Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022H0210

Moladh (AE) 2022/210 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2022 maidir le bosca coiteann uirlisí de chuid an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais leathsheoltóirí agus maidir le sásra de chuid an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar éiceachóras na leathsheoltóirí

C/2022/782

IO L 35, 17.2.2022, pp. 17–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2022/210/oj

17.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 35/17


MOLADH (AE) 2022/210 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Feabhra 2022

maidir le bosca coiteann uirlisí de chuid an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais leathsheoltóirí agus maidir le sásra de chuid an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar éiceachóras na leathsheoltóirí

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá leathsheoltóirí fíor-riachtanach d’fheidhmiú ár ngeilleagair agus ár sochaí nua-aimseartha. Le bliain anuas, tá briseadh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin feicthe ag an Aontas ina soláthar, agus bhí moilleanna tromchúiseacha agus éifeachtaí diúltacha ar earnálacha tábhachtacha eacnamaíocha ann mar thoradh air sin, rud a chuir moill ar dheisiú agus ar choinneáil ar bun táirgí riachtanacha d’earnálacha criticiúla, amhail trealamh leighis agus diagnóiseach.

(2)

Dá bhrí sin, i ngeall ar an ngéarchéim ganntanais atá ann faoi láthair agus na héifeachtaí atá aici, tá baol ann go ndéanfar difear d’earnálacha criticiúla amhail earnáil na sláinte, an iompair, an fhuinnimh, na cosanta, na slándála agus an spáis. Tá an baol ann go gcuirfear moill ar aistriú glas agus digiteach an Aontais.

(3)

Sa chomhthéacs sin, is é is aidhm don Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa (an Ionstraim um Shliseanna) (1) a neartú, aghaidh a thabhairt ar athléimneacht an Aontais in aghaidh briseadh i slabhra soláthair na leathsheoltóirí, forbairt acmhainneachtaí a chothú in ardmhonaraíocht, dearadh agus comhtháthú córas chomh maith le monarú ceannródaíoch tionsclaíoch laistigh den Aontas, chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais ghéara scileanna, lucht saothair cáilithe a mhéadú agus cuidiú le héiceachóras leathsheoltóirí atá athléimneach agus dinimiciúil a chruthú san Aontas. Tá an tAontas tiomanta dá sprioc straitéiseach 20 % ar a laghad den táirgeadh domhanda a bhaint amach i luach leathsheoltóirí ceannródaíocha, nuálacha agus inbhuanaithe faoi 2030, mar a leagtar amach i gClár Beartais na Deich mBliana Digiteacha (2).

(4)

Gabhann an Moladh seo leis an Rialachán atá beartaithe mar uirlis le héifeacht láithreach chun freagairt thapa chomhordaithe ón Aontas ar an nganntanas atá ann faoi láthair a chumasú. Chuige sin, moltar leis sásra comhordúcháin éigeandála a bhunú chun bearta freagartha ar ghéarchéimeanna atá tráthúil agus comhréireach a phlé agus chun cinneadh a dhéanamh maidir leo.

(5)

I bhfianaise easnaimh struchtúracha slabhra soláthair na leathsheoltóirí, moltar freisin ann bearta chun faireachán comhordaithe ar shlabhra luacha na leathsheoltóirí a chumasú, lena ndírítear ar na rioscaí a d’fhéadfadh cur isteach ar sholáthar leathsheoltóirí, é a chur i mbaol nó tionchar diúltach a imirt air. Ba cheart, leis na bearta sin, an buansásra a ullmhú agus a chumasú chun faireachán a dhéanamh ar shlabhra soláthair na leathsheoltóirí atá beartaithe faoin Rialachán.

(6)

Bhunaigh an Coimisiún an Sainghrúpa Eorpach Leathsheoltóirí chun an Moladh seo a chur chun feidhme. Feidhmeoidh an Sainghrúpa Eorpach Leathsheoltóirí mar ardán le haghaidh comhordú idir na Ballstáit agus soláthróidh sé comhairle agus cúnamh don Choimisiún i gcur chun feidhme an Rialacháin atá le teacht. Glacfaidh an Bord Eorpach Leathsheoltóirí, a bhunófar sa Rialachán, cúraimí an tSainghrúpa Eorpaigh Leathsheoltóirí ar láimh.

(7)

Ba cheart don Sainghrúpa Eorpach Leathsheoltóirí malartú tapa agus éifeachtach faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún a éascú maidir le forbairtí sa mhargadh lena gcuirtear soláthairtí an Aontais i mbaol inláimhsithe, agus ba cheart dó freagairt aonfhoirmeach chomhordaithe ar ghéarchéimeanna a chothú.

(8)

Mar chéad bheart, moltar do na Ballstáit faisnéis a iarraidh ar eagraíochtaí ionadaíocha gnóthas nó, más gá, ar mhonaróirí aonair leathsheoltóirí agus trealaimh. Chuirfeadh sé sin le cumas an tSainghrúpa Eorpaigh Leathsheoltóirí bearta féideartha freagartha ar ghéarchéimeanna a shainaithint agus a chur in oiriúint. Ba cheart na sonraí a bhailítear a bheith bainteach leis an gcumas táirgeachta, leis an acmhainn táirgeachta agus leis na suaití príomhúla agus na scrogaill phríomhúla atá ann faoi láthair. Ba cheart aon bhailiú nó aon mhalartú faisnéise a bheith i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le comhroinnt sonraí agus rúndacht faisnéise agus sonraí.

(9)

Áirítear sa Mholadh seo moltaí maidir le bearta freagartha ar ghéarchéimeanna a n-iarrtar ar na Ballstáit iad a phlé agus a mheas lena gcur chun feidhme i gcás inarb ábhartha agus comhréireach.

(10)

Dá mbeadh gá leis an measúnú ar an ngéarchéim reatha, d‘fhéadfadh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar idirphlé a dhéanamh ina n-iarrfaí ar mhonaróirí leathsheoltóirí atá bunaithe san Aontas tosaíocht a thabhairt do chonarthaí le cuideachtaí a sholáthraíonn táirgí d’earnálacha criticiúla, d’fhonn a áirithiú go leanfaidh na hearnálacha sin de bheith ag feidhmiú.

(11)

Thairis sin, más ábhartha agus más iomchuí de réir an mheasúnaithe ar an ngéarchéim reatha, féadfaidh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar shainordú a thabhairt don Choimisiún chun táirgí áirithe a sholáthar thar a gceann, chun éifeacht ghiarála a chruthú trína chumhacht ceannaigh agus chun an soláthar d’earnálacha criticiúla ar mhaithe le leas an phobail a áirithiú.

(12)

Ar deireadh, moltar do na Ballstáit a mheas ar cheart don Aontas faireachas a dhéanamh ar onnmhairí áirithe chun soláthar a áirithiú don mhargadh inmheánach. Má mheasann siad go bhfuil bearta cosanta den sórt sin iomchuí, riachtanach agus comhréireach, d’fhéadfaidís plé a dhéanamh agus iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an bhfuil na coinníollacha le haghaidh bearta cosanta maidir le honnmhairí de bhun Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) comhlíonta.

(13)

Ba cheart an ghníomhaíocht faireacháin atá molta a bheith i gcomhréir le prionsabail na réamhaíochta, an chomhordaithe agus na hullmhachta d’fhonn córas luathrabhaidh a bhunú chun géarchéimeanna leathsheoltóra a chosc agus chun éiceachóras leathsheoltóirí an Aontais a neartú. Chuige sin, iarrtar ar na Ballstáit táscairí iomchuí luathrabhaidh a phlé sa Sainghrúpa Eorpach Leathsheoltóirí chun ganntanais amach anseo i slabhra soláthair na leathsheoltóirí a réamh-mheas.

(14)

Is gá measúnú cuimsitheach breise a dhéanamh maidir leis na rioscaí a d’fhéadfadh cur isteach ar an slabhra luacha, é a chur i mbaol nó tionchar diúltach a imirt air, lena n-áirítear maidir le tionscnamh agus foinsí soláthairtí lasmuigh den Aontas. Dá bhrí sin, moltar do na Ballstáit faisnéis ábhartha a bhailiú agus dul i gcomhar le chéile d’fhonn a chur ar chumas an Choimisiúin measúnú riosca comhchoiteann a ullmhú le haghaidh slabhra luacha na leathsheoltóirí san Aontas. Ba cheart fachtóirí atá le cur san áireamh agus na measúnuithe riosca á n-ullmhú a shonrú.

(15)

Sa Rialachán atá beartaithe, leagann an Coimisiún amach buansásra ceangailteach le haghaidh faireachán comhordaithe agus freagairt ar ghéarchéimeanna, buansásra a chuireann leis na bearta atá molta sa Mholadh seo. A luaithe a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm, féadfar an Moladh seo a aisghairm,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

1.   CUSPÓIR AN MHOLTA SEO

(1)

Is é is cuspóir don Mholadh seo freagairt thapa, éifeachtach agus chomhordaithe ón Aontas a chumasú ar an nganntanas reatha leathsheoltóirí agus ar chásanna comhchosúla amach anseo.

(2)

Dá bhrí sin, cumasófar leis an Moladh seo sásra faireacháin i bhfianaise easnaimh struchtúracha an tsoláthair leathsheoltóirí agus an baol atá ann faoi láthair maidir le ganntanais amach anseo nó suaití margaidh suntasacha eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

(3)

Chuige sin, moltar go n-oibreoidh na Ballstáit i gcomhar leis an gCoimisiún trí chreat an tSainghrúpa Eorpaigh Leathsheoltóirí, a dhéanfaidh comhordú láithreach ar bhearta freagartha ar ghéarchéimeanna agus a fheidhmeoidh mar ardán chun faireachán a dhéanamh ar shlabhra luacha na leathsheoltóirí, ag díriú ar rioscaí a d’fhéadfadh cur isteach ar sholáthar leathsheoltóirí, é a chur i mbaol nó tionchar diúltach a imirt air.

2.   SAINMHÍNITHE

(4)

Chun críoch an Mholta seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach sa Rialachán atá beartaithe.

3.   AN SAINGHRÚPA EORPACH LEATHSHEOLTÓIRÍ

(5)

Moltar do na Ballstáit an Moladh seo a chur chun feidhme tríd an Sainghrúpa Eorpach Leathsheoltóirí. Tá feidhm ag rialacha nós imeachta ginearálta an tsainghrúpa sin.

4.   FREAGAIRT LÁITHREACH AR GHÉARCHÉIMEANNA

(6)

Mar ábhar práinne, ba cheart do na Ballstáit teacht le chéile sa Sainghrúpa Eorpach Leathsheoltóirí chun faisnéis a mhalartú maidir le staid reatha na géarchéime leathsheoltóirí ina margaí náisiúnta. Go háirithe, ba cheart dóibh measúnú a dhéanamh ar na táirgí agus ar na margaí nithiúla a bhfuil tionchar ag an nganntanas orthu, chomh maith le plé a dhéanamh ar aon bheart teagmhasachta a cuireadh chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta.

(7)

Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a iarraidh ar eagraíocht ionadaíoch gnóthas nó, más gá, ar mhonaróirí aonair leathsheoltóirí agus trealaimh maidir le cumais soláthair, lena bhféadfaí faisnéis a áireamh maidir le cumas táirgeachta, acmhainneacht táirgeachta agus na suaití príomhúla atá ann faoi láthair, d’fhonn bearta féideartha freagartha ar ghéarchéimeanna a shainaithint agus a chur in oiriúint. Ba cheart aon bhailiú nó aon mhalartú faisnéise a bheith i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le comhroinnt sonraí agus rúndacht faisnéise agus sonraí.

(8)

Bunaithe ar an bhfaisnéis sin, iarrtar ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar bhearta iomchuí, éifeachtacha agus comhréireacha maidir le freagairt ar ghéarchéimeanna ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais (bosca uirlisí géarchéime). Ar na bearta sin, d’fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a bheith san áireamh:

(a)

dul i mbun idirphlé le monaróirí agus iarraidh orthu tosaíocht a thabhairt do tháirgeadh táirgí atá ábhartha don ghéarchéim chun a áirithiú go leanfaidh earnálacha criticiúla de bheith ag feidhmiú;

(b)

i gcás inarb iomchuí, breithniú a dhéanamh ar shainordú a dheonú don Choimisiún chun gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh thar ceann dhá Bhallstát nó níos mó le haghaidh soláthar poiblí táirgí atá ábhartha do ghéarchéim i gcás earnálacha criticiúla áirithe;

(c)

measúnú a dhéanamh ar cé acu ar cheart nó nár cheart don Aontas faireachas a dhéanamh ar onnmhairithe táirgí is ábhartha don ghéarchéim agus iarraidh a eisiúint don Choimisiún go ndéanfar a mheas an bhfuil na coinníollacha le haghaidh bearta cosanta maidir le honnmhairí de bhun Rialachán (AE) 2015/479 á gcomhlíonadh;

(d)

dul i mbun comhairliúcháin chomhordaithe nó comhair le tríú tíortha ábhartha d’fhonn réitigh chomhoibritheacha a lorg chun aghaidh a thabhairt ar shuaití sa slabhra soláthair, i gcomhréir leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta. D’fhéadfadh comhordú i bhfóraim idirnáisiúnta ábhartha a bheith i gceist leis sin, i gcás inarb iomchuí.

(9)

Chun cur chuige comhordaithe a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas go tráthúil faoi na bearta náisiúnta ar fad a rinneadh maidir le slabhra soláthair na leathsheoltóirí.

5.   FAIREACHÁN

(10)

Ba cheart do na Ballstáit faireachán rialta a dhéanamh ar shlabhra luacha na leathsheoltóirí, ag díriú ar rioscaí a d’fhéadfadh cur isteach ar an soláthar leathsheoltóirí, é a chur i mbaol nó tionchar diúltach a imirt air.

(11)

Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit táscairí luathrabhaidh iomchuí a shainaithint d’fhonn suaití i slabhra soláthair na leathsheoltóirí a thuar.

(12)

Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a sholáthar don Choimisiún ar mhaithe le fachtóirí, treochtaí agus teagmhais a mhapáil a d’fhéadfadh cur isteach go mór ar shlabhra luacha domhanda na leathsheoltóirí san Aontas (measúnú riosca an Aontais). Ar na tosca ábhartha atá le cur san áireamh, d’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith san áireamh:

(a)

infhaighteacht agus sláine seirbhísí nó earraí na ngnóthas in earnáil na leathsheoltóirí san Aontas a bhfuil a bhfeidhmiú fíor-riachtanach do shlabhra soláthair na leathsheoltóirí;

(b)

an ráta ag a luainítear an t-éileamh ar chineálacha éagsúla leathsheoltóirí, i ndáil leis na hacmhainneachtaí monaraíochta atá ar fáil freisin;

(c)

bearnaí agus scrogaill sa mhonaraíocht, sa phacáistíocht agus sa lóistíocht, lena n-áirítear ganntanais in amhábhair agus lucht saothair cáilithe atá ar fáil;

(d)

tionóiscí, ionsaithe, tubaistí nádúrtha nó teagmhais thromchúiseacha eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar shlabhra soláthair na leathsheoltóirí;

(e)

athruithe teicniúla, rialála nó comhshaoil lena laghdaítear an táirgeacht mhonaraíochta;

(f)

comhchruinniú an tsoláthair i ndáil le limistéir gheografacha agus cuideachtaí, agus éifeachtaí an líonra agus éifeachtaí glasála á gcur san áireamh;

(g)

tionchair beartas trádála, taraifí, bacainní trádála agus bearta eile a bhaineann le trádáil;

(h)

barántúlacht agus sláine leathsheoltóirí, an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag leathsheoltóirí góchumtha;

(i)

sárú nó gadaíocht maoine intleachtúla nó rún trádála.

(13)

Ba cheart do na Ballstáit na príomhchatagóirí d’úsáideoirí leathsheoltóirí a shainaithint, go háirithe iad siúd ó na hearnálacha criticiúla. Ba cheart dóibh cuireadh a thabhairt d’eagraíochtaí geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear comhlachais tionscail agus ionadaithe ó na príomhchatagóirí úsáideoirí, faisnéis a sholáthar maidir le méaduithe neamhthipiciúla ar an éileamh agus maidir le suaití aitheanta ar a slabhra soláthair, lena n-áirítear gan leathsheoltóirí criticiúla nó amhábhair chriticiúla a bheith ar fáil, aga tionscanta is faide ná an meán-aga tionscanta, moilleanna seachadta agus borradh eisceachtúil ar phraghsanna.

(14)

Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach i gcás inar léir dóibh go bhféadfadh suaitheadh a bheith ann i soláthar leathsheoltóirí, nó méadú neamhthipiciúil ar an éileamh nó i gcás ina bhfuil faisnéis nithiúil iontaofa acu faoi aon fhachtóir riosca nó aon teagmhas eile a thagann chun cinn.

6.   ATHBHREITHNIÚ

(15)

Féadfar an Moladh a aisghairm tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin atá beartaithe.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Feabhra 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Thierry BRETON

Comhalta den Choimisiún


(1)  COM(2022) 46, 8.2.2022.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach le haghaidh na Deich mBliana Digiteacha, 9.3.2021 COM(2021) 118 final).

(3)  Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 34).


Top