil le náisiúnaigh ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad seachas an Úcráin, ar daoine iad ar féidir leo a chruthú go raibh cónaí orthu go dleathach san Úcráin roimh an 24 Feabhra 2022 ar bhonn cead buanchónaithe. De bhreis orthu siúd atá faoi cosaint shealadach, tá an Coimisiún ag spreagadh na mBallstát, a mhéid is féidir faoin dlí náisiúnta, leis an Moladh seo a chur i bhfeidhm maidir le daoine a theith ó ionradh na Rúise ar an Úcráin agus ar tairbhithe de chosaint leordhóthanach faoin dlí náisiúnta iad, i gcomhréir leis an gCinneadh sin.

(14)

Níl feidhm ag Treoir 2005/36/CE (11) maidir le náisiúnaigh tríú tír, lena n-áirítear iad siúd atá faoi chosaint shealadach. Tá rialacha ann maidir le haithint cáilíochtaí ó thríú tíortha atá ag saoránaigh den Aontas. Leis an Treoir, forchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit gan aitheantas a thabhairt d’aon cháilíocht atá ag saoránaigh AE nó neamh-AE a bhaineann leis na gairmeacha a liostaítear i dTeideal III, Caibidil III, mura gcomhlíontar na coinníollacha íosta oiliúna a leagtar amach sa chaibidil sin. Is iad seo a leanas na gairmeacha sin: dochtúirí, dochtúirí speisialaithe áirithe, altraí atá freagrach as cúram ginearálta, cleachtóirí fiaclóireachta, tréidlianna, cnáimhseacha, cógaiseoirí agus ailtirí. I gcás nach gcomhlíonann gairmithe atá ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise na híoscheanglais oiliúna sin, tá sé riachtanach réitigh a shainaithint faoin mbealach ar féidir leo na hinniúlachtaí atá ar iarraidh a fháil nó faoin gcaoi ar féidir lánpháirtiú tapa iomchuí sa mhargadh saothair a bhaint amach.

(15)

Is é an rud is mó atá le sonrú faoin staid reatha insreabhadh mear líon an-mhór daoine, agus d’fhéadfadh ardcháilíochtaí a bheith ag go leor acu. D’fhéadfadh sé nach bhfuil na córais agus nósanna imeachta aitheantais seanbhunaithe sna Ballstáit ceaptha chun an oiread sin iarratas a phróiseáil ag an am céanna. Go háirithe, d’fhéadfadh sé nach mbeadh údaráis inniúla sna Ballstáit óstacha in ann measúnú a dhéanamh ar gach ceann acu ar bhonn cás ar chás agus anailís mhionsonraithe chomhfhreagrach a dhéanamh.

(16)

Tá faisnéis faoi cháilíochtaí na hÚcráine, faoi chóras cáilíochtaí na hÚcráine agus faoi chreat cáilíochtaí na hÚcráine ríthábhachtach chun go mbeidh na Ballstáit in ann próisis a chuíchóiriú agus meastóireacht a dhéanamh go tapa ar iarratais ar aitheantas do cháilíochtaí.

(17)

Is comhalta í an Úcráin de Limistéar Eorpach an Ardoideachais a cruthaíodh faoi Phróiseas Bologna. Le Próiseas Bologna tugtar comhleanúnachas do chórais ardoideachais ar fud réigiún na hEorpa agus spreagtar aithint cothrom trédhearcach cáilíochtaí. Ar cheann de na príomhchuspóirí atá aige, tá tacú le soghluaisteacht foirne agus mac léinn. Na tíortha atá rannpháirteach i bPróiseas Bologna, d’aontaigh siad aithint frithpháirteach cáilíochtaí a áirithiú chun críoch acadúil. Leagtar síos rialacha maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí ardoideachais chun críoch gairmiúil agus maidir le foghlaim bhreise araon leis an gCoinbhinsiún maidir le Cáilíochtaí Ardoideachais sa Réigiún Eorpach a Aithint (Coinbhinsiún Aitheantais Liospóin) (12) a bhfuil na Ballstáit uile seachas an Ghréig ina bpáirtithe ann, mar aon leis an Úcráin agus tíortha eile nach Ballstáit den Aontas iad.

(18)

Leis an líonra ENIC-NARIC (Líonra Eorpach na Lárionad Faisnéise sa Réigiún Eorpach - Lárionaid Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil san Aontas Eorpach), forbraíodh tionscadal de chuid Erasmus+ darb ainm Q-entry, ar bunachar sonraí é ina gcumhdaítear na Ballstáit agus tíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus ina soláthraítear faisnéis maidir le cáilíochtaí meánscoile lena dtugtar rochtain ar an ardoideachas. Áirítear sa bhunachar sonraí sin faisnéis faoi cháilíochtaí na hÚcráine agus is féidir é a úsáid chun tacú leis an bpróiseas aitheantais maidir le daoine atá faoi chosaint shealadach.

(19)

D’fhéadfadh dúshlán a bheith roimh na Ballstáit mar nach féidir le hiarratasóirí fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla a chur ar fáil. Na daoine atá ar a dteitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin, d’fhéadfadh sé go raibh orthu teitheadh gan doiciméadacht bhunaidh a gcuid cáilíochtaí a bheith ina seilbh acu. Le hAirteagal VII de Choinbhinsiún Aitheantais Liospóin, cuirtear d’oibleagáid ar na páirtithe gach céim réasúnta indéanta a ghlacadh – laistigh dá gcreat dlíthiúil agus i gcomhréir leis – chun bealaí malartacha a fhorbairt maidir le cáilíochtaí dídeanaithe a mheasúnú i gcásanna nuair nach ann d’aon fhianaise dhoiciméadach chun an cháilíocht sin a chruthú. Sa ‘Moladh maidir le hAithint Cáilíochtaí Dídeanaithe’ faoi Choinbhinsiún Aitheantais Liospóin agus Meabhrán Míniúcháin (13), tugtar treoraíocht bhreise faoin méid ar cheart do na Ballstáit a dhéanamh sa chás seo chun Airteagal VII den choinbhinsiún a chur chun feidhme i gceart.

(20)

Tá an Úcráin ar cheann de thíortha comhpháirtíochta seanbhunaithe na Fondúireachta Eorpaí Oiliúna. Tá mol acmhainní (14) cruthaithe ag an bhFondúireacht Eorpach Oiliúna chun tacú le haithint cáilíochtaí, scileanna agus staidéar ón Úcráin. Áireofar sa mhol acmhainní faisnéis agus doiciméid, cuir i gcás tuarascálacha agus measúnuithe maidir le cáilíochtaí na hÚcráine, faisnéis faoi chóras cáilíochta agus creat cáilíochta na hÚcráine, agus faisnéis faoi chóras oideachais agus oiliúna na hÚcráine ar bhonn níos forleithne. Beidh staidéir agus anailísí ar an margadh saothair ann freisin, mar aon le tuarascálacha tionscadail, pointí teagmhála, agus naisc chuig suíomhanna gréasáin gaolmhara, cuir i gcás bunachair sonraí cáilíochtaí. Roinnfidh sé freisin acmhainní a d’fhorbair na Lárionaid Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil (NARIC) faoin gClár Erasmus+ , cuir i gcás an tionscadal Scand-D ina gcuimsítear níos mó ná 300 dioplóma ón Úcráin. Beidh naisc sa mhol acmhainní chuig bunachair sonraí agus faisnéis ábhartha faoi chóras ardoideachais na hÚcráine agus faoi cháilíochtaí acadúla an chórais sin atá ar fáil ar an suíomh gréasáin Your Europe (15) agus ar shuíomh gréasáin líonra ENIC-NARIC (16).

(21)

An uirlis eTranslation a d’fhorbair an Coimisiún, cuireadh in oiriúint í chun an Úcráinis a chur leis na teangacha atá ar fáil. Is féidir aistriúchán ón Rúisis a dhéanamh freisin, rud a d’fhéadfadh a bheith úsáideach ós rud é gur trí na Rúisise a bhain go leor gairmithe san Úcráin a gcuid dioplómaí amach. Leis an uirlis, is féidir téacs i bpictiúir nó i scanadh doiciméad a aithint (aithint optúil carachtar, OCR). Cuirfidh sé sin ar chumas na n-údarás inniúil am a shábháil agus dlús a chur leis na próisis.

(22)

Tá éileamh mór méadaitheach ar ghairmithe cúraim sláinte chun freastal ar riachtanais láithreacha na ndaoine atá ar a dteitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin. D’fhéadfadh gairmithe oilte a bhfuil cúlraí éagsúla acu sa chúram sláinte cabhrú chun na riachtanais sin a chomhlíonadh. Ní mór béim ar leith a leagan ar réimse na péidiatraice agus ar speisialtachtaí gaolmhara leighis mar gheall ar an líon ard leanaí i measc na ndaoine atá ar a dteitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus ar sheirbhísí meabhairshláinte ós rud é go bhféadfadh sé go raibh eispéiris trámacha ag na daoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh. Níor cheart deacrachtaí teanga a bheith ina mbac ar dhéileáil leis na daoine sin a luaithe is féidir chun an damáiste a mhaolú. I gcás ina bhfuil cumarsáid dhíreach ó bhéal ríthábhachtach chun muinín a chothú agus chun cóireáil rathúil a chur ar fáil, d’fhéadfadh gairmithe a bhfuil Úcráinis acu an tseirbhís riachtanach a chur ar fáil.

(23)

D’fhoilsigh an Coimisiún nóta treorach le linn ghéarchéim COVID-19 lena gcumhdaítear aitheantas a thabhairt do ghairmithe sláinte a bhfuil cáilíochtaí ó lasmuigh den Aontas nó lasmuigh de CSTE acu (17).

(24)

I bhfianaise líon na leanaí a theith ón Úcráin le linn an chogaidh, tá éileamh mór ar mhúinteoirí a bhfuil Úcráinis acu chun cabhrú leis na leanaí sin a lánpháirtiú i scoileanna agus gnáthamh seasmhach a shocrú dóibh a luaithe is féidir. Leag saineolaithe béim ar a thábhachtaí atá gnáthamh scoile le haghaidh leanaí, mar is féidir leis sin tacú leo ó thaobh na mothúchán de le linn tréimhse scanrúil threascrach (18). Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh na hacmhainní agus an acmhainneacht ag na rialtais agus ag na húdaráis eile chun rochtain a thabhairt do na pobail easáitithe agus do na pobail áitiúla araon ar oideachas atá iomlán cothrom agus ar ardchaighdeán. Tá feidhm aige sin ar gach leibhéal – oideachas agus cúram na luath-óige, an bunoideachas, an meánoideachas, an gairmoideachas agus an t-ardoideachas. Ba cheart do na húdaráis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as múinteoirí agus pearsanra oideachais eile atá i measc na ndaoine easáitithe chun an méid sin a bhaint amach agus chun feasacht idirchultúrtha a ardú laistigh den chóras oideachais óstála (19). Is féidir an chianscolaíocht a fhiosrú mura féidir oideachas laistigh den seomra ranga a chur ar fáil. Leis an Tairseach Oideachais Scoile, ar tionscadal de chuid Erasmus+ é, tugtar rochtain ar ábhar tacaíochta, ar threoirdhoiciméid agus ar acmhainní oideachais do mhúinteoirí agus do bhaill foirne eile, agus cuirtear iad ar fáil san Úcráinis freisin.

(25)

Le Cinneadh ón gCoimisiún an 19 Márta 2007, bunaíodh grúpa comhordaitheoirí chun cáilíochtaí gairmiúla a aithint (20) ar mhaithe le, i measc nithe eile, comhar a bhunú idir údaráis na mBallstát agus an Coimisiún maidir le ceisteanna a bhaineann le cáilíochtaí gairmiúla a aithint. D’fhéadfadh sé go bhfuil córais fhairsinge forbartha ag na Ballstáit cheana maidir le conas cáilíochtaí neamh-AE a mheasúnú agus a aithint. Féadfaidh an grúpa sin feidhmiú mar fhóram don Choimisiún agus do na Ballstáit ar mhaithe le hidirphlé leanúnach a choinneáil ar bun chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach an Mholta seo. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh ionadaithe ó dhaoine atá ar a dteitheadh ó ionsaí na Rúise, mar aon le hionadaithe ó údaráis inniúla na hÚcráine agus ón tsochaí shibhialta rannpháirteach chun na moltaí sin a chur chun feidhme go héifeachtach.

(26)

Féadfaidh an Coimisiún saineolas saincheaptha a chur ar fáil do na Ballstáit, arna iarraidh sin, chun na moltaí sin a chur chun feidhme faoina Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil.

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

AITHINT CÁILÍOCHTAÍ GAIRMIÚLA A EAGRÚ LE HAGHAIDH DAOINE ATÁ FAOI CHOSAINT SHEALADACH

1.

Tá an Coimisiún ag spreagadh na mBallstát lena áirithiú gur féidir le gairmithe atá faoi chosaint shealadach faoi Threoir 2001/55/CE rochtain a fháil ar phoist a chomhfhreagraíonn dá leibhéal cáilíochta trí bheith ag brath ar chóras mear éifeachtúil dea-fheidhmiúil chun aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun meastachán a dhéanamh ar líon measta na ngairmithe a bheidh ag teacht chuig an Aontas chun a áirithiú go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach acu iarratais ar aitheantas a phróiseáil.

2.

Tá an Coimisiún ag moladh do na Ballstáit a gcinntí aitheantais a eisiúint go pras maidir le gairmithe nua atá faoi chosaint shealadach. Má tá difríochtaí suntasacha ann idir an oiliúint a fuair an gairmí ina thír dhúchais agus an oiliúint is gá le haghaidh na ngníomhaíochta céanna sa Bhallstát óstach, ba cheart do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh aon bheart cúiteach a fhorchur a luaithe is féidir, agus spreagtar na Ballstáit leis an méid sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná mí tar éis don iarratasóir aitheantas a iarraidh.

3.

Tá an Coimisiún ag moladh do na Ballstáit na foirmiúlachtaí maidir le haithint cáilíochtaí gairmiúla a laghdú a laghad is féidir. Chuige sin, táthar ag spreagadh na mBallstát leis na nithe a leanas a dhéanamh:

dlús a chur leis an bpróiseas trí nósanna imeachta meara a thabhairt isteach chun déileáil le hiarratais gairmithe atá faoi chosaint shealadach;

a áirithiú nach bhfuil de dhíth ach doiciméid fíor-riachtanacha;

glacadh le foirmeacha eile cruthúnais seachas bundoiciméid (e.g. cóipeanna digiteacha);

fáil réidh le ceanglais áirithe, e.g. gan aistriúcháin dheimhnithe a iarraidh;

costais a laghdú nó a dhíothú nuair is féidir, táillí iarratais cuir i gcás.

I gcás ina bhfuil amhras ann faoi bharántúlacht na cáilíochta, ba cheart an cháilíocht a fhíorú ar bhealach tapa éifeachtach. Is féidir úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha ar nós FRAUDOC – Treoirlínte maidir le Monarchana Dioplómaí agus Calaois Doiciméad le haghaidh Meastóirí Dintiúr (21).

4.

Tá an Coimisiún ag spreagadh na mBallstát le cur chuige solúbtha a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaoi a gcaitear le gairmithe atá ag teacht isteach agus atá faoi chosaint shealadach ionas gur féidir líon ard cásanna a phróiseáil in achar gearr ama agus toradh dearfach a bheith air sin. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit breithniú ar gan cáilíochtaí gairmithe a sheiceáil ach amháin má tá sé sin fíor-riachtanach, agus ba cheart dóibh deireadh a chur le haon srian agus le haon cheanglas nach bhfuil ag teastáil go hiomlán. Meabhraíonn an Coimisiún do na Ballstáit óstacha go bhfuil cead acu, ach nach bhfuil sé d’oibleagáid orthu, seiceáil a dhéanamh ar cháilíochtaí gairmithe nach bhfuil aon íoscheanglas comhchuibhithe oiliúna i bhfeidhm ina leith.

5.

Tá an Coimisiún ag spreagadh na mBallstát leis na cásanna a shainaithint nach fíor-riachtanach iontu measúnú grinn a dhéanamh ar iarratais ar aitheantas, go háirithe i gcásanna ina bhfuil measúnú déanta cheana ag an mBallstát ar an gcáilíocht le haghaidh gairme ar leith agus nach bhfuil aon amhras mór ann go bhfuil sé comhionann leis na cáilíochtaí inchomparáide sa Bhallstát óstach. Má bhí toradh dearfach ar an measúnú sin a rinneadh cheana féin, níor cheart an measúnú grinn a bheith riachtanach.

6.

Tá an Coimisiún ag áitiú ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh nós imeachta mear agus éifeachtúil ann maidir le haitheantas fiú nuair a bheidh gá le measúnú grinn ar cháilíochtaí. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh an measúnú a dhéanfadh an Ballstát óstach cur chuige a leanúint a bheadh cosúil le cur chuige an chórais ghinearálta aitheantais faoi Threoir 2005/36/CE.

AITHEANTAS ACADÚIL A ÉASCÚ DO DHAOINE ATÁ FAOI CHOSAINT SHEALADACH

7.

Tá an Coimisiún ag moladh do na Ballstáit nósanna imeachta aitheantais atá tapa, solúbtha, agus éifeachtúil a chur chun cinn i gcás aitheantas acadúil ó institiúidí freagracha.

8.

Tá an Coimisiún ag moladh do na Ballstáit aitheantas a thabhairt go huathoibríoch do cháilíochtaí ardoideachais na hÚcráine a chomhlíonann ceanglais uile Phróiseas Bologna.

9.

Tá an Coimisiún ag moladh do na Ballstáit tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do na Lárionaid Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil (NARIC) chun a áirithiú go mbeidh na hacmhainní agus na cumais is gá acu chun déileáil le líon níos airde iarrataí ar aitheantas agus chun a chur ar a gcumas tacaíocht, treoraíocht agus oiliúint a chur ar fáil do mheastóirí dintiúr.

10.

Maidir le cinneadh aitheantais a dhéantar i mBallstát amháin, molann an Coimisiún go nglacfaí leis i mBallstáit eile, a mhéid is féidir agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

SOLÁTHAR FAISNÉISE AGUS ÚSÁID UIRLISÍ LEICTREONACHA

11.

Tá an Coimisiún ag moladh do na Ballstáit faisnéis shimplí iomchuí san Úcráinis a chur ar fáil dá seirbhísí túslíne maidir le nósanna imeachta aitheantais ar a gcríoch. Ba cheart an fhaisnéis a bheith ar fáil go digiteach freisin agus in oiriúint do riachtanais agus do chás na ndaoine atá ag teacht ón Úcráin, agus ba cheart, go háirithe, na difríochtaí idir an Úcráin agus an tír óstach a mhíniú.

12.

Tá an Coimisiún ag spreagadh na mBallstát leis an uirlis eTranslation (22) a úsáid chun dlús a chur leis na próisis aitheantais. I gcás inarb indéanta, ba cheart gur leormhaith an meaisínaistriúchán.

13.

Tá an Coimisiún ag spreagadh na mBallstát le bheith trédhearcach lena chéile agus leis an gCoimisiún agus aon fhaisnéis atá acu faoi cháilíochtaí na hÚcráine agus faoi chóras oideachais na hÚcráine a chomhroinnt. Chruthaigh an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna, arna iarraidh sin don Choimisiún, mol acmhainní maidir le cáilíochtaí na hÚcráine inar féidir faisnéis a roinnt.

DÉILEÁIL LE FIANAISE NEAMHIOMLÁN AR CHÁILÍOCHTAÍ

14.

Tá an Coimisiún ag spreagadh na mBallstát, i gcás ina bhfuil fianaise ar cháilíochtaí in easnamh, le seiceáil ar dtús an féidir dearbhú iontaofa ar an gcáilíocht a baineadh amach a fháil ó údaráis na hÚcráine. Chun an próiseas sin a éascú, oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit i gcomhar le húdaráis na hÚcráine agus le comhlachtaí dámhachtana chun deimhniú a fháil i leith doiciméadacht ar cháilíochtaí atá in easnamh agus fiosróidh sé an féidir dintiúir dhigiteacha Eorpacha le haghaidh na foghlama (23) a úsáid chun doiciméadacht ar cháilíochtaí a atheisiúint go digiteach chun na críche sin.

15.

Meabhraíonn an Coimisiún do na Ballstáit, mura féidir teacht ar aon réiteach eile, go ndéantar foráil sa ‘Phas Eorpach um Cháilíochtaí le haghaidh Dídeanaithe’ (24) a d’fhorbair Comhairle na hEorpa i gcomhar le comhpháirtithe, maidir le measúnú ar cháilíochtaí iar-mheánscoile bunaithe ar an doiciméadacht atá ar fáil agus ar agallamh struchtúrtha. Cé nach gníomh aitheantais foirmiúil ann féin é an pas cáilíochta seo, is cuidiú é agus measúnú á dhéanamh ar na cáilíochtaí is dócha a bheadh ag dídeanaí, agus d’fhéadfaí é a chur i bhfeidhm ar dhaoine atá faoi chosaint shealadach. D’fhéadfaí iniúchadh a dhéanamh freisin ar uirlisí eile amhail an pas cáilíochtaí a d’fhorbair UNESCO (25) agus córais chomhchosúla a forbraíodh faoin gClár Erasmus+ (bosca uirlisí REACT – Dídeanaithe agus Aitheantas, mar shampla) (26).

CEANGLAIS SHONRACHA MAIDIR LE GAIRMEACHA ÁIRITHE

16.

Tá an Coimisiún ag spreagadh na mBallstát lena fhiosrú conas is féidir daoine atá faoi chosaint shealadach a fhostú i seirbhísí cúraim sláinte, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas:

dea-chleachtais a shainaithint inar féidir le daoine nach náisiúnaigh den Aontas iad páirt a ghlacadh i gcláir mheara laistigh de réimse na ngairmeacha cúraim sláinte chun cleachtadh na ngairmeacha sin a éascú;

measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht a bhaineann le saoráidí cúraim sláinte seach-chríochacha inar féidir le baill foirne cúraim sláinte atá faoi chosaint shealadach cóir a chur ar dhaoine a easáitíodh as an Úcráin (e.g. ospidéil allamuigh de chuid na hÚcráine a oibrítear ar críoch Bhallstáit);

measúnú a dhéanamh ar churaclaim oiliúna na hÚcráine do ghairmeacha leighis agus, i gcás inarb indéanta, cláir ghearrthréimhse uasoiliúna a fhorbairt chun na híoschaighdeáin oiliúna is gá do ghairmeacha áirithe a chomhlíonadh.

17.

I gcás gairmithe a bhfuil cáilíochtaí acu nach gcomhlíonann na híoscheanglais oiliúna a leagtar amach i dTreoir 2005/36/CE, tá an Coimisiún ag spreagadh na mBallstát leis an gcur chuige a chur i bhfeidhm atá sa nóta treorach maidir le géarchéim COVID-19 i dtaca le haitheantas a thabhairt do ghairmithe sláinte a bhfuil cáilíochtaí acu ó lasmuigh de AE/CSTE. Féadfaidh na Ballstáit fós ligean do dhaoine atá faoi chosaint shealadach gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh, agus stádas acu nach ionann le stádas baill iomláin den ghairm. Mar shampla, altra cáilithe ó thríú tír nach gcomhlíonann a oiliúint na híoscheanglais oiliúna, féadfar a cheadú don altra sin a bheith ag obair mar chúntóir cúraim sláinte.

18.

Iarann an Coimisiún ar na Ballstáit féachaint ar bhealaí éagsúla lena áirithiú go mbeidh rochtain ag an earnáil ábhartha ag múinteoirí agus ag gairmithe oideachais eile go pras ar na dóigheanna seo a leanas mar shampla:

daoine atá faoi chosaint shealadach agus a bhfuil cáilíocht ghairmiúil múinteora bainte amach acu san Úcráin a fhostú i scoileanna inar cuireadh leanaí atá ar a dteitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin;

oiliúint teanga a chur ar fáil do ghairmithe teagaisc;

múinteoirí a labhraíonn Úcráinis a leithdháileadh ar scoileanna ina bhfuil acmhainneacht bhreise ach easpa múinteoirí;

conarthaí múinteoirí a bhfuil cáilíocht ghairmiúil acu a fuarthas san Úcráin, ar múinteoirí iad a fostaíodh go sealadach mar mhúinteoirí cúnta i dtíortha óstacha, a athrú go conarthaí múinteoirí cáilithe gan mhoill tar éis an cháilíocht ghairmiúil a bheith aitheanta;

tacaíocht a thabhairt d’ábhair múinteoirí atá faoi chosaint shealadach chun rochtain a fháil ar oideachas agus oiliúint múinteoireachta sna tíortha óstacha.

19.

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit earcú ball foirne oideachasúil atá faoi chosaint shealadach a éascú chun bheith ag obair i struchtúir lena gcuirtear ar fáil oideachas agus cúram luath-óige foirmiúil, amhail naíolanna agus naíscoileanna, agus i struchtúir neamhfhoirmiúla, amhail moil súgartha, agus éagsúlacht mhór na ngairmeacha sin ar fud na hEorpa á cur san áireamh.

20.

Cuireann an Coimisiún i dtábhacht go gcuirfear san áireamh, sna bearta chun earcú gairmithe oideachais agus múinteoireachta atá faoi chosaint shealadach a éascú, na forálacha náisiúnta maidir le leanaí agus an óige a chosaint.

CLEACHTADH GAIRMEACHA RIALÁILTE A ÉASCÚ

21.

Tá an Coimisiún ag spreagadh na mBallstát lena áirithiú gur féidir le gairmithe a ngairm a chleachtadh chun rochtain a fháil ar an margadh saothair tar éis dóibh aitheantas a fháil ar a gcáilíochtaí gairmiúla, gan bacainní riaracháin neamhriachtanacha agus leis an tacaíocht atá de dhíth orthu.

22.

Tá an Coimisiún ag moladh do na Ballstáit gan aon cheanglas a thabhairt isteach ná a choinneáil a thabharfadh ar chuideachtaí a chruthú nach bhféadfaidís saoránach den Aontas a fhostú sula bhfostóidís duine atá faoi chosaint shealadach.

23.

Tá an Coimisiún ag moladh do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar measúnú ar na scileanna agus na hinniúlachtaí gairmiúla ábhartha uile atá ag daoine atá faoi chosaint shealadach agus go gcuirfear san áireamh iad, bídís sealbhaithe trí fhoghlaim fhoirmiúil, neamhfhoirmiúil nó sheachfhoirmiúil. Tá an Coimisiún ag spreagadh na mBallstát le tacaíocht a thabhairt do dhaoine a scileanna agus a gcáilíochtaí a thaifeadadh, lena n-áirítear trí thacaíocht duine le duine a sholáthar. Chun éascaíocht a dhéanamh do bhailiú agus do mheasúnú den sórt sin ar scileanna agus inniúlachtaí, is féidir úsáid a bhaint as Europass (27) agus Uirlis an Aontais Eorpaigh um Próifíliú Scileanna do Náisiúnaigh Tríú Tíortha (28).

24.

Tá an Coimisiún ag moladh do na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm chun éascaíocht a dhéanamh do dhaoine atá faoi chosaint shealadach a ngairm a chleachtadh sa chás nach bhfuil eolas nó nach bhfuil ach eolas teoranta acu ar theanga na tíre óstaí, trí chúrsaí teanga mar shampla, nó socruithe chun a ngairm a chleachtadh faoi mhaoirseacht nó i suíomh nach bhfuil gá le teanga na tíre óstaí ann.

OBAIR LEANTACH AR NA BEARTA ATÁ BEARTAITHE

25.

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit a bheith ag obair i ndlúthchomhar le húdaráis na hÚcráine, le hionadaithe ó shochaí shibhialta na hÚcráine, lena n-áirítear diaspóra na hÚcráine, agus leis an gCoimisiún chun tacú le réitigh phraiticiúla maidir le cáilíochtaí a aithint agus maidir le daoine atá faoi chosaint shealadach a lánpháirtiú go réidh sa mhargadh saothair.

26.

Déanfaidh an Coimisiún cruinnithe tiomnaithe a thionscnamh agus a chomhordú laistigh den ghrúpa comhordaitheoirí chun cáilíochtaí gairmiúla a aithint. Tiocfaidh an grúpa sin le chéile go rialta chun cleachtais náisiúnta maidir leis an ábhar seo a phlé agus a mhalartú. Tabharfaidh an Coimisiún cuireadh chuig na cruinnithe sin d’ionadaithe ó údaráis ábhartha na hÚcráine. Ina theannta sin, cuirfear tús le plé agus le piarfhoghlaim i struchtúir ábhartha eile, i meithleacha chreat an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus i Líonra na Lárionad Faisnéise um Aitheantas Acadúil (ENIC-NARIC) mar shampla.

27.

Iarrann an Coimisiún ar na Ballstáit a gcuid saineolais a roinnt sna cruinnithe tiomnaithe ad hoc, d’fhonn dlús a chur leis an bpróiseas agus dúbailtí a sheachaint. Tá an comhar, an dea-chleachtas agus comhroinnt chuimsitheach na faisnéise ríthábhachtach ag an gcéim seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 5 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Thierry BRETON

Comhalta den Choimisiún


(1)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún, Dlúthpháirtíocht na hEorpa le dídeanaithe agus leo siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin, COM(2022) 107 final.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Fáilte a chur rompu siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin: An Eoraip a ullmhú go bhfreastalóidh sé ar na riachtanais, COM(2022) 131 final.

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1).

(4)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).

(5)  OECD (2019), Ready to Help?: Improving Resilience of Integration Systems for Refugees and other Vulnerable Migrants, OECD Publishing, Páras, https://doi.org/10.1787/9789264311312-en

(6)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Action Plan on Integration and Inclusion 2021-2027 [Plean Gníomhaíochta um Imeascadh agus Cuimsiú], COM(2020) 758 final.

(7)  De réir Airteagal 3.1 (a) de Threoir 2005/36/CE, is éard atá i gceist le ‘gairm rialáilte’: gníomhaíocht ghairmiúil nó grúpa gníomhaíochtaí gairmiúla a bhfuil an rochtain uirthi nó orthu, a saothrú, nó ceann de na modhanna ina ndéantar a saothrú, faoi réir go díreach nó go hindíreach, de bhua forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin, seilbh ar cháilíochtaí gairmiúla sonracha; go háirithe, is modh saothraithe í an úsáid a bhainfear as teideal gairmiúil a bheidh teoranta, trí bhíthin forálacha reachtacha, rialála nó riaracháin do shealbhóirí cáilíochta gairmiúla ar leith.

(8)  https://www.enic-naric.net/non-regulated-professions.aspx

(9)  Tuairiscíodh ganntanais i measc gairmeacha áirithe e.g. pluiméirí, gairmithe altranais, táthairí, innealtóirí sibhialta, liachleachtóirí ginearálta, bríceadóirí, leictreoirí, cuntasóirí agus díonadóirí. Féach an tÚdarás Eorpach Saothair (2021), Report on Labour Shortages and Surpluses [Tuarascáil maidir le Ganntanais agus Barrachas Saothair], Samhain 2021, https://www.ela.europa.eu/sites/default/files/2021-12/2021%20Labour%20shortages%20%20surpluses%20report.pdff

(10)  https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/stronger-europe-world/eu-solidarity-ukraine_en

(11)  Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).

(12)  https://www.coe.int/en/web/higher-education-and-research/lisbon-recognition-convention

(13)  https://rm.coe.int/recommendation-on-recognition-of-qualifications-held-by-refugees-displ/16807688a8

(14)  https://www.etf.europa.eu/en/education-and-work-information-ukrainians-and-eu-countries/education-and-work-eu-support-ukraine

(15)  https://europa.eu/youreurope/citizens/work/professional-qualifications/index_en.htm

(16)  https://www.enic-naric.net/ukraine.aspx?srcval=ukraine

(17)  Teachtaireacht ón gCoimisiún, Treoraíocht maidir le saorghluaiseacht gairmithe sláinte agus comhchuibhiú íosta oiliúna maidir le bearta éigeandála COVID-19 – moltaí maidir le Treoir 2005/36/CE (IO C 156, 8.5.2020, lch. 1).

(18)  UNHCR (2011), Refugee Education: A Global Review, https://www.unhcr.org/4fe317589.pdf

(19)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Saol le Dínit: ón Spleáchas ar Chabhair go dtí an Neamhspleáchas – An t-Easáitiú Éigeantach agus an Fhorbairt, COM(2016) 234 final.

(20)  Cinneadh ón gCoimisiún an 19 Márta 2007 lena mbunaítear grúpa comhordaitheoirí chun cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 79, 20.3.2007, lch. 38)

(21)  http://www.cimea.it/it/progetti-in-evidenza/fraudoc/fraudoc-project.aspx

(22)  https://ec.europa.eu/info/resources-partners/machine-translation-public-administrations-etranslation_en

(23)  https://europa.eu/europass/en/europass-digital-credentials. Iompraíonn dintiúir dhigiteacha Eorpacha séala leictreonach agus, dá bhrí sin, tagann siad faoi Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73). Dá bhrí sin, ba cheart glacadh leo mar fhianaise ar cháilíocht.

(24)  https://www.coe.int/en/web/education/recognition-of-refugees-qualifications

(25)  https://en.unesco.org/themes/education-emergencies/qualifications-passport

(26)  https://www.nokut.no/globalassets/nokut/artikkelbibliotek/utenlandsk_utdanning/veiledere/toolkit_for_recognition_of_refugees_qualifications.pdf. Féach freisin an tionscadal REACT (REACT – Dídeanaithe agus Aitheantas | Nokut)

(27)  https://europa.eu/europass

(28)  https://ec.europa.eu/migrantskills/


Top